Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 25 Nov 1998

Vol. 497 No. 3

Written Answers - Eagrais Dheonacha Ghaeilge.

Trevor Sargent

Ceist:

27 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a bheidh sé i gceist aici plean cuimsitheach don Ghaeilge a phlé le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus leis an earnáil dheonach Ghaeilge a léireoidh paraiméadair shoiléire mhaoinithe, eagrúcháin agus fealsúnachta agus a chinnteoidh go mbainfear na haidhmeanna amach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [22394/98]

Is í an phrióireacht atá agam maidir leis an nGaeilge ná Bille Teanga a dhréachtú agus is ar an mBille sin a bheidh mé ag díriú i rith na bliana seo chugainn.

Ar ndóigh leanfaidh an plé idir mo Roinnse, na Boird Stáit faoina scáth a bhfuil cúram orthu i leith na teanga agus na heagrais dheonacha Ghaeilge maidir le cur chun cinn na Gaeilge ar bhonn níos éifeachtaí agus leanfaidh na heagraíochtaí sin uile lena gcláir oibre éagsúla ar mhaithe leis an nGaeilge le maoiniú ó mo Roinnse.

Barr
Roinn