Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999 [ Seanad ] : Second Stage (Resumed).

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Agus mé ag caint aréir ar an ábhar seo bhí me buartha mar gheall ar staid na Gaeilge sna Gaeltachtaí tar éis a bheith ag éisteachtaí le mo chomhTheachtaí ó cheantair Ghaeltachta. Ní cheart dom cloí leis an meon sin mar tá an Ghaeilge á cur chun cinn go forleathan ar fud na tíre agus sa Ghaeltacht féin. An tslí is fearr leis an Ghaeilge a chinntiú in aon áit ná díriú ar na daoine óga agus cloistear dom go bhfuil an t-údarás ag tabhairt cúnaimh do bhreis is 80 naíonra Gaeltachta. Bíonn tuismitheoirí sa Ghaeltacht a mbíonn Gaeilge lag ag duine den lanúin agus cabhraíonn na naíonraí leo siúd.

Ní maith liom a chlos go bhfuil idirdhealú á dhéanamh idir ghaelscoileanna na tíre agus na scoileanna Gaeltachta. Ba chóir go bhfaigheadh gach scoil atá ag teagasc trí Ghaeilge na hacmhainní céanna ón Roinn agus ba mhaith go bhféachfadh an tAire chuige nach mbeadh aon idirdhealú ann in ainneoin go bhfuil ainmneacha difriúla orthu.

Dírím freisin ar chlubanna óige Gaeltachta a bhfuil sé an-deacair orthu oifigigh agus oibrithe eile deonacha a fháil. Bíonn siad ag brath ar obair dheonach agus ba chóir cúnamh airgid a thabhairt dóibh chun áiseanna cearta a cheannach agus daoine a fháil ó FhÁS más gá. Tá cuid de na clubanna seo in áiteanna iargúlta agus tá sé deacair ar dhaoine cónaí ina leithéid d'áiteanna. Ní haon ionadh go n-imíonn daoine go minic as áiteanna dá leithéid chomh luath agus a bhíonn oideachas orthu. Sin ról dúshlánach don údarás agus don Aire agus d'aon duine atá ag déileáil le daoine óga sna Gaeltachtaí.

Maidir le cúrsaí oideachais do pháistí Gaeltachta, tá Conamara faoi bhuntáiste de bhrí go bhfuil cathair na Gaillimhe sách cóngarach dóibh agus is féidir leo cúrsaí a dhéanamh ansin trí mheán na Gaeilge. Ní hamhlaidh i nGaeltachtaí eile agus tá sé deacair daoine óga a choimeád sna Gaeltachtaí eile muna bhfuil fostaíocht ann dóibh.

Aithním go bhfuil an t-údarás an-mhisniúil agus go bhfuil athrú dearcthaidh tagtha orthu ó bunaíodh iad. Ní fada ó bhí an fheirmeoireacht agus an fheirmeoireacht éisc mar bhunchloch ag eacnamaíocht na Gaeltachta ach i láthair na huaire is é an innealltóireacht leictreonach atá tagtha ina áit. Tá céimeanna á bhaint amach ag daoine óga na Gaeltacht sna tionscail hi-tech agus ba mhaith an t-údarás ag díriú ar mhonarchana den tsórt sin a mhealladh isteach sa Ghaeltacht, monarchana nach mbeadh ag brath ar infrastruchtúr chomh mór sin ach ar scileanna an aosa óig.

Nuair atáthar ag iarraidh tionsclóirí a mhealladh go dtí áit ar bith sa tír seo, caithfear dul sa tseans uaireanta. Chuaigh an t-údarás sa tseans go minic agus theip orthu anois is arís agus tá moladh ag dul dóibh as dul sa tseans.

Aithním go bhfuil dearcadh idirnáisiúnta ag an údarás agus go bhfuil oifig acu sa Bhruiséil maraon le ceangail láidir leis an Bhreatain Bheag agus Alba. Is féidir le tíortha beaga le teangacha neamhfhorleathana cabhrú lena chéile ar an dóigh seo.

Ba mhaith liom dearcadh náisiúnta níos fearr a bheith ag Údarás na Gaeltachta agus go mbeadh comhoibriú ann idir na heagrais éagsúla atá ag obair ar son na Gaeilge, eagrais ar nós Gael-Linn, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus grúpaí nach iad. Maím toisc go bhfuilim ar bhord Gael-Linn gur eagraíodh Gael-Linn comórtas spóirt do dhaoine óga na Gaeltachta. Tháinig siad le chéile i Ráth Cairn agus b'in slí amháin chun comhoibriú a chur ar bun idir na heagrais. Ní chóir go mbeadh pobail Ghaeltachta scartha amach ó phobail Ghaeltachta eile mar is sa teacht le chéile a fhaightear léargas ar bheocht na Gaeltachta iomláin agus ar an uimhir mhór daoine atá sásta Gaeilge a labhairt.

An t-aon chur amach atá agam ar na Gaeltachtaí agus ar an údarás ná ó Theilifís na Gaeilge agus ó Raidió na Gaeltachta. Gan fís phleanála agus bheartais dearfa ag an údarás, ní bheadh an rath céanna ar TG4, mar a thugtar air anois. Nó ní sa Ghaeltacht a bheadh formhór na bpost ar ardchaighdeán atá curtha ar fáil ag TG4. Bhíothas ag caint ar chainéal teilifíse Gaeilge a bhunú leis na blianta ach b'iad an t-údarás a rinne an gníomh agus bhí sé de mhisneach acu dul sa tseans leis. Chuir siad bunús ciallmhar faoin díospóireacht maidir le costas, bonneagar agus eile agus gan amhras fuair siad cuidiú ó gach páirtí san Oireachtas.

Aithním go bhfuil an t-údarás ag obair i TG4 le FÁS agus le RTÉ agus molaim an tslí ar cruthaíodh 250 post do dhaoine le hardscileanna sa Ghaeltacht san earnáil seo agus an chosúlacht air go rachaidh sé i méid.

Aon uair a mbím ag caint ar Raidió na Gaeltacht buailim le daoine i mó Dháilcheantar féin i nDún Laoghaire a bhíonn ag éisteacht leis. Tá líon mór daoine ar fud na tíre a éisteann leis do na sárchláir a bhíonn á gcraoladh acu. Tá siad ag sábháil ní amháin na Gaeilge ach scéalaíocht agus samhlaíocht na Gaeilge freisin. Is acmhainní luachmhara iad seo.

Is cinnte go bhfuil a luach ag dul i méid agus tá súil agam go mbeidh na stáisiúin seo agus gach aon duine eile in ann cabhrú lena chéile chun go mbeidh todhchaí ann don Ghaeilge.

