Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 9 Mar 1999

Vol. 501 No. 6

Priority Questions. - Forbairt na Gaeilge.

Donal Carey

Ceist:

64 D'fhiafraigh Mr. D. Carey den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán céard iad na moltaí atá aici faoi fhorbairt na Gaeilge a chur chun cinn ós rud é go bhfuil feabhas láidir tagtha ar labhairt na dteangacha dúchais in Albain agus sa Bhreatain Bheag; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [7031/99]

Is é lárchuspóir pholasaí mo Roinnse i leith na Gaeltachta agus na Gaeilge ná an meath a fhreaschur i dtaca le húsáid na teanga mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht agus chun úsáid na teanga a leathnú sa chuid eile den tír.

Chun an aidhm sin a bhaint amach leanfar leis na scéimeanna cúnaimh agus gríosaithe de chuid mo Roinne ar a n-áirítear cúnamh ó Chiste na Gaeilge do na hEagrais Dheonacha Ghaeilge agus do thograí ilghnéitheacha Gaeilge, atá dírithe ar chuidiú le forbairt theanga agus chultúir, le forbairt tionscail, agus le feabhas a chur ar bhunstruchtúr agus le forbairt pobail.

Tá suim shubstaintiúil airgid, de bhreis ar £44 milliún – méadú de 19% ar airgead 1998 – gan caiteachas ar Theilifís na Gaeilge a áireamh, curtha ar fáil i Vóta mo Roinne i mbliana le caitheamh ar mhaithe leis na nGaeltacht agus leis an nGaeilge.

Anuas ar an dea-obair leanúnach atá ar siúl tá sé ar intinn agam Bille Teanga a thabhairt chun cinn chun an áit is dual di faoin mBunreacht a thabhairt don Ghaeilge sa Státchóras. Is é mo chuspóir ná féachaint chuige go mbeidh an ceart reachtúil ag pobal na Gaeilge seirbhís trí Ghaeilge ar chomhchaighdeán leis an tseirbhís trí Bhéarla a fháil ón Stát, ó na húdaráis áitiúla agus ó Bhoird Stát agus go mbeidh dualgas reachtúil ar na hinstitiúidí sin pleananna gníomhaíochta chun na críche sin a ullmhú le cur faoi bhráid mo Roinne le faomhadh.

Mar is eol don Teachta beidh Foras Teanga Thuaidh-Theas le bunú le hÁisínteacht ar leith ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda. Is dóigh liom go mbeidh an Áisínteacht sin ina gléas thábhachtach chun an Ghaeilge a chothú agus a chur chun cinn go gníomhach agus go gcuirfidh sé le hiarrachtaí mo Roinne maidir leis sin de.

Sa bhfreagra a thug an tAire Stáit dúinn níor léirigh sé imní ar bith maidir le staid na teanga sa Ghaeltacht. Bhí clár ar Raidio na Gaeltachta ar maidin, áfach, agus de réir an chláir sin tá laghdú ar mhéid na nAifrinntí atá á léamh tré mheán na Gaeilge sa Ghaeltacht ar an deireadh seachtaine. Thug an clár sin le fios go raibh thart ar 50 faoin gcéad de na hAifrinntí i nGaeltacht Dhún na nGall i mBéarla.

Cén fáth nár thug an tAire Stáit an Bille Cearta a foilsíodh in Albain agus sa Bhreatain Bheag isteach anseo chun a gceartanna a thabhairt do na Gaeilgeoirí a bhfuil comhnaí orthu sna Gaeltachtaí?

Tá Bille Teanga sa Bhreatain Bheag agus mar is eol don Teachta tá staidéar á dhéanamh agamsa ar Bhille Teanga agus go leor oibre déanta len é a réiteach agus tiocfaidh sé faoi bhráid na Dála gan mhoill.

Níl Bille Teangan acu in Alban go bhfios domsa, ach is féidir mé a cheartú ar sin. B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag tagairt don Chairt Eorpach do na Mionteangacha. Más é sin é, ní bheadh na forálacha atá i gceist sa Chairt Eorpach chomh láidir leis na forálacha atá i gceist agamsa don mBille Teangan agus mar sin beidh cosaint i bhfad níos láidre sa mBille Teangan atá á thabhairt isteach agam ná mar a thabharfaí faoin gCairt Eorpach.

An fáth nár thug mé isteach é ná go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an tionchar a bheadh ag an gCairt Eorpach sin ar sheasamh bunreachtúil na Gaeilge agus nílimse sásta tada a dhéanamh a chuirfeadh an seasamh sin in aon amhras nó in aon chontúirt. Nílim sásta rud ar bith a thabhairt isteach nach bhfuil ag réiteach go hiomlán le stádas na Gaeilge mar an phríomhtheanga agus an chéad teanga oifigiúil sa tír.

