Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 13 May 1999

Vol. 504 No. 6

Údarás na Gaeltachta (Amendment) Bill, 1999: Second Stage.

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Is Bille gairid é seo agus is é an cuspóir atá leis ná an tréimhse ama incheadaithe is faide idir toghcháin d'Údarás na Gaeltachta a mhéadú ó cúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Beidh níos mó le rá agam faoi seo ar ball.

Faoi mar is eol don Teach tá sé fógraithe agam anseo cheana go bhfuil an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúradh a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta. Tá obair ar siúl i gcónaí chun críoch a chur le dréachtú Bille a dhéanfaidh leasú substaintiúil ar na hAchtanna um Údarás na Gaeltachta, 1979 go 1993, chun feidhm a thabhairt do chinntí an Rialtais i dtaobh na ceiste. Is trua nach bhfuil an Bille cuimsitheach réidh agus gur gá an Bille seo a thabhairt isteach a bhfuil de chuspóir leis ná toghchán an Údaráis a chur siar. Go príomha is í an chúis nach bhfuil an Bille cuimsitheach ullamh ná go raibh ar an bhfoireann sa Roinn atá ag plé leis an reachtaíocht sin tús áite a thabhairt don obair a bhain leis an bhforas Teanga Thuaidh Theas sa chéad ráithe den bhliain seo. Is mian liom a rá go soiléir nach bhfuil aon mhoill dhosheachanta á cur leis an mBille cuimsitheach sin. Bhí deis agam pairt a ghlacadh sa díospóireacht a bhí ag an Rialtas faoi na moltaí i dtaca le hathstruchtúradh an dhéanamh ar an Údarás. Níl aon amhras orm ach go dtuigeann an Rialtas cé comh tábhachtach is atá na moltaí sin don Ghaeltacht. Freisin tá tacaíocht an Rialtais don Ghaeltacht le feiceáil sa soláthar airgid atá curtha ar fáil don Údarás agus do scéimeanna Gaeltachta mo Roinnese i mbliana.

Is iad na leasuithe maidir le hathstruchtúradh de atá i gceist sa Bhille cuimsitheach ná: líon na gcomhaltaí tofa ar an Údarás a mhéadú; toghcheantar ar leith a bheith ann do gach contae Gaeltachta; agus na coisti réigiúnda de chuid an Údaráis a chur ar bhonn reachtúil. Nil i gceist agam tuilleadh a rá faoi na leasuithe sin inniu mar tá mé ag súil leis go bhfoilseofar an Bille go luath. Beidh deis ansin díospóireacht leathan a bheith againn maidir le ról an Údaráis, maidir leis an méid atá bainte amach ag an eagraíocht ó bunaíodh é beagnach fiche bliain ó shin agus, ar ndóigh, maidir leis na moltaí sonracha a bheidh sa Bhille. Caithfidh mé a rá go bhfuil mé ag tnúth leis an díospóireacht sin.

Ba mhaith liom anois filleadh ar an mBille atá os ár gcomhair. Faoi alt 28 den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979, déanfar toghchán a dhéanamh i gceann tréimhsí nach giorra ná ceithre bliana agus nach faide ná cúig bliana. Ciallaionn sé sin – faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm – gurb é an 8 Meitheamh 1999 an dáta is déanaí don chéad toghchán eile. Bhí sé mar aidhm agam go mbeadh an reachtaíocht leasaithe a dhéanfadh athstruchtúradh ar an Údarás rite in am chun toghchán an Údarás a chur ar siúl faoi réir na socruithe nua toghchánaíochta in Aibreán/Bealtaine na bliana seo nó fiú ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Mar atá mínithe agam, níl sé sin indéanta anois. Bheadh gá le reachtaíocht leasaithe cibé scéal é chun an toghchán don Údarás a chur ar siúl ar an lá céanna leis na toghcháin Eorpacha agus áitiúla toisc go mbeadh tréimhse níos faide ná cúig bliana i gceist ó dháta an toghcháin ba dhéanaí, is é sin, an toghchán a bhí ann ar 9 Meitheamh 1994. Is léir mar sin nach féidir cloí leis an dáta 8 Meitheamh nó fiú leis an dáta 11 Meitheamh más toghchán faoin struchtúr nua atá le bheith ann. Tá moltaí an Rialtais maidir le hathstruchtúradh a dhéanamh ar an Údarás fógraithe go poiblí agus tá pobal na Gaeltachta ag tnúth leis na socruithe nua. Ní bheadh sé ceart ná ciallmhar mar sin an toghchán a reachtáil faoin seanstruchtúr toghchánaíochta. Measaim go n-aontódh gach duine anseo leis an deareadh sin. Feictear domsa go gcaithfear a bheith praiticiúil faoi dháta an toghcháin agus sna cúinsí go léir measaim go n-aontóidh an Teach gur socrú réalaíoch é an toghchán a chur siar.

Maidir le toghchán an Údaráis a reachtáil ar dháta ar leith ó na toghcháin Eorpacha agus áitiúla, tá sé ráite gur cur amú airgead an cháiníocóra é sin. Ní aontaím leis an dearcadh sin. Faoi mar is eol don Teach ritheadh toghchán 1979 agus 1984 an Údarás leo féin. Is ó 1989 ar aghaidh a ritheadh an toghchán ar an lá céanna le toghcháin eile. Glacaim leis go mbíonn costais bhreise i gceist má bhíonn toghchán an Údaráis ar siúl ar dhátaí ar leith ó thoghcháin eile ach ní suim shubstaintiúil bhreise a bheidh i gceist. Táimse féin den tuairim gur maith an rud é toghchán an Údaráis a bheith ar siúl ar dháta ar leith ó thoghcháin eile chun deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta agus na meáin díospóireacht cheart a bheith acu maidir leis na ceisteanna thábhachtacha a bhaineann leis an Údarás, leis an nGaeltacht agus leis an nGaeilge. Ar an taobh eile den scéal, d'ainneoin toghchán na bliana seo den Údarás a chur siar, ní bheidh cosc ann amach anseo an toghchán sin a chur ar siúl ar an dáta ceanna leis na toghcháin Eorpacha nó na toghcháin áitiúla nó fiú olltoghchán fad is atá an dáta dó laistigh den tréimhse in alt 28 den reachtaíocht. Leis an leasú atá á mholadh sa Bhille, beidh níos mó solúbthachta ann feasta chun an toghchán don Údarás agus toghcháin eile a reachtáil ar an dáta céanna toisc go bhfuil an tréimhse incheadaithe is faide i gcás thoghchán an Údaráis á méadú.

Leis an mBille gairid seo ina Acht agus leis an mBille cuimsitheach a fhoilseofar go luath rite roimh shos an tsamhraidh bheadh na socruithe toghchánaíochta nua atá luaite agam i bhfeidhm in am chun an toghchán don Údarás a chur ar siúl san fhómhar. Ní féidir liom a rá ag an bpointe séo cathain go díreach san fhómhar a bheidh an toghchán sin ar siúl. Déanfar an dáta a fhógairt i dtráth chuí. Beidh gá le leasú a dhéanamh sna Rialacháin a bhaineann le toghchán an Údaráis chun iad a thabhairt suas chun dáta agus tá an obair sin idir lámha freisin.

Mar achoimre tá reachtaíocht chuimsitheach á dréachtú maidir le hÚdarás na Gaeltachta go háirithe i dtaca le hathstruchtúradh an bhoird de agus tá ciall leis an bhforáil sa Bhille gairid seo chun síneadh ama de sé mhí a chur leis an tréimhse is faide idir toghcháin don Údarás le go bhféadfar an chéad toghchán eile don Údarás a chur ar siúl faoi na socruithe nua a shonrófar sa Bhille cuimsitheach atá á dhréachtú. Tá ar intinn agam, mar atá ráite agam níos túisce san óráid seo, an chéad toghchán eile don Údarás a chur ar siúl san fhómhar. Dár ndóigh, is é an dáta is deireanaí faoin mBille seo go bhféadfaí é a chur ar siúl ná 9 Nollaig seo chugainn. Molaim an Bille don Teach.

Is mian liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta McGinley.

Níl mo pháirtí i gcoinne an Bhille seo ach tá cúpla ceist agam don Aire Stáit. Ós rud é go bhfuil na Gaeltachtaí suite in áiteanna iarghúlta, cé fáth gur roghnaigh sé an fómhar do na toghcháin? Cén fáth nár chuir sé ar ais iad ar feadh bliana, go dtí an samhradh seo chugainn? Cén fáth go bhfuil sé ag iarraidh ar mhuintir na Gaeltachta dul amach sa gheimhreadh chun toghchán a reachtáil? Níl fonn ar éinne dul ag canbhasáil nuair atá an aimsir go dona.

Ina óráid, dúirt an tAire Stáit go raibh a lán airgid curtha isteach sa Ghaeltacht ag an Rialtas ach má fhéachann sé ar an tuarascáil, Treo 2000, a choimisiúnaigh an t-iarAire Gaeltachta, luadh go raibh timpeall £76 milliún curtha isteach ag Rialtas na Breataine i dteanga na Breataine Bige. Níl líon an airgid atá caite ag an Rialtas anseo sa Ghaeltacht ag cur beocht le labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht. Sin í an fhadhb atá ann. Níl muintir na Gaeltachta sásta an Ghaeilge a labhairt mar ghnáth-theanga. Ní bhaineann furmhór na ndaoine óga sa Ghaeltacht úsáid as an nGaeilge. Bhí duine ar an teilifís aréir a dúirt nach raibh dul chun cinn á dhéanamh. Bhí imní air go mbeidh an teanga caillte sul i bhfad.

Tá pleananna móra ag an Aire Stáit don Údarás agus pléfimid iad sin nuair a fhoilseofar iad ach maidir leis na baill a bheidh ar an mBord nua níor chuir sé na hoileáin san áireamh agus níl sé i gceist aige ball de Chomhdháil na nOileán a chur ar an mBord ainneoin go bhfuil an eagraíocht sin ann le sé nó seacht mbliana agus dul chun cinn déanta acu ar son mhuintir na n-oileán.

Aontaím leis an mBille chomh fada agus a théann sé ach ní théann sé fada go leor. Aontaím leis an méid a bhí le rá ag an Aire Stáit gur cheart go mbeadh toghchán Údarás na Gaeltachta ar lá dó féin gan é a bheith ar siúl an lá céanna le toghchán na hEorpa agus na tochgháin áitiúla. Mar tá dearmad ar fad déanta den Ghaeltacht agus d'Údarás na Gaeltachta. Is é an buntáiste é a chur ar siúl ar lá dó féin ná go mbeidh deis againn sa bhfeachtas a bheidh ag dul ar aghaidh ar feadh cúpla seachtain roimh an toghchán plé a dhéanamh ar an Údarás, ar an Ghaeltacht, ar an teanga, ar an tionsclaíocht agus ar gach rud a bhaineann leis an Ghaeltacht

Tá Údarás na Gaeltachta ar bun anois le fiche bliain – 1979 chomh fada agus is cuimhin liom – agus d'fhéadfá a rá i mbéaloideas na Gaeltachta go bhfuil sé "Fiche Bliain ag Fás". Sílim go bhfuil obair íontach déanta ag an Údarás chomh fada agus a bhaineann sé leis na Gaeltachtaí agus fostaíocht a chur ar fáil le linn an ama sin. Tá na mílte ag obair ar fud na Gaeltachta anois i dtionscail agus in imeachtaí eile a bhfuil airgead nó tacaíocht de shaghas éigin tugtha ag an Údarás dóibh. Sílim go bhfuil breis agus 2,000 ar a laghad ag obair i dtionscail i nGaeltacht Dhún na nGall a fuair cuidiú ón Údarás. Is dóigh liom gurb í an eastát tionscalaíochta is tábhachtaí agus is mó le rá in aon cheantar Gaeltachta ná an ceann atá i mo pharóiste féin i nGaoth Dobhair a bhfuil idir míle agus míle go leith duine ag obair ann. Muna mbeadh sé ann cad a bheadh ag dul ar aghaidh sa cheantar Gaeltachta sin? Cá mbeadh an t-anam nó an spiorad sa cheantar mura mbeadh an t-eastát tionscalaíochta sin ann?

Ach sílim i ndiaidh 20 bliain go bhfuil sé tráthúil amharc níos doimhne ar ról, ar éifeacht, ar fheidhmiú agus ar chumhachtaí an Údaráis. Tá athstructúradh á dhéanamh ach is é an t-aon rud atá ag tárlú ná go bhfuil breis á chur le ballraíocht Bhord an Údaráis. Tá sé á mhéadú ó 13 bhall go 16 bhall agus triúr eile á ainmniú – an Cathaoirleach, duine ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus duine ón Roinn Airgeadais.

Sílim go bhfuil níos mó daonlathais á chur i bhfeidhm agus go mbeidh seans ag na Gaeltachtaí beaga nach raibh éinne ar an mBord acu go dtí seo duine a thoghadh. Ach is mór an trua nár chuamar níos faide agus scrúdú a dhéanamh ar na cumhachtaí atá ag an mBord. An bhféadfaí níos mó cumhachtaí a thabhairt dóibh? Is iad na cumhachtaí atá acu faoi láthair ná bunú tionscal agus tacaíocht a thabhairt do thionscail sa Ghaeltacht agus don teanga agus don cultúr. An bhfuil go leor béime á chur ar an teanga agus ar an chultúr? An mbeadh sé níos éifeachtaí ó thaobh forbairt na Gaeltachta de go mbeadh cumhachtaí ag an Údarás maidir le infrastructúir? Tá go leor de na monarchana agus de na tionscail i gceantair iarghúlta sa Ghaeltacht agus an bhfuil na bóithre agus cúrsaí cumarsáide ag cur leis an bhforbairt tionsclaíochta? An bhféadfadh sé a bheith níos fearr? Sílim go dtuigeann an tAire Stáit féin go bhféadfadh sé a bheith níos fearr mar dúirt sé go minic gurb é an cuspóir atá aige ná go mbeadh mór-bhóthar ceart ag dul isteach go dtí gach príomh Ghaeltacht sa tír.

Ní féidir forbairt cheart a dhéanamh ar an eastát i nGaoth Dobhair mar tá an bóthar isteach ann go dona. Tá mé cinnte go bhfuil an scéal céanna i nGhaeltacht an Aire Stáit féin i gConamara agus i nGaeltacht Mhaigheo, Chiarraí agus Chorcaí chomh maith. B'fhiú ar a laghad ról comhairleach a thabhairt don Údarás ar an fhadhb seo agus go mbeadh siad in ann a gcuid moltaí a chur ar aghaidh go dtí an Roinn Chomhshaoil nó go dtí an Comhairle Chontae agus go dtabharfaí aird orthu.

Is mór an trua é nach bhfuil athrú mar sin sa Bhille seo. Tuigim gur Bille teoranta atá ann agus gurb é an príoimhthéarma sa Bhille ná téarma an Bhoird seo a chur siar sé mhí eile. Ach idir seo agus an t-am a mbeidh an Bille ag teacht isteach b'fhiú don Roinn moltaí a lorg ó na Gaeltachtaí féin faoin dóigh a bhféadfaí feabhas a chur ar an obair mhaith atá á dhéanamh ag an Údarás ó bunaíodh é 20 bliain ó shin. Aontaím cinnte gur chóir go mbeadh tuilleadh ballraíochta ar Bhord an Údaráis, ceathrar ó Dhún na nGall, cúigear ó Ghaeltacht na Gaillimhe, beirt ó Mhaigheo, beirt ó Chiarraí agus duine ó Chorcaigh, duine ó Phortláirge agus duine ó Chontae na Mí.

Is maith an rud é go mbeidh guth ag na Gaeltachtaí sin go léir ar an mBord. Maidir le Gaeltacht Dhún na nGall de tá 26,000 duine ina gcomhnaí ansin agus is mór an trua é nár thóg an tAire Stáit céim amháin eile ar aghaidh agus cúigear a thabhairt dúinne fosta. Chinnteodh sin go mbeadh ionadaíocht, ní amháin sna Gaeltachtaí móra – Gaoth Dobhair, Cloch an Fhaola agus Na Rossa – ach fosta ag áiteacha in iardheisceart an chondae – Gleann Cholmcille, Cill Chártha agus Carraig – agus an Gaeltacht lír – Fanaid, Ros Goill, na Dúnaibh agus an Tearmann. Is ceantair bheaga Ghaeltachta iad sin agus dá mbeadh duine breise ann is cinnte go mbeadh seans níos mó ionadaíocht a bheith acu istigh ar bhord an Údaráis chomh maith.

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh ionadaíocht ag na ceantair bheaga Ghaeltachta ar bhord an Údaráis mar go minic déantar socruithe a chuireann isteach go mór ar phobal áitiúil. Níl ann ach tamall ó bhí mé ag caint leis an Aire Stáit fá sampla an-mhaith de sin i nGaeltacht iardheisceart an chondae – an áit ar thóg Údarás na Gaeltachta air féin sé bhliain ó shin iascaireacht Theilinn a thabhairt do dhream áirithe. Níor dearnadh teangbháil cheart le muintir na háite agus ón lá sin go dtí an lá inniu d'fhéadfá a rá go bhfuil cogadh cathartha ar siúl sa pháirt sin de Ghaeltacht Thír Chonaill, áit a raibh pobal ceansa, macánta, mín, soineanta a chomhoibrigh le chéile lá agus oíche, bliain i ndiaidh bliana. B'fhéidir go mbeadh difríochtaí eatarthu anois agus arís ar pháirc na peile nuair a bhuail Gleann Cholmcille agus Cill Chártha ag imirt le chéile ach ina dhiaidh sin bhí siad aontaithe. D'éirigh leis an Údarás, agus ba é an t-Údarás a rinne é agus cuirim an locht go hiomlán air, an pobal sin a scoilt ó bhun go barr. Tá an cogadh cathartha ag dul ar aghaidh ansin go fóill agus is beag dul chun cinn atá déanta ag an Údarás chun sin a leigheas. Cuireann sé isteach go mór orm pobal Gaeltachta mar sin a fheiceáil scoilte de bharr cinnidh a rinne Údarás na Gaeltachta mar nach ndeachaigh sé i gcomhairle leis an phobal áitiúil. Tá súil agam go ndéanfar socrú ceart chun an pobal sin a athaontú agus go ndéanfar forbairt ar an iascaireacht ansin ar mhaithe leis an phobal uilig. Tá an dualgas ar an Údarás agus an Roinn sin a dhéanamh. Bhí teangbháil eatarthu agus an Aire Stáit agus tuigeann sé go maith caidé mar atá cúrsaí ansin. Tá idirghabhalaí sínseartha ceaptha le breis agus sé mhí agus beidh muid uilig ag súíl go n-éireoidh leis seo a shocrú.

Ní tharlódh a leithéid de rud dá mbeadh ionadaí ag ceantar Gaeltachta mar sin ar an bhord mar bheadh sé ábalta a chur in iúl don Údarás agus do na feidhmeannaigh go mbeadh deacrachtaí ann dá rachfaí ar aghaidh le plean mar sin.

Tá cás á dhéanamh san iarthar go mbeadh ionadaí ag na hoileáin ar bhord an Údaráis. Tá trí oileáin ar chósta Thír Chonaill agus ar Thoraí agus ar Ghabhla tá 700 duine lonnaithe ar an bheirt acu. D'fhéadfaí cás a dhéanamh go mbeadh ionadaíocht acu ar an bhord agus dá dtabharfaí duine breise dúinn is cinnte go mbeadh sé ar mhaithe go mór go mbeadh duine ar an bhord acu.

D'fhéadfaí cumhachtaí eile a thabhairt don Údarás. Tá cumhachtaí teoranta aige i lathair na huaire chomh fada agus a bhaineann sé le forbairt na turasóireachta. Tá féideareachtaí móra ag an tionscal sin sna ceantair Ghaeltachta. Tá na Gaeltachtaí lonnaithe i bpáirt den tír a mbíonn ag tarraingt an pobal naisiúnta agus idirnaisiúnta isteach inti agus anois bíonn béim níos mó ar an turasóireacht chúltúrtha. Níl dream níos fearr leis sin a dhéanamh ná Údarás na Gaeltachta. Tá an tÁire Stáit ag tabhairt cumhachtaí teoranta dó; b'fhéidir go bhféadfaí cumhachtaí níos leithne a thabairt dó sa dóigh is go dtiocfadh leis forbairt cheart a dhéanamh ar an ghné sin den tionsclaíocht sa Ghaeltacht.

B'fhiú amharc ar sheirbhisí. Tuigtear go forleathan anois go bhfuil féidearachtaí móra i seirbhísí le fostaíocht a chur ar fáil. Cuireann an t-Údarás, cosúil leis na háisíochtaí – an IDA, SFADCo agus iad siúd – béim ar phostanna tionsclaíochta. Má amharcann duine ar caidé tá ag tarlú i dtíortha eile ar fud na hEorpa agus sna Stáit Aontaithe, chífidh sé go gcuirtear a lán postanna ar fáil i seirbhísí. Tá na Gaeltachtaí easnamhach go fóill chomh fada agus a bhaineann sé le roinnt seirbhísí.

Tuigim go bhfuil deacrachtaí ansin. Má thugtar deontas do sheirbhís éigin i gceantar agus seirbhís dá leithéid ann chéanna féin, tugtar an deontas sin do dhuine amháin chun duine eile a chur amach as gnó. Ní hé sin an rud atá i gceist agam. Áit go féidir leis an Údarás a aimsiú go bhfuil easnamh seirbhísí i gceantar Gaeltachta, d'fhéadfadh leis theacht isteach agus cuidiú a thabhairt do dhuine éigin as an áit, a saolaíodh agus a tógadh san áit agus é ina chainteoir dhúcháis Ghaeilge, fá choinne na seirbhíse riachtanacha sin a chur a fáil.

Tá na ceantair Ghaeltachta íargúlta agus is beag freastail a rinne CIÉ nó Bus Éireann ar na Gaeltachtaí. Ní thig siad ar dhóigh. Níl baint ag Bus Éireann le Na Rossa, Gaoth Dobhair, Cloch an Fhaola, Fanaid ná páirt ar bith eile den Ghaeltacht taobh amuigh de Ghleann Cholmcille. Tháinig daoine áitiúla chun tosaigh. Chuir siad busanna ar fáil agus tá seirbhísí den scoth ar fáil ó Ghaeltacht Thír Chonaill gach lá sa tseachtain go Baile Átha Cliath, Gaillimh agus Béal Feirste. Ag taisteal ó thuaidh ag an deireadh seachtaine, chífear bus i ndiaidh bus ag dul síos go Gaillimh, Baile Átha Cliath agus Béal Feirste agus na hainmneacha anuas i nGaeilge. Sin daoine ag cur fostaíochta agus seirbhísí ar fáil agus ní bhfuair siad oiread agus pingin rua chun sin a dhéanamh. Sin an cineál seirbhísí atá i gceist agam. D'fhéadfadh leis an Údarás ról a bheith aige seirbhísí den chineál sin a aimsiú agus cuidiú a thabhairt díofa.

Mar a dúirt an Teachta Ó Céire, is Bille gairid seo atá an-teoranta a thig an toghchán a chur siar sé mhí. Beidh deis againn idir seo agus deireadh na bliana plé a dhéanamh ar an Bhille chuimsitheach a chuirfidh an t-Aire Stáit os ár gcomhar. Nuair a bhí an Aire Stáit ina úrlabhraí ar an taobh seo den Teach, bhí sé i gcónai iontach deimhneach chomh fada agus a bhain sé leis an Údarás. Thuig sé ról tábhachtach an Údaráis sna Gaeltachtaí agus an gá a bhí le breis feidhmeannais agus breis cumhachtaí a thabhairt. Tá sé san áit anois gur féidir leis sin a dhéanamh. Tá tuigbheáil aige ar an Ghaeltacht agus na deachrachtaí istigh ann agus tuigbheáil aige ar ról an Údaráis.

I ndiaidh 20 bliain, tá an-obair déanta ag Údarás na Gaeltachta do na Gaeltachtaí. Dá mbá rud é nach raibh sé ann agus ag gníomhú mar atá, ní bheadh an Ghaeltacht leath chomh láidir ó thaobh eacnamaíochta agus fostaíochta agus atá sí inniu. Caithfidh an Údarás dul in iomaíocht leis an IDA agus SFADCo.

Tá an cumas agus an dearcadh ceart ag na feidhmeannaigh a bhfuil suim phearsanta agus aithne phearsanta ar achan páirt den Ghaeltachta. Tá "hands on approach" acu agus iad acu le moladh. Chímid go léir ag cruinnithe poiblí ar fud an Dáilcheantair an tAire Stáit, ionadaí an Teachta Uí Mhuineacháin agus daoine eile as an Gaeltacht. Bíonn feidhmeannaigh an Údaráis ag na cruinnithe sin go luath agus go mall. Cuireann siad saothar mór isteach san obair atá a dhéanamh acu. Is as an Ghaeltacht an chuid is mó acu agus iad nach as, tá Ghaeilge den chéad scoth acu agus tá dearcadh deimhneach, cinnte acu. Tá siad bródúíl as an obair a dhéanann siad agus tá suim acu inti. Ba mhaith liom go n-aithneofaí sin agus sinn ag caint ar an Údarás.

Tá muid ag tabhairt tacaíochta don Bhille teoranta seo agus beidh Bille eile níos cuimsithe ag teacht romhainn idir seo agus deireadh na bliana. B'fhéidir go ndéanfadh an tAire Stáit machnamh agus scrúdú ceart ar ról an Údaráis sna fiche bliain amach romhainn. Tá mé cinnte gur mhaith leis an Aire Stáit gur fiche bliain fé bhláth a bheadh iontu, chomh mór agus a ba mhaith liom féin.

Tá áthas orm an deis a fháil labhairt ar an mBille seo. Bille gairid is ea é – níl mórán ann ach cead don Aire an toghchán d'Údarás na Gaeltachta a chur siar ar feadh sé mhí, más mian leis agus ina theannta sin, an gearrtheideal, an chomh luath agus an forléiriú.

Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag cur i gcoinne an Bhille seo ós rud é nach bhfuil an reachtaíocht chuimsitheach ullamh go fóill. Ag tagairt don reachtaíocht sin, mar a dúirt an tAire linn roimhe sin, níor thoiligh an Rialtas áit a thabhairt don cheardchumann ASF ar an údarás nua. Bhí mé ag caint ar seo sa Dáil le déanaí agus d'iarr mé ar an Aire féachaint ar an gceist seo arís agus dúirt sé go bhféachfadh.

Tá sé thar a bheith tábhachtach ar Údarás mar seo go mbeadh duine éigin ann ag freastal ar ghnó an Údaráis agus ag féachaint ar an ngnó sin ó dhealramh na ndaoine atá ag obair san Údarás. Chuala mé, cé nach bhfuilim lánchinnte faoi seo, go bhfuil an ceardchumann ag iarraidh bualadh leis an Aire chun an reachtaíocht chuimsitheach a phlé. Iarraim ar an Aire inniu bualadh leis an gcearchumann chuige sin.

Rud eile atá ag déanamh buartha don Lucht Oibre ná go raibh trí leasú curtha síos againn maidir le trí ghné den Bhille. Fuair mé scéala ón gCeann Comhairle inniu nach bhfuil dhá cheann de na leasuithe in ord.

Glacaimid leis go mba chóir an toghchán d'Údarás na Gaeltachta a reachtáil ar lá leis féin – agus ní leis na toghcháin Eorpacha nó áitiúla – mar más rud nach mbíonn aon toghchán eile ar siúl, is iad na daoine a bhfuil suim acu san Údarás agus sa Ghaeltacht a thiocfaidh amach le vóta a chaitheamh. Nuair atá toghcháin eile ar siúl freisin, is féidir go mbíonn vótaí á chaitheamh ag daoine nach bhfuil suim dá laghad acu i saol na Gaeltachta.

Tá a fhios agam go bhfuil ceist airgid i gceist anseo agus is dóigh liom gur fiú an t-airgead a chaitheamh ar thoghchán don Údarás ar lá leis féin – i ndeireadh na dála beidh na Gaeltachtaí i bhfad níos fearr as.

An triú leasú a bhí againn – agus b'fhéidir go bhféachfadh an tAire air don reachtaíocht chuimsitheach – ná go bhfuil rialacháin ann anois don toghchán don Údarás ach is fearr go mbeadh na rialacha céanna i bhfeidhm don toghchán seo agus atá i bhfeidhm do na toghcháin Dála.

Tá na rialacháin a bhaineann le toghcháin Dála scríofa síos i reachtaíocht ach tá rialacháin an Údaráis ann ó 1994. Tagann feabhas ar rialacháin d'olltoghcháin de réir a chéile agus má dhéanann an tAire leasú sa reachtaíocht ar Bhille 1979 beidh na rialacháin chéanna ag baint leis an toghchán don Údarás agus a bhaineann leis an Dáil. Ba mhaith go mbeadh na rialacháin scríofa síos san Electoral Act agus go mbeadh siad mar an gcéanna sa dá thoghchán.

Tá athrú á thabhairt isteach leis an mBille seo ach ní dóigh go mba chóir don athrú seasamh níos mó ná bliain. Tá sé níos fearr go mbíonn toghchán ann sa samhradh chun seans a thabhairt do sheandaoine, ach go háirithe, a gcuid vótaí a chaitheamh. De réir an leasaithe i m'ainmse, ghlacfaí leis an t-athrú go dtí tosach na bliana 2000, agus go bhfillfimid ar an seanstaid ina dhiaidh sin – go mbeadh sé de chead ag an Aire Gaeltachta toghcháin Ghaeltachta a chur in áit idir ceithre bliana agus cúig bliana ón toghchán deiridh.

Is mar seo a bheadh. An chéad toghchán tar éis toghchán na bliana seo, d'fhéadfadh an tAire é a chur ar siúl ar lá i rith an tsamhraidh ach ní ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla nó Eorpacha. As sin amach bheadh sé ann tar éis gach cúig bliana.

Táim sásta leis an eolas atá fachta agam faoin reachtaíocht chuimsitheach. Glacaim agus fáiltím roimh an méadú ar líon na gcomhaltaí tofa ar an Údarás agus go mbeidh comhaltaí ann ó na contaetha ina bhfuil Gaeltachtaí beaga. De réir dealraimh, oirfidh sé domsa, ag teacht ó Chontae Phort Láirge agus an Rinn ann freisin. Beidh toghcheantar i ngach contae ina bhfuil Gaeltacht.

Maidir le MSF, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh seans ag an gceardchumann comhalta a chur ar an Údarás seo.

Maidir le teorainn na Gaeltachta, admhaíonn an tAire go bhfuil deacrachtaí ann ach tuigim go bhfuil sé ag tabhairt faoin gceist. Áit a bhfuil amhras faoin méid Gaeilge atá á labhairt, beidh caighdeán teangan á thabhairt isteach ag an Aire, agus beidh ar an gceantar sin an caighdeán sin a shroichint. Áit a theipeann ar cheantar, tabharfar a dhóthain ama don gceantar an caighdeán a shroichint agus tá sé seo tuisceanach.

Do dhaoine nach bhfuil ag úsáid na Gaeilge chomh minic agus a d'fhéadfaidís, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh siad an scéal mar gheall ar na teorainneacha agus go mbeadh seans acu an scéal a fheabhsú ionas gur féidir leo fanacht sa Ghaeltacht. Ní theastaíonn ó éinne go mbeadh an teorainn ag cúngú isteach ach caithfidh na teorainneacha bheith fírinneach.

Tá mé ag iarraidh ag an Aire machnamh a dhéanamh ar na leasuithe a chuir mé síos agus an reachtaíocht chuimsitheach á dhréachtú aige.

Caithfimid díospóireacht fhorleathan a chur ar siúl faoin dtír mar gheall ar an nGaeltacht agus ar an nGaeilge. Ní dóigh liom go bhfuil suim dhomhain ag an-chuid daoine sa teanga. Caithfimid dul ar ais agus a thaispeáint do dhaoine cé chomh tábhachtach is atá an cultúr agus an Ghaeilge. Ní mór a bheith cinnte nach bhfuilimid ag iarraidh ar dhaoine fanúint sna Gaeltachtaí agus gan caighdeán maireachtála ceart acu, atá gach pioc chomh maith daoine eile faoin dtír.

Ní mór súil a choimeád i gcónaí ar chaighdeán maireachtála na Gaeltachta agus goilleann sé orm a chlos go bhfuil sé thar a bheith deacair anois do dhaoine óga sa Ghaeltacht píosa talún a cheannach le teach a thógáil air. Tá daoine ag teacht isteach ón iasacht agus tá siad ag tógáil tithe, agus ag ceannach tithe nach mbíonn in úsáid ach amháín i rith an tsamhraidh.

Sa Ghaeltacht, an rud is tábhachtaí na pobal beo agus teanga beo. Níl go leor díospóireachta ar siúl sa tír faoin nGaeilge. De réir na scrúduithe scoile, tá caighdeán na Gaeilge ag dul i léíg. Bíonn daltaí sa tír seo ag foghlaim na Gaeilge sa bhunscoil agus sa mheánscoil freisin. Tosaíonn siad ar theanga Eorpach sa mheánscoil freisin agus ni fada go mbíonn siad níos líofa inti ná mar atá siad sa Ghaeilge. Goilleann sé sin orm. Tá cuid den phobal i gcoinne na Gaeilge agus tá jab againne mar pholaiteoirí daoine a mhealladh chun an scéal a scrúdú agus chun machnamh a dhéanamh ar chás na Gaeilge. Is uaidh sin a thagann an tuiscint.

Tá Údarás na Gaeltachta ag déanamh jab maith ach má theastaíonn uainn go mbeadh an dátheangachas i réim sa tír seo, caithfidh an pobal breathnú ar an teanga mar chuid dá saibhreas. Go dtí go dtagann an lá seo agus go mbíonn an meon sin forleathan, leanfaidh an meath a fheicimid i gcúrsaí Gaeilge agus beidh rudaí ag dul in olcas.

Ní bheidh Páirtí an Lucht Oibre ag seasamh in aghaidh an Bhille seo. Tá súil agam go mbeidh am agam an t-aon leasú atá fágtha agam a phlé sa díospóireacht agus iarraim ar an Aire breathnú ar an dá cheann eile agus iad féin nó leasuithe atá cóngarach dóibh a chur isteach sa reachtaíocht chuimsitheach.

In ainneoin gur ón nGalltacht dom agus go n-aithním go maith an fhorbairt atá ar siúl ó thaobh na teanga de sna cathracha agus sna fobhailte, go háirithe anseo i mBaile Átha Cliath, tá todhchaí na Gaeilge ag brath ar an nGaeltacht agus ar dhaoine a choimeád ag obair ann.

Aithním go bhfuil gá leis an mBille seo agus is trua go bhfuil moill ar an reachtaíocht chuimsitheach ach tuigimid go bhfuil práinn mhór ag baint leis na hullmhúcháin don fhoras teanga thuaidh/theas. Tá áthas ar gach duine, ar suim leo an Ghaeilge, go bhfuil sé ar cheann de na nithe atá ar an gclár oibre ag an leibhéal is airde den phróiseas Angla-Éireannach faoi láthair.

Tá dúshlán ollmhór ag Údarás na Gaeltachta agus tá ag éirí leis a bhformhór a shárú. Caithfear feidhm agus ról Údarás na Gaeltachta a chur i gcomhthéacs na ndúshlán agus na ndeacrachtaí atá le sárú aige.

Is é aidhm agus feidhm an Údaráis, de réir mar a leagadh síos sa reachtaíocht faoinar bunaíodh é, ná leas na Gaeltachta a dhéanamh, eacnamaíocht na gceantar sin a fhorbairt, fostaíocht a chruthú agus a bhuanú agus teanga agus cultúr sainiúil na nGaeltachtaí a shlánú chun go gcosnófaí agus go ndaingneofaí an Ghaeilge mar theanga pobail i ngach Gaeltacht, idir mhór agus bheag. Seo ról an-dúshlánach agus an-leathan. Is údarás tionscail agus caomhnóir cultúir é, is eagras sochtheangeolaíoch é agus baineann gnéithe dá chúram le hoideachas, le turasóireacht, le hoiliúint, leis na healaíona agus le rialtas áitiúil. Ní féidir liomsa léirmheas ceart a dhéanamh ar an mbealach a bhfuil ag éirí leis an Údarás agus tá daoine a thagann ó na Gaeltachtaí agus a bhfuil an t-eolas sin acu. Beidh deis againn níos deireannaí sa bhliain nuair a bheidh an reachtaíocht á phlé anseo, cloisteáil uathu.

Tá sé an-deacair ar an Údarás feidhmiú go héifeachtach i ngach ceann de na dualgais a liostaigh mé. Tá an saol ag athrú chomh tapa céanna sa nGaeltacht nó níos tapúla agus atá sé in áíteanna eile. Mar shampla, ina phríomhról mar údarás forbartha tionscail, tá ar an Údarás a bheith san iomaíocht le húdaráis eile sa tír seo agus ó thíortha eile san Eoraip atá ag iarraidh tionsclóirí agus lucht fiontair a mhealladh. Tá éacht déanta ag an Údarás sa ghnó seo nuair a smaoinímid gur cruthaíodh 1,295 post anuraidh – sin méadú de cheathair faoin gcéad ar an mbliain roimhe sin.

Tuigimid go maith go raibh an Ghaeltacht cuid mhaith chun deiridh ó thaobh bhonneagar ceart iompair, teileachumarsáide agus cóiríochta agus tá sé sin sáraithe acu.

Tá tréithe áirithe léirithe ag an Údarás ó bunaíodh é a thugann dóchas dom don todhchaí. Bhí agus tá an t-Údarás misniúil – bíonn sé ag deileáil le fiontraíocht agus tá sé sásta dul sa tseans leo. Is é nádúr na hoibre seo go dteipeann ar thograí uaireanta agus léiríonn an t-Údarás an iomarca misnigh b'fhéidir ach caithfear infheistiú a dhéanamh i dtograí fiúntacha.

Tá léargas leathan ag an Údarás – feictear dó go bhfuil ceangal ann idir forbairt tionsclaíoch, forbairt pobail, oideachas, oiliúint agus oidhreacht. Cuireann sé na cúinsí sin go léir san áireamh ina chuid pleanála. Leagann sé béim ar an gcomhpháirtíocht agus tá sé solúbtha.

Is eol dom go bhfuil daoine áirithe ann a mheasann gur duáilce é seo agus tá sé léirithe ag an Údarás gur béas leis a chuid tosaíochtaí a leagan síos i bhfianaise na gcúinsí a fheictear dó ag aon am. Ach níl aon drogall air na tosaíochtaí sin a athrú sa chás go n-athraíonn na cúinsí. Ba é an fheirmeoireacht mara an chloch ba mhó ar phaidrín an Údaráis, tráth, agus leagadh an béim is mó ar an gcineál sin tionscail. Ach d'athraigh an bunús eacnamúil a bhí faoin tionscal sin agus d'athraigh dearcadh an Údaráis dá réir.