Is as cúlra Galltachta domsa agus déanaim mo chuid ar son na Gaeilge. Ach bheinn an-éadóchasach do thodhchaí na teanga má théann an Ghaeilge i léig sna Gaeltachtaí. Sin an fáth go bhfuil an t-údarás chomh tábhachtach sin, chun cuidiú leo siúd atá chomh báúil sin leis an teanga.

An grúpa is fearr chun cabhrú leo ná Roinn an Aire Stáit mar is acu siúd atá an chumhacht is mó. Molaim an obair atá déanta go dtí seo ar son na Gaeltachta agus ar son na n-oileán ach tá i bhfad níos mó comhoibrithe ag teastáil idir na ranna éagsúla – oideachas, tionscail, Gaeltachta.

Nílimid ag caint faoi dhílárú ach faoin saibhreas is mó atá againn sa tír seo, ár dteanga, an Ghaeilge.

(Dublin West): Baineann an Bille seo le socruithe maidir le struchtúir Údarás na Gaeltachta agus cúrsaí toghchánaíochta agus tá sé go breá chomh fada agus a théann sé. An rud is tábhachtaí áfach ná conas tabhairt faoi na fadhbanna móra atá ag Gaeltachtaí inniu de bharr an brú millteanach atá orthu maidir le teanga agus gnéithe eile den chultúr.

Tá gá le smaoineamh nua a dhéanamh i dtaobh na bhfadhbanna seo agus táimid ag brath ar an Roinn agus ar an Aire teacht chun cinn le smaointe nua chun seasamh agus tabhairt faoin dúshlán atá ann. Tá teanga ársa againn sa tír seo a bhfuil corp mór amhránaíochta agus filíochta agus cultúir ag baint lei. Tá áilleacht thar cuimse ag baint lei freisin ach níl sí á labhairt ag formhór mhuintir na tíre faoi láthair. Mar sin tá sí á fágáil chun deiridh de réir mar a théann cúrsaí teicneolaíochta, cumarsáide agus eolaíochta chun cinn – mar a théann saol an lae inniu chun cinn. Fágann sin fadhb uafásach don Ghaoluinn maidir le gnáthshaol na tíre. Chímid go bhfuil an domhan uilig ag dul i laghad ar shlite áirithe: tá teangacha móra an domhain ag dul i bhfeidhm ar shlite áirithe ar níos mó daoine agus an Béarla ina measc. Tá brú millteanach ar chainteoirí dúchasacha Gaeilge ón mBearla i láthair na huaire agus go mór mór ar an aos óg Gaeltachta. Má cuimhnímid ar an oiread sin de na meáin chumarsáide atá ag dul isteach sa Ghaeltacht gach lá i mBéarla ar ndóigh, is féidir linn a thuiscint an tionchar rí-mhór atá ag na meáin ar an aos óg ansin ach go háirithe. Ní dóigh liom go mbeidh an Ghaeilge á labhairt mar ghnáth-theanga sa tír seo riamh arís ag tromlach nó ag an daonra iomlán. Tá stair na tíre agus meáchan mór eacnamaíochta an domhain ina aghaidh sin.

Ach dá mba rud é dá gcaillfí an teanga mar theanga labhartha i measc mhionlach den daonra – agus is mionlach atá ann i láthair na huaire – is tragóid uafásach a bheadh ann. Ach tá an dainséar ann gur sin mar a tharlóidh amach anseo. Ní ceart go dtarlódh ach tá an dainséar ann. Nuair a chailltear feithid nó planda atá gann ar dhromchla an domhain is tragóid é. Dá gcaillfí uirlis chumarsáide mar an Ghaoluinn, a bhfuil na mílte bliana de stair shaibhir taobh thiar di, tragóid amach is amach a bheadh ann.

Ní féidir an tír seo a thuiscint gan eolas éigin a chur ar theanga stairiúil na tíre. Tá na mílte logainmneacha bunaithe ar an nGaeilge agus ní feidir ciall a bhaint as a n-ainmneacha gan an Ghaeilge.

Le bheith dearfa faoi, is dócha go mbeidh mionlach ann i gcónaí sa tír a bheas ag iarraidh eolas a bheith acu ar an nGaoluinn. Agus tá sé tábhachtach go bhfuil na gaelscoileanna ag dul ar aghaidh go maith agus go bhfuil an teanga ag daoine óga lasmuigh de na Gaeltachtaí agus iad sásta í a labhairt. Nílim i bhfách leis an Ghaeilge a bhrú síos scórnaigh an aosa óig ach caithfimid gach tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uathu eolas a chur ar an teanga agus do na hionaid sa tír ina bhfuil an Ghaeilge beo. Beidh tionchar mór ag an údarás nua ar an scéal seo agus beidh obair chrua rompu chun an tacaíocht chuí a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a chaomhnú.

Tá brú mór ar na limistéir Ghaeltachta i láthair na huaire agus dob fhéidir an brú sin a laghdú ar shlite áirithe. Cuireann sé isteach orm go bhfuil scéimeanna tithíochta samhraidh á gcur chun cinn ar fud na Gaeltachta – i gCorca Dhuibhne, mar shampla, mar ab as dom féinig – ag lucht gnó agus lucht forbartha.

Tá an-dainséar anseo go dtiocfaidh brú níos troime fós ar mhuintir na Gaeltacha má thugtar cead a gcinn dóibh siúd ar mian leo brabús mór a dhéanamh gan an dochar a bheadh á dhéanamh acu do chultúr na Gaeltachta á chur san áireamh acu. Deirim é sin mar shóisialach agus mar idirnáisiúnaí. Ní ceart go mbeadh an meon againn go bhfuil an Ghaeilge níos fearr ná aon teanga nó aon chultúr eile. Ach tá an oiread sin brú ag teacht ón taobh amuigh go bhfuil sé ceart agus cóir go dtabharfaí gach tacaíocht dóibh siúd atá ag iarraidh an teanga a chaomhnú.

Má chiallaíonn sé sin srian a chur le saghasanna áirithe forbartha sa Ghaeltacht ba chóir go ndéanfaí amhlaidh.

Fadhb mór eile i nGaeltacht Chorca Dhuibhne faoi láthair – agus teastaíonn uaim é a rá agus an tAire Stáit anseo – ná todhchaí an Bhlaoscaoid Mhóir. Nuair a ritheadh Acht tríd an Dáil chun páirc náisiúnta a chruthú ar an mBlascaod Mór, cheapamar go raibh éacht déanta agus go raibh obair iontach Fhondúireacht an Bhlascaoid tugtha chun críche. Bhí daoine tar éis a ndícheall a dhéanamh chun an t-oileán a chaomhnú mar ionad oidhreachta agus cultúrtha agus mar pháirc náisiúnta stairiúil. Ach níor chuireamar san áireamh ag an am an craos airgid ag mionlach bheag a thug faoin Acht seo a scrios. Agus faraor gur éirigh leo sa Chúirt Uachtarach le déanaí. Is é atá i gceist anois go bhfuil leas triúr nó ceathra curtha roimis leas na tíre, na Gaeltachta agus Chorca Dhuibhne ach go háirithe. Tá cead a gcinn tugtha do thriúr nó ceathrar a dteastaíonn uathu brabús mór a dhéanamh as an oileán. Muna ndéanann an Rialtas rud éigin dearfa go luath fágfar an t-oileán faoi lucht speiciléireachta agus scannal amach is amach a bheadh ann.

