Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Feb 1998

Vol. 487 No. 6

Written Answers - Sceideal Rolleacháin.

Eamon Gilmore

Ceist:

324 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé mhéad post múinteoireachta atá i mbaol sna bunscoileanna Gaeltachta agus an féidir iad a shábháil tríd an gcoibhneas céanna múinteoirí le daltaí a thabhairt do na scoileanna Gaeltachta agus atá ag Gaelscoileanna agus an ndéanfaidh an tAire beart dá réir. [4615/98]

Má fhanann an sceideal rollacháin daltaí le haghaidh ceapachán agus coinneála múinteoirí mar atá, meastar go gcaillfidh 11 scoil Ghaeltachta postanna ag deireadh na scoilbhliana reatha. Is cosúil, ag an bpoinnte seo, nach sábhálfaí ach dhá phost dá gcuirfí an sceideal a bhaineann le Gaelscoileanna i bhfeidhm sna cásanna seo.

Níl sé i gceist agam faoi láthair sceideal Gaelscoileanna a úsáid i gcás scoileanna Gaeltachta.

Barr
Roinn