Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 11 Mar 1998

Vol. 488 No. 5

Priority Questions. - Forbairt Teicneolaíochta sa Ghaeltacht.

Donal Carey

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean atá aici chun forbairt teicneolaíochta a chur ar fáil do Ghaeltachtaí na hÉireann chun tuilleadh post a chur ar fáil; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh [6724/98]

Cé go mbíonn teicneolaiochtaí nua eagsúla á n-úsáid i raon mór de thionscail sa Ghaeltacht táim ag glacadh leis gurb é atá i gceist ag an Teachta ná tionscail a bhaineann go sonrach le teileachumarsáid, teicneolaíocht faisnéise, agus cumarsáid.

Léirionn tuarascálacha bliantúla Údarás na Gaeltachta le blianta beaga anuas go bhfuil obair cheannródach ar bun ag an Údarás agus tógáil á dhéanamh ar an obair sin i gcur chun cinn na dtionscal atá luaite agam sa Ghaeltacht. Tá poist mhaithe curtha ar fáil cheana féin sna tionscail sin agus agus beifear ag sú il leis go gcruthófar tuilleadh post i raon leathan de ghnó thaí nuaaimseartha sa todhchai. Tá comhoibriú á chothú ag an Údarás le comhlachtai san earnáil Stáit agus san earnáil phríobhaídeach agus tá tacaíocht á fáil freisin ón Aontas Eorpach chun an straitéis sin a chur chun cinn.

Ar ndóigh, tá an tÚdarás ag obair leis na tionscail atá lonnaithe sa Ghaeltacht cheana féin chun cabhrú le teicneolaíocht nua a aimsiú a fhorbairt agus a úsáid.

Nuair a tháinig an tAire Stáit isteach dúirt sé nach raibh aon ghanntanas airgid ann chun forbairt na Gaeltachta a chur chun cinn ach sa freagra a thug sé anois ní dúirt sé go raibh aon airgid á thabhairt ag an Roinn d'Údarás na Gaeltachta chun oiliúint nua teicneolaíochta a mhúineadh do dhaoine ón nGaeltacht nó le haghaidh monarchan nua a thógáil sa nGaeltacht. An féidir leis an Aire Stáit líon an airgid atá ar an mbord a mhéadú nó eolas a thabhairt don Teach faoi? An bhfuil an scrúdú speisialta a d'iarr an tÚdarás ar an ESRI a dhéanamh críochnaithe? An bhfuil aon fhreagra ag an Aire Stáit maidir leis an bhfórsa saothair atá sa nGaeltacht faoi láthair?

Caithfidh mé a rá go bhfuil áiféala orm nár chuir an Teachta ceist níos soiléire orm mar bheadh níos mó ná áthas orm eolas cruinn a thabhairt dó ar na ceisteanna éáagsúla a thóg sé. Go ginearálta is féidir liom a rá go bhfuil airgead substaintiúil á thabhairt ag an Roinn don Údarás i mbliana agus i measc an ghnótha atá ar bun ag an Údarás tá na rudaí a leag mé amach, sé sin forbairt ar chúrsaí teicneolaíochta sa nGaeltacht. Tá mé in ann a dheimhniú dó freisin go bhfuil clár caipitil an Údaráis don bhliain seo á meas ag an Údarás i láthair na huaire agus beidh cinní á dhéanamh faoi sin go fíor ghairid. Maidir leis an dá cheist sonrach a chuir tú orm, maidir le tuarascáil an ESRI, níl mé in ann freagra a thabhairt ar sin inniu. Dá gcuirfí ceist síos bheadh an t-eolas sin agam. Caithfidh mé a rá nach bhfuil an t-eolas faoi mo láimh agam agus cuirfidh mé tuairisc air agus cuirfidh mé freagra díreach ar aghaidh go dtí an Teachta. Tá súil agam go bhfreagróidh sé sin an cheist sin.

Maidir le fórsa saothair sa nGaeltacht, mar is eol don Teachta ón am go raibh sé ina Aire Stáit bíonn obair leanúnach ar bun ag an Údarás ag déanamh scrúdú ar an bhfórsa saothair atá ar fáil.

Freisin, ar ndóigh, bíonn an Ghaeltacht mar chuid de na labour force surveys a dhéantar ar fud na tíre agus bíonn fáil ag an Údarás ar an eolas staitisticiúil a chuirtear ar fáil tríd na suirbhéithe sin freisin. Glacaim leis go bhfuil gá cur go mór leis an teicneolaíocht atá ar fáil sa nGaeltacht, leis an oideachas teicneolaíochta agus leis na tionscail teicneolaíochta. Tá pleananna ag an Údaras agus obair mhaith déanta ag an Údarás cheana féin i dtaobh na ceiste sin.

Cathain a fhoilseoidh an tÚdarás an plean seo má tá sé ann?

Mar a deirim, dá gcuirfí ceist síos agus an t-eolas sin á lorg bheadh an freagra agam inniu. Níl an freagra faoi mo láimh agam ach mar a dúirt mé leis an Teachta cuirfidh mé tuairisc leis an Údarás cén dul chun cinn atá á dhéanamh leis an tuarascáil sin agus nuair a bheidh an t-eolas sin agam cuirfidh mé ar aghaidh díreach ag an Teachta é.

Tá an cheist soiléir.

Caithfidh mé a rá, ní hamháin nach raibh an cheist soiléir domsa ach ní raibh an dream a chuireann comhairle orm in ann an brí atá tusa ag iarraidh a bhaint as an cheist. Dá gcuirfi ceist síos chugam ag iarraidh orm cén uair a bheidh an tuarascáil a hiarraidh.

Ní hé sin an cheist. Ceist duitse atá ann.

Ach dá gcuirfí ceist orm cén uair a bheidh an tuarascáil a d'iarr an tÚdarás ar an ESRI ar fáil bheadh freagra na ceiste sin agam duit inniu. Anois caithfidh tú fanacht cúpla lá eile. Níl fhios agam cén fáth nár chuir tú ceist soiléir síos. Sin ceist duitse.

Barr
Roinn