Is seod rí-luachmhar atá sa Bhlascaod Mhór ó thaobh áilleacht na háite ar ndóigh ach freisin ó thaobh na litríochta agus an chultúir atá ag baint leis. Tá iontas oibre ag an bhFondúireacht agus acu siúd a thug tacaíocht dó agus is breá an rud dul isteach go dtí Ionad na Fondúireachta agus a fheiscint ansin, pictiúir, stair agus scéalta an oileáin. Mar a dúirt an Criomhthánach, Ní bheidh a leithéid arís ann. Dúirt George Thomson, scoláire a raibh an-suim aige sa Bhlascaod gur sampla an-déanach sa stair a bhí ann ar an saol réamhchaipitleach. Níor tharla a leithéid in áit ar bith eile sa domhan gur eascair an méid sin litríochta as áit bheag. Ba mhaith go nglacfadh an tAire Stáit an seans chun a rá cad é go cruinn atá beartaithe ag an Rialtas a dhéanamh faoin scéal seo. Tá súil agam go léifidh an Rialtas cuid de na bunspriocanna a bhí le hAcht 1989 chun páirc stairiúil a dhéanamh ar an mBlascaod Mór mar is sárobair atá i gcuid de na haltanna. "Déanfaidh na Coimisinéirí a bheidh i bhfeighil ar an pháirc náisiúnta an pháirc a bhainistiú, a chothú agus a rialú, a chosaint agus a fhorbairt mar pháirc a bhainfidh an pobal úsáid agus tairbhe aisti agus ina gcaomhnófar agus ina léireofar oidhreacht stairiúil, cultúr, traidisiún agus luachanna an oileáin agus a áitritheoirí agus ina ndéanfar flora, fauna agus tírdhreach an oileáin a chosaint. Agus cothóidh siad chomh maith agus cuirfidh siad chun cinn úsáid na páirce ag am bpobal mar ionad cultúir, oideachais, fóillíochta agus caithimh aimsire. Agus cothóidh siad agus cuirfidh siad chun cinn úsáid na Gaoluinne, tuiscint don oidhreacht náisiúnta agus mórtas aisti agus staidéar ar an oileán sin agus ar stair, oidhreacht, cultúr, béaloideas agus luachanna an oileáin agus a áitritheoirí agus féachfaidh siad le sainghnéithe traidisiúnta an oileáin a chaomhnú."

Teastaíonn sé sin ó gach duine sa Ghaeltacht agus ó fhormhór mhuintir na tíre agus tá an dualgas ar an Rialtas rud éigin a dhéanamh go han-tapa faoi seo. Chuir mé ceist ar an Taoiseach ar an maidir ar an ábhar seo agus ní bhfuair mé freagra deimhneach uaidh ar cad atá in aigne an Rialtais. Dúirt sé go raibh an Rialtas chun staidéar a dhéanamh ar an méid a tháinig as an gCúirt Uachtarach agus glacaim leis sin. Ach ba cheart go mbeadh an Rialtas sásta a rá lom díreach ó thaobh prionsabail de, nach bhfuil siad sásta an seod luachmhar seo a ligean le lucht speiciléireachta chun é a scrios, b'fhéidir, nó ar a laghad nach ndéanfar forbairt ar an oileán ó thaobh ionad oidhreachta de, mar ba chuí.

Ba mhaith liom freagra a fháil ón Aire Stáit an bhfuil sé i gceist ag an Rialtas leasú a thabhairt chun cinn chun gur féidir Acht 1989 a leasú ionas gur féidir dul ar aghaidh le páirc náisiúnta a chruthú ar an mBlascaod. Má tá glactha ag an Rialtas leis an bprionsabal sin, titfidh gach rud eile ina áit diaidh ar ndiaidh. Ach ba chóir a rá le muintir Chorca Dhuibhne agus leis an mhuintir eile ar fud na tíre atá buartha faoin scéal seo, agus rogha a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh airgead a dhéanamh as an oileán, go bhfuil sé ar intinn ag an Rialtas an t-oileán a chaomhnú mar ionad oidhreachta agus cultúrtha. Tá sé seo mar chuid den méid atá le déanamh ó thaobh cultúr agus teanga na Gaoluinne a chaomhnú agus tacú lei sa tír seo.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Teachta ón iarthar mé agus cé nach bhfuil Gaeltacht i mó Dháilcheantar agam, tá suim ag muintir an Dáilcheantair sin sa Ghaeilge. Tá a lán gaelscoileanna ann.

Is ceart féachaint ar struchtúr na n-údarás agus ar ndóigh beidh dúshláin os a chomhair sna blianta amach romhainn. Tá a lán bainte amach aige ó bunaíodh é fiche bliain ó shin i mí Eanáir 1980 le 13 chomhalta ar an mbord – seachtar á dtoghadh go daonlathach ag pobal na Gaeltachta agus seisear á ainmniú ag an Aire. Is struchtúr maith atá ann faoi láthair, struchtúr nach bhfuil ag aon bhord Stáit eile.

I 1980 bhí níos mó ná 4,000 dhuine fostaithe sa Ghaeltacht ach faoi thús na bliana seo bhí breis is 8,000 fostaithe ann go lánaimseartha i bpoist a fuair cúnamh ón údarás.

Tá an tionscail closamhairc sa Ghaeltacht ag soláthar cláir den scoth do TG4 cosúil le Ros na Rún a bhfuil an-tóir ag an bpobal air.

Fáiltím roimh an straitéis atá ag an údarás agus dá bharr tá fás ag teacht ar thograí Gaeltachta ar nós an phróiseáil éisc agus an fheirmeoireacht agus forbairt aerseirbhísí. Ba mhaith comhghairdeas a rá leis an Aire Stáit as na forbairtí sin agus as ucht airgead a fháil do bhóithre agus do chéibheanna na Gaeltachta.

Uaireanta bíonn saghas éad orainn i nGaillimh Thoir ag féachaint ar an bhforbairt mhór seo sa Ghaeltacht nuair nach bhfuil an fhorbairt chéanna á dhéanamh ar bhailte bheaga taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá díomá orm nach bhfuil bord Stáit cosúil leis an údarás ag plé leis na háiteanna iargúlta go léir. Tá súil agam go mbeidh an Western Development Commission in ann an rud céanna a dhéanamh taobh amuigh den Ghaeltacht. I nDáilcheantar an Chláir, Luimnigh agus Chiarraí tá SFADCO ag déanamh jab iontach sna contaetha sin agus caithfimid an rud céanna a dhéanamh san iarthar.

Ba mhaith liom comhghairdeas a rá leis an údarás as ucht an cúnamh atá á thabhairt acu chun an Ghaeilge a chaomhnú go háirithe i gcás clubanna óige agus féilte áitiúla. Tá a fhios agam go bhfuil cabhair tugtha acu freisin do na ceardchumainn agus do na tionscail nua turasóireacht chultúrtha.

Cé go bhfuil níos mó ná 8,000 dhuine fostaithe sa Ghaeltacht, tá bailte beaga ann nach bhfuil ag fás. Tá a fhios againn go léir má fhágann daoine an Ghaeltacht go mbeidh sé níos deacra an Ghaeilge a chaomhnú. Tá tarraingt mhór chuig na cathracha: tá méadú mór tar éis teacht ar dhaonra chathair na Gaillimhe agus déanfar an-dochar don Ghaeilge má imíonn an iomarca daoine isteach ann ón nGaeltacht.

Inné luadh an Council for the West agus an bhéim atá ar na bailte móra a chaomhnú agus a fhorbairt. Luadh Gaillimh agus Litir Ceanainn mar dhá bhaile mór ar chóir níos mó forbartha a dhéanamh air de réir tuairisc ón ESRI agus ní aontaím leis sin.

Tréaslaím leis an Aire as ucht an t-údarás a leathnú. Faoi láthair tá 13 chomhalta ar bhord an údaráis agus faoin mBille seo is fiche comhalta a bheas air. Beidh seans ag na Gaeltachtaí beaga duine a thoghadh ar an mbord – toghfar 17 den líon sin agus ceapfaidh an tAire an triúr eile. Tá líon na dtoghlach don údarás á mhéadú ó thrí cinn go dtí seacht gcinn, sé sin toghlach ar leith i ngach contae ina bhfuil limistéar Gaeltachta. Mar sin beidh ionadaí ag Gaeltacht na Rinne agus ag Gaeltacht na Mí ar bhord an údaráis feasta. Beidh deis mhaith ag ceantair bheaga Gaeltachta sna mórchontaetha Gaeltachta ionadaí a thoghadh chomh maith. Mar a dúirt an tAire Stáit, bhíodh na Gaeltachtaí beaga ag gearán nach mbíodh ionadaí acu ar an údarás.

Rinne an tAire Stáit tagairt freisin don ról atá aige agus ag an Roinn agus ba mhaith liom fáilte a chur roimh an Coiste Meastóireachta a luaigh an tAire Stáit. Déanfaidh an Coiste Meastóireachta scrúdú ar thograí a chuirfear faoi bhráid an Aire faoi láthair agus déanfaidh siad moltaí ina leith. Don chéad uair riamh beidh an coiste sin ar bhonn reachtúil.

Caithfidh an toghchán a bheith ann roimh an 9ú Nollaig agus mar is eol don Teachta táthar ag gearán go mbeidh toghchán ann i mí na Samhna. Ní bhíonn an t-am oiriúnach riamh do thoghchán ar ndóigh ach bhí orainn na toghcháin a chur ar ceal i mí an Mheithimh toisc na toghcháin eile a bhí ag tarlú ag an am. Bhí cúpla toghchán ann don Dáil i mí na Samhna agus i mí Eanáir agus Feabhra tríd na blianta agus bíonn gach toghchán deacair ar na hiarrthóirí agus ní dóigh liom sa chás seo gur féidir an toghchán a chur ar ceal arís. Guím gach rath ar na hiarrthóirí a bheas san iomaíocht agus tá súil agam go mbunófar údarás maith a dhéanfaidh sárobair do mhuintir na Gaeltachta.

Níorbh éasca don údarás thar na blianta. Bhí ganntanas airgid orthu go minic ach rinneadh infheistíocht chiallmhar i dtionscail agus clár gníomhaíochta á chur i bhfeidhm acu i ngach ceantar Gaeltachta anois. Is mór an obair atá déanta acu agus ag an Aire.

Is Bille gairid agus níl aon rud réamhlóideach ann. Baineann sé le córas toghchánaíochta an údaráis agus leis sin amháin.

Ag smaoineamh ar an méid a bhí geallta maidir le leasú an údaráis bhí mé ag cur cúpla ceist orm féin. Is cuimhin liom nuair a bhí cúram an údaráis orm féin mar Aire go gcuirfeadh an tAire Stáit ceisteanna orm maidir le cumhachtaí agus feidhmeanna an údaráis. Ina dhiaidh sin, tharla go raibh díospóireacht againn ar an gcóras institiúideach a ba chóir agus a ba chuí i leith cúrsaí na hEorpa agus i leith cúrsaí réigiúnda ach go háirithe. Is iontach an rud gur deineadh dearmad glan ar an údarás mar b'é an t-aon údarás amháin a raibh cuma réigiúnach air agus a bhí in oiriúint chun athrú go dtí córas ceart. Níl tada sa Bhille seo maidir le haon leasú fiúntach ar chumhachtaí an údaráis. Ó thaobh alt 9 den Phríomh-Acht, níl na hathruithe le feiscint.

Tá sé suimiúil gur deineadh dearmad glan ar an údarás nuair a bhí an rí-rá ar siúl mar gheall ar dheimhniú na réigiún don Eoraip. Tháinig cúpla contae isteach chun cur le limistéar an údaráis agus ní raibh bac ar bith ar an Rialtas é sin a dhéanamh. Is féidir a fhoghlaim ón rud a tharla nach raibh tionchar ar bith ag Roinn an Aire Stáit ar thuairimíocht an Roinn Airgeadais. Chuir sé sin as go mór dóibh siúd a bhí ag plé leis an údarás agus aontaím go bhfuil obair mhaith déanta acu.

Is beag nár cuireadh deireadh leis an údarás sa bhliain 1981-2 nuair a bhí mé féin díreach tar éis teacht isteach sa Teach seo. Bhí rún os comhair an Tí an t-údarás a scor. Éalaíodh as nuair a mhol mé go mbeadh an t-údarás freagrach don coiste de na heagrais Stáit agus leath-Stáit agus glacadh leis sin.

Leag an tAire Stáit an-bhéim ar na coistí réigiúnacha atá taobh istigh den údarás. Má léann sé an méid atá sa Roinn tuigfidh sé na gearáin a tháinig isteach ón struchtúr sin. Deir an tAire Stáit go bhfuil siad ag obair go sásúil anois ach is cuimhin liom cás amháin nuair a thóg fo-choiste de dhuine amháin cinneadh infheistíochta áirithe.

