Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 8 Dec 1998

Vol. 498 No. 1

Written Answers. - Scrúdú na hArdteistiméireachta.

Alan M. Dukes

Ceist:

368 D'fhiafraigh Mr. Dukes den Aire Oideachais agus Eolaíochta cé na grádanna a baineadh amach i scrúdú na hardteistiméireachta ag mic léinn a fuair áiteanna sna coláistí oideachais i 1996, 1997 agus 1998. [26500/98]

Tuigim go mbaineann an t-eolas atá ag teastáil ón Teachta le mic léinn a ghlac áiteanna sna coláistí oideachais do bhunmhúinteoirí ar bhonn thorthaí scrúdú na hardteistiméireachta.

Ní hacmhainn do mo Roinnse, i láthair na huaire, an t-eolas sin a sholáthar don Teachta.

Leis an eolas sin a sholáthar, ba ghá go gcuirfeadh na coláistí sonraí ardteistiméireachta do gach mac léinn cuí i.e., bliain-blianta agus scrúduimhir, ar fáil do mo Roinnse.

Tá socrú á dhéanamh ag mo Roinnse na sonraí seo a iarraidh ar na coláistí, agus má thiomsaíonn siadsan na sonraí, cuirfidh mo Roinnse an t-eolas atá á iarraidh aige ar fáil don Teachta chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn