Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 6 May 1998

Vol. 490 No. 5

Written Answers. - Fás Theilifís na Gaeilge.

Eamon Gilmore

Ceist:

260 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén plean maoinithe atá beartaithe aici do na blianta atá díreach romhainn amach chun a chinntiú gur fás seachas cúlú a thiocfaidh ar Theilifís na Gaeilge ó 1999 ar aghaidh agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh [10863/98]

Leag an Rialtas cúram ar RTÉ chun an bunstruchtúr teicniúil a bheadh riachtanach chun Teilifís na Gaeilge a bhunú mar sheirbhís náisiúnta neamhspleách ar leith a thógáil agus, go dtí go mbunófaí struchtúir éagsúla ar leith do Theilifís na Gaeilge, cuireadh mar chúram ar RTÉ freisin freagrachtaí feidhmithe, foirne agus clár na seirbhíse.

De réir An Clár Gníomhaíochta don Mhílaois, is bunchuspóir é an neamhspleáchas reachtúil a thabhairt do Theilifís na Gaeilge. Mar atá tugtha le fios agam cheana féin sa Teach táim chun tairiscintí a thabhairt ar aghaidh do reachtaíocht chraolacháin chun é seo a bhaint amach.

Maidir le maoiniú Theilifís na Gaeilge, tá soláthar de £10.83 milliú n i Vóta mo Roinne i mbliana le haghaidh Deontais-i-gCabhair do chaiteachas reatha agus caiteachas caipitil na seirbhíse.

Is féidir leis an Teachta bheith cinnte de go leanfaidh mé ag stró chun a chinntiú go mbeidh Teilifís na Gaeilge maoinithe go fónta agus go mbeidh sí in ann forbairt a dhéanamh amach anseo.

Barr
Roinn