Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 Sep 1999

Vol. 508 No. 2

Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999 [ Seanad ]: Second Stage (Resumed).

Question again proposed: "That the Bill be now read a Second Time."

Ba mhaith liom tréaslú leis an údarás ar son an Chomhaontais Ghlas as ucht an obair atá déanta acu le fiche bliain anuas. Tugann sé níos mó cumhachta don údarás agus níos lú cumhachtaí don Aire agus ar an ábhar sin ba chóir go n-eireodh go geal le hobair an údaráis amach anseo. Tuigim mar a thuigeann gach duine sa Teach seo atá ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn go mbíonn an-bhrú ar an údarás an Ghaeilge a chur chun cinn agus bíodh a fhios ag an údarás go bhfuil daoine taobh amuigh den Ghaeltacht ag guí gach rath orthu agus sásta pé tacaíocht is gá a thabhairt chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

Cé go bhfuil cónaí ormsa i mBaile Brigín, mar a raibh coláiste samhraidh Gaeilge tráth, ní Gaeltacht é an baile ach gach uair a théim siar ó Ghaillimh feicim oifigí an údaráis mar chineál geata go dtí an Ghaeltacht agus tá mé ag súil go mbeidh na foirgnimh sin mar chuid lárnach den Ghaeltacht seachas mar gheata chuige agus go mbeidh an Ghaeltacht ag dul i méid. Sin an aisling phearsanta agus tá súil agam go bhfuil an cuspóir céanna ag an údarás.

Luaigh an tAire Stáit roinnt maith rudaí ina óráid agus ba mhaith liom tagairt do na háiteanna iargúlta ar leathanach 3 áit is dúshlán mór é don údarás forbairt a ghiniúint agus a dháileadh sna ceantair bheaga nár ghnóthaigh a gcion féin fós den bhorradh eacnamaíochta a tharla le cúpla bliain anuas. Is cuid tábhachtach é sin de chuspóirí an údaráis agus tá cuid mhaith le déanamh maidir leis fós, mar a léirigh Teachtaí éagsúla ón iarthar.

Is fiú féachaint ar an bhfocal iargúlta i gcomhthéacs an Stáit seo. Focal é nach ritheann le ciall do dhaoine atá an-ghníomhach