Ach má bhreathnaíonn tú ar an mBille tá an chontúirt sin luaite agus tá an Bille ag freagairt don chontúirt sin.

Tá áthas orm go bhfuilim ag díriú ar nithe atá níos conspóidí ná mar a dúirt an tAire Stáit nuair a bhí sé ag caint inné.

Tá athruithe i gceist ar struchtúr toghchánaíochta an údaráis amach anseo. Bhí roghanna eile ag an Aire Stáit. Ba mhaith liom a bheith féaráilte agus smaoineamh ar na hóráidí atá tugtha aige ar an ábhar seo. Táimid ar aon intinn faoi mhórán rudaí ach is dóigh gur luaigh sé uair amháin gur mhaith an rud comhairle na gcoistí a bheith ann – federation – mar atá i bparóistí éagsúla sna Gaeltachtaí éagsúla agus go mbeadh an federation freagrach as polasaí a cheapadh agus measúnú a dhéanamh agus go mbeadh executive ann chun an obair a dhéanamh.

B'fhiú a leíriú an t-athrú meoin atá tagtha ar an Aire Stáit ón am ar smaoinigh sé mar sin.

Bhí sé de rogha aige freisin córas réigiúnach ceart a dhéanamh den údarás le cumhachtaí cuí. Phléigh muid é sin go minic ag cruinnithe poiblí nuair a bhíodh an tAire Stáit ag tabhairt amach faoin tionchar a bhí ag na boird sláinte agus ag na comhairlí contae ar na Gaeltachtaí agus chomh luath agus a gheobhadh sé féin an chumhacht chuige bheadh an tionchar malachtach sin á chur ar ceal. Bhí sé i ndáiríre agus bhí an ceart aige – ainmneacha daoine á aistriú go Béarla ag Bord Sláinte an Iarthair agus an chomhairle contae ann agus gan aon ró-shuim aige i gcúrsaí Gaeltachta. Ach tá dearmad déanta ar sin anois. Leanfaidh an chomhairle contae ar aghaidh ag plé le Gaeilgeoirí trí Bhéarla ach déarfaidh an tAire Stáit go bhfuil sé sin faoi chaibidil aige sa Bhille Teanga atá beartaithe aige don bhliain 2010 nó don tarna rialtas i ndiaidh an ceann seo. Sa ghearrthréimhse ní thiocfaidh aon athrú air.

Beidh an bainisteoir contae breá sásta leis an mBille seo. Bhí liosta fada ag an Aire Stáit de na nithe a ba chóir don údarás a dhéanamh – cumhachtaí éagsúla ag an údarás rudaí a mholadh agus a dhéanamh a bhaineann leis an gcomhairle contae – liosta a théann siar go dtí an t-am a raibh an Teachta Ó Maoildhia ag plé leis. Bhíothas ag tabhairt amach faoin mbóthar beag do Ché Ros a' Mhíl agus bhí an milleán ar an gcomhairle chontae. Bhí daoine ag rá nach raibh cumhacht go leor ar an údarás and nach dtógfadh sé ach athrú Rialtais le gach rud a chur ina cheart. Bíonn an tAire Stáit ag caint faoi chéanna. Tá cupla ceist le cur agam faoin chaoi ina bhfuil airgead á chaitheamh faoi láthair ar chéanna sa Ghaeltacht. B'fhéidir go dtiocfaidh mé ar ais má tá am agam chun an rud seo a phlé.

Cén fáth nach gcoinníonn an Teachta air, agus labhair faoi na céibheanna?

Ach ní bhaineann an reachtaíocht le haon athrú bunúsach i gcumhachtaí an údaráis. Ní dhéanann sé aon rud réabhlóideach ó thaobh ionadaíocht an údaráis ná aon athrú bunúsach ó thaobh cuspóirí réigiúnda de. B'fhéidir go bhfuil i bhfad níos mó dóchas ag an Aire Stáit – agus beidh misneach ag teastáil uaidh chomh maith – nuair atá sé ag caint faoin ionadaíocht a bheas ann. Léigh sé litir ó cheardcumann MSF a bhfuil an chuid is mó de na daoine atá fostaithe san údarás ina mbaill de. Bhí moltaí acusan; aontaím leo. Fuair mé litir ó dhuine amháin ina ndearna sé tagairt to chóras na gcontaetha agus don chaoi ina rinne sé scrios ar a lán de na Gaeltachtaí. Bheadh an ceardchumann sásta athrú a dhéanamh ar bhunstruchtúr an údaráis. Sin rud réabhlóideach. Ní hamhlaidh don Aire Stáit nó don Aire ach an oiread.

Is cuimhin liom plé le seo nuair a bhí mé féin ag tabhairt reachtaíocht os comhair an Tí seo, ó thaobh Radio Telefís Éireann agus luaigh me ionadaíocht na n-oibrithe sa reachtaíocht i leith an Chomhairle Oidhreachta. Níl sé deacair próisis a chur ar bun ionas go dtoghfaí ionadaí ó na hoibrithe atá ag obair san údarás. Níl sin sa Bhille ach an oiread. Luaitear cupla státseirbhíseach agus daoine ón earnáil phríobháideach, daoine a bhfuil taithí acu ar chursaí gnó. Ar ndóigh, beidh deifir mhór ar lucht gnó na laethanta seo chun bheith ainmnithe ar an údarás. Ach tá sé de cheart ag na hoibrithe bheith ar an údarás. Is iad san atá ag plé, ó lá go lá, leis an méid atá le déanamh agus ba chóir go mbeadh a n-ionadaíocht siúd luaite sa Bhille.

Beidh sé suimiúil féachaint cé hiad an triúr a ainmneoidh an tAire Stáit agus caithfidh mé píosa den arán a fháil. Tá tagairt ann do státseirbhíseach. Tá a fhios ag an domhan go n-oibríonn státseirbhísigh go dúthrachtach an t-am go léir agus go bhfuil suim acu i dtodhchaí na nGaeltachtaí, is cuma cén Rialtas atá ann, ach is fiú don Aire Stáit, agus freagra á thabhairt aige, léiriú dúinn cad a bhéas na státseirbhísigh ag déanamh dó ar an údarás. An mbeidh siad neamhspleách, an mbeidh siad ann mar ghnáthbhaill den údarás, an mbeidh seans acu rúin a mholadh nó cabhrú le rúin, dul i gcoinne nithe nó an mbeidh siad ann, mar a tharlaíonn go minic ar bhoird Stáit, chun fanacht ina dtost go dtí pointe áirithe—

Ní mar sin a bheidh ar chor ar bith. Cé dúirt go mbeidh siad ann ar chor ar bith?

