Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 23 Mar 1999

Vol. 502 No. 3

Written Answers. - Teangacha Neamhfhorleathana.

Michael D. Higgins

Ceist:

481 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cathain a shíneofar Cairt Eorpach na dTeangacha Neamhfhorleathana. [7829/99]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh. 21 den 5 Feabhra 1998. Níl i gceist Cairt Chomhairle na hEorpa do Theangacha Réigiúnda agus Mionlaigh a shíniú toisc gur dóigh liom go ndéanfadh sé sin dochar do stádas na Gaeilge i gcomhthéacs Bhunreacht na hÉireann agus i gcomhthéacs a bhfuil sa treis chun ardú céime a thabhairt don Ghaeilge san Aontas Eorpach. Níl athrú ar mo dhearcadh faoin scéal ó shin i leith.

Barr
Roinn