Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 29 Sep 1999

Vol. 508 No. 1

Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999 [ Seanad ] : Second Stage.

Question proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Faoi mar is eol don Dáil is é seo an dara Bille maidir le hÚdarás na Gaeltachta a foilsíodh i mbliana. Bhain an chéad Bhille, i.e., an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, go sonrach leis an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don údarás a mhéadú ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Tá an Bille sin ina Acht anois le cúpla mí anuas ar ndóigh. Dúirt mé nuair a bhí an Bille gairid sin á phlé anseo sa Dáil i mí Bealtaine go raibh an Rialtas tar éis toiliú le moltaí ón Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán maidir le hathstruchtúrú a dhéanamh ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus go mbeinn ar ais sa Dáil le Bille chun na críche sin. Ag an am sin mheas mé gur sa Dáil a dhéanfaí an Bille a thabhairt isteach ach ní mar sin a tharla, áfach. Tíolacadh an Bille don Seanad agus ghlac an Seanad leis gan leasú ar 1 Iúil. Is ar chúis theicniúil go ngairtear an Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú) (Uimh. 3), 1999, ar an mBille seo seachas Bille Uimh. 2.

Beidh níos mó le rá agam faoi fhorálacha an Bhille ar ball ach sula ndéanaim é sin is fiú súilfhéachaint a thabhairt ar an méid atá bainte amach ag an Údarás ó bunaíodh é.

Tá an t-Údarás ar an saol le beagnach fiche bliain anuas agus tá sé tráthúil mar sin féachaint ar an méid atá bainte amach ag an gcomhlacht Stáit ó bunaíodh é agus ar oiriúntacht an struchtúir atá ann faoi láthair chun dul i ngleic leis na dúshláin atá os a chomhair sna blianta tosaigh den mhílaois nua atá romhainn.

Bunaíodh an t-Údarás ar 1 Eanáir, 1980, faoin Acht ud, 1979, i gcomharbacht ar Ghaeltarra Éireann, an comhlacht Stáit a bhí freagrach as forbairt thionsclaíoch sa Ghaeltacht ó 1958 ar aghaidh agus a bhí mar chuid de chóras na Státseirbhíse roimhe sin.

Ba fhreagra é an tAcht um Údarás na Gaeltachta, 1979, ar éileamh phobal na Gaeltachta i rith na seachtóidí ar eagras forbartha ar a mbeadh ionadaíocht láidir ag an bpobal agus a mbeadh cumhacht agus feidhmeanna aige a chuirfeadh ar a chumas tabhairt go fuinniúil faoi fhorbairt na Gaeltachta agus faoi neartú agus cothú na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta.

De réir fhorálacha an Achta bhunaidh sin bhí trí chomhalta déag ar an mBord, seachtar acu á dtoghadh go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus an seisear eile – an Cathaoirleach ina measc – á gceapadh ag an Aire. B'athrú nuálach chun feabhais é an leagan amach sin, ón ré roimhe sin, a thug ugach agus misneach do na pobail Ghaeltachta trí dheis a thabhairt dóibh a n-ionadaithe féin a roghnú le bheith ag feidhmiú ag an leibhéal is airde ceannaireachta san eagras nua sin. Is struchtúr sainiúil atá ann i gcás an údaráis – struchtúr nach bhfuil ag aon Bhord Stáit eile.

Tá sé le maíomh anois gur tháinig glanmhéadú ar an bhfostaíocht iomlán sa Ghaeltacht gan teip ó 1983 i leith. Faoi thús na bliana seo, bhí 8,174 dhuine fostaithe go lánaimseartha i dtionscail a fuair cúnamh ón údaras. Lena chois sin, bhí 3,483 dhuine eile fostaithe go páirtaimseartha nó go séasúrach i dtionscail a bhfuil baint ag an t-údarás leo.

Tá infheistíocht mhór déanta ag an údarás sa bhonneagar tionsclaíoch, idir mhonarchana agus seirbhísí gaolmhara, sa Ghaeltacht o 1980 i leith. Méadaíodh an t-achar spáis tionsclaíoch ó 148,000 mr. cr. go 248,000 mr. cr. ó 1980 i leith. Tá forbairt shuntasach déanta ar eastáit thionsclaíochta éagsúla ar fud na Gaeltachta. Tá ionaid cheardaíochta forbartha in áiteanna éagsúla. Tá tionscal bríomhar closamhairc sa Ghaeltacht anois ag soláthar clár den scoth do Theilifís na Gaeilge (TG4) – tionscal a tosaíodh ón mbonn beagán le cois deich mbliana ó shin. Is faoi stiúir agus straitéis an Údaráis a tháinig borradh agus fás faoi thionscal na feirmeoireachta agus na próiseála éisc sa Ghaeltacht. Rinneadh forbairt ar aerstráicí agus ar sheirbhísí gaolmhara – aersheirbhísí ar thrí oileán Árann – agus, trí pháirtíocht ghníomhach an údaráis, rinneadh forbairt shuntasach ar Aerfort Idirnáisiúnta Dhún na nGall ag Carraig Fhinne.

Tá clár gníomhaíochtaí á chur i bhfeidhm ag an Údarás ar mhaithe le caomhnú agus leathadh na Gaeilge mar theanga pobail na Gaeltachta. Tá breis agus 80 naíonra á mhaoiniú ag an Údarás, tá clár tacaíochta ar fáil do chlubanna óige, cuirtear urraíocht ar fáil d'fhéilte áitiúla, do chomórtais liteartha agus do thionscnaimh teanga; tá áisitheoirí ealaíon fostaithe i ngach réigiún trí chomhfhiontar idir an tÚdarás agus An Chomhairle Ealaíon; agus tá clár tacaíochta teanga ar fáil do chomhlachtaí Gaeltachta tríd an scéim dá ngairtear Fondúireacht an Údaráis.

Níl aon amhras orm ach go bhfuil obair mhaith déanta ag an Údarás ó thaobh forbairt na Gaeltachta de agus tréaslaím leis an údarás mar eagras, leis na comhaltaí boird go léir ó thús go dtí an lá inniu ann agus le foireann an údaráis a thug agus atá ag tabhairt seirbhíse den scoth do mhuintir na Gaeltachta.

Tá an t-imshaol forbartha agus tionsclaíochta ag athrú go tréan agus tá mianta gairme an aosa óig ag athrú de bharr an ardchaighdeán oideachais atá anois orthu le hais mar a bhíodh. Le freagairt do mhianta gairme na glúine nua seo caithfidh an t-údarás féachaint le hinfheistíocht a mhealladh sa réimse nuatheicneolaíochta, teileachumarsáide, próiseáil eolais, ríomhthráchtáil agus idirlín chomh maith leis an infheistíocht sa réimse déantúsaíochta agus acmhainní nádúrtha.

Lena chois sin, is dúshlán mór don Údarás forbairt a ghiniúint agus a dháileadh sna ceantair bheaga agus sna ceantair iargúilta sin nár ghnóthaigh a gcion chothrom fós den bhorradh eacnamaíochta a tharla le cúpla bliain anuas. Is dúshlán mór é chomh maith an phleanáil fhorbartha a dhéanamh sa dóigh go ndéanfar cúram ceart den struchtúr sóisialta agus siamsaíochta ionas go mbeidh dálaí maireachtála chomh tarraingteach sa Ghaeltacht agus atá ar fáil in aon áit eile. Thar aon rud caithfidh an tÚdarás an Ghaeltacht a fhorbairt mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar ghnáththeanga ag an bpobal.

Is í an bhunfhealsúnacht atá laistiar den Bhille seo ná bonn daonlathach an údaráis a leathnú. Faoi láthair den trí chomhalta déag ar bhord an údaráis – toghann muintir na Gaeltachta seacht gcomhalta agus ceapann an tAire an seisear eile (an Cathaoirleach san áireamh). Rinneadh gearáin liom go minic ar mo chuairteanna ar na Gaeltachtaí beaga nach raibh deis acu faoin struchtúr atá ann faoi láthair ionadaí a thoghadh ar bhord an údaráis agus go raibh go leor ceantair bheaga Ghaeltachta nár ainmníodh ionadaí astu ach an oiread. Faoin mBille seo is fiche comhalta a bheidh ar bhord an údaráis. Toghfaidh muintir na Gaeltachta seach nduine déag den líon sin agus ceapfaidh an tAire an triúr eile (an Cathaoirleach san áireamh). Tá líon na dtoghlach do thoghcháin an Údaráis á mhéadú ó thrí cinn go dtí seacht gcinn, i.e., toghlach ar leith i ngach contae ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Mar sin beidh guth ag Gaeltacht na Rinne i gContae Phort Láirge agus ag Gaeltachtaí na Mí (Ráth Cairn agus Baile Gib) ar bhord an údaráis feasta agus beidh deis chomh maith ag ceantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta ionadaithe a thoghadh.

Tá i gceist freisin sa Bhille seo deireadh a chur leis an ról atá ag an Aire i gceadú tograí de chuid an Údaráis. Beidh coiste meastóireachta á bhunú, áfach, chun scrúdú a dhéanamh ar thograí a chuirtear faoi bhráid an Aire faoi láthair agus chun moltaí a dhéanamh don údarás ina dtaobh. Beidh níos mó le rá agam faoi sin ar ball. Faoi láthair tá córas Coistí Réigiúnacha á fheidhmiú ag an údarás ar bhonn neamhreachtúil. Faoin mBille seo tá bonn reachtúil á chur faoi na coistí sin. Tá an deis á glacadh sa Bhille chun uasdátú a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979. Díreoidh mé anois ar fhorálacha ar leith den Bhille.

Is forálacha caighdeánacha iad Alt 1agus 2 a dtugann míniú ar an téarma "an Príomh-Acht" agus a gcuireann mínithe breise isteach sa Phríomh-Acht.

Leasaítear le halt 3 alt 6 den Phríomh-Acht trí fhoráil a dhéanamh do struchtúir Boird athbhreithnithe 20 comhalta a dtoghfaidh muintir na Gaeltachta 17 díobh. An tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán a cheapfaidh an Cathaoirleach agus beirt chomhalta eile. Ní bheidh duine a bhí ina iarrthóir nó ina hiarrthóir sa toghchán deireanach chuig an Údarás incheaptha ag an Aire mar Chathaoirleach. Feasta beidh 17 gcomhalta tofa in áit 7 gcomhalta tofa ar bhord an Údaráis agus laghdófar líon na gcomhaltaí a ainmneoidh an tAire ó sheisear go dtí triúr. Maidir leis na comhaltaí seachas an Cathaoirleach, a ainmneoidh an tAire, beidh scóip ag an Aire daoine a ainmniú, mar shampla, ó cheantair bheaga Ghaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta nach raibh in ann comhaltaí a thoghadh ar an Údarás. Beidh deis ann freisin ionadaí ó fhoireann an Údaráis b'fhéidir, státseirbhíseach, duine le taithí gnó san earnáil phríobháideach, nó oileánach, srl, a cheapadh.