—agus, b'fhéidir treoir a thabhairt ina dhiaidh sin 'nach mbeadh sé ró-shásta le sin'. Nílim ag rá tada. Nó an mbeidh siad ag bailiú eolais, ag déanamh taighde nó b'fhéidir go mbeidh siad ag tógaint tuairimí an Aire agus polasaithe – má tá siad ann – an Aire nó na Roinne go dtí an t-údarás?

Cé dúirt go mbeidh siad ann ar chor ar bith?

Sin an cheist atá á chur agam ar an Aire. Beidh seans ag an Aire Stáit léiriú go cruinn cén cuspóir a bhéas ag státseirbhísigh ar an údarás agus beimid ag fanacht ar sin. Deir an tAire Stáit nach bhfuil sé ag rá ach go mbeidh sé saorstát seirbhísigh á chur ar an mbord. An gcuirfidh an tAire Stáit státseirbhísigh ar an mbord nó nach gcuirfidh? Má tá sé chun sin a dhéanamh, cén fáth go bhfuil agus cén sort oibre a bhéas á dhéanamh acu? Tá sé tábhachtach go mbeidh an t-údarás neamhspleách go dtí an pointe go mbeidh aon duine atá ina bhall den bhord ag glacadh páirt mar ghnáthbhall den bhord agus go mbeidh an ceangal idir an Roinn agus an t-údarás soiléir. Tá mé sásta fanacht go ndéanann an t-Aire Stáit é sin a shoiléiriú duinn.

Rinne an tAire Stáit tagairt don athrú atá tar éis teacht ar chursaí fostaíochta sna Gaeltachtaí. Tá sin fíor. Tá mé cinnte go bhfuil an t-Aire Stáit agus mé féin ar aon intinn gur ligeadh síos, thar na mblianta, na gnéithe teanga agus shóisialta d'fhorbairt na nGaeltachtaí. Níor tugadh cothrom na Féinne do chúrsaí soisialta. Bhí atmasféar fiontrach ann agus i bhfad níos mo béime á chur ar chuma nua-aimseartha a chur ar rudaí ná ar anailís a dhéanamh ar a bhí ag tarlú i leith teanga de. Caithfidh mé bheith ionraiciúil faoin tionscal closamhairc. Fuair mé féin litreacha ag cur ina choinne ó dhreamanna beaga. Bhí daoine ann a bhí lándáiríre agus amhrasach faoin tionchar a bheadh ag an tionscal sin ar chúrsaí teanga agus ar chúrsaí sóisialta. Ghlac mé lena raibh á rá acu go dtí an pointe sin, go gcaithfear bheith an-chúramach. Bhí daoine eile ann a cheap nár chóir go mbéadh aon rud nua-aimseartha sa Ghaeltacht agus bhíodarsan ina choinne. Bhí daoine i gcoinne Theilifís na Gaeilge, mar shampla, i ngach páirtí sa Dáil. Agus seo an chéad ócáid phoiblí a bhfuil seans agam a rá gur thaitin an teideal Teilifís na Gaeilge i bhfad níos mó liom ná TG4.

Aontaím leat go hiomlán ach, ar ndóigh, tá an bord neamhspleách. Tá bearna idir an tAire agus an bord, sin í an fhadhb.

Is féidir linn é sin a phlé nuair a bheimid ag plé cursaí craolacháin agus an méid airgid a bheas ag teastáil do Theilifís na Gaeilge agus beidh seans agam, ag an uair sin, stair cheart Theilifís na Gaeilge a thabhairt.

Tabharfaidh an tAire Stáit lántacaíocht don Teachta.

Tá rud amháin suimiúil eile nach bhfuil sa reachtaíocht agus atá le fáil in Acht Chraolacháin, 1993, agus sa reachtaíocht i leith an Chomhairle Oidhreachta. Sa dá Acht sin luaitear an tábhacht a bhaineann le ionadaíocht ban. Ní hamháin nach bhfuil sé luaite sa reachtaíocht ach tá tábhacht ag baint le seo i gcomhthéacs fostaíochta taobh istigh den údarás féin. Is cuimhin liom, uair amháin, gur thaispeáin mé diagram den arm do lucht an údaráis. Bhí a lán ginearáil ann ach, maidir le cursaí cearta fostaíochta, bhí na mná ar fad coinnithe faoi bhun an tsíleaíl ghloine, agus bhí an tsíleál an-íseal ar fad. Ní raibh sin cóir ag an am sin agus níl sé cóir fós. Chabhródh sé go mór leis an fhadhb seo a réiteach dá mba rud é go raibh rud so-fheicthe i reachtaíocht an údaráis a chuaigh i ngleic le cothromaíocht fir is mhná agus níl a leithéid ar fáil.

Ó thaobh an rud a bhí i gceist agam, ba mhaith liom a bheith dearfa faoin reachtaíocht seo ach tá sé deacair. Bheinn i bhfábhar rud níos réamhlóidí a dhéanamh ach deir an tAire Stáit go bhfuil reachtaíocht eile le tabhairt isteach chun leasú a dhéanamh ar alt 9 den Phríomh-Acht chun na cumhachtaí sin atá ag an gcomhairle contae a thabhairt don údarás, chun feidhmeanna réigiúnda a thabhairt dóibh mar aon le feidhmeanna ó thaobh oideachais agus mar sin de. Beidh áthas orm cabhrú leis chuige sin.

Chomh maith leis sin tá an Bille suimiúil mar léiríonn sé an dearcadh atá ag an Roinn Airgeadais ar an ábhar seo. Tá an chosúlacht ar an reachtaíocht seo gur thosaigh sé le liosta fada ach gur gearradh siar é. Is léir go bhfuil an tAire Stáit dáiríre faoi chúrsaí Gaeltachta ach nár éirigh leis an rud a bhí uaidh a fháil ón Roinn Airgeadais. Bhíodar i gcónaí níos mó i bhfách leis an IDA ná mar atá siad le hÚdarás na Gaeltachta. Chuir siad bac air agus tá sé an Coiste Meastóireachta á chur ar bun intuigthe agus cead á thabhairt ní amháin don Roinn Airgeadais ach don IDA, atá in iomaíocht leis an údarás, deireadh a chur le haon togra fiúntach a thagann ar an saol.

