Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 18 Jun 1998

Vol. 492 No. 6

Written Answers. - Raidió Áitiúil.

Theresa Ahearn

Ceist:

21 D'fhiafraigh Mrs. T. Ahearn den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a chuirfear ar fáil an £200,000 a gealladh sa Chlár Rialtais i leith tosú craolacháin raidió áitiúil agus deisiú agus ullmhúchán na suíomh dóibh; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14510/98]

Theresa Ahearn

Ceist:

75 D'fhiafraigh Mrs. T. Ahearn den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a chuirfear ar leataobh an cháin 3 faoin gcéad atá ar raidió áitiúil a íoc faoi láthair mar a gealladh sa chlár Rialtais; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [14511/98]

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 21 agus Uimh. 75 le chéile.

Dírím aird na dTeachtaí ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 384 agus 385 den 26 Bealtaine 1998, inar thug mé le fios go dtabharfaí faoi na nithe seo i gcomhthéacs mo mholtaí do reachtaíocht craolacháin atá le cur faoi bhráid an Rialtais agam go luath. Tá dréacht-mheabhrán don Rialtas le tairiscintí reachtaíochta scaipthe agam le déanaí ar na hAirí eile chun go dtabharfaidís a dtuairimí faoi mar chuid de ghnáthphróiséas comhairliúcháin an Rialtais.

Barr
Roinn