Faoi mar is eol don Dáil is é seo an dara Bille maidir le hÚdarás na Gaeltachta a foilsíodh i mbliana. Bhain an chéad Bhille, i.e., an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, go sonrach leis an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don údarás a mhéadú ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Tá an Bille sin ina Acht anois le cúpla mí anuas ar ndóigh. Dúirt mé nuair a bhí an Bille gairid sin á phlé anseo sa Dáil i mí Bealtaine go raibh an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus go mbeinn ar ais sa Dáil le Bille chun na críche sin. Ag an am sin mheas mé gur sa Dáil a dhéanfaí an Bille a thabhairt isteach ach ní mar sin a tharla, áfach. Tíolacadh an Bille don Seanad agus ghlac an Seanad leis gan leasú ar 1 Iúil. Is ar chúis theicniúil go ngairtear an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 3), 1999, ar an mBille seo seachas Bille Uimh. 2.
Beidh níos mó le rá agam faoi fhorálacha an Bhille ar ball ach sula ndéanaim é sin is fiú súilfhéachaint a thabhairt ar an méid atá bainte amach ag an Údarás ó bunaíodh é.
Tá an t-Údarás ar an saol le beagnach fiche bliain anuas agus tá sé tráthúil mar sin féachaint ar an méid atá bainte amach ag an gcomhlacht Stáit ó bunaíodh é agus ar oiriúntacht an struchtúir atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os a chomhair sna blianta tosaigh den mhílaois nua atá romhainn.
Bunaíodh an t-Údarás ar 1 Eanáir, 1980, faoin Acht ud, 1979, i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit a bhí freagrach as forbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht ó 1958 ar aghaidh agus a bhí mar chuid de chóras na Státseirbhíse roimhe sin.
Ba fhreagra é an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ar éileamh phobal na Gaeltachta i rith na seachtóidí ar eagras forbartha ar a mbeadh ionadaíocht láidir ag an bpobal agus a mbeadh cumhacht agus feidhmeanna aige a chuirfeadh ar a chumas tabhairt go fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeltachta agus faoi neartú agus cothú na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta.
De réir fhorálacha an Achta bhunaidh sin bhí trí chomhalta déag ar an mBord, seachtar acu á dtoghadh go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus an seisear eile – an Cathaoirleach ina measc – á gceapadh ag an Aire. B'athrú nuálach chun feabhais é an leagan amach sin, ón ré roimhe sin, a thug ugach agus misneach do na pobail Ghaeltachta trí dheis a thabhairt dóibh a n-ionadaithe féin a roghnú le bheith ag feidhmiú ag an leibhéal is airde ceannaireachta san eagras nua sin. Is struchtúr sainiúil atá ann i gcás an údaráis – struchtúr nach bhfuil ag aon Bhord Stáit eile.
Tá sé le maíomh anois gur tháinig glanmhéadú ar an bhfostaíocht iomlán sa Ghaeltacht gan teip ó 1983 i leith. Faoi thús na bliana seo, bhí 8,174 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón údaras. Lena chois sin, bhí 3,483 dhuine eile fostaithe go páirtaimseartha nó go séasúrach i dtionscail a bhfuil baint ag an t-údarás leo.
Tá infheistíocht mhór déanta ag an údarás sa bhonneagar tionsclaíoch, idir mhonarchana agus seirbhísí gaolmhara, sa Ghaeltacht o 1980 i leith. Méadaíodh an t-achar spáis tionsclaíoch ó 148,000 mr. cr. go 248,000 mr. cr. ó 1980 i leith. Tá forbairt shuntasach déanta ar eastáit thionsclaíochta éagsúla ar fud na Gaeltachta. Tá ionaid cheardaíochta forbartha in áiteanna éagsúla. Tá tionscal bríomhar closamhairc sa Ghaeltacht anois ag soláthar clár den scoth do Theilifís na Gaeilge (TG4) – tionscal a tosaíodh ón mbonn beagán le cois deich mbliana ó shin. Is faoi stiúir agus straitéis an Údaráis a tháinig borradh agus fás faoi thionscal na feirmeoireachta agus na próiseála éisc sa Ghaeltacht. Rinneadh forbairt ar aerstráicí agus ar sheirbhísí gaolmhara – aersheirbhísí ar thrí oileán Árann – agus, trí pháirtíocht ghníomhach an údaráis, rinneadh forbairt shuntasach ar Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag Carraig Fhinne.