Faoi alt 4 scriosfar an ceanglas in alt 8 (5) d'Acht 1979 lena gcleanglaítear ar an údarás toiliú an Aire a fháil chun tionscal a scor. Níl gá le ceanglas mar seo anois – ceanglas a cuireadh isteach sa Phríomh-Acht chun na tionscail tuaithe a bhí faoi úinéireacht Ghaeltarra Éireann a chosaint. Tá foráil á déanamh freisin lena ndeimhnítear go bhfuil cumhacht ag an údarás sceímeanna, deontais, srl. a riaradh ar gá cistí Comhphobail Eorpaigh nó cistí eile a eisíoc ina leith. Cé go mbíonn an t-údarás ag brath ar an Státchiste don chuid is mó dá chuid airgid bíonn cistí airgid eile ar fáil dó agus tá an fhoráil seo á cur isteach le nach mbeidh aon amhras ann maidir le cumhacht an Údaráis chun na cistí sin a úsáid.

Leasaíonn alt 5 alt 10 den Phríomh-Acht, is é sin an t-alt a bhaineann le cúnamh airgid ón údarás chun críocha tionscail. I láthair na huaire leagtar síos córas maidir le dhá theorainn don údarás a shonrú – teorainn a bhféadfaidh an t-Údarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid faoina réir a thabhairt dá rogha féin; agus teorainn a bhféadfaidh an t-údarás, in aon chás áirithe, cúnamh airgid de bharr uirthi a thabhairt le ceadú roimh ré ón Rialtas.

Má bhíonn cúnamh airgid, in aon chás áirithe, idir na teorainneacha thuas i gceist caithfear toiliú an Aire a fháil.

Leis an mBille seo tá i gceist an córas sin a leasú. Beidh ar chumas an údaráis i gcónaí cúnamh airgid a thabhairt dá rogha féin faoi bhun teorainn áirithe. Beidh gá i gcónaí freisin le cead an Rialtais má tá cúnamh thar theorainn a shonróidh an tAire i gceist do thogra. Tá ciall leis sin mar tá sé táb hachtach go mbeadh deis ag an Rialtas tograí móra ón Údarás a scrúdú. Bíonn a leithéid i gceist leis na heagrais forbartha tionscail eile freisin. Ar ndóigh, i gcás tograí den chineál sin scrúdófar iad ag an Aire freisin.

Tá deireadh á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a lorg agus a fháil do thograí. Ina háit sin, tá foráil nua, fo-alt (2A), á cur isteach in alt 10 den Phríomh-Acht faoina shonróidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta agus le comhthoiliú an Aire Airgeadais, de mheid is lú ná an teorainn le haghaidh chead an Rialtais a éileoidh gur gá ceadú an choiste meastóireachta, arna bhunú faoi alt 7 den Bhille, a fháil roimh ré i gcás cúnamh airgid ón údarás ar mó ná an méid sin é in aon chás áirithe.

Go bunúsach líonfaidh an Coiste Meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire. Tiocfaidh an Coiste Meastóireachta ann in áit cead an Aire.

Tá foráil nua eile, i bhfo-alt 6, á cur isteach in alt 10 den Phríomh Acht faoina bhféadfaidh an tAire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán teorainn de mhéid an chúnamh airgid a fhéadfaidh coiste réigiúnach de chuid an údaráis a thabhairt dá rogha féin in aon chás áirithe ina limistéar a shonrú. Beidh níos mó le rá agam faoin gCoiste Meastóireachta agus faoi na coistí réigiúnacha ar ball.

Déanann alt 6 alt nua, alt 10A, a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do thrí choiste réigiúnacha de chuid an údaráis a bhunú: Ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gcontae Dhún na nGall; ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht atá suite i gContae Mhaigh Eo, i gContae na Gaillimhe agus i gContae na Mí; agus ceann don limistéar arb é na codanna sin den Ghaeltacht é atá suite i gContaetha Chiarrai, Chorcaí agus Phort Láirge. Is iad a bheidh ina gcomhaltaí de na coistí sin ná comhaltaí tofa an údaráis don limistéar a bheidh i gceist. Déanann an t-alt seo foráil chomh maith maidir le coistí eile de chuid an údaráis a bhunú.

Tá coistí réigiúnacha ag an údarás cheana féin agus iad ag feidhmiú ar bhonn neamhreachtúil. Tá sé tábhachtach i mo thuairimse go dtabharfaí aitheantas cuí do na coistí sin trí iad a chur ar bhonn reachtúil. Níl i gceist cumhachtaí sonracha a leagan síos do na coistí sin sa Bhille. Feictear domsa gur gnó don údarás é seo.

Déanann alt 7 alt nua, alt 10B, a chur isteach sa Phríomh-Acht a dhéanann foráil do choiste meastóireachta de chuid an údaráis a bhunú a mbeidh sé d'fheidhm aige meastóireacht a dhéanamh ar thograí a bhaineann le cúnamh airgid ón údarás lena mbaineann alt 10(2A), arna chur isteach ag an mBille. Líonfaidh an coiste meastóireachta an bhearna a bheidh ann ag éirí as deireadh a bheith á chur leis an bhforáil maidir le cead an Aire a fháil do thogra. Déanfaidh an coiste meastóireachta scrúdú ar thograí mhóra, i.e., tograí a mbeidh cúnamh i gceist dóibh that theorainn a bheidh le sonrú.

Déanann alt 8 alt nua, alt 10C, a chur isteach sa Phríomh-Acht a leagann amach, inter alia, comhaltas an choiste meastóireachta agus a dhéanann foráil go mbeidh d'inniúlacht ag comhaltaí an choiste sin gnó an choiste a sheoladh trí mheán na Gaeilge. Feicfear go mbeidh trí chomhalta tofa de chuid an údaráis, príomhfheidhmeannach an údaráis nó ionadaí dá chuid ó fhoireann an údaráis, ionadaí ó mo Roinn-se agus ionadaithe ón nGníomhaireacht Forbartha Tionscail (Éire), i.e., IDA (Ireland), agus ó Fhiontraíocht Éireann, i.e., Enterprise Ireland, ar an gcoiste. Tá córas leagtha síos san alt seo feisin maidir le feidhmiú an choiste, srl.

Beidh comhaltaí tofa den údarás ar an gcoiste agus beidh an taithí speisialta atá acu ar riachtanais na Gaeltachta ina chabhair mhór don choiste sin ina chuid oibre. Chomh maith leis sin beidh na hionadaithe ó na heagrais forbartha tionscail eile ar an gcoiste an-chabhraitheach dó maidir le tograí a scrudú. Nil aon amhras orm ach go rachaidh an coiste meastóireachta go mo chun tairbhe d'fheidhmiú an údaráis.

Le halt 9 tá forálacha sonrach á gcur isteach sa Phríomh-Acht maidir le ról, téarmaí ceapacháin, srl., phríomhfheidhmeannach an údaráis. Feicfear go úsáidtear an teideal "príomh oifigeach fheidhmeannach" sa Bhille mar atá sé dréachtaithe. Tuigim gur fearr leis an t-údarás an teideal "príomhfheidhmeannach" agus sna cúinsí sin beidh leasú dá réir á mholadh agam ag céim an choiste.

Déanann alt 10 forálacha nua maidir le foireann an údaráis a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 12 den Phríomh-Acht. Go bunúsach is uasdátú foclaíochta atá i gceist anseo agus níl aon athrú bunúsach sa treis.

Déanann alt 11 forálacha nua maidir le nochtadh eolais a chur in áit na bhforálacha atá in alt 15 den Phríomh-Acht. Arís is uasdátú foclaíochta atá i gceist seachas aon athrú bunúsach. Tá uasmhéid na fíneála is feidir a ghearradh ar dhuine a sháraíonn alt 15 den Phríomh-Acht á mhéadú ó £100 to dtí £1,500. Agus is léir go bhfuil boilsciú i bhfeidhm.

Le halt 12 tá forálacha cuimsitheacha nua maidir le nochtadh leasanna ag comhaltaí agus ag foireann an údaráis agus ag sainchomhairleoirí agus ag comhairleoirí a fhostaíonn an t-údarás á gcur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá i mír 8 den Chead Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht.. Leagann fo-alt (7) síos gur coir é gan leas a nochtadh agus gurb é an píonós sa chás fineáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 12 mí, nó iad araon. Is gá níos mó béime a chur ar nochtadh leasanna ag comhaltaí. srl., agus tograí á bplé/á gceadú. Mar sin tá athdhréachtú ar na bhforálacha sa Phríomh-Acht.

Déanann alt 13 forálacha nua maidir le comhaltas chomhalta d'fhoireann an údaráis i gceachtar Teach den Oireachtas nó i bPairlimint na hEorpa a chur isteach sa Phríomh-Acht in áit na bhforálacha atá in alt 16 den Phríomh-Acht.

Níl aon fhoráil shonrach sa Phríomh-Acht maidir le hordacháin ón Aire a thabhairt don údarás. Déanann an t-alt seo alt nua, alt 20A, a chur isteach sa Phríomh-Acht a chuireann ar chumas an Aire ordacháin a thabhairt don údarás. Baineann fo-alt 20A(1) le hordacháin ghinearalta polasaí a thabhairt. Ní bhainfidh ordachán le togra ar leith nó le tosaíocht a thabhairt do limistéar amháin den Ghaeltacht thar aon limistéar eile. Níl ordachán den chineál sin tugtha go dtí seo ach tá sé tábhachtach go mbeadh cumhacht shonrach ag an Aire ordacháin a thabhairt. Baineann fo-alt 20A(5) le hordacháin a thabhairt ag an Aire maidir le tabhú caiteachais ag an údarás, le cúnamh airgid a bheith á thabhairt ag an údarás, le diúscairt talún, foirgneamh, áitreabh nó gléasra ag an údarás, agus le scaireanna i gcomhlacht corpraithe á ndíol ag an údarás. Is é atá i gceist anseo ná foráil a chur isteach sa Phríomh-Acht a chinnteoidh go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin mar seo a thabhairt don udarás. Tá ordacháin den chineál i gceist tugtha ag an Aire ó bunaiodh an t-údarás. Leis an bhforáil seo níl i gceist aon srianta breise a chur ar an údarás – i bhfírinne táimse tar éis srianta a bhí ar an údarás maidir le caiteachas a thabhú a mhaolú go mór – ach cinnteoidh an t-alt go bhfuil an chumhacht reachtúil ann chun ordacháin dá leithéid a thabhairt más gá. Baineann fo-alt 20A(6) le hordacháin ón Aire maidir le ceisteanna foirne. Arís tá ordacháin á dtabhairt don údarás ó thráth go chéile maidir le cúrsaí foirne agus níl aon rud nua i gceist seachas a dheimhniú go bhfuil cumhacht ag an Aire ordacháin a thabhairt. Tá feidhm reachtúil á thabhairt d'aon ordacháin a tugadh roimh thosach feidhme an ailt.

