Dinny McGinley
Ceist:180 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phlean ann tionscal a bhunú i gceantar na Gaeltachta Láir i nDún na nGall. [19804/98]
Vol. 495 No. 2
180 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil aon phlean ann tionscal a bhunú i gceantar na Gaeltachta Láir i nDún na nGall. [19804/98]
Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 135 ar 18 Meitheamh agus ar Cheist Uimh. 114 ar 4 Feabhra maidir leis an ábhar céanna. Tá tionscal nua tar éis dul i mbun gnó sa cheantar le cúig dhuine fostaithe ann. Leanfaidh an tÚdarás go dícheallach lena gcuid iarrachtaí chun tuilleadh fostaíochta a chur ar fáil sa cheantar.