Michael D. Higgins
Ceist:252 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici chun seirbhís aerthráchta seacht lá do phaisinéirí a chur ar fáil do mhunitir Árann. [3068/98]
Vol. 486 No. 6
252 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na hiarrachtaí atá á ndéanamh aici chun seirbhís aerthráchta seacht lá do phaisinéirí a chur ar fáil do mhunitir Árann. [3068/98]
Is oth liom gur chinn Aer Árainn gan leanacht den tseirbhís seacht lá den tseachtain.
Is é Údarás na Gaeltachta áfach, a thugann fóirdheontas bliantúil d'Aer Árann agus bíonn teagmháil leanúnach idir an tÚdarás agus an comhlacht faoin tseirbhís, chomh maith le hathbhreithniú bliantúil. Is ceist don Údarás é mar sin i gcomhar leis an gcomhlucht socrú cen tseirbhís a chuirfear ar fáil don fhóirdheontas a íoctar. Tuigtear dom gur é atá sa gconradh idir an tÚdarás agus Aer Árainn ná bun sheirbhís sé lá den tseachtain.