Cuireann alt 15 struchtúr toghlaigh nua ar bun do thoghcháin chun an údaráis in áit na gceann atá leagtha amach in alt 29 den Phríomh-Acht. Is é atá i gceist ná go mbeadh ionadaí amháin le toghadh ag an bpobal sna limistéir Ghaeltachta sna trí contaetha Gaeltachta leis an daonra is ísle, i.e., go mbeidh duine amhain ó Chontae na Mí, ó Chontae Phort Láirge agus Corcaigh. Tá sé sin á dhéanamh d'aon ghnó chun cinntiú go mbeidh ionadaíocht ag na pobail Ghaeltachta sna limistéir Ghaeltachta sna contaetha sin ar an údarás. I gcas na gcontaetha eile is ionadaíocht de réir daonra atá i gceist chomh fada agus is féidir agus chomh fada is a luíonn sé le réasún. Beidh ceathrar le toghadh ag an bpobal sna limistéir Gaeltachta i dTír Chonaill, seisear i gContae na Gaillimhe, beirt i gContae Chiarrai agus beirt i gContae Mhaigh Eo.

Measaim gur socrú sásúil, cóir agus oiriúnach é seo. Léiríonn na figiúirí a thabharfaidh mé anois nach bhfuil aon difríocht gur fiú trácht air idir Gaeltacht Dhún na nGall, Gaeltacht na Gaillimhe agus Gaeltacht Mhuigh Eo ó thaobh ionadaíochta de i gcoibhneas le daonra de faoi na socruithe nua toghchánaíochta atá leagtha amach sa Bhille seo. Maidir le Ciarraí bhí an rogha ann suíochán amháin nó dhá shuíochán a thabhairt agus shocraigh mé ar dhá shuíochán.

Seo mar a bheidh. Tá 24,072 dhuine ina gcónaí i nGaeltacht Thír Chonaill. Tá ceithre shuíochán ann agus beidh duine amháin tofa in aghaidh chuile 6,018 dhuine. I nGaillimh tá 35,968 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht ansin de réir an daonáirimh agus beidh sé shuíochán acu nó duine amháin tofa do gach 5,997 dhuine. I gContae Mhuigh Eo tá 11,494 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht agus beidh dhá shuíochán acu, sé sin comhalta amháin do gach 5,747 dhuine. I gCiarraí tá 8,145 dhuine ina gcónaí sa Ghaeltacht, beidh dhá shuíochán nó duine amháin á thoghadh do gach 4,072 dhuine. Tá sé sin chomh cothrom agus is féidir.

Leasaíonn alt 16 alt 32 den Phríomh-Acht le freastal a dhéanamh ar an athrú nach dtoghfar i dtoghlaigh áirithe ach duine amháin chun an údaráis faoin struchtúr nua.

Déanann alt 17 roinnt leasuithe ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht lena n-áirítear nósanna imeachta nua a bhunú a bhaineann le dícháiliú comhalta de chuid an údaráis.

Foráiltear le halt 18 d'aisghairm ailt 10(3) den Phríomh-Acht le cead an Aire do thograí de chuid an údaráis; níl gá a thuilleadh leis an bhforáil sin toisc go mbeidh Coiste Meastóireachta á bhunú chun breithniú a dhéanamh ar thograí de chuid an údaráis os cionn leibhéal cúnaimh áirithe – tograí le cúnamh den mhéid i gceist leo ar gá cead an Aire dóibh faoin reachtaíocht atá i bhfeidhm faoi láthair. Baioneann alt 11 den Phríomh-Acht le feidhmeanna de chuid an údaráis i dtaca le hoiliúint oibrithe a aistriú ón údarás chun na Comhairle Oiliúna (FÁS anois) dá socrófaí ar a leithéid a dhéanamh. Níor baineadh feidhm as an bhforáil sin riamh agus, toisc nach bhfuil gá leis, táthar á haisghairm. Maidir le mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht a bhaineann le nochtadh leasa táthar á haisghairm toisc go bhfuil forálacha nua cuimsitheacha á gcur in áit na bhforálacha i mír 8 le halt a 12 den Bhille seo.

Is forálacha caighdeánacha atá anseo maidir le tosach feidhme, gearrtheideal agus comhlua. I dtaca le tosach feidhme de tá gá le foráil mar seo ionas go mbeidh ar chumas an Aire lá nó laethanata a cheapadh le hordú nó le horduithe d'fhorálacha sonracha den Bhille arna achtú don theacht i bhfeidhm, mar shampla, leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht (teorainneacha le haghaidh cúnamh airgid ón údarás), bunú coistí reigiúnda agus Coiste Meastóireachta.

Leis an mBille seo beidh an t-údarás – an eagraíocht fhorbartha réigiúnach don Ghaeltacht – á neartú, beidh an bonn daonlathach faoi á leathnú agus beifear á threalmhú don dúshlán mór atá roimhe i mblianta tosaigh na Mílaoise nua.

Faoi mar is eol don Teach mhéadaigh an tAcht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, an tréimhse ama incheadaithe is faide idir thoghcháin don údarás ó chúig bliana go dtí cúig bliana agus sé mhí. Ciallaíonn sé sin go gcaithfidh an chéad toghchán eile a bheith ann roimh 9 Nollaig seo chugainn. Ach an Bille seo a bheith rite, beimid in ann díriú ar na socruithe don toghchán, dáta a roghnú, srl. Bheadh sé mar aidhm agam an toghchán a rith roimh dheireadh mhí na Samhna. Ní miste a rá freisin go bhfuil rialacháin leasaithe toghchánaíochta á ndréachtú ag mo Roinn faoi láthair. Beidh gá le rún a rith i ndhá Theach an Oireachtais chun feidhm a thabhairt dóibh. Tá gá le huasdátú a dhéanamh ar na rialacháin atá ann mar gheall ar na leasuithe atá déanta sa chód toghchánaíochta le tamall anuas.

Cé go bhfuil éileamh á dhéanamh ag comhaltaí an údaráis ar dháta an toghcháin a chur siar arís sílim gur cheart dom glacadh le toil an Oireachtais faoi mar a léiríodh é san Acht um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 1999, a ritheadh i mí na Bealtaine.

Molaim an Bille don Teach.

Is cosúil nach bhfuil mórán suime ag lucht na meán cumarsáide i gcúrsaí Gaeltachta, ní fheicim mórán díobh thart. B'fhéidir go bhfuil siad ag éisteacht in áit éigin eile.

Fáiltím roimh an mBille seo agus aontaím le cuid dá bhfuil ann. Bhí mé féin anseo i 1979 nuair a ritheadh an Príomh-Acht tríd an Dáil. Ba é a bhí i gceist leis go mbunófaí údarás a mbeadh tacaíocht aige agus a chuirfeadh ar chumas mhuintir na Gaeltachta saol a bheith acu sa Ghaeltacht le cúrsaí eacnamaíochta feabhsaithe ionas go mbeidh obair ann dóibh féin agus dá bpáistí. Ag déanamh aithbhreithnithe ar obair an údaráis go dtí seo, is léir go bhfuil an-obair déanta i nGaeltachtaí áirithe ach nach fíor sin i ngach áit. Is dócha go raibh brú polaitíochta i gceist i gcás na nGaeltachtaí móra i nDún na nGall, Conamara agus i gCiarraí agus i gcuid de na Gaeltachtaí eile – sa Mhí, i gCorcaigh agus i gContae Mhuige Eo – níl aon scéal chomh maith sin. Tá níos mó ná 1,400 duine ag obair faoi láthair i dtionscail áirithe i nGaoth Dobhair agus sa chontae i gcoitinne. Is maith sin agus ní bheadh na jabanna sin ann ach go raibh an t-údarás ábalta fostóirí a mhealladh isteach sna ceantair sin.

Bunaíodh an t-údarás chun forbairt eacnamaíochta a chur ar bun sa Ghaeltacht taobh istigh de na limistéir atá leagtha amach sa Acht. Nuair a bhreathnaítear ar an mBille, feictear dúinn nár éirigh leis an údarás i ngach Gaeltacht. Ba mhaith liom níos mó béime a fheiceáil ar an bprionsabal ar a bunaíodh an t-údarás an chéad lá riamh. Ar leathanach 8 de ráiteas an Aire, tá sé ráite go bhfuil 35,983 dhuine ina gcónaí i nGaeltacht na Gaillimhe, go bhfuil 11,494 dhuine i nGaeltachtaí i Muigh Eo, arís de réir an daonáirimh. Tá a fhios againn uilig nach bhfuil Gaeilge ar bith ag cuid mhaith de na daoine seo atá luaite anseo. Tuigeann gach duine é sin.

Má bunaíodh an t-údarás chun an Ghaeltacht a fhorbairt, is léir gur éirigh leis an eacnamaíocht a fhorbairt cuid mhaith ach nár éirigh leis forbairt a dhéanamh ar an teanga nó ar an gcultúr. Tá an cás ag éirí níos measa i gcónaí mar tá níos mó daoine i gcónaí ag tógáil tithe laistigh de na limis téir Ghaeltachta agus gan Gaeilge acu ná meas ar an teanga.

Táimid ag déanamh athstruchtúrú ar an údarás chun go leanfaidh sé leis an obair a tugadh dó ach níl smacht ar bith aige ar chuid de na daoine atá ina gcónaí taobh istigh de na Gaeltachtaí. Cuid mhaith de na daoine atá ina gcónaí sna limistéir Ghaeltachta anois, níl suim dá laghad acu i gcúrsaí Gaeilge nó in Údarás na Gaeltachta.

