Baineann an cheist atá ardaithe ag an Teachta le gnáth-fhreagrachtaí Údarás RTE ó lá go lá agus níl aon fheidhm reachtúil agam sa chás.
Mar sin féin, tá mé sásta, i gcomhréir le seanchleachtais, eolas atá faighte agam ó RTE, mar fhreagra ar cheisteanna sonracha a cuireadh orthu i ndáil le feabhas a chur ar an bhfáil atá ar sheirbhísí chraolacháin náisiúnta RTE, a chur ar fáil don Teach.
Tuigim ó RTE go raibh i gceist, sular cuireadh tús le Teilifís na Gaeilge, tarchuradóir a lonnú ag an bhFál Carrach agus go raibh dhá láithreán aimsithe i gceantar Choich Cheann Fhaola ach gur diúltaíodh cead pleanála ar dhá ócáid ar leith. Tuairiscíonn RTE anois go bhfuil an tríú láithreán ceannaithe faoi réir cead pleanála a fháil agus, má cheadaítear a leithéid, go mbeifear in ann tarchuradóir a lonnú ann do Theilifís na Gaeilge laistigh d'achar gearr.