Dea-rud é sin agus feictear dúinn i measc na poist a cruthaíodh anuraidh gur san earnáil innealtóireachta leictreonach agus seirbhísí a cruthaíodh a leath dóíbh.

Tá dearcadh idirnáisiúnta ag an Údarás: tuigeann sé an diminsean Eorpach – tá oifig aige sa Bhruiséil agus oibríonn sé go dlúth le bord dá chineál féin i limistéir eile san Eoraip a bhfuil na dúshláin chéanna á dtabhairt – in Alban, sa Bhreatain Bheag agus sa Bhriotáin, ach go háirithe.

Tá éacht déanta ag an Údarás i bhforbairt thionscal na físe le deich mbliana anuas. Nuair a bhí daoine eile ag caint faoi Theilifís na Gaeilge, bhí an t-Údarás ag obair ar a son. Oibríonn sé go dlúth anois leis na dreamanna eile san earnáil seo – le Raidió na Gaeltachta, Teilifís na Gaeilge agus leis na móroibreoirí eile san earnáil seo atá bunaithe ar na hacmhainní nádúrtha is saibhre agus is flúirsí dá bhfuil sa Ghaeltacht – an tsamhlaíocht, an scéalaíocht agus an Ghaeilge féin. Is cinnte go bhfuil a luach ag dul i méid ach iad a bhainistiú i gceart.

Agus an tAire ag cur Údaras nua i bhfeidhm don nGaeltacht, ba mhaith go bhféachfadh sé chuige nach mbeadh sé ró-mhór agus go mbeadh sé in ann é a láimhséail i gceart. Tuigim go mbeidh toghcháin ar siúl sna ceantair éagsúla agus is maith sin agus caithfimid féachaint chuige nach mbeidh na daoine go léir ag teacht ó chúlra amháin. Ba chóir go mbeadh ionadaithe ón earnáil ghnó agus fiontraíochta phríobháidieach ar an Údarás freisin.

Bord lán-tofa a bheas ann, agus fáiltím roimhe sin ar son an daonlathais. An bhfuil ról ann don Údarás i bhforbairt na gceantar sin taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil an Ghaeilge ag dul i neart iontuag obair le Comhluadar, Muintearas, Glór na nGael agus Gael-linn?

Aithním tábhacht na teanga ar fud na tíre agus go háirithe sna Gaeltachtaí agus fáiltím roimh an mBille agus roimh an obair atá ar siúl ag an Aire ar a son.

Tá mórán oibre déanta ag an Údarás ó bunaíodh é fiche bliana ó shin. An deacracht i mó a bhí ag muintir na Gaeltachta le Gaeltarra ná go raibh sé an-chrua ar dhaoine ón nGaeltacht cúnamh a fháil uathu – bhí siad ag tabhairt aghaidh ar dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht don chuid is mó chun tionscail a bhunú sa Ghaeltacht. Ach tá athrú mór tagtha ar sin anois agus tá an t-Údarás ag tabhairt an-tacaíocht do mhuintir na Gaeltachta a gcuid tionscal féin a bhunú ann. Rud maith é sin mar is féidir leo a bheith cinnte go n-éireoidh leis an tionscal mar beidh muintir na háite ag tacú leis.

Tá an-obair déanta ag an Aire Stáit ó ceapadh é go háirithe ó thaobh na ndeontas do na bóithre áise. Le bliain anuas tá airgead á chur isteach aige do na bóithre contae nach mbeadh an oiread sin feabhsaithe á dhéanamh orthu ag an gcomhairle contae. Cabhair mhór é sin don áit.

Is dóigh gurb é Gaeltacht Mhúscraí an t-aon Ghaeltacht a bhfuil an príomhbhóthar ag dul tríd. Beidh mé ag fiafraí den Aire a dhícheall a dhéanamh don mbóthar seo atá ar an bpríomhbhóthar is measa in Éirinn. Tá sé an-deacair domsa insint do dhaoine nuair a théimid siar thar an teorainn contae go Ciarraí go bhfuil bóithre breátha acu agus na mílte punt á chaitheamh arís i mbliana orthu ag an National Roads Authority. Bóthar de sheacht nó d'ocht troigh déag ar leithead atá i mbóthar Mhuscraí ach fós níl an t-airgead ann chun é a dheisiú. Táim ag iarraidh ar an Aire an t-airgead atá ag teastáil a chur isteach sa bhóthar seo.

Sin é an rud atá ag déanamh díobhála do na Gaeltachtaí. Ní haon mhaitheas monarchana agus poist mura bhfuil na bóithre againn – tá sé ró-dheacair fáil isteach sna Gaeltachtaí. Dúirt tíonsclóir liom mí ó shin gurb é an bóthar a bheith ró-bheag an chúis nach mbunódh sé tionscal ann.

Ba mhaith an mhaise don Aire Coláiste Íosagáin a cheannach i mBaile Bhúirne anuraidh. Tá costas mór ar thalamh chun tithe agus monarchana a thógaint ann, agus tá an t-ádh leis an Údarás go ndearna an tAire an beart seo.

Molaim go nglacfaí leis an méid a dúirt an tAire Stáít anseo inniu.

(Dublin West): Cinnte, bheadh sé amaideach toghchán a reachtáil d'Údarás na Gaeltachta ar an ochtú lá Meithimh, trí lá roimh na toghcháin Eorpacha agus áitiúla. Ní chóir dóibh a bheith ann ar an lá gcéanna nó caillfear na nithe suntais ar chóir a phlé i rith an fheachtais sna meáin chumarsáide agus i measc an phobail. Tá lá faoi leith ag teastáil don toghchán sin chun plé a dhéanamh ar na nithe atá ag cur isteach ar mhuintir na Gaeltachta agus ar dhaoine ar fud na tíre ar spéis leo an Ghaeilge agus an Ghaeltacht.

Tá fadhb agam leis an nós seo ag an Rialtas Billí beaga suaracha a thabhairt isteach sa Dáil chun dáta a athrú, nó mar a tharla arú inné, Bille de chúpla alt chun staid an rialtais áitiúil a chur isteach sa Bhunreacht agus nach bhféadfadh níos mó ná cúig bliana a bheith idir thoghcháin áitiúla.

An rud céanna atá againn anseo. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil Bille cuimsitheach le teacht ach ní dúirt sé cathain a thiocfaidh an Bille sin os comhair na Dála. Dúirt sé go gcaithfidh toghchán a bheith ann d'Údarás na Gaeltachta i mbliana. Muna dtagann an Bille sin os comhair na Dála roimh an tsamhraidh, ní fheicfear é go dtí mí Dheireadh Fómhair agus bheadh an díospóireacht agus an toghchán ag teacht ar mhullach a chéile. Níl sé sin ceart ná cóir. Mar sin caithfidh an t-Aire agus an Roinn a rá go soiléir cathain a chuirfear an Bille ar fáil agus cathain a phléifear é i dtreo is go mbeidh am ceart don díospóireacht agus don feachtas toghchánaíochta. Tá an dainséar ann go mbeidh an tAire ag teacht – má tá sé fós ann agus an Rialtas fós ann—

Béimid ann.

(Dublin West): —ag brostú an ghnó fé mar atá á dhéanamh inniu cé gur Bille gairid é inniu. Ní ghlacaim gur leor cúpla uair an chloig a chur i leataobh don mBille nua seo atá le teacht. Tá súil agam go mbeidh go leor ama againn an Bille sin a chíoradh agus fadhbanna mhuintir na Gaeltachta a thabhairt os comhair na Dála ionas gur féidir athruithe a dhéanamh sa mBille, más gá.