Aontaím leis an Aire go bhfuil sé níos féaráilte go mbeadh ionadaíocht níos mó ag na limistéir bheaga Ghaeltachta. B'fhéidir go mba chóir go mbeadh triúr ag Contae Mhuigh Eo ach tuigim an chaoi ar roinneadh na figiúirí. Ba mhaith liom go gcuirfeadh an tAire Stáit ainmneacha na limistéar nó na townlands a mbeidh cead vótála acu sa chéad toghchán eile os comhair an Tí. Caithfidh sé díriú ar an ábhar go mbeidh an chuid is mó de na daoine atá i dteideal vótála gan suim i gcúrsaí Gaeilge ná i gcúrsaí an údaráis. Sin fadhb atá agamsa leis an údarás. Ba chóir dó díriú ar chúrsaí cultúir agus teanga chomh maith le tionscal. B'in an chúis a bunaíodh é.

Ní aontaím leis an gcoiste meastóireachta atá luaite sa Bhille. Bhí mé féin im' Aire sa Rialtas deiridh agus nuair a thagann proposal ón Aire Gaeltachta faoi bhráid an Rialtais, cuirtear ar aghaidh é go dtí na rannaí Stáit agus tagann sé ar ais le go ndéanfaí cinneadh faoi. Leis an gCoiste Meastóireachta, tá an chumhacht á tarraingt ar ais ón údarás. Tá na baill ar an údarás tofa, déanann siad togra a mheas agus cé go ndeir an tAire Stáit go bhfuil obair mhaith déanta ag an údarás le fiche bliain anuas, an mbeidh siad níos fearr as leis an gCoiste Meastóireachta seo? Nach bhfuil sé ar chumas na mball seo proposal a mheas? Seans nach n-aontódh an t-údarás agus an coiste le chéile i gcónaí ach tá sé deacair go leor faoi láthair tionscal ar bith a mhealladh isteach sa Ghaeltacht.

Feictear domsa go bhfuil cúnamh agus cumhacht á thabhairt don údarás ach nach bhfuil cead acu cinneadh a dhéanamh maidir le togra ach go gcaithfear é a chur ar aghaidh go dtí an coiste meastóireachta seo.

Maidir leis na coistí réigiúnda, is anseo a bhí deacrachtaí polaitíochta ag an údarás le blianta fada. Bhí cead ag na coistí réigiúnda neamhoifigiúla seo cinntí a dhéanamh faoi airgead a thabhairt do thionsclóirí cé nach mbeadh i láthair ag cruinnithe uaireanta ach beirt nó triúr.

Tá a fhios agam mar iar-Aire gur maith an rud é gur tháinig an Teachta Ó hUiginn isteach sa Rialtas ag an am sin agus gur léirigh sé do na hairí a bhí ag freastal ar na cruinnithe sin cad é a bhí ag teastáil uaidh maidir le forbairt na Gaeltachta de nó maidir le cinneadh ar bith. Má chuirtear an coiste meastóireachta seo agus nach dtagann go dtí an Rialtas faoi thogra Gaeltachta ach ráiteas ón Aire Airgeadais nó ón Aire Fiontair agus Fostaíochta, ní bheidh an blas agus an meon céanna le fáil is a bheadh le fáil ón Aire Gaeltachta. Rachaidh an chumhacht pholaitiúil i léig nuair nach mbíonn an tAire Gaeltachta ag labhairt ar an ábhar. Deir sé anseo go mbeidh Airí eile ag freastal ar an gCoiste Meastóireachta agus nach mbeidh an tionchar céanna ag an Aire Gaeltachta is atá aige faoi láthair ach deirtear liom anseo anois go mbeidh.

Is maith sin. Ach má tá na coistí réigiúnacha neamhoifigiúla seo le bunú go hoifigiúil, ba mhaith liom go leagfaí coinníollacha síos dóibh ionas nach mbeadh ráflaí le clos ar fud Gaeltachtaí áirithe go bhfuil Aire nó Teachta áirithe airgead ón údarás do phroposal seafóideach.

Mar Theachta ón Iarthar, tá sé fíorthábhachtach go mbeadh an Rialtas seo in ann cúnamh agus tacaíocht a thabhairt do mhuintir na Gaeltachta chun saol maith a chaitheamh ina n-áit dhúchais. Ba chóir don Aire Stáit taispeáint don tír cad é is Gaeltacht ann agus cad atá á dhéanamh aige faoi na limistéir Ghaeltachta nach bhfuil Gaeilge á labhairt iontu. Freisin, ó thaobh an toghcháin de, tá na baill tofa nár chóir go mbeadh an toghchán ann i mbliana mar go mbeidh an aimsir go dona um Shamhna. Anuraidh bhí an aimsir go breá ag an tráth sin. Má tá suim ag daoine sa ghnó, tiocfaidh siad amach. Beimid ag labhairt leo go gairid agus níl a fhios agam an gcuirfidh mé leasú síos.

B'fhearr le gach duine toghchán a chur ar an mhéar fhada. Cuireadh an Acht tríd an Oireachtas i mbliana agus tá sé leagtha síos ann go gcaithfidh toghchán a bheith ann go luath ach b'fhéidir go mba fearr é a fhágáil go dtí an samhradh.

Tá cumhachtaí nua á thabhairt don Aire anseo ordacháin a thabhairt don údarás agus ba mhaith liom samplaí agus soiléiriú ar seo. B'fhéidir gur gnáthrud é seo agus go mba chóir dó a bheith ann.

Nuair a bheas an Bille seo rite beidh na baill nua ag freastal ar údarás nua. Caithfidh siad a thuiscint nach mbeidh aon chumhacht bhreise acu, go bhfuil Gaeltachtaí ann atá ar bheagán Gaeilge agus nach bhfuil suim ag na daoine iontu i gcúrsaí Gaeilge, agus go bhfuil sé i bhfad níos deacra anois tionsclóirí agus infheisteoirí a mhealladh isteach i nGaeltachtaí anois.

Tá sé leagtha síos ag an Aontas Eorpach go bhfuil cuid mhaith den tír seo faoi mhíbhuntáiste ó thaobh infrastruchtúr de. Dúirt BSL le gairid nach bhfuil an líne cumhachta go dtí iarthar na hÉireann leagtha síos agus nach bhfuil sé ar chumas an údaráis tionscail a mhealladh go dtí an Ghaeltacht cheal aibhléise.

Tá mianadóireacht ar siúl faoi láthair ar Chiumhais an Atlantaigh agus i nGort an Choirib agus beidh gás nádúrtha ag teach i dtír, b'fhéidir trí cheantar Gaeltachta, agus ba cheart go leagfar síos sa phlean náisiúnta a fhoilseofar go luath go mbeadh baint ag an údarás leis an bhforbairt seo, ionas go mbeadh an chumhacht riachtanach acu chun tionsclóirí a mhealladh isteach ón Eoraip. Muna ndeirtear é sin go soiléir sa phlean, ní bheidh an t-údarás in ann an jab atá beartaithe ag an Aire Stáit dóibh a dhéanamh.

Beidh mé ag éisteacht leis an díospóireacht agus socróidh mé roimh chéim an choiste an gcuirfidh mé leasú síos.

Cuirim fáilte roimh an mBille seo agus mar ionadaí do Dháilcheantar Phort Láirge tá áthas orm go mbeidh ball tofa ag Gaeltacht na Rinne ar an gcéad údarás eile.

Nuair a cuireadh an Bille deiridh os comhair na Dála níos luaithe i mbliana, luaigh an tAire Stáit go mbeadh reachtú cuimsitheach ag teacht. Ní dóigh liom gur Bille cuimsitheach an Bille seo. Beidh cúrsaí daonlathais níos fearr ann ach níl aon chumhachtaí nua á tabhairt don údarás.

An Coiste Meastóireachta seo, deirtear go mbeidh baill an choiste seo inniúil ar ghnó an choiste sin a sheoladh i nGaeilge. An rud atá ait mar gheall air sin, má fhéachtar siar ar Bhille 1997 don údarás, níl dualgas ar bhaill an údaráis ná ar fhoireann an údaráis Gaeilge a bheith acu ach tá sé curtha isteach anseo don Choiste Meastóireachta. Ba mhaith liom soiléiriú ón Aire Stáit ar seo.

Rud a ghoilleann ormsa go bhfuil sé i gceist go mbeadh cumhacht veto ag an gCoiste Meastóireachta seo, ar dhá shlí. Muna bhfuil an coiste sásta togra éigin a mholadh, beidh deireadh leis an togra agus ní féidir leis an údarás níos mó airgid a thabhairt do thogra ar bith ná mar a cheadaíonn an coiste. Ar an tslí sin, feictear domsa go bhfuil cumhacht an údaráis á laghdú. Beidh sé níos daonlathaí mar údarás ach fós beidh sé faoi stiúir ag fo-choiste neamhthofa.

Rud eile a ghoilleann orm ná má fhéachtar an seanBhille, go dtí seo bhí beirt ó Dhún na Gall, triúr ó Ghaillimh, Muigh Eo agus ón Mhí agus beirt ón deisceart. Bhí triúr de na baill tofa ag teacht ó Dháilcheantair an Aire Stáit. Anois, beidh naonúr ag teacht ón na contaetha céanna agus tá a chontae féin ag déanamh go maith as. Tá an tAire tar éis athrú bunúsach a dhéanamh ar an gcothromaíocht.

Cén fáth go gcaithfidh sé a bheith de chumhacht ag an Aire beirt agus an Cathaoirleach a ainmniú uaidh seo amach? Cén fáth nach féidir le pobal na Gaeltachta an Cathaoirleach a thoghadh? Tá sé sin tábhachtach don daonlathas. Más rud é go bhfuil an tAire i bhfách an daonlathais, cén fáth nach dtoghtar gach ball?

Ba cheart go mbeadh comhalta ar an údarás ó na ceardchumainn, rud atá thar a bheith tábhachtach inniu. Ba chóir go mbeadh ionadaíocht ar an údarás ag oibrithe an údaráis mar lánbhaill. Tá daoine ag obair don údarás agus sin iad na daoine a chuireann na socruithe agus na cinntí i bhfeidhm. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh seans acu an t-eolas agus an taithí sin a thabhairt go dtí an bord.

Níl aon rud anseo mar gheall ar pháirt níos mó a thabhairt do mhná na Gaeltachta i ngnóthaí an údaráis, ar an gCoiste Meastóireachta nó ar aon fho-choiste eile. Ba mhaith go ndéanfadh an tAire rud éigin dearfa faoi seo chun áit a thabhairt do mhná de cheart. Baineann sé seo leis na boird Stáit go léir.

