Tá soláthar ionaid sláinte ar oileán Thoraí mar chúram ar Bhord Sláinte an Iar Thuaiscirt sa chéad áit. Níos luaithe i mbliana fuair mé moltaí ó gach bórd sláinte ag leagadh amach a chuid tosaíochtaí d'acmhainní faoin gClár Caipitil um Fhorbairt Ionad Sláinte, 1998. Tugadh deontaisí faoin gcláir seo de réir na dtosaíochtaí a bhí leaghtha amach ag gach bord sláinte. Tá sé de rún ag Bord Sláinte an Iar Thuaiscirt ionad beag sláinte a thógáil ar Oileán Thoraí ach ní bhfuair an tionscnamh seo tosaíocht ard go leor ón mbord chun é a mheas i mbliana.
Scrúdófar tacaíocht airgeadais don tionscnamh seo ó mo Roinn féin i 1999 i gcomhthéacs na n-acmhainní caipital a bheidh ar fail, na héilimh éagsula ar na hacmhainní seo agus an tosaíocht a thabharfaidh Bord Sláinte an Iar Thuaiscirt dó.