Tá clár gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Údarás ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta. Tá breis agus 80 naíonra á mhaoiniú ag an Údarás, tá clár tacaíochta ar fáil do chlubanna óige, cuirtear urraíocht ar fáil d'fhéilte áitiúla, do chomórtais liteartha agus do thionscnaimh teanga; tá áisitheoirí ealaíon fostaithe i ngach réigiún trí chomhfhiontar idir an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon; agus tá clár tacaíochta teanga ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta tríd an scéim dá ngairtear Fondúireacht an Údaráis.
Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh forbairt na Gaeltachta de agus tréaslaím leis an údarás mar eagras, leis na comhaltaí boird go léir ó thús go dtí an lá inniu ann agus le foireann an údaráis a thug agus atá ag tabhairt seirbhíse den scoth do mhuintir na Gaeltachta.
Tá an t-imshaol forbartha agus tionsclaíochta ag athrú go tréan agus tá mianta gairme an aosa óig ag athrú de bharr an ardchaighdeán oideachais atá anois orthu le hais mar a bhíodh. Le freagairt do mhianta gairme na glúine nua seo caithfidh an t-údarás féachaint le hinfheistíocht a mhealladh sa réimse nuatheicneolaíochta, teileachumarsáide, próiseáil eolais, ríomhthráchtáil agus idirlín chomh maith leis an infheistíocht sa réimse déantúsaíochta agus acmhainní nádúrtha.
Lena chois sin, is dúshlán mór don Údarás forbairt a ghiniúint agus a dháileadh sna ceantair bheaga agus sna ceantair iargúilta sin nár ghnóthaigh a gcion chothrom fós den bhorradh eacnamaíochta a tharla le cúpla bliain anuas. Is dúshlán mór é chomh maith an phleanáil fhorbartha a dhéanamh sa dóigh go ndéanfar cúram ceart den struchtúr sóisialta agus siamsaíochta ionas go mbeidh dálaí maireachtála chomh tarraingteach sa Ghaeltacht agus atá ar fáil in aon áit eile. Thar aon rud caithfidh an tÚdarás an Ghaeltacht a fhorbairt mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga ag an bpobal.
Is í an bhunfhealsúnacht atá laistiar den Bhille seo ná bonn daonlathach an údaráis a leathnú. Faoi láthair den trí chomhalta déag ar bhord an údaráis – toghann muintir na Gaeltachta seacht gcomhalta agus ceapann an tAire an seisear eile (an Cathaoirleach san áireamh). Rinneadh gearáin liom go minic ar mo chuairteanna ar na Gaeltachtaí beaga nach raibh deis acu faoin struchtúr atá ann faoi láthair ionadaí a thoghadh ar bhord an údaráis agus go raibh go leor ceantair bheaga Ghaeltachta nár ainmníodh ionadaí astu ach an oiread. Faoin mBille seo is fiche comhalta a bheidh ar bhord an údaráis. Toghfaidh muintir na Gaeltachta seach nduine déag den líon sin agus ceapfaidh an tAire an triúr eile (an Cathaoirleach san áireamh). Tá líon na dtoghlach do thoghcháin an Údaráis á mhéadú ó thrí cinn go dtí seacht gcinn, i.e., toghlach ar leith i ngach contae ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Mar sin beidh guth ag Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus ag Gaeltachtaí na Mí (Ráth Cairn agus Baile Gib) ar bhord an údaráis feasta agus beidh deis chomh maith ag ceantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta ionadaithe a thoghadh.
Tá i gceist freisin sa Bhille seo deireadh a chur leis an ról atá ag an Aire i gceadú tograí de chuid an Údaráis. Beidh coiste meastóireachta á bhunú, áfach, chun scrúdú a dhéanamh ar thograí a chuirtear faoi bhráid an Aire faoi láthair agus chun moltaí a dhéanamh don údarás ina dtaobh. Beidh níos mó le rá agam faoi sin ar ball. Faoi láthair tá córas Coistí Réigiúnacha á fheidhmiú ag an údarás ar bhonn neamhreachtúil. Faoin mBille seo tá bonn reachtúil á chur faoi na coistí sin. Tá an deis á glacadh sa Bhille chun uasdátú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Díreoidh mé anois ar fhorálacha ar leith den Bhille.