Níl an t-údarás cosúil le boird Stáit eile mar tá mandate an-leathan acu. Cuid den mandate sin ná go bhfuil sé de dhualgas ar an údarás an Ghaoluinn a chaomhnú agus a fhorbairt mar mheán cumarsáide sna Gaeltachtaí. Ní dóigh liom go bhfuil ag éirí leo. Níl ag éirí leo – tá an mhalairt ag tarlú. Sin an rud is tábhachtaí – an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt.

Bhí an tAire Stáit ag caint sa Dáil i mbliana faoi scéim atá aige chun déileáil le teorainn na Gaeltachta. Tá sé i gceist aige go mbeadh caighdeán teanga ann do gach Gaeltacht agus áiteanna sa Ghaeltacht nach bhfuil sin ann ag an nóiméad, go mbeadh seans acu teacht aníos go dtí an caighdeán sin. Ba chóir go mbeadh an seans céanna ag áiteanna atá cóngarach don nó taobh istigh den Ghaeltach má theastaíonn uathu.

Caint atá sáite againn go dtí seo. Ní bheidh aon athrú ar theorainn na Gaeltachta le linn saol an Rialtais seo ach ní féidir linn fanacht bliain nó dhó. Más rud é go bhfuil áiteanna sa Ghaeltacht nach fíor-Ghaeltachtaí iad, ba cheart tabhairt faoi sin láithreach, agus más rud é go mbeadh reigiún cóngarach don Ghaeltacht, nó in aon áit ar fud na tíre, a ba mhaith leis cailíocht na Gaeltachta, sin seans a ba chóir dó a fháil. Ba mhaith liom rud dearfach a chloisteáil ón Aire Stáit faoi seo mar go dtí seo níl ann ach caint agus fadhb í seo atá práinneach go ndéanfar réiteach uirthi.

Ó thaobh an choiste mheastaíochta agus an dualgas ar na baill go mbeidís in ann a gcuid oibre a dhéanamh frid an Ghaeilge, cé bheadh mar scrúdaitheoir air sin? Cé a dhéarfadh "tá sin ag an chaighdeán atá ag teastáil ach níl sin"? Sin gné eile den rud céanna ach cuireann sé ionadh orm nach bhfuil sé riachtanach ar na baill agus ar na hoibrithe sa reachtaíocht go mbeadh go leor Gaeilge acu go bhféadfaidís a gcuid oibre a dhéanamh frid an Ghaeilge.

Nach bhfuil sé in am go mbeadh cumhachtaí níos leithne ag an údáras, go speisialta ó thaobh comharthaí oifige, foilseachán agus foirmeacha a bhíonn á gcur amach ag comhairlí condae nó cibé údáras áitiúil atá ann? Cén fáth nach bhfuil an Rialtas sásta, mar ceapaim go bhfuil an t-Aire Stáit sásta, i bhfad níos mó cumhacht a thabhairt don údáras? Níl sin ag tarlú.

Bhí díospóireacht againn i mbliana faoi paitsí talún chun tithe a thógáil sa Ghaeltacht. Tá sin thar a bheith deacair a dhéanamh anois do na daoine ag a bhfuil an Ghaeilge acu ó dhúchas a chónaíonn sa Ghaeltacht. Is ceart go mbeadh banc talún ag an údáras sa Ghaeltacht sa dóigh is go mbeadh ionad ann chun foirgnimh a thógáil do thionscal ar bith, go mbeadh go leor talún ar fáil go bhféadfadh an comhairle contae tithe a thógáil sa Ghaeltacht agus go mbeadh paistí talún ar fáil do mhuintir na Gaeltachta ar phraghas a thiocfadh leo a íoc, agus as sin, á mealladh chun fanacht ina gcónaí ina n-áit dúchais nuair a bheidh siad pósta nó clann acu.

Níl an ceardchumannachas láidir go leor sna tionscail atá bunaithe sa Ghaeltacht. Níl sin maith do na daoine a bhíonn ag obair sna comhlachtaí úd. An rud a thagann leis sin ná nach mbíonn an pá ard go leor i gcuid dena monarchain. Ba cheart go mbeadh sé mar pholasaí ag an údáras go mbeadh an ceard-chumannachas i bhfad níos láidre sa Ghaeltacht agus mar gheall air sin go mbeadh feabhas ar shaol na ndaoine a bhíonn ag obair sna tionscail éagsúla atá bunaithe ann.

Tá mé buartha faoina coistí poiblí a bhíonn sa Ghaeltacht. Ba cheart go mbeadh scéim ag an údáras cabhair a thabhairt dona fochoistí poiblí seo – rúnaí páirtaimseartha, oiliúint agus mar sin de. Caithfidh an t-údáras bheith an-ghnóthach sa mhéid sin as seo amach.

Is rud é a dhéanann an-damáiste don Ghaeltacht ná nuair a fhaigheann mic léinn áitiúla cailíochtaí sna hollscoileanna agus coláistí reigiúnacha, ní bhíonn go leor postanna ar fáil sa Ghaeltacht leo sa dóigh is go mbeadh siad in ann filleadh ar a n-áit dúchais. Déanann sin an-dochar don Ghaeltacht mar tá an Ghaeltacht ag cailleadh daoine óga a mbeadh ar a gcumas an-chuid a dhéanamh don phobal dá mba rud é go raibh siad ina gcónaí sa Ghaeltacht. Tá na tionscail ann ach níl go leor acu fóirsteanach dóibh.

Nuair a bhíonn Ranna Stáit á gcur timpeall na tíre, tá sé tabhachtach go cuirfí cuid acu isteach sa Ghaeltacht i dtreo is go mbeadh níos mó postanna ar fáil, postanna le pá maith – an t-airgead a bheadh ag teacht isteach don Ghaeltacht, chabhródh sin leis an eacnamaíocht. Sin rud a ba cheart d'Údarás na Gaeltachta i bhfad níos mó béime a leagan air. Ach ní féidir leis an t-údarás mórán a dhéanamh muna mbíonn tacaíocht acu ón Rialtas.

Rud nach bhfuil luaite sa Bhille seo agus bhí mé ag súil go mbeadh rud éigin le rá faoi ann agus sin an Rannóg Cultúir agus Teanga. Is é caomhnú na teanga an rud is tábhachtaí cé go bhfuil an tionsclaíocht ag teastáil do chaighdeán maireachtála sásúil. I rith an tsamhraidh thug mé faoi deara nach raibh ainm Gaeilge ach ar shiopa amháin i sráid d'ocht siopaí nó mar sin i sráidbhaile Gaeltachta. Cad is cúis leis seo?

Tá comharthaí áirithe ag léiriú domsa go bhfuil an eacnamaíocht agus an turasóireacht níos tábhachtaí ná caomhnú agus forbairt na Gaoluinne. Conas mar is féidir leis an údarás a aidhmeanna teanga a bhaint amach? Tá gá le teagmháil níos fearr idir an údarás agus na húdaráis áitiúla. Tá gá le fochoistí de na húdaráis áitiúla i gcontaetha Gaeltachta ar a mbeidh baill ón gcomhairle chontae agus ón údarás. Tá na coistí réigiúnda á gcur ar bhonn reachtúil sa reachtaíocht seo ach níl ansin ach cuid den fhreagra. Tá gá le teagmháil níos mó idir na boird sláinte agus an t-údarás agus tá gá le hiachall a chur ar dhaoine dul ina bhun seo.

Ó thaobh pleanála de, tá daoine ón iasacht ag ceannach tithe sna Gaeltachtaí nó á dtógáil mar thithe samhraidh agus ar an lámh eile de, tá sé deacair ar aos óg na Gaeltachta teach a cheannach ina ndúiche féin. Muna mbíonn tionchar ag muintir na Gaeltachta ar chúrsaí pleanála nuair atá an plean contae á shocrú, leanfaidh an scéal mar atá mar níl aon srian á chur leis an gcineál forbartha a luaigh mé thuas.

Léigh mé sa nuachtán go bhfuil an tAire Stáit ag dul i gcomhar le haos óg na Gaeltachta agus molaim áit a thabhairt don aos óg ar an údarás chun go mbeidh siad páirteach sa phleanáil fhadtéarmach a bhíonn ar bun. Bíonn tuairimí ag daoine óga uaireanta nach dtagann le tuairimí an establishment ach tagann athruithe ar an saol agus is minic gur i dtreo thuairimí na ndaoine óga na hathruithe seo. Bheadh an t-údarás níos fearr as ach tuairimí an aosa óig a bhreith leis.

Maidir le leathanach 9, alt 4B, mar gheall ar institiúidí an Aontais Eorpaigh, ní thuigim i gceart ón méid atá anseo an mbeidh an t-údarás in ann déileáil leis na hinstitiúidí sin iad féin nó an mbeidh lámh ag an Aire Airgeadais ann? D'fhéadfaí an rud atá anseo a léamh ar dhá bhealach. Cén fáth nach mbeadh sé de cheart ag an údarás dul chun cainte leis an Eoraip maidir le scéimeanna a dhéanfadh maitheas don nGaeltacht gan aon chur isteach ó éinne eile? B'fhéidir go ndéarfadh an tAire Stáit linn cad atá i gceist san alt seo.

Fáiltím roimh an reachtaíocht agus roimh an fheabhas i gcúrsaí daonlathais ach bhí mé ag súil le níos mó ón mBille seo. Beidh seans againn leasuithe a dhéanamh air ag Céim an Choiste chun é a fheabhsú. Níl díospóireacht fhorleathan ag tarlú áit ar bith mar gheall ar an nGaoluinn. Tá daoine tar éis casadh uaithi, daoine eile a bhfuil fuath acu di de bharr rudaí a tharla dóibh ar scoil.

Ba chóir go mbeadh díospóireacht ann a leathnódh an tuiscint atá ann ar shaibhreas na teanga agus an chultúir. Tá gá le foclóir nua-aimseartha agus d'fhéadfadh an t-údarás ceann a chur le chéile. De réir na reachtaíochta seo, beidh sé de chumhacht ag an Aire ordú a thabhairt don údarás rudaí ginearálta a dhéanamh.

Roimh an tsamhraidh, dúirt an tAire sa Teach seo go mbeadh an foclóir á leathnú. B'fhéidir go bhfuil ach faoi láthair níl aon fhoclóir againn a d'fhéadfadh mac léinn gach téarma a fháil ann. Tá an-chuid téarmaí ag teacht isteach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge ón teicneolaíocht nua.

I mbliana ba léir ó thorthaí an Teastais Shóisearaigh go bhfuil caighdeán na Gaeilge ag titim. Tá i bhfad níos mó ag teastáil ó thaobh foclóra agus ba mhaith go n-iarrfadh an tAire Stáit ar an údarás nua rud éigin a dhéanamh faoi.