Cuirim fáilte mhór roimh an mBille seo agus tá moladh ag dul don Aire Stáit as. Nuair a bunaíodh an t-údarás fiche bliain ó shin, athrú mór a bhí ann ó Ghaeltarra Éireann mar ní raibh ach uimhir an-bheag de mhuintir na Gaeltachta ar a choiste. Don chéad uair leis an údarás bhí seans ag muintir na Gaeltachta roinnt mhaith daoine a cheapadh ar an mbord agus d'ainmnigh an tAire na baill eile. Leis an athrú seo, tá níos mó daoine le ceapadh ag muintir na Gaeltachta ionas go mbeidh guth níos mó acu ar an mbord nua. Gan dabht ní raibh aon chaint ann inné mar gheall ar an mó suíochán a bheidh ann don deisceart. Fuaireamar suíochán amháin i gCorcaigh agus bhíomar ag brath go bhfaighimis dhá cheann ach níor éirigh linn. Tá mé buíoch go bhfuil suíochán amháin againn.

Tá athrú mór tagtha ar an nGaeltacht le fiche bliain anuas. Tá sé soiléir ó a bheith ag gabháil timpeall na háite an méid tionscail atá bunaithe ann agus an méid daoine atá tagtha isteach sa Ghaeltacht, ag caitheamh a gcuid airgid sa Ghaeltacht agus ag cónaí ann. An t-aon rud ná go mb'fhéidir go bhfuil an teanga ag fáil bháis beagán de bharr strainséirí a bheith ag teacht isteach. Níl an bhéim chéanna ar an dteanga anois is a bhíodh. Bheinn amhrasach mar gheall ar sin agus ba mhaith liom go gcuirfeadh an t-údarás níos mó béime ar sin. Is cuimhin liom go rabhthas ag iarraidh go mbeadh Gaoluinn acu siúd a bheadh ag bunú tionscal sa Ghaeltacht, nó go bhfoghlaimeoidís Gaoluinn ionas go mbeidís in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaoluinn agus tá sé sin ag tarlú ceart go leor ach níl a dhóthain de ann.

Tá na Gaeltachtaí athraithe go mór thar na blianta agus samhlaítear dom go mbeidh an t-athrú sin le feiscint níos mó anois nuair a bheidh a mhuintir féin ann ar an mbord mar ní haon tairbhe do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht a bheith ag rá cad ar cheart agus cad nár cheart a dhéanamh ann. Na daoine is fearr chun é sin a rá ná na daoine atá ina gcónaí sa cheantar.

Is cinnte go bhfuil an-obair déanta ag an Aire Stáit ar son na Gaeltachtaí le dhá bhliain anuas. Tá breisi airgid á chaitheamh iontu seachas mar a bhí. Tionscail ar fad a bhí i gceist go dtí sin agus tá athrú ann anois agus airgead á chaitheamh ar bhóithre agus eile. Cabhraíonn sé sin go mór leis an Ghaeltacht. Mar is eol d'éinne againn atá ar ag gcomhairle contae tá sé deacair príomhbhóthair nó bóithre maithe a chur isteach sna Gaeltachtaí dá mbeifí ag brath ar an gcomhairle chontae féin amháin. Chím go bhfuil difear mór ann nuair a bhíonn bóithre maithe ag dul isteach sna Gaeltachtaí mar ní áiteanna iargúlta a thuilleadh iad ansin. Tá sé go breá na tionscail a bheith againn ach caithfidh na bóithre a bheith againn freisin. Caithfidh slí a bheith ag monarcha earraí a thógaint isteach agus amach as an áit.

Sin an portfolio atá ag an Aire Stáit agus molaim é as an obair atá á dhéanamh aige. Chím leis an údarás go bhfuil a dtuairimí féin acu agus níorbh aon díobháil dóibh bualadh le muintir na Gaeltachta ó am go ham go bhfeicfeadh siad cén saghas tuairimí ag an mhuintir sin maidir le nithe áitiúla agus chun tuilleadh tionscail a thabhairt isteach sa Ghaeltacht.

Molaim an Bille agus na daoine sin a bheas ag seasamh don toghchán ag deireadh na bliana agus beimid ag súil le ré nua nuair a bheidh an bord nua ann. Tá an obair le déanamh acu tábhachtach. Chím go bhfuil daoine ag teacht isteach sa Ghaeltacht ag obair agus iad lánsásta turas fada a chur orthu féin chun an obair sin a dhéanamh.

I wish to share my time with Deputy McCormack.

I wish we were discussing the future of Údarás rather than this Bill. The elections were put off recently and I would prefer if they were put off to a later date to allow a full discussion on the future of Údarás which is a talking shop we have had for too long and it is one which has failed, particularly when it comes to industrial policy. It has been a disaster in County Mayo where, according to its annual report – I do not know how any Government could allow this to continue – 117 jobs were lost and 114 created in 1998. Is that not a great record? Údarás may be working in Galway, Donegal and Kerry but it is not working in County Mayo. The people want this talking shop brought to an end. I am not an Irish speaker but if the elections go ahead in November I will give serious consideration to throwing my own name into the hat and I will stir things up within the board. What has been happening in recent years is outrageous.

There have been further job losses recently in north Mayo. It took three or four weeks to call a meeting of the board to discuss Norsk Hydro, the company established many years ago by Myles Staunton with his own money. The executives within Údarás who have not created one job know that no matter what they do Monday to Friday their cheque will be in the post, yet these are the people who will decide whether we should invest. Why did it take so long to call a board meeting which had been called for at public meetings? We are talking about an asset on which over £20 million has been spent, including about £1 million by Údarás. I am open to correction but it is my understanding that Údarás received £500,000 to £600,00 from the Norwegian company. It should have purchased this asset for future development. Could it not see the sense in this? Instead a man from County Cavan who has no intention of creating one job in County Mayo will benefit from the money invested by it, Myles Staunton, and the Norwegians. I do not know what he paid for it, he may have secured it for £200,000 or £300,000 but it would have been worth spending a further £300,000 or £400,000 on top of the £500,000 or £600,000 Údarás had already received to acquire this asset, even if it was never reopened as a going concern. That is why I have lost confidence in the board.

The Minister of State replied to me this week about a development in Carrowtigue which I hope goes ahead. A sum of £400,000 has been committed to it. Workers in north Mayo were given the runaround by Údaras when it was announced that an American company was to open in Belmullet. After training had been provided by FÁS the project was lost. I have no problem with this but what I do have a problem with is leading people up the garden path when there are no jobs available. Members of the board – I like to call it the Údarás club – like to make major announcements but I did not see many of them rush out to make this wonderful statement – 117 jobs lost and 114 created in 1998. That is why I have lost faith in the board.

I have also lost faith in the IDA which should be renamed Dublin Aid. If I was Minister of State I would be calling on the Government to get rid of Údarás and the Leader companies and establish a company similar to Shannon Development in an effort to attract jobs to the west. It should also have responsibility for infrastructure. Is it any wonder that developers will not locate in the county given the lack of a national primary road between Longford and Charlestown, not to mention the condition of Gaeltacht roads? Dublin is chock-a-block with traffic and is now getting a third and fourth run at Structural Funds, particularly for road development.