Is forálacha caighdeánacha iad Alt 1agus 2 a dtugann míniú ar an téarma "an Príomh-Acht" agus a gcuireann mínithe breise isteach sa Phríomh-Acht.
Leasaítear le halt 3 alt 6 den Phríomh-Acht trí fhoráil a dhéanamh do struchtúir Boird athbhreithnithe 20 comhalta a dtoghfaidh muintir na Gaeltachta 17 díobh. An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a cheapfaidh an Cathaoirleach agus beirt chomhalta eile. Ní bheidh duine a bhí ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach chuig an Údarás incheaptha ag an Aire mar Chathaoirleach. Feasta beidh 17 gcomhalta tofa in áit 7 gcomhalta tofa ar bhord an Údaráis agus laghdófar líon na gcomhaltaí a ainmneoidh an tAire ó sheisear go dtí triúr. Maidir leis na comhaltaí seachas an Cathaoirleach, a ainmneoidh an tAire, beidh scóip ag an Aire daoine a ainmniú, mar shampla, ó cheantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta nach raibh in ann comhaltaí a thoghadh ar an Údarás. Beidh deis ann freisin ionadaí ó fhoireann an Údaráis b'fhéidir, státseirbhíseach, duine le taithí gnó san earnáil phríobháideach, nó oileánach, srl, a cheapadh.
Faoi alt 4 scriosfar an ceanglas in alt 8 (5) d'Acht 1979 lena gcleanglaítear ar an údarás toiliú an Aire a fháil chun tionscal a scor. Níl gá le ceanglas mar seo anois – ceanglas a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht chun na tionscail tuaithe a bhí faoi úinéireacht Ghaeltarra Éireann a chosaint. Tá foráil á déanamh freisin lena ndeimhnítear go bhfuil cumhacht ag an údarás sceímeanna, deontais, srl. a riaradh ar gá cistí Comhphobail Eorpaigh nó cistí eile a eisíoc ina leith. Cé go mbíonn an t-údarás ag brath ar an Státchiste don chuid is mó dá chuid airgid bíonn cistí airgid eile ar fáil dó agus tá an fhoráil seo á cur isteach le nach mbeidh aon amhras ann maidir le cumhacht an Údaráis chun na cistí sin a úsáid.
Leasaíonn alt 5 alt 10 den Phríomh-Acht, is é sin an t-alt a bhaineann le cúnamh airgid ón údarás chun críocha tionscail. I láthair na huaire leagtar síos córas maidir le dhá theorainn don údarás a shonrú – teorainn a bhféadfaidh an t-Údarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin; agus teorainn a bhféadfaidh an t-údarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas.
Má bhíonn cúnamh airgid, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha thuas i gceist caithfear toiliú an Aire a fháil.
Leis an mBille seo tá i gceist an córas sin a leasú. Beidh ar chumas an údaráis i gcónaí cúnamh airgid a thabhairt dá rogha féin faoi bhun teorainn áirithe. Beidh gá i gcónaí freisin le cead an Rialtais má tá cúnamh thar theorainn a shonróidh an tAire i gceist do thogra. Tá ciall leis sin mar tá sé táb hachtach go mbeadh deis ag an Rialtas tograí móra ón Údarás a scrúdú. Bíonn a leithéid i gceist leis na heagrais forbartha tionscail eile freisin. Ar ndóigh, i gcás tograí den chineál sin scrúdófar iad ag an Aire freisin.
Tá deireadh á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a lorg agus a fháil do thograí. Ina háit sin, tá foráil nua, fo-alt (2A), á cur isteach in alt 10 den Phríomh-Acht faoina shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, de mheid is lú ná an teorainn le haghaidh chead an Rialtais a éileoidh gur gá ceadú an choiste meastóireachta, arna bhunú faoi alt 7 den Bhille, a fháil roimh ré i gcás cúnamh airgid ón údarás ar mó ná an méid sin é in aon chás áirithe.
Go bunúsach líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire. Tiocfaidh an Coiste Meastóireachta ann in áit cead an Aire.
Tá foráil nua eile, i bhfo-alt 6, á cur isteach in alt 10 den Phríomh Acht faoina bhféadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn de mhéid an chúnamh airgid a fhéadfaidh coiste réigiúnach de chuid an údaráis a thabhairt dá rogha féin in aon chás áirithe ina limistéar a shonrú. Beidh níos mó le rá agam faoin gCoiste Meastóireachta agus faoi na coistí réigiúnacha ar ball.
Déanann alt 6 alt nua, alt 10A, a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do thrí choiste réigiúnacha de chuid an údaráis a bhunú: Ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gcontae Dhún na nGall; ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht atá suite i gContae Mhaigh Eo, i gContae na Gaillimhe agus i gContae na Mí; agus ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContaetha Chiarrai, Chorcaí agus Phort Láirge. Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de na coistí sin ná comhaltaí tofa an údaráis don limistéar a bheidh i gceist. Déanann an t-alt seo foráil chomh maith maidir le coistí eile de chuid an údaráis a bhunú.
Tá coistí réigiúnacha ag an údarás cheana féin agus iad ag feidhmiú ar bhonn neamhreachtúil. Tá sé tábhachtach i mo thuairimse go dtabharfaí aitheantas cuí do na coistí sin trí iad a chur ar bhonn reachtúil. Níl i gceist cumhachtaí sonracha a leagan síos do na coistí sin sa Bhille. Feictear domsa gur gnó don údarás é seo.
Déanann alt 7 alt nua, alt 10B, a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do choiste meastóireachta de chuid an údaráis a bhunú a mbeidh sé d'fheidhm aige meastóireacht a dhéanamh ar thograí a bhaineann le cúnamh airgid ón údarás lena mbaineann alt 10(2A), arna chur isteach ag an mBille. Líonfaidh an coiste meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a fháil do thogra. Déanfaidh an coiste meastóireachta scrúdú ar thograí mhóra, i.e., tograí a mbeidh cúnamh i gceist dóibh that theorainn a bheidh le sonrú.
Déanann alt 8 alt nua, alt 10C, a chur isteach sa Phríomh-Acht a leagann amach, inter alia, comhaltas an choiste meastóireachta agus a dhéanann foráil go mbeidh d'inniúlacht ag comhaltaí an choiste sin gnó an choiste a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Feicfear go mbeidh trí chomhalta tofa de chuid an údaráis, príomhfheidhmeannach an údaráis nó ionadaí dá chuid ó fhoireann an údaráis, ionadaí ó mo Roinn-se agus ionadaithe ón nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), i.e., IDA (Ireland), agus ó Fhiontraíocht Éireann, i.e., Enterprise Ireland, ar an gcoiste. Tá córas leagtha síos san alt seo feisin maidir le feidhmiú an choiste, srl.
Beidh comhaltaí tofa den údarás ar an gcoiste agus beidh an taithí speisialta atá acu ar riachtanais na Gaeltachta ina chabhair mhór don choiste sin ina chuid oibre. Chomh maith leis sin beidh na hionadaithe ó na heagrais forbartha tionscail eile ar an gcoiste an-chabhraitheach dó maidir le tograí a scrudú. Nil aon amhras orm ach go rachaidh an coiste meastóireachta go mo chun tairbhe d'fheidhmiú an údaráis.
Le halt 9 tá forálacha sonrach á gcur isteach sa Phríomh-Acht maidir le ról, téarmaí ceapacháin, srl., phríomhfheidhmeannach an údaráis. Feicfear go úsáidtear an teideal "príomh oifigeach fheidhmeannach" sa Bhille mar atá sé dréachtaithe. Tuigim gur fearr leis an t-údarás an teideal "príomhfheidhmeannach" agus sna cúinsí sin beidh leasú dá réir á mholadh agam ag céim an choiste.
Déanann alt 10 forálacha nua maidir le foireann an údaráis a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 12 den Phríomh-Acht. Go bunúsach is uasdátú foclaíochta atá i gceist anseo agus níl aon athrú bunúsach sa treis.
Déanann alt 11 forálacha nua maidir le nochtadh eolais a chur in áit na bhforálacha atá in alt 15 den Phríomh-Acht. Arís is uasdátú foclaíochta atá i gceist seachas aon athrú bunúsach. Tá uasmhéid na fíneála is feidir a ghearradh ar dhuine a sháraíonn alt 15 den Phríomh-Acht á mhéadú ó £100 to dtí £1,500. Agus is léir go bhfuil boilsciú i bhfeidhm.
Le halt 12 tá forálacha cuimsitheacha nua maidir le nochtadh leasanna ag comhaltaí agus ag foireann an údaráis agus ag sainchomhairleoirí agus ag comhairleoirí a fhostaíonn an t-údarás á gcur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá i mír 8 den Chead Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.. Leagann fo-alt (7) síos gur coir é gan leas a nochtadh agus gurb é an píonós sa chás fineáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mí, nó iad araon. Is gá níos mó béime a chur ar nochtadh leasanna ag comhaltaí. srl., agus tograí á bplé/á gceadú. Mar sin tá athdhréachtú ar na bhforálacha sa Phríomh-Acht.
Déanann alt 13 forálacha nua maidir le comhaltas chomhalta d'fhoireann an údaráis i gceachtar Teach den Oireachtas nó i bPairlimint na hEorpa a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 16 den Phríomh-Acht.
Níl aon fhoráil shonrach sa Phríomh-Acht maidir le hordacháin ón Aire a thabhairt don údarás. Déanann an t-alt seo alt nua, alt 20A, a chur isteach sa Phríomh-Acht a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt don údarás. Baineann fo-alt 20A(1) le hordacháin ghinearalta polasaí a thabhairt. Ní bhainfidh ordachán le togra ar leith nó le tosaíocht a thabhairt do limistéar amháin den Ghaeltacht thar aon limistéar eile. Níl ordachán den chineál sin tugtha go dtí seo ach tá sé tábhachtach go mbeadh cumhacht shonrach ag an Aire ordacháin a thabhairt. Baineann fo-alt 20A(5) le hordacháin a thabhairt ag an Aire maidir le tabhú caiteachais ag an údarás, le cúnamh airgid a bheith á thabhairt ag an údarás, le diúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra ag an údarás, agus le scaireanna i gcomhlacht corpraithe á ndíol ag an údarás. Is é atá i gceist anseo ná foráil a chur isteach sa Phríomh-Acht a chinnteoidh go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin mar seo a thabhairt don udarás. Tá ordacháin den chineál i gceist tugtha ag an Aire ó bunaiodh an t-údarás. Leis an bhforáil seo níl i gceist aon srianta breise a chur ar an údarás – i bhfírinne táimse tar éis srianta a bhí ar an údarás maidir le caiteachas a thabhú a mhaolú go mór – ach cinnteoidh an t-alt go bhfuil an chumhacht reachtúil ann chun ordacháin dá leithéid a thabhairt más gá. Baineann fo-alt 20A(6) le hordacháin ón Aire maidir le ceisteanna foirne. Arís tá ordacháin á dtabhairt don údarás ó thráth go chéile maidir le cúrsaí foirne agus níl aon rud nua i gceist seachas a dheimhniú go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin a thabhairt. Tá feidhm reachtúil á thabhairt d'aon ordacháin a tugadh roimh thosach feidhme an ailt.
Cuireann alt 15 struchtúr toghlaigh nua ar bun do thoghcháin chun an údaráis in áit na gceann atá leagtha amach in alt 29 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist ná go mbeadh ionadaí amháin le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta sna trí contaetha Gaeltachta leis an daonra is ísle, i.e., go mbeidh duine amhain ó Chontae na Mí, ó Chontae Phort Láirge agus Corcaigh. Tá sé sin á dhéanamh d'aon ghnó chun cinntiú go mbeidh ionadaíocht ag na pobail Ghaeltachta sna limistéir Ghaeltachta sna contaetha sin ar an údarás. I gcas na gcontaetha eile is ionadaíocht de réir daonra atá i gceist chomh fada agus is féidir agus chomh fada is a luíonn sé le réasún. Beidh ceathrar le toghadh ag an bpobal sna limistéir Gaeltachta i dTír Chonaill, seisear i gContae na Gaillimhe, beirt i gContae Chiarrai agus beirt i gContae Mhaigh Eo.
Measaim gur socrú sásúil, cóir agus oiriúnach é seo. Léiríonn na figiúirí a thabharfaidh mé anois nach bhfuil aon difríocht gur fiú trácht air idir Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Mhuigh Eo ó thaobh ionadaíochta de i gcoibhneas le daonra de faoi na socruithe nua toghchánaíochta atá leagtha amach sa Bhille seo. Maidir le Ciarraí bhí an rogha ann suíochán amháin nó dhá shuíochán a thabhairt agus shocraigh mé ar dhá shuíochán.
Seo mar a bheidh. Tá 24,072 dhuine ina gcónaí i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá ceithre shuíochán ann agus beidh duine amháin tofa in aghaidh chuile 6,018 dhuine. I nGaillimh tá 35,968 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht ansin de réir an daonáirimh agus beidh sé shuíochán acu nó duine amháin tofa do gach 5,997 dhuine. I gContae Mhuigh Eo tá 11,494 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus beidh dhá shuíochán acu, sé sin comhalta amháin do gach 5,747 dhuine. I gCiarraí tá 8,145 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht, beidh dhá shuíochán nó duine amháin á thoghadh do gach 4,072 dhuine. Tá sé sin chomh cothrom agus is féidir.
Leasaíonn alt 16 alt 32 den Phríomh-Acht le freastal a dhéanamh ar an athrú nach dtoghfar i dtoghlaigh áirithe ach duine amháin chun an údaráis faoin struchtúr nua.
Déanann alt 17 roinnt leasuithe ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht lena n-áirítear nósanna imeachta nua a bhunú a bhaineann le dícháiliú comhalta de chuid an údaráis.
Foráiltear le halt 18 d'aisghairm ailt 10(3) den Phríomh-Acht le cead an Aire do thograí de chuid an údaráis; níl gá a thuilleadh leis an bhforáil sin toisc go mbeidh Coiste Meastóireachta á bhunú chun breithniú a dhéanamh ar thograí de chuid an údaráis os cionn leibhéal cúnaimh áirithe – tograí le cúnamh den mhéid i gceist leo ar gá cead an Aire dóibh faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair. Baioneann alt 11 den Phríomh-Acht le feidhmeanna de chuid an údaráis i dtaca le hoiliúint oibrithe a aistriú ón údarás chun na Comhairle Oiliúna (FÁS anois) dá socrófaí ar a leithéid a dhéanamh. Níor baineadh feidhm as an bhforáil sin riamh agus, toisc nach bhfuil gá leis, táthar á haisghairm. Maidir le mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann le nochtadh leasa táthar á haisghairm toisc go bhfuil forálacha nua cuimsitheacha á gcur in áit na bhforálacha i mír 8 le halt a 12 den Bhille seo.
Is forálacha caighdeánacha atá anseo maidir le tosach feidhme, gearrtheideal agus comhlua. I dtaca le tosach feidhme de tá gá le foráil mar seo ionas go mbeidh ar chumas an Aire lá nó laethanata a cheapadh le hordú nó le horduithe d'fhorálacha sonracha den Bhille arna achtú don theacht i bhfeidhm, mar shampla, leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht (teorainneacha le haghaidh cúnamh airgid ón údarás), bunú coistí reigiúnda agus Coiste Meastóireachta.
Leis an mBille seo beidh an t-údarás – an eagraíocht fhorbartha réigiúnach don Ghaeltacht – á neartú, beidh an bonn daonlathach faoi á leathnú agus beifear á threalmhú don dúshlán mór atá roimhe i mblianta tosaigh na Mílaoise nua.
Faoi mar is eol don Teach mhéadaigh an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don údarás ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an chéad toghchán eile a bheith ann roimh 9 Nollaig seo chugainn. Ach an Bille seo a bheith rite, beimid in ann díriú ar na socruithe don toghchán, dáta a roghnú, srl. Bheadh sé mar aidhm agam an toghchán a rith roimh dheireadh mhí na Samhna. Ní miste a rá freisin go bhfuil rialacháin leasaithe toghchánaíochta á ndréachtú ag mo Roinn faoi láthair. Beidh gá le rún a rith i ndhá Theach an Oireachtais chun feidhm a thabhairt dóibh. Tá gá le huasdátú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann mar gheall ar na leasuithe atá déanta sa chód toghchánaíochta le tamall anuas.
Cé go bhfuil éileamh á dhéanamh ag comhaltaí an údaráis ar dháta an toghcháin a chur siar arís sílim gur cheart dom glacadh le toil an Oireachtais faoi mar a léiríodh é san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, a ritheadh i mí na Bealtaine.
Molaim an Bille don Teach.