Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Nov 1998

Vol. 497 No. 3

Priority Questions. - Limistéir Gaeltachta.

Donal Carey

Ceist:

19 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici scrúdú iomlán a dhéanamh ar choincheap na Gaeltachtaí ar mhaithe leis an teanga bheo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [24942/98]

Más scrúdú ar na limistéir Ghaeltachta amhail mar a shonraítear iad in Orduithe na Limistéar Gaeltachta, 1956 go 1982, atá i gceist ag an Teachta tig liom a rá nach bhfuil sé ar intinn agam aon athrú a dhéanamh faoi láthair ar na limistéirí sin.

Tá, áfach, breithniú leanúnach á dhéanamh agam faoi na bealaí is fearr leis an nGaeilge a láidriú sa Ghaeltacht agus tá i gceist ag mo Roinnse feidhmiú polasaí Gaeilge don Ghaeltacht a phlé le hÚdarás na Gaeltachta go luath.

Nuair a bhí an tAire Stáit sa taobh seo den Teach bhí sé ag moladh gach lá go mbeadh teorannacha nua ag na Gaeltachtaí. Tá sé i gcumhacht anois le bliain go leith agus níl faic déanta aige. Dúirt sé leis an Chomhchoiste Oidhreachta agus Gaeilge go raibh pócaí beaga Gaeltachta an-lag agus go mbeadh sé ag iarraidh iad sin a mhealladh. An bhfuil aon chinneadh déanta ag an Aire Stáit maidir leis na pócaí beaga laga sin sa Ghaeltacht in iarthar na hÉireann?

Tá obair chuimsitheach ar bun agus tá roinnt céimeanna san obair seo. An chéad rud atáimid ag iarraidh a dhéanamh ná déanamh cinnte chomh fada agus is féidir gur eagrais Ghaeltachta a bheidh ag plé leis an nGaeltacht as seo amach. Ansin tá sé i gceist againn straitéis teanga a réiteach don Ghaeltacht. Nuair a bheidh sin déanta tiocfar i gcomhairle leis na pobail agus leagfar amach pleananna Gaeilgeins na pobail sin. Is ag an bpoinnte sin a thabharfar am agus rogha dóibh as seo go ceann cúig bliana a n-intinn a dhéanamh suas an dteastaíonn uathu fanacht sa Ghaeltacht nó fanacht taobh amuigh di. Mar atá cúrsaí sa Ghaeltacht i láthair na huaire, níl aon chiall leis an cheist sin a chur.

Tá na heagrais Ghaeltachta agus neamh-Ghaeltachta ag feidhmiú araon sa Ghaeltacht ag an am chéanna agus caithfear an cheist sin a réiteach i dtosach agus tá an obair sin ar bun cheana féin.

Dúirt an tAire Stáit nuair a bhí sé ag tabhairt freagra don Teachta Kenny sa Chomhchoiste go raibh fadhb an-deacair i gcathair na Gaillimhe. Ní dúirt an tAire Stáit aon rud faoi limistéir chathair na Gaillimhe. An bhfuil aon mholadh aige?

Mar a dúirt mé go minic cheana tá fadhb an-mhór maidir le cathair na Gaillimhe go mór-mhór i gcomhthéacs an Údaráis agus tá sé i gceist agam moltaí a dhéanamh i dtaobh na ceiste sin. Ach ní faoi Acht na Limistéar Gaeltachta, 1956, nó faoi na hOrdaithe a rinneadh faoin Acht sin a dhéanfar sin. Tá an cheist sin á scrúdú ach ní hé sin an cheist a cuireadhorm.

Níl cothrom na Féinne á thabhairt agat do na daoine eile atá ag maireachtáil sa Ghaeltacht má dheineann tú Bille nua do chathair na Gaillimhe agus gan aon tagairt a dhéanamh do na limistéir Ghaeltachta eile.

An rud atá mé ag rá maidir leis na limistéir Ghaeltachta ná nach bhfuil sé i gceist agam i láthair na huaire aon athrú a dhéanamh orthu. Níl mé ag rá nach ndéanfaidh mé riamh é.

Leis an scéal a mhíniú don Teachta, is faoi Acht an Údaráis 1979 a tugadh ceart vótála i dtoghcháin an Údaráis, agus ní faoi Acht na Gaeltachta 1956. B'fhéidir gurb é sin an míthuiscint atá air agus ní hionann an dá Acht. Maidir leis an reachtaíocht atá i gceist i dtaobh an Údaráis, mar atá ráite cheana go poiblí agam, tá Bille á réiteach, tabharfar ag an Rialtas é, déanfar é a fhoilsiú agus beidh deis ag an Teach seo é a phlé.

Ní raibh mé ag cur síos ar Bhille an Údaráis atá le teacht os comhair na Dála ach ar cheist faoi na limistéir Ghaeltachta mar a leagadh amach iad in Orduithe atá bunaithe ar Acht na Gaeltachta, 1956. B'shin an cheist a cuireadh orm agus b'shin an cheist a d'fhreagair mé. Is ceist eile í ceist cheart vótála nár tugadh faoin Acht sin ach faoi Acht an Údaráis, 1979.

Is it in order for me to ask a question on this matter?

No, this is a priority question and only the Member who tabled the question may ask a question. The time for Priority Questions has expired. I now call Question No. 20.

Barr
Roinn