Dírim áird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheisteanna Dála Uimh. 13, 26 agus 64 den 18 Meitheamh 1998.
Mar a thug mé le fios san fhreagra sin is í Roinn na Mara agus Acmhainní Nadúrtha atá freagrach as an scéim mhór mhuiroibreacha seo — a bhfuil suim £4.6m ceadaithe ina leith — a chur i gcrích ag an mBaile Thiar, Toraigh. Tá curtha in iúl ag an Roinn sin dom anois go meastar go gcríochnófar an obair seo sa bhliain 2000.
I 1996 chaith mo Roinnse £1,983,940 ar an scéim áirithe seo, i 1997 bhí caiteachas de £1,148,270 i gceist agus go dáta i mbliana tá £655,668 caite as clár muiroibreacha mo Roinnse ar an obair ag an mBaile Thiar, Toraigh. Ag deireadh na bliana seo mar sin, beidh gar do £4m caite san iomlán ar an togra seo. Mar gheall ar nádúr na hoibre in áit atá chomh hoscailte don fharraige mhór mar atá Toraigh, uaireanta ní théann tógra mar seo chun cinn chomh tapaidh agus a bítear ag súil leis agus sa chás sin go hiondúil caitear an sábháil airgid ar ghnéithe eile de obair mo Roinne sa Ghaeltacht.