Tá Bille Teanga sa Bhreatain Bheag agus mar is eol don Teachta tá staidéar á dhéanamh agamsa ar Bhille Teanga agus go leor oibre déanta len é a réiteach agus tiocfaidh sé faoi bhráid na Dála gan mhoill.
Níl Bille Teangan acu in Alban go bhfios domsa, ach is féidir mé a cheartú ar sin. B'fhéidir go bhfuil an Teachta ag tagairt don Chairt Eorpach do na Mionteangacha. Más é sin é, ní bheadh na forálacha atá i gceist sa Chairt Eorpach chomh láidir leis na forálacha atá i gceist agamsa don mBille Teangan agus mar sin beidh cosaint i bhfad níos láidre sa mBille Teangan atá á thabhairt isteach agam ná mar a thabharfaí faoin gCairt Eorpach.
An fáth nár thug mé isteach é ná go bhfuil éiginnteacht ann maidir leis an tionchar a bheadh ag an gCairt Eorpach sin ar sheasamh bunreachtúil na Gaeilge agus nílimse sásta tada a dhéanamh a chuirfeadh an seasamh sin in aon amhras nó in aon chontúirt. Nílim sásta rud ar bith a thabhairt isteach nach bhfuil ag réiteach go hiomlán le stádas na Gaeilge mar an phríomhtheanga agus an chéad teanga oifigiúil sa tír.
Gach rud atá sa Chairt, agus i bhfad Éireann lena chois, beidh siad sa mBille Teangan nuair a thiocfaidh sé amach agus cuideoidh sé go mór le stádas ceart a thabhairt don Ghaeilge ar fud na tíre.
Maidir leis na nGaeltacht, tá údar imní ann ach caithfimid a bheith réalaíoch. Má bhreathnaítear ar na figiúirí siar go dtí an t-ochtú céad déag bhí meath ag teacht ar an nGaeltacht i gcónaí – bhí tuairiscí ann a dúirt ag tús na gcaogaidí nach raibh ach 35,000 cainteoir dúchais sa tír. Tá a fhios againn anois ag deireadh na haoise seo go bhfuil os cionn 100,000 ag labhairt na Gaeilge chuile lá, tar éis na gasúir scoile a bhaint as – táim ag déanamh coigeartú ar na figiúirí chun figiúirí cruinn a fháil.
Deir thart ar 3 faoin gcéad den phobal de chuile aois ghrúpa go labhrann siad Gaeilge go laethúil. Tá fadhbanna ann ach níor mhaith liom go dtabharfadh duine ar bith breith an bháis don Ghaeilge. Tuigim go bhfuil fadhbanna ann sna Gaeltachtaí ach tá fás ag teacht ar an nGaeilge ar bhealaí eile. Tá seans againn dul ar aghaidh agus í a fhorbairt agus a láidriú laistigh de na Gaeltachtaí agus taobh amuigh de ach pleananna cuimsitheacha a bheith againn chuige. Cuid lárnach de sin is ea an Bille Teangan.