(Dublin West): Maidir leis an mBlascaod Mór, an aontódh an tAire gur cheist annphráinneach í seo agus go bhféadfadh go mbeadh an Blascaod Mór i mbaol anois ar bhrú ó stróinséirí, ó lucht forbartha, ó bhoic mhóra a fhéadfadh iarracht a dhéanamh anois airgead mór a dhéanamh? An bhfuil fhios ag an Aire go bhfuil an-imní ar mhuintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne i láthair na huaire go bhféadfadh dáinséar a bheith ann go gcaillfidís nó go gcuirfí smúit ar an seod stairiúil álainn atá i gceist? An dtabharfaidh an tAire geallúint solúnta anois don Dáil go mbeidh an Blascaod Mór in a pháirc stairiúil náisiúnta agus nach ligfear don seans dul thart? Tá fhios agat go ndúirt Tomás Ó Criomhthain agus é ag labhairt mar gheall ar mhuintir an Bhlascaoid, “Ní bheidh ár leithéidí aris ann.” Deirimse leat nach mbeidh a leithéid de sheans arís againn an seod álainn seo a fháil.
Ceist eile ná an inseodh an tAire dom ar gheall ar an dá mhilliún punt a gceapaim a cuireadh i leataobh do sheirbhísí nó d'áiseanna áirithe don Bhlascaod Mór? I understand £2 million was set aside in the past for the provision of certain services and facilities. Will the Minister enlighten us on this?