Emmet Stagg
Ceist:29 D'fhiafraigh Mr. Stagg den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aicí méadú a chur ar fáil in airgead reatha do Theilifís na Gaeilge don bhliain seo chugainn. [19711/98]
Vol. 495 No. 3
29 D'fhiafraigh Mr. Stagg den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aicí méadú a chur ar fáil in airgead reatha do Theilifís na Gaeilge don bhliain seo chugainn. [19711/98]
Dirím aird an Teachta ar na freagraí a thug mé ar Cheisteanna Uimh. 260 den 6 Bealtaine 1998 and Uimh. 65 agus 137 den 18 Meitheamh 1998.
Pléifear ceist an tsoláthair do Theilifís na Gaeilge do 1999 i gcomhthéacs na gcinnithe a bheidh le glacadh i ndáil leis na Meastacháin don bhliain seo chugainn.
Mar a dúirt mé cheana, is féidir leis an Teachta bheith cinnte de go ndéanfaidh mé gach iarracht chun a chinntiú go mbeidh soláthar dóthaineach ar fáil do Theilifís na Gaeilge an bhliain seo chugainn.