Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 23 Jun 1999

Vol. 506 No. 6

Ceisteanna–Questions. - Feirmeacha Beaga sa Ghaeltacht.

Brian O'Shea

Ceist:

7 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Taoiseach cén t-athrú atá tar éis teacht ar líon agus ar mhéid na bhfeirmeacha beaga sa Ghaeltacht; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [14653/99]

De réir thorthaí dhaonáireamh 1996, bhí 1,348 feirmeoirí a shaothraigh 30 acra nó níos lú. Sin laghdú de 37 faoin gcéad i gcomparáid leis an bhfigiúr i 1991 de 2,141 feirmeoirí.

Os rud é go bhfuil líon na bhfeirmeoirí beaga sa Ghaeltacht ag dul i léig go tapaidh, mar a mhínigh tú anois, an bhfuil sé sásúil go mbeidh orainn fanacht go daonáireamh 2001 chun a fháil amach conas tá cúrsaí ag dul?

Bhí daonáireamh ann i 1996 agus beidh an chéad cheann eile ann i 200i. Sin chomh luath is a bheidh ceann.

Ach, os rud é go bhfuil na feirmeoirí beaga ag dul i léig sa Ghaeltacht agus gurb í an fheirmeoireacht agus an iascaireacht na slite beatha traidisiúnta ann, nach bhfuil sé in am don Rialtas an cheist a mheas agus polasaithe oiriúnacha a chur i bhfeidhm? Cuirim i gcás, scéim eile cosúil le REPS a chur in áit sa Ghaeltacht i dtreo is go bhfanfaidh an pobal agus go mór mhór na daoine óga sa Ghaeltacht.

Tá an Ghaeltacht mar phríomh chúram ag Aire na Gaeltachta. Níl agam anseo ach na figiúirí.

Cur mé an cheist síos don Aire sin agus tá mé anseo inniu. CJá bhfuil an dualgas i ndeireadh na dála ar an ábhar seo? Ní fheicim aon Aire atá sásta an dualgas a ghlacadh chuige féin.

Sin deireadh le ceisteanna don Taoiseach.

We now come to questions nominated for priority to the Minister for the Marine and Natural Resources.

Barr
Roinn