Ní ghlacfainn leis dá gcuirfí ar athló an toghchán don Údarás go dtí an bhliain seo chugainn. Tá an-chuid fadhbanna le plé sa bhfeachtas, mar shampla staid na mBlascaod a luadh ar maidin agus ba cheart é sin a phlé i dtreo is go leagfadh an Rialtas síos go soiléir cad atá i gceist acu chun an Blascaod Mór a chaomhnú mar sheod cultúrtha do mhuintir na Gaeltachta agus na tíre. Is fadhbanna den tsórt sin atá práinneach agus ní ghlacfar leis muna mbíonn am ann do dhíospóíreacht orthu i mbliana.

Ba mhaith liom fíorbhuíochas a ghlacadh leis na Teachtaí go léir a labhair ar maidin. Bhí an díospóireacht gairid ach an-úsáideach mar taispeánann sé an spéis atá ag daoine sa cheist seo. Níl dóthain ama againn ar maidin ach is féidir liom a rá nuair a thiocfaidh an Bille cuimsitheach ar aghaidh go mbeidh dóthain ama len é a phlé agus beidh sé á phlé sa Choiste freisin agus glacaim leis go mbeidh leasuithe á moladh.

Bille beag a bhí ann inniu le deis a thabhairt dúinn an Bille cuimsitheach a thabhairt isteach agus na toghcháin a reachtáil sa bhfómhar.

Thóg an Teachta Carey agus Teachtaí eile ceist mar gheall ar dháta an toghcháin. Ar nós go leor eile, tá seanfhocal a deireann "Marbh ag é agus marbh gan é". An fáth gur roghnaíodh sé mhí ná go mbeidh daoine á rá dá gcuirfí siar ar feadh bliana iad, nach raibh ann ach leithscéal ag an Aire mar go raibh faitíos air roimh an toghcháin. Mar sin roghnaíodh an t-am ba ghiorra a d'fhágfadh solúbthacht fadtéarmach agus a chinnteodh nach gcuirfí ceist an toghcháin seo ar an méar fhada.

Dúirt mé sa Teach i dTráth na gCeist le gairidard go bhfuil súil agam go mbeidh an Bille nua foilsithe sa téarma seo agus é rite tríd an Oireachtas sa gcaoi is gur féidir na toghcháin a reachtáil sa bhfómhar. Is é mo rogha féin go mbeadh sé ar siúl réasúnta luath san fhómhar agus mar sin is é an sprioc soiléír atá leagtha amach againn ná an Bille a bheith faoi bhráid an Tí i rith théarma seo na Dála, é a bheith rite, agus na toghcháin seo a bheith ann sa bhfómhar agus an dáta deiridh reachtúil a bheas ann ná an 18 Nollaig.

Ní aontaím leis na Teachtaí a dúirt gur fearr toghchán a bheith ann sa samhradh. Mar dhuine atá ina chónaí in áit iarghúlta, tá an ghráin dhearg agam ar thoghcháin sa samhradh de bhrí go bhfuil sé an-deacair do mhuintir na háite dul i mbun obair toghchánaíochta nuair atá cúrsaí feirmmeoireachta, Gaeilgeoirí agus cúrsaí eile nach iad ag cur as dóibh. Throid mise toghchán amháin i mí na Samhna agus ceann eile i mí Eanáir i 1987 agus bhí an-fonn oibre ar an bpobal sa gheimhreadh. Bheadh súil agam leis an gcomhréiteach gur sa bhfómhar a bheidh sé agus go luath ann. Beidh dóthain faid sna tráthnónta fós.

Tá áthas orm go bhfuil an oiread sin aontaithe timpeall an Tí inniu go mbeadh toghchán an Udaráis ar lá faoi leith. Caithfidh mé a rá go mbíonn an-fhonn chun oibre agus díograis ar an bpobal ach 'sé an comhréiteach a bheadh súil agam leis i gcás áirithe ná gur sa bhfómhar a bheadh sé ach nach an-deireanach sa bhfómhar. Ag an am céanna nuair a smaoiníonn tú faoi na Gaeltachtaí nach i lár an tsamhraidh go minic a bhíonn sár energy ag go leor de na pobail Ghaeltachta.

Aontaím leis na Teachtaí agus tá áthas orm go bhfuil an oiread aontaithe ar an gceist seo timpeall an Tí inniu. Sé mo rogha féin go mbeadh toghchán an Údaráis ar lá faoi leith. Glacaim leis seo agus sílim féin go mbáfaí é dá mbeadh sé i lár toghcháin, go mór-mhór na dtoghchán áitiúla. Mar sin creidim gur rud maith é go mbeidh sé ar a lá féin. Tá TnaG agus RnaG ann agus creidim, faoi mar atá ráite ag cuid de na Teachtaí, go gcuirfidh sé deis ar fáil dúinn díospóireacht fíor leathan a bheith ann ar cheist na Gaeilge agus ar cheist na Gaeltachta.

Rinne an Teachta Carey tagairt do dhaoine óga agus tuigimse go maith an fhadhb atá sé ag déanamh tagart dó . An cheist ná céard a dhéanfaimid faoi? Tá céim bheag i measc go leor rudaí atá ar bun don aos óg, campaí samhraidh do lucht na Gaeltachta, atá fógraithe le coicíos agus táim ag déanamh scrúdú ar mholtaí eile. Ceann de na rudaí atá fógraithe agus curtha ar bun agam ná coiste comhairleach do dhaoine óga. D'iarr mé ar choistí pobail ar fud na Gaeltachta moltaí a chur ar aghaidh agus tá na moltaí san agam. Ní bheidh páirt nó láimh agamsa i roghnú na ndaoine go pearsanta. Táim tar éis dul ar ais i gceantair ina bhfuair mé an iomarca ainmneacha agus táim tar éis iarraidh ar na coistí pobail an liosta a ghearradh beagáinín. Ni mise a bheidh ag déanamh an rogha agus ní bheidh aon bheart polaitiúil leis seo. Táim ag iarraidh go labharfadh aos óg na Gaeltachta liomsa go díreach agus go ndéarfadh siad céard go díreach atá le déanamh. Creidim go bhfuil bunus leis sin.

Chuir Teachtaí ceisteanna maidir le hionadaí ó na hoileáin. Níl sé éasca an cheist seo a réiteach. Dá roghnóinn duine le labhairt ar son na n-oileán, bheadh fadhb, mar shampla, le hOileán Cléire, le 165 duine le hais mhuintir Árainn, le 1,800 beagnach. Creidim i ndeireadh an lae go mbaineann na hoileáin leis na contaetha. Ar bhallraíocht méadaithe ag bhord an Údaráis, níl aon amhras orm muna dtoghtar duine ó na hoileáin, beidh tionchar nach beag acu agus tionchar méadaithe go mór acu ar thoradh an toghcháin. Mar sin, dar liomsa. déanfar freastal i bhfad níos fearr ar a mianta amach anseo.

Baineann san freisin le ballraiocht Thír Chonaill. Tá míthuiscint figiúirí ann mar go minic i nGaeltacht na Gaillimhe ní thugtar ach daonra an chontae. Athbhreithneoimid ar an gcoimhneas idir baill mar atá molta agus daonra na gcontaethe. Gheofar amach go bhfuil cothromas á thabhairt do Thír Chonaill. An fhadhb a bhí ann ná dá gcuirfinn ball sa bhreis do Thír Chonaill chaithfinn triúr no ceathrar eile a chur le Gaillimh, b'fheidir duine nó dhó eile do Mhaigh Eo agus bheadh san ró-mhór.

Ach tá an méid seo le soiléiriú agam, leis an rud atá á mholadh agam go mbeidh, idir Baile na Finne agus an Ghaeltacht Lár agus iardheisceart an chontae, cuntar iomlán ann má scrúdaítear na figiúirí. Bheadh sé suas do mhuintir Thír Chonaill vóta da rogha duine. Ach beidh deis an-dearfach ann ionadaí a thoghadh ón cheantar sin agus duine buan a bheith ann.