The Deputy must have been pleased with the recent announcement concerning the major county roads in the Gaeltacht.

I know what the Minister of State is talking about – the Gaisce – a situation which has pertained for 40 years. The people concerned are entitled to it. I will never criticise any Minister who puts £1 into my constituency or the west. I compliment the Minister of State and I hope it works.

The Deputy should not forget Achill where £200,000 is to be spent.

My colleagues tell me that one has to be a member of a certain political party to have roads improved in some of these areas. Údarás is the club of Fianna Fáil. We have some brilliant Irish speakers in Fine Gael, probably more than Fianna Fáil. In my constituency we have Deputies Higgins and Kenny who are well able to speak the Gaeilge.

The Rainbow has a majority on the board.

I do not care who is on the board – I will be consistent – it should be abolished.

Do not blame us.

We have been listening to the Minister of State for two years; I am only asking for ten minutes. The Minister of State and Gaelgeoirs have an exclusive television station – TG4, the little club for the boys who can speak the Gaeilge – and they should now give me my opportunity. Those who cannot speak the Gaeilge do not get an opportunity either when it comes to the political programme, "The Week in Politics" which should be renamed "The Week in Dublin Politics" which is recorded on a Friday when we are not here.

There are four or five hours available on TG4 every day. I am asking the Minister of State to see that this time is licensed to interested parties such as local radio. This time should be made available for local communities in Mayo, Galway and Donegal so we can have local television. We are not going to depend any longer on RTE because it does not give coverage to the west as it should. Thank God for local radio. RTE made that mistake once and it has made it with television. If it was any good it would have regional stations so that the west would have its own programmes and there would be a national news. However, RTE was not thinking ahead.

I welcome TG4 and I have no problem with "the Gaeilge". However, there must be fair play. The four or five hours should be made available so that interested parties can apply for licences. There is nothing wrong with that and the Minister of State and the Department should investigate this possibility as it makes sense. This would restore fair play to the system so that there would be an Irish language station for the exclusive club and an English language service where we would get an opportunity to reply.

I am calling on the Minister of State to intervene as regards the Údarás and the hydro plant. I am calling on the board and the chief executive of the Údarás to immediately begin negotiations with the individual who bought the plant to ensure that the plant returns to the ownership of the Údarás. They have failed in their duty and they will not get away with it. The property should become an asset in the ownership of the Údarás which should give it six or eight months to see if it can persuade someone to come in and keep the jobs. Myles Staunton has put 20 years into this. He brought in the Norwegian company and anyone who ever came. The Údarás did not act democratically over the past few months. The board should be called together and should reverse the decision made earlier this year. It should make a positive decision to enter negotiations with the individual from Cavan who bought the plant to see if it can attract people to return to north Mayo to complete the project. It is almost there and I do not see why the extra effort cannot be made. If it fails then so be it – one has an asset that is worth millions of pounds. That is preferable to a situation in which someone buys a State asset in north Mayo for half nothing and walks away.

I am disappointed that Mayo will have two representatives on the board, Kerry will have two and Galway will have six. The Minister of State will have a strong base for the next election. He will have a couple of councillors supporting him. I am considering running for the Údarás. Many people in my constituency feel that it needs a shake up. I did not agree with Deputy Sargent as regards the letter he sent, but I agree with his statements that we should have a bilingual service in the House. I should be able to listen to what other speakers said.

It is there.

But it is not in action.

It is in action. It is under the Deputy's desk.

I was looking for one but there was none there.

Acting Chairman

I remind Deputy Ring that he indicated he was sharing time with Deputy McCormack.

I am going to hand over to my learned colleague from Galway who I am sure will have much to say about the Údarás. I have my views and I will stand over them. The Minister of State should consider postponing the elections. The Údarás has failed Mayo, and the people in the Gaeltacht areas in the county will be waiting for the representatives. They cannot see the Celtic tiger and feel that those on the board for the past number of years have not been Celtic tigers but Celtic lambs. These representatives have been walked upon by officials and the board. It is time we had a strong voice and I may decide to run. If I do, there will be changes on the board.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mBille seo. Is maith an rud go bhfuil bord daonlathach againn anois agus go mbeidh 17 dhuine á thoghadh ag seacht dtoghcheantar. Cén fáth nach bhfuil Cathaoirleach an bhoird á thoghadh freisin? Is Teachta ó Ghaillimh Thiar an tAire Stáit agus is eol dó go bhfuil an Ghaeilge an-lag i gceantair de chathair na Gaillimhe – Tirillan agus Knocknacarra – atá in ainm is a bheith sa Ghaeltacht. Ar fhéach an tAire Stáit ar an gceist seo agus cad atá ar intinn aige a dhéanamh faoi? Ní dúirt sé aon rud faoi fós.

It is a mistake to discriminate against democratically elected members. If members are to be democratically elected then I do not see why the Minister of the day should impose an unelected chairperson onto the board. This is paramount to a vote of no confidence in the elected members. It is giving a democratic status to the board with one hand and taking it away with the other. I do not object to the Minister having the right to appoint three members, in addition to the 17 elected members, but the members should be allowed to select the chairperson from their membership.

It is sufficient for the Department to appoint the chief executive who, I presume, attends board meetings and is in daily contact with the Department. This liaison should be enough without giving the Minister the right to appoint the chairperson. The boards have been well able to look after their affairs in recent years and there is now the added safeguard that members' mandates expire every four and a half to five and a half years. This means that the people will have the right to decide whether the board has been doing a good job every five years. The system of electing the board should be fully democratic so that the chairperson is also elected. This is the case in local authorities where the boards elect the chairman at the first meeting after the election.

Under section 4 of the Bill will the Údarás be in a position to apply directly to the EU for funding for the projects within its administrative area? This is not clear from the Bill. Will the Údarás then have responsibility for spending the grants without recourse to central Government? This is a crucial issue as I am sceptical of the interests of the Department of the Environment and Local Government, particularly in the west and in Gael tacht areas, most of which are in the west. For example, £3.6 billion was allocated in grants in the current phase of Structural Funds to the 13 eastern and southern counties. However, only £1.6 billion was allocated for the 13 western, Border and Midland counties. The bias is clearly against the west. What powers will section 4 give the Údarás as regards direct applications for EU funding and direct spending of those funds.

I wish to raise the proposed closure of the saw mill in Cong. The Minister of State is more familiar with this problem than I am but what has the Údarás board done to save the plant which is in a area of low population and employment? I am also anxious to know what additional powers the Bill gives Údarás na Gaeltachta in terms of co-operating in projects with local authorities, namely, the county council in our case and maybe the borough council given that a large part of the population of the Údarás electoral area is within the borough council.

Debate adjourned.