Pádraic McCormack
Ceist:706 D'fhiafraigh Mr. McCormack den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an féidir an riail a athrú maidir leis an deontas Gaeltachta le haghaidh teach a dheisiú go háirithe do sheandaoine atá ina gcónaí leo féin agus a bheadh feiliúnach le hagaidh deontais eile cé go bhfuair siad deontas cheana féin i rith na seacht mbliana roimhe sin; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [17378/99]