Tá lúcháir orm an Bille seo a fheiceáil os comhair na Dála agus ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an Aire Stáit as an tacaíocht a thug sé do thionscail sa Ghaeltacht, don údarás, do mhuintir na Gaeltachta agus do mhuintir na n-oileán. Ní mór leanacht ar aghaidh leis an obair mhaith.

Tá fiche bliain imithe thart ó ritheadh an Príomh-Acht. Níorbh eol dom go raibh mo chomhTheachta ó Chontae Mhuigh Eo anseo ag an am.

Ó cuireadh tús le h-Údarás na Gaeltachta tá cuidiú agus saol úr tugtha aige don Ghaeltacht. I nGaeltacht Thír Chonaill, tá 400 duine fostaithe in eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair. Ní bheadh duine ar bith acu siúd ag obair i dTír Chonaill murach Údarás na Gaeltachta. Tá na mílte punt ag teacht isteach sa cheantar gach seachtain dá bharr agus gan é ní bheadh an daonra sin sa cheantar agus bheadh meath mór tagtha ar ár dteanga dúchais.

Go minic, d'éirigh leis an údarás de bhrí go raibh sé áitiúil agus gur thacaigh sé le grúpaí áitiúla a bhí ag iarraidh tionscal a bhunú ina gceantar féin. Bhí comhoibriú ann i gcónaí idir na coistí paróiste, baill na gcomhairlí contae, na Teachtaí Dála agus Údarás na Gaeltachta. Tá an t-údarás an-tábhachtach dúinne i dTír Chonaill mar go n-éistíonn siad le muintir na Gaeltachta. D'aithin an t-údarás na riachtanaisí áitiúla agus bhí siad sásúil airgead a chur ar fáil chun seirbhísí mar an aerstráice ag Carraig Fhinne agus báid fharantóireachta a chur i gcrích. Cuidíonn an aerstráice go mór leis an gcontae. Bhíodh daoine ag gearán nuair a luadh é i dtosach ach is cuidiú mór é do thionscal agus do thurasóireacht na Gaeltachta agus an chontae. Tá súil agam go leanfar leis an tseirbhís go dtí Baile Átha Cliath agus go dtí Glaschú agus go n-eireoidh freisin le hAer Árann.

Léirigh an tascfórsa a bunaíodh i mí an Mheithimh go bhfuil infrastruchtúr de dhíth ar an nGaeltacht fós – uisce, séarachas agus deisiú bóithre. Tá daoine bréan de bheith ag éisteacht liomsa ag gearán faoin N56, faoin mbóthar ó na Cealla Beaga go dtí Gleann Cholmcille agus faoin mbóthar ar chúl an Eireagail. Tá feabhas air ach tá go leor le déanamh. Táimid buíoch den Aire Stáit as an airgead a cuireadh ar fáil le déanaí don bhóthar ón gCarraig go Gleann Cholmcille agus ar an N56 ag Dún Lúiche. Cuidíonn sé sin leis an infrastruchtúr Gaeltachta ach tá gá fós le córais uisce agus séarachais do na heastáit thionsclaíochta chun an fostú iontu a mhéadú. Is é an turas ó Litir Ceanainn go Gaoth Dobhair, ó Chill Chártha agus an Charraig chuig na Cealla Beaga an gearán is mó a bhíonn ag lucht an eastáit thionsclaíochta. Tá súil againn go mbeidh comhoibriú anois idir Roinn an Aire Stáit agus Comhairle Chontae Dhún na nGall, anois go bhfuil na deontais ann don obair.

De réir an Bhille, beidh ionadaíocht níos mó ag pobal na Gaeltachta ar an údarás amach anseo. Is eol do mhuintir na háite cad iad na riachtanaisí is mó ach ag an am céanna feictear dom nach bhfuil an uimhríocht cothrom. Ag éisteacht le leathanach trí d'óráid an Aire, dúradh go raibh ceantair bheaga Gaeltachta ag gearán nach mbíonn ionadaíocht acu ar an údarás. Ag éirí as an mBille seo tá an tAire Stáit ag rá go leigheasfar an scéal seo. Ach i mo chontae ní aontaíonn muintir na Gaeltachta leis an tuairim sin. Tá an contae mór agus tá na ceithre phobal Gaeltachta ann scaipthe ó chéile. Beidh ar a laghad pobal amháin ann nach mbeidh aon ionadaí acu agus an am céanna beidh seisear ionadaí ann ó Ghaeltacht na Gaillimhe. Tá míshástacht mhór i measc mhuintir Ghaeltacht Thír Chonaill. Níl duine ar bith ón nGaeltacht Lár nó ó Ghaeltacht Chill Chartha ar an gcomhairle chontae. Ní thoghfar duine ón nGaeltacht beag sin ar ar údarás mar tá pobail níos mó ag na Gaeltachtaí eile sa chontae. Tá mé ag iarraidh ar an Aire an Bille a athrú ionas go mbeidh seisear againn i dTír Chonaill agus cúigear ag Gaeltacht na Gaillimhe. Thabharfadh sin guth do mhuintir uilig na Gaeltachta. Deir cuid acu nach bhfuil guth acu faoi láthair agus nach bhfuil fostaíocht acu dá bharr agus ba chóir guth a thabhairt do na Gaeltachtaí beaga. Tá brú ar chuid de na tionscail sna ceantair sin agus níl an t-infrastruchtúr á chur ar fáil do thionscail úra sa Ghaeltacht Lár, i mBaile na Finne, sa Chlochán, i gCill Chartha, i nGleann Cholmcille agus sa Charraig.

Tá an tAire Stáit ag smaoineamh, is cosúil, ar thoghchán a reáchtáil i mí na Samhna nó ag tús na Nollag. Dúirt a lán daoine liom ag an deireadh seachtaine go mba fearr fanacht go dtí lár an earraigh. Tá daoine tuirseach tar éis na toghcháin áitiúla agus is cosúil go mbeidh fo-thoghchán ann i mBaile Átha Cliath. Tá a fhios ag an Aire Stáit go mbeidh sé dorcha go luath i lár an gheimhridh agus go mbeidh sé deacair dul amach ag canbhasáil ag an tráth sin den bhliain.

Maidir leis na tionscail thraidisiúnta éadaí agus mar sin de atá againn sa Ghaeltacht, is dóigh liom go bhfuil siad ag dul i léig. Tá daoine óga an cheantair oilte sa teicneolaíocht – tá coláiste teicneolaíochta againn i Litir Ceanainn – agus níl na daoine óga ag fanacht sa Ghaeltacht. Tá sé in am don údarás níos mó béime a chur ar na tionscail úra seo – teileachumarsáid, IT agus mar sin de – ionas go mbeidh na daoine óga in ann fanacht ann agus saibhreas na teanga a choimeád ann.

Tá infrastruchtúr eile de dhíth orainn sa Ghaeltacht freisin – línte ISDN, fibroptic cable agus cumhacht leictreachais i bhfad níos airde ná mar atá ann faoi láthair. In iardheisceart Thír Chonaill, níl ach cumhacht 38Kw ag dul isteach sna ceantair agus ní leor é sin chun solas a choinneáil lasta gan trácht ar innealltóireacht agus mar sin de. Tá sé práinneach anois an t-infrastruchtúr nua-aimseartha a chur ar fáil sna Gaeltachtaí agus an sean-infrastruchtúr – bóithre agus eile – a fheabhsú.

Is cinnte go mbeidh guth níos láidre ag muintir na Gaeltachta amach anseo cé go mbeidh daoine tofa ar an mbord. Tá sárobair déanta ag an mbord atá ann faoi láthair agus tá seirbhís mhaith faighte againn uathu. Tá súil agam go mbeidh cumhachtaí níos mó ag an údarás amach anseo agus go mbeidh níos mó cuidiú ann don teanga. Is trua a rá gur deacair páistí a chloisteáil ag caint Gaeilge nuair a bhíonn siad ag imirt. Tá brú ar an teanga agus tá súil agam go gcaillfear í. Tá saibhreas sa chultúr agus sa Ghaeltacht. Tá scoileanna Gaeltachta ann atá ag fáil níos lú tacaíochta ná na gaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Tá sé in am dúinn an saghas céanna cabhrach a thabhairt do na scoileanna lánGhaeilge sa Ghaeltacht chun an teanga a choimeád beo. Muna mbíonn an teanga ag na daoine óga, ní bheidh sé ann i gceann fiche bliain eile.

Molaim an Bille go mór. Tá go leor déanta ag an údarás le fiche bliain agus tá go leor le déanamh acu chun fostaíocht úr a chur ar fáil i mo cheantar féin. Ba mhór an chailliúint é Fruit of the Loom. Buíochas le Dia tá fostaíocht nua ag teacht isteach. Ach tá dífhostaíocht an-mhór i dTír Chonaill agus táimid ag iarraidh ar Údarás na Gaeltachta rud éigin a dhéanamh chun níos mó fostaíochta a chur ar fáil sna Gaeltachtaí Lár agus fosta seirbhísí a chur ar fáil do mhuintir na Gaeltachta. Nílimid ach ag iarraidh cothrom na Féinne a fháil.

Molaim an Bille go mór agus tá súil agam gur éist an tAire Stáit leis an méid a bhí le rá agam maidir leis na baill tofa ar bhord an údaráis, go mbeadh cúigear ann agus b'fhéidir go mbeadh sé in ann an toghchán a chur siar go dtí an t-earrach.

Táim ag iarraidh ar dhaoine óga agus ar mhná a gcuid ainmneacha a chur os comhair na bpáirtithe éagsúla chun go dtoghfaí níos mó daoine óga agus ban agus go mbeadh guth láidir acu ar an údarás.

Ba mhaith liom mo chuid ama a roinnt leis an Teachta Creed má tá sin ceart go leor.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Bille agus is iontach an rud é an chéad lá ar ais i ndiaidh laethanta saoire an tsamhraidh go bhfuil Bille Údarás na Gaeltachta ag dul tríd an Dáil. Ní shílim gur ró-mhinic a chuirtear Bille tríd an Dáil a bhfuil an chuid is mó den díospóireacht air i nGaeilge.

Seo an dara Bille um Údarás na Gaeltachta a cuireadh os comhair na Dála i mbliana. Bhí an ceann deireanach againn roimh an tsamhraidh agus ba é a phríomhaidhm ná síneadh ama a thabhairt don Bhord atá ann faoi láthair. Tuigim ó óráid an Aire Stáit go bhfuil go dtí an 20ú Nollaig ag an bhord. Dealraíonn sé go bhfuil a intinn déanta suas ag an Aire Stáit is cuma cad a tharlaíonn sa Dáil agus go mbeidh an toghchán againn i mí na Samhna.

