Is iad na tionscadail ar leith sa Ghaeltacht seachas Údarás na Gaeltachta a earcaíonn fostaithe dá gcuid gnóthas. Tá sé mar pholasaí ag an Údarás, áfach, na tionscadail sin a spreagadh chun daoine le míchumas a earcú oiread agus is féidir.
Tá iarrachtaí ar leith ar bun ag an Údarás i gcomhar le heagrais eile chun tionscnaimh a chur chun cinn ar mhaithe le deiseanna a chruthú do dhaoine le míchumas. Ba thogra den chineál sin é an togra píolótach a reachtáil Bord Sláinte an Iarthuaiscirt i gcomhar le Ruibéir Mótair Teo, comhlacht a fuair cúnamh ón Údarás, chun deis a thabhairt do dhaoine le míchumas iad féin a chur in oiriúint don saol oibre agus chun taithí a thabhairt dóibh chuige sin. D'éirigh go maith leis an togra sin agus tá spás oifige curtha ar fáil ag an Údarás anois mar ionad acmhainne agus teagmhála chun an tionscnamh a chur chun cinn.
Tograí eile gur fiú a lua sa chomhthéacs ná páirt an Údaráis i dtionscnaimh leis na Bráithre Carthanachta i gCasla, Contae na Gaillimhe, agus leis an Institiúid Athshlánaithe i gCasla freisin.
Cheadaigh an tÚdarás deontas de £16,000 anuraidh mar pháirtmhaoiniú ar chlár oiliúna agus forbartha i gcomhar le Bord Sláinte an Iarthuaiscirt agus le cabhair ón gClár Horizon de chuid an Aontais Eorpaigh. Is clár dhá bhliain atá i gceist agus glacfaidh thart ar fiche duine ón nGaeltacht le míchumas páirt ann. Cosnóidh an clár thart ar £300,000. Táthar ag súil leis mar thoradh ar an gclár go mbeidh sé ar chumas na rannpháirtithe fostaíocht a fháil i ngnóthais oscailte, nó dul i mbun oiliúint bhreise chuige sin, nó i mbun féinfhostaíochta.