Tá áthas orm go bhfuil áthas ar an Teachta Ó Sé go mbeidh duine as Port Láirge ar an mBord agus creidim go bhfuil sé ag dul dóibh mar tá an Ghaeltacht sin scaipthe amach leis féin. Mar a chéile le Ráth Cairn.

Maidir le cumhachtaí an Údaráis, caithfidh mé a rá, ceann de na chéad rudaí a rinne mé nuair a thosaigh mé ag beartú reachtaíocht chuimsitheach a thabhairt isteach ná breathnú ar an cheist seo. An chomhairle a cuireadh ón Údarás féin ná nach fadhb reachtúil é sin, go bhfuil an reachtaíocht sórt leathan agus gur feidir beagnach cumhacht ar bith a thabhairt don Údarás, ach toil an Rialtais a bheith ann. Mar sin, nárbh gá mórán athrú a dhéanamh sa reachtaíocht atá beartaithe. Ach é sin ráite, táim ag breathnú ar bheala le cur le stádas an Údaráis agus tá roinnt díospóireachta ar bun faoi seo. Mar shampla, bhí mé ag iarraidh socrú a dhéanamh gurb é an tÚdarás a dhéanfadh freastal sna Gaeltachtaí ar an gcineál rud a dheineann na county enterprise boards taobh amuigh den Ghaeltacht. Creidim go luíonn sé sin le réasún sa Ghaeltacht, go mbeadh an tÚdarás ag plé le forbairt seirbhísí tionsclaíochta agus mar sin de agus gur one stop shop a bheadh ann. Táim ag plé leis an Údarás maidir le haon easnamh cumhachta nó feidhmeanna atá acu i láthair na huaire le go bhfeidhmeodh siad agus go mbeadh an oiread céanna réimse seirbhíse ar fáil uathu. Mar shampla, luadh tionscal na seirbhísí agus an staidéar ar na féideareachtaí le go mbeadh na feidhmeannaí ar fad ag an Údarás atá ag na CEBs i láthair na huaire. Táim ag breathnú ar an cheist sin.

Glacaim leis an méid atá ráite ag cúpla Teachta maidir le cúrsaí bunstruchtúir. Níl aon amhras faoi ach tá sé an-deacair ag an Údarás agus tá gaisce déanta acu ag tabhairt tionscal isteach go dtí an Ghaeltacht leis an easpa bunstruchtúir sin. Tá go leor oibre déanta agam ar an cheist sin go díreach faoi airgead a chur ar fáil tré mo Roinnse agus go hindíreach tré brú agus agus labhairt leis na dreamanna éagsúla atá ag plé le cúrsaí bunstruchtúir, le féachaint chuige go ndéanfar cothromú ó thaobh cúrsaí bunstruchtúir. Creidim féin le Sprioc a hAon bainte amach don Iarthar, go ndéanfaidh sé sin an-difríocht, mar tá go leor de na contaetha Gaeltachta faoi Sprioc 1 agus, le cúnamh Dé, cuirfidh sé sin feabhas ar chúrsaí bunstruchtúir.

Maidir le cumhachtaí turasóireachta de is é an rud céanna é. Ní fadhb reachtúil é agus táim ag scrúdú na ceiste go mór mhór i gcomhthéacs an cheist Eorpach, ach níl gá le reachtaíocht i gcomhair sin.

Luaigh an Teachta Ó Sé ball de cheardchumann a bheith mar bhall den Údarás. Mar a dúirt mé leis cheana, cloisim cad tá á rá aige agus tá sé tar eis a bheith i dteangbháil liom faoin cheist ach ba mhaith liom a dhéanamh soiléir: ní cuimhin liom ag aon am an tÚdarás ag cur iarratais chugamsa le haghaidh cruinniú le Bille cuimsitheach an Údaráis a phlé. Ó thárla go bhfuil an cheist sin curtha, déanfaidh mé fiosrú breise ar ais san oifig an bhfuil a leithéid d'iarratas ann. Má tá iarratas ann, cinnte beidh mé sásta casadh leo agus táim sásta an cheist a phlé. Mar a deirim, go bunúsach i dtaobh na ceiste sin tá cinneadh déanta ag an Rialtas faoi struchtúr an bhoird ach mar a gheall mé, feicfidh mé agus éisteoidh mé le cad tá le rá.

Maidir leis na rialacha don toghchán, sé an leagan amach atá ar rialacha toghchánaíochta an Údaráis ná go gcaithfidh siad a bheith faoi reir rialacha toghchánaíocta do na toghcháin áitiúla. Sin an ceangal. Ní leis na toghcháin Dála ach leis na toghcháin áitiula. Má athraítear na rialacha do na toghcháin áitiúla, de réir mar a thuigim, ansin is féidir taobh istigh de na cuinsí sin na rialacha do thoghcháin an Údaráis, ach ta ceangal ann idir na toghcháin áitiúla agus na rialacha a bhaineann leo sin agus na rialacha do thoghcháin Údarás. B'fhéidir go soiléiríonn sin an cheist. Ní raibh eolas agamsa faoi go dtí go raibh orm tabhairt faoin cheist.

Maidir le teorainn na Gaeltachta, ba mhaith liom a rá gurb é atá ar bun agam ná go bhfuil eolas cruinn á chur ar fail ag an CSO agus oifig Stáit eile agus tá súil agam an t-eolas sin a bheith agam go luath. Tá roinnt den réamheolas feicthe agam agus tá sé thar a bheith spéisiúil, cruinn agus úsáideach. Tá figiúirí don tír ar fad á fháil agam agus figiúirí na Gaeltachta. Nuair a bheidh siad san faighte, leanfaimid ar aghaidh leis an rud atá ar bun cheana, sé sin cúrsaí pleanála teanga don Ghaeltacht. Mar chuid de sin caithfear a leagan amach cén coincheap atá againn don Ghaeltacht ó thaobh cúrsaí teanga de agus beidh an obair seo ag dul ar aghaidh. Cuirim fáilte roimh an méid a dúirt an Teachta agus faoin dearcadh dearfach atá aige i dtaobh na ceiste seo.

Rinne an Teachta tagairt do Bhillí beaga. Creidim – agus ba é mo thuairim nuair a bhí mé sa bhfreasúra agus mé i mo chúl bhínseoir – go mb'fhéidir go mbíodh an iomarca drogaill, duine a thabhairt isteach má bhí gá leis. Deirtear uaireanta nach féidir rud a dhéanamh toisc go bhfuil bac reachtúil ag baint leis cé nach bhfuil le déanamh, b'fhéidir, ach trí fhocal a athrú i mBille. Má tá gá rud a athrú, athrímís é. I gcás Bhille an Údaráis, faoi cheann dhá mhí ar a mhéid beidh deis againn dul isteach go mion i ngnó na Gaeltachta agus i ngnó an Údaráis agus beidh Bille cuimsitheach os comhair an Tí a dhéanfaidh freastail ar roinnt de na heasnaimh atá éirithe thar na blianta. Dúirt Teachta inniu go raibh fiche bliain ag fás ag an Údarás. Tá súil agam go mbeidh i bhfad níos mó ná fiche bliain faoi bhláth aige. Is cinnte go gcuideoidh an reachtaíocht nua atá le teacht, le cinntiú go mbeidh an t-Údarás faoi bhláth go ceann i bhfad.

Ós rud é go bhfuil sé leath uair tar éis a dó dhéag, ní foláir dom an cheist seo a leanas a chur de réir Ordú an lae seo ón Dáil: "Go n-aontaítear leis seo an Bille a léamh an dara huair; go n-aontaítear leis seo i gCoiste ailt 1 agus 2 agus an Teideal; go dtuairiscítear an Bille gan leasú don Teach dá réir sin; go gcríochnaítear leis seo an Ceathrú Céim; agus go ndéantar leis seo an Bille a rith."

Question put and agreed to.
Barr
Roinn