Tá an dearcadh ann ar fud na Gaeltachta gur chóir an toghchán a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn nuair an bheidh an lá níos faide agus an aimsir níos fearr. Sílim go ndéanfaimid athmhachnamh ar dháta an toghcháin ar an dtaobh seo den Teach idir seo agus b'fhéidir an tseachtain seo chugainn nuair a bheidh léargas níos fearr againn maidir leis an aimsir i mí na Samhna.

Tá sé tráthúil go bhfuil an Bille seo á thabhairt isteach. Bhí sé geallta ag an Aire Stáit le tamall go raibh sé chun bille cuimsitheach a thabhairt isteach, ach níl fhios agam an bhfuil sé chomh cuimsitheach sin ach ar a laghad tá sé istigh. Tá sé tráthúil go bhfuil an Bille againn ag an am seo mar tá an t-údarás ag feidhmiú anois le 20 bliain. Chuaigh an t-údarás i mbun dualgaisí ar an gcéad lá de mhí Eanáir 1980. Tá athruithe móra tagtha ar na Gaeltachtaí uilig idir an dá linn. Ba é Gaeltarra Éireann a bhí againn roimh an údarás agus ba iad an chéad dream a rinne iarracht fiúntach fostaíocht a chur ar fáil sa cheantar Gaeltachta againn féin. Ba le linn réimeas Gaeltarra a bunaíodh eastát tionsclaíochta Ghaoth Dobhair agus maíonn muid uilig agus maíonn an t-údarás féin gurb é sin an seod is loinrí i gcoróin an údaráis. Tá 1,400 duine ag obair ann agus muna mbeadh an eastát tionsclaíochta sin ann bheadh an saol crua sa Ghaeltacht ó thuaidh.

Idir 1966 agus 1979 a leagadh síos an bunchloch den fhostaíocht a cuireadh ar fáil sa cheantar sin.

Tuigim ó óráid an Aire Stáit go bhfuil breis agus 8,000 duine sna Gaeltachtaí ar fud na tíre anois fostaithe i dtionscail a fuair cúnamh ón Údarás. Is cinnte muna mbeadh an cúnamh sin ann nach mbeadh an fhostaíocht ann. Dá mbeimis ag brath ar na heagraíochtaí fostaíochta eile a bhfuil cúraimí náisiúnta acu bheimis i gcomórtas maidir le fostaíocht de le Liatroim agus Ros Comán. Mar sin táimid buíoch den údarás agus tugaimid aitheantas dóibh as an méid atá déanta acu ó thaobh na fostaíochta de.

Ar ndóigh níl an fhostaíocht cothrom ar fud na nGaeltachtaí uilig agus go minic bíonn Gaeltachtaí beaga láidre ó thaobh na Gaeilge agus an chultúir de i gceantair iargúlta agus uaireannta déanann an t-údarás dearmad orthu sin. Smaoiním ar an nGaeltacht Lár i mo cheantar féin in iar-dheisceart an chontae, ceantair ar nós Gleann Cholmcille, Cill Charthaidh agus An Charraig. Dúnadh monarcha i gCill Charthaidh an tseachtain seo caite agus cailleadh poist ansin. Tá súil agam go ndéanfaidh an tAire Stáit féin agus an t-údarás iarracht speisialta fostaíocht nua a chur isteach sa cheantar sin. Sular tháinig an túdarás chun cinn tá cuimhne agam féin ar am go raibh idir 300 agus 400 duine ag obair i gCill Charthaidh, baile beag Gaeltachta in iar-dheisceart an chontae. Bhí siad ag plé le tionscal an éadaigh, ag sníomh agus ag fíodóireacht agus mar sin de ach sna hochtóidí tháinig athruithe móra agus tá tionscail eile ansin anois gan an oiread céanna daoine ag obair iontu. Níor cuireadh fostaíocht úr ar fáil sa cheantar agus sin ceann de na háiteanna go gcaithfimid díriú air.

Níl stair na tionsclaíochta nó na fostaíochta thar moladh beirte sa Ghaeltacht Lár agus is minic a bhíonn na daoine ag gearán fosta in iar-thuaisceart an chontae – Fanaid agus Ros Ghoill – go bhféadfaí níos mó a dhéanamh dóibh. Sin an t-aon locht a bheadh agam ar an Údarás, nach ndéantar freastal i gcomhnaí ar na ceantair Ghaeltachta uilig.

Cé go bhfuil fostaíocht curtha ar bun sa Ghaeltacht níl fhios agam an bhfuil an teanga agus an cultúr chomh láidir sa Ghaeltacht agus a bhí siad 20 bliain ó shin. Sílim go bhfuil maolú ag teacht ar an teanga sna ceantair Ghaeltachta uilig. Tá a fhios agam gurb é príomhdhualgas an údaráis fostaíocht a chur ar fáil ach sílim go bhfuil dualgaisí teanga agus cultúir orthu fosta ach níl fhios agam cé chomh domhain nó chomh láidir is atá na dualgaisí sin.

Sna fiche bliain amach romhainn caithfimid aire níos cúraimí a thabhairt do na gnéithe sin de shaol na Gaeltachta mar má imíonn an teanga ní bheidh aon difríocht idir sinn féin agus an chuid eile den tír. Tá mé cinnte go dtuigeann an tAire Stáit na deacrachtaí mar tá cuid mhaith dá shaol caite aige ina chomhnaí sa Ghaeltacht. Tá súil agam nuair a bheidh an leasú seo déanta go gcuirfear níos mó béime ar an teanga agus ar chúrsaí cultúrtha. Ritheann an tÚdarás féilte agus imeachtaí cultúrtha anseo is ansúd agus bíonn a dtacaíocht ar fáil i gcomhnaí d'fhéilte áitiúla a bhfuil Gaeilge á úsáid ionntu. Bíonn féilte mar sin ar fud na Gaeltachta uilig agus ní bhíonn an túdarás easnamhach i gcúpla céad punt nó mar sin a chur ar fáil. Bíonn toradh maith ar an airgead sin agus caithfimid cur leis san am atá amach romhainn.

Tá trí athrú bunúsach i gceist ag an Aire Stáit sa Bhille seo. Tá sé i gceist ballraíocht bhord an údaráis a mhéadú ó 13 – seachtar tofa agus seisear ainmnithe – go 20 – 17 tofa agus triúr ainmnithe.

Tá ceathrar le toghadh ó Thír Chonaill agus seisear ó Ghaeltacht an Aire Stáit agus tabharfaidh mé tacaíocht iomlán don Teachta ar chúl an Aire Stáit má chuireann sí síos rún ag moladh go méadófaí ballraíocht Thír Chonaill ó cheathrar go cúigear. Thabharfadh sin seans níos fearr do Ghaeltachaí beaga ar nós iar-dheisceart an chontae, an Ghaeltacht Lár, Fanaid agus na hoileáin – agus tá 800 duine ina gcomhnaí ar na hoileáin i dTír Chonaill – guth a bheith acu ar an údarás.

Beidh mé i dteangbháil leis an Teachta Ó Cionnaith féachaint cad is féidir linn a dhéanamh faoi sin.

Fáiltím leis an gcinneadh an bhallraíocht tofa ginearálta a mhéadú. Leathnaíonn sé bonn daonlathais an údaráis agus beidh cur isteach níos mó ag muintir na Gaeltachta san údarás mar go mbeidh an oiread sin acu le toghadh ar an mbord.

Iarraim ar an Aire Stáit nuair a bheidh an triúr ball eile á cheapadh aige machnamh a dhéanamh ar Ghaeltachtaí beaga cosúil le hiar-dheisceart Thír Chonaill má bhíonn siad fágtha gan ball tofa taréis an toghcháin.

An dara athrú mór atá le cur i bhfeidhm ná an Coiste Meastóireachta atá le cur ar bun. Níl fhios agam conas a oibreoidh sin. Go dtí seo nuair a bhí monarcha mór agus deontas níos mó ná milliún punt i gceist chaithfeadh sé dul thart ar na ranna rialtais uilig, filleadh ar an Aire agus fanacht ansin le cead an Aire. Níl fhios agam cad é an ról a bheidh ag an Aire as seo amach. An é an Coiste Meastóireachta a dhéanfaidh an cinneadh feasta? An ndéanfaidh an coiste cinneadh taréis dul i gcomhairle leis an Aire? An mbeidh teora leis an méid gur féidir leo a scríobh amach i seiceanna? Cad é an srian a bheidh ar an gCoiste Meastóireachta? Tá fhios agam go bhfuil srian ar an Aire. Tá teora leis an chiste atá ag Roinn na Gaeltachta agus ag an údarás. Tá sé iontach tábhachtach go mbeadh ionadaíocht láidir ag an Údarás ar an gCoiste Meastóireachta. Ní bheadh an oiread sin muiníne agam as na daoine eile ón méid a chonaic muid go dtí seo. Seans ar ndóigh go ndéanfaidh siad níos mó don Ghaeltacht ná mar a rinne siad go dtí seo.

Ba mhaith linn míniú a fháil ón Aire Stáit maidir le cad tá le tárlú. An mbeimid ag braith ar an Choiste Meastóireachta nó an dtiocfaidh sé sa deireadh go dtí an tAire agus go dtí an Rialtas?

An tríú athrú mór atá sa Bhille ná na coistí réigiúnacha atá le bunú. Tá coistí réigiúnacha ann cheana féin agus ceann i dTír Chonaill. Ceathrar ball atá air idir bhaill tofa agus bhaill ainmnithe. Is dócha go bhfuil an rud céanna ann san iarthar agus sa deisceart. Is dócha gurb é an t-aon athrú anseo ná go bhfuil siad á gcur ar bhonn reachtúil Bhí siad ad hoc go dtí seo. Is iomaí tionscal beag a bhíodh i dTír Chonaill agus gan mórán suime ag daoine ó Ghaeltacht eile iontu ach amháin chun a rá dá bhféadfadh duine i dTír Chonaill deontas a fháil chuige seo cén fáth nach bhféadfadh duine ó Ghaeltacht eile deontas a fháil? B'fhéidir go mbíonn siad ag foghlaim óna chéile.

Bimid i gcomhnaí ag caint faoi chumhachtaí breise a thabhairt don údarás agus cur isteach níos mó a thabhairt dóibh ar chúrsaí turasóireachta. Tá go leor le tabhairt ag na Gaeltachtaí don turasóireacht. Tá na radharcanna is áille sa tír sa Ghaeltacht idir shléibhte, fharraige, aibhneacha agus locha agus tá an turasóireacht cultúrtha ceangailte leis an cheol agus leis an teanga agus mar sin de. Ba chóir go mbeadh siad sin go léir á gcur chun cinn ag an údarás agus is mór an trua nach bhfuil tagairt ar bith do sin sa Bhille.

Tá tionsclaíocht sa Ghaeltacht ag brath go mór ar infrastructure nó ar chúrsaí cumarsáide. Tá feabhas mór tagtha ag chúrsaí teileachumarsáide ó bunaíodh an túdarás 20 bliain ó shin. Chun teangbháil a dhéanamh le Baile átha Cliath cheana bhí ort dul trí Ghaobh Dobhair, Leitir Cheanainn, Sligeach, Gaillimh agus Nua Eabhrach fiú, gnó a ghlacfadh an lá ar fad.

Ach tá fhios agam go dtuigeann an tAire Stáit go maith go bhfuil easnamh mór ó thaobh infrastruchtúir de maidir leis na bóithre, séarachas agus mar sin de i mo cheantar féin.

Níl ach cúig nóiméad fágtha ag an Teachta.

Tá mé chun sin a thabhairt do mo chara, an Teachta Creed.

Fógraíodh go bhfuil monarcha eile – Dia-Norm Teo i nGaoth Dobhair – le dúnadh go luath agus caillfear go leor post dá bharr.

Tá gá mór le feabhas a chur ar an infrastruchtúr ar bhealach Chúl an Eargail. Tuigeann an tAire Stáit an fhadhb agus tá súil agam go mbeidh tacaíocht le fáil aige sin ón rialtas nuair a bheidh an chéad airgead eile á roinnt amach roimh dheireadh na bliana.

Is oth liom nach bhfuil mo chuid Gaeilge chomh líofa is atá Gaeilge na ndaoine eile a labhair ar an mBille tráthnóna agus mar sin beidh mé ag caint beagán as Gaeilge agus as Bearla freisin. Caithfidh mé ar dtús mo bhuíochas a ghabháil leis an Teachta McGinley as a chuid ama a roinnt liom.

Fáiltím roimh an Bille agus aontaím leis an chuid is mó atá ann. Ach tá mé mí-shásta faoi nach bhfuil sa Bhille. Tá neart fadhbanna ag daoine a bhfuil comhnaí orthu sa Ghaeltacht agus tá eolas maith agam ar na fadhbanna sin mar tá Gaeltacht Mhúscraí i mo Dháilcheantar féin. Tá obair iontach déanta ag Mícheál Ó Scanaill atá ina bhall tofa ar bhord an údaráis ón gceantar sin.

Tá súil agam go bhfuil a fhios ag an Aire Stáit go bhfuil an-chuid daoine ag obair anois sna monarchana i mBaile Bhúirne agus i gCúil Aodha. Ba mhaith an rud é freisin go mbeadh daoine ag obair sa mhonarcha atá díomhaoin i mBéal Átha an Ghaorthaidh le cúpla mí anuas. Tá a fhios agam freisin go raibh Mícheál Ó Scanaill ag iarraidh tacaíochta ón rialtas chun Coláiste Íosagáin i mBaile Mhúirne a cheannach thart ar bhliain ó shin. Tá a lán deiseanna ann chun rud éigin iontach a dhéanamh leis an áit.

I agree with most of the reforms contained in the Bill. However, I am disappointed by what is not in the Bill. Deputy Kenny referred to the fact that the primary reason for the establishment of Údarás was to preserve the language and culture of Gaeltacht regions. While it has been an economic success, by and large, in terms of attracting investment to those areas, questions must be raised about its achievements in respect of preserving and fostering the Irish language and culture as a living culture. I have some criticisms to make in that regard.

A very simple matter which came to my attention some time ago – and I know the Minister of State is familiar with this problem – is the problem of Gaeltacht primary schools relative to gaelscoileanna. I raised this matter on the Adjournment four or five months ago and I was promised the Minister for Education would make an announcement on the matter imminently. I thought the intent was to announce that Gaeltacht primary schools would not lose their additional teacher until they reached the staffing schedule that applies to gaelscoileanna. Unfortunately, the Minister had not agreed to that yet. It is very disappointing because a number of Gaeltacht schools have lost teachers for the current academic year.

I am particularly concerned, given the division of the country into areas with and without Objective One status, that there is nothing in the Bill that recognises the difficulties which will be faced by regions without Objective One status, particularly the more peripheral Gaeltacht regions, in their endeavours to attract new industry. How is Údarás na Gaeltachta, as an industrial development agency, going to attract inward investment to areas without Objective One status if it is offering a two tier system of grant aid? In regard to the Gaeltacht areas without Objective One status, we are, to an extent, rearranging the deckchairs on the Titanic because, without making a significant Exchequer fund available to them to attract additional inward or international mobile investment, the ability of these areas to create employment opportunities will, over a period of years, decline significantly.

I also wish to raise the issue of the manner in which the Gaeltacht housing grants are administered. It is ridiculous that we do not recognise the de facto situation on the ground, where someone from the Gaeltacht marries someone from outside the Gaeltacht. One is fluent in Irish and committed to it, while the other moves to the Gaeltacht. The inspector might inspect the fluency in Irish of only one member of the household, who may be married or cohabiting. The Gaeltacht grant is denied because only one member of the household is fluent in Irish. That is a simple administrative matter which means a loss of £4,000 to applicants for Gaeltacht grants who are disqualified for that reason. Some discretion is called for in that regard.

Ba mhaith liomsa fáiltiú roimh an mBille seo freisin. Na Teachtaí a labhair go dtí seo, tá Gaeltacht acu ina nDáilcheantar. Ainneoin gur tógadh mé sa Ghalltacht agus gurb ann atá mo Dháilcheantar, ba mhaith liom labhairt ar an mBille seo mar creidim go bhfuil todhchaí na Gaeilge ag brath ar thodhchaí na Gaeltachta. Sa mhéid seo, tá an-obair déanta go dtí seo ag Údarás na Gaeltachta chun an Ghaeltacht a choimeád beo agus daoine a choimeád ag obair ann agus an cur na Gaeilge chun cinn. Fáiltím roimh an mBille seo chun an t-údarás a dhaingniú agus a láidriú.

Leis an mBille seo, beidh an t-údarás i bhfad níos daonlathaí. Ba mhaith go seasfadh mná agus daoine óga sna toghcháin atá le teacht. De réir mar a thuigim níl ach bean amháin tofa ar an údarás – Connie Uí Fhatharta – agus is sárbhean í ach ní leor bean amháin. Ní mór daoine nua a mhealladh isteach san údarás mar beidh cumhachtaí nua ag daoine chun a gceantair féin a fhorbairt.

Fáiltím roimh an ionadaíocht nua a thabharfaidh guth ar an mbord do na Gaeltachtaí ar fad. Go stairiúil, ní raibh ach na Gaeltachtaí móra le feiceáil ar an údarás ach beidh mé ag súil anois le daoine a fheiceáil air ó Ráth Cairn agus ón Rinn agus breis daoine ó Chiarraí, mar a bhfuil mo chroí Gaeilge féin.

Neartóidh sé seo na Gaeltachtaí beaga mar beidh níos mó cumhachta acu tionscal a fháil dá gceantar féin agus daoine a choimeád ann dá bharr chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá ról ag an údarás leas na Gaeltachta a dhéanamh. Ról leathan é sin agus ról dúshlánach. Caithfidh siad eacnamaíocht na Gaeltachta a fhorbairt agus fostaíocht a chruthú maraon le cultúr agus teanga sainiúil na Gaeltachta a shlánú. Tá sé de dhualgas ar an údarás stádas na Gaeilge mar theanga phobail i ngach Gaeltacht, idir mhór agus bheag, a chinntiú. Tá sé an-deacair d'aon bhord.

Faoi gach ceann de na ceannteidil sin, tá an-chuid bainte amach ag an údarás. Dúirt an tAire Stáit go bhfuil breis is 8,000 dhuine fostaithe anois sa Ghaeltacht i bpoist lánaimseartha a chruthaigh an t-údarás. Tá breis 3,000 dhuine fostaithe ann go páirtaimseartha. Nuair a fhéachtar an mbliain seo caite, chruthaigh an t-údarás breis is 1,300 post. Sin an treo ceart mar tá siad san iomaíocht le háiteanna eile. Tá na Gaeltachtaí iargúlta agus tá sé deacair tionscail a mhealladh isteach iontu. Bhíodh sé níos fusa tionscail a mhealladh go Conamara ná go haon áit eile toisc go raibh sé cóngach do chathair na Gaillimhe. Ba mhaith go gcuirfí béim amach anseo ar thionscail a mhealladh go Ciarraí, go Dún na nGall agus go Muigh Eo, go háirithe chuig áiteanna iargúlta.

Is í an fhostaíocht a mheallfaidh daoine chun fanacht sa Ghaeltacht. Bhí me an-bhuartha mo chomhTheachtaí a chlos á ra go bhfuil siadsan buartha faoi staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Bhí mise ag ceapadh go raibh an Ghaeilge ag dul i nirt i mBaile Átha Cliath chun cur leis an nGaeilge láidir sa Ghaeltacht. Is ábhár éadóchais a chlos go bhfuil an Ghaeilge i mbaol sa Ghaeltacht. Ainneoin aon todhchaí atá i ndán don Ghaeilge i mBaile Átha Cliath, ní mhairfidh an teanga má gheibheann sí bás sa Ghaeltacht. Caithfidh an tAire Stáit mar Aire Gaeilge chomh maith le hAire Gaeltachta dul i gcomhar leis na hAirí eile féachaint an bhfuil an chabhair atá ag teastáil d'fhostaíocht, do na scoileanna, don infrastruchtúr agus chuile rud eile sa Ghaeltacht á fháil acu.

Aithním an obair atá déanta ag an údarás ó thaobh an chultúir agus ó thaobh na teanga. Luadh féilte agus áisitheoirí ealaíon agus comórtais litríochta ach an leor sin má tá an Ghaeilge i mbaol?

Tá sé de dhualgas ar an údarás an Ghaeilge a chinntiú ach tá an Ghaeilge ag brath ar na daoine óga atá á dtógáil sna Gaeltachtaí. Molaim an méid atá déanta do na clubanna óige agus do na naíonraí ach ba mhaith liom níos mó infheistíochta a fheiceáil á dhéanamh sna grúpaí sin.

Debate adjourned.
Barr
Roinn