Gach rud atá sa Chairt, agus i bhfad Éireann lena chois, beidh siad sa mBille Teangan nuair a thiocfaidh sé amach agus cuideoidh sé go mór le stádas ceart a thabhairt don Ghaeilge ar fud na tíre.

Maidir leis na nGaeltacht, tá údar imní ann ach caithfimid a bheith réalaíoch. Má bhreathnaítear ar na figiúirí siar go dtí an t-ochtú céad déag bhí meath ag teacht ar an nGaeltacht i gcónaí – bhí tuairiscí ann a dúirt ag tús na gcaogaidí nach raibh ach 35,000 cainteoir dúchais sa tír. Tá a fhios againn anois ag deireadh na haoise seo go bhfuil os cionn 100,000 ag labhairt na Gaeilge chuile lá, tar éis na gasúir scoile a bhaint as – táim ag déanamh coigeartú ar na figiúirí chun figiúirí cruinn a fháil.

Deir thart ar 3 faoin gcéad den phobal de chuile aois ghrúpa go labhrann siad Gaeilge go laethúil. Tá fadhbanna ann ach níor mhaith liom go dtabharfadh duine ar bith breith an bháis don Ghaeilge. Tuigim go bhfuil fadhbanna ann sna Gaeltachtaí ach tá fás ag teacht ar an nGaeilge ar bhealaí eile. Tá seans againn dul ar aghaidh agus í a fhorbairt agus a láidriú laistigh de na Gaeltachtaí agus taobh amuigh de ach pleananna cuimsitheacha a bheith againn chuige. Cuid lárnach de sin is ea an Bille Teangan.

Nach mbeadh sé níos simplí don Aire Stáit an Bille Cearta Teanga atá acu sa Bhreatain Bhig a thabhairt isteach anseo? Leagfadh sé dualgas ar gach Roinn Stáit gach rud a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Rud simplí é sin a d'fhéadfaí a thabhairt isteach do mhuintir na Gaeltachta.

Tá staidéar cuimsitheach déanta ag an Roinn ní amháin ar an mBille Cearta Teanga sin ach ar Bhillí Teangan i dtíortha eile. Is féidir liom a rá go bhfuil rudaí éagsúla bainte as chuile ceann acu. De bharr saíocht speisialta na tíre seo níl aon cheann acu a oireann go hiomlán agus ní fhéadfaí ceann na Breataine Bige a aistriú isteach i ndlí na hÉireann mar ní mar a chéile an dá chás. Bheadh súil againn go mbeidh an Bille a thabharfaidh muide isteach i bhfad níos feiliúnaí do staid na Gaeilge ná mar a bheadh sé dá dtógfaí bille ó thír eile ar mhaithe le héascaíocht ach gan é a bheith feiliúnach ar chor ar bith do stádas bunreachtúil nó stádas dlithiúil na Gaeilge.

Mar sin ní mór dúinn bille nua a scríobh ach ní miste dúinn breathnú ar an eolas idirnáisiúnta ar fad atá ar fáil agus chuige sin thug mo Roinn cúnamh nach beag do Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge anuraidh ag cur comhdháil náisiúnta maidir le reachtaíocht teangan ar bun agus as a bhfuair muid an-chuid eolais, Ba mhaith liom tréaslú leis an gComhdháil as ucht na léachtaí go léir a tugadh ag an gcomhdháil sin a fhoilsiú le gairid – beidh siad mar lámhleabhar an-úsáideach dúinn. Ach níl aon reachtaíocht in aon tír eile a fheileann don staid in Éirinn.

Bhí scéal sna nuachtáin a dúirt go raibh bord nua don Ghaeilge á chur chun cinn mar sholáthar nua do labhairt na Gaeilge agus go raibh sé ar intinn ag an Aire an coiste nua Thuaidh-Theas a chur isteach ann chomh maith. Ní dhéanfadh sé sin aon rud do mhuintir na Gaeltachta. Cén fáth nach dtabharfadh sé bille simplí isteach – tá staidéar déanta ar an gceist leis na cianta ach tá líon na ndaoine atá ag labhairt Gaeilge sna Gaeltachtaí ag titim gach lá.

Mar eolas don Teachta, tá dhá bhille á thabhairt isteach – ceann amháin a bhainfidh leis an tír seo agus a mbeidh béim faoi leith ann i dtaobh na Gaeltachta – sin an Bille Teangan agus tá sé á réiteach chomh sciobtha agus is féidir. Chomh maith le sin tá Bille nua d'Údarás na Gaeltachta á thabhairt isteach agus bheadh súil agam go dtreiseodh sé ar stádas an údaráis sa Ghaeltacht agus go mór mór mar áisíneacht a bhfuil tionchar nach beag aici ar an nGaeilge.

Maidir leis an bhforas Thuaidh-Theas beimid á phlé níos déanaí inniu.

Barr
Roinn