Dinny McGinley
Ceist:304 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di nach gcáilíonn dáltaí atá ag freastal ar scoileanna Gaeltachta ach a bhfuil cónaí orthu taobh amuigh den Ghaeltacht do dheontas labhairt na Gaeilge; agus an bhfuil sé ar intinn aici leasú a dhéanamh ar na rialacha sa chaoi is go gcáileoidh siad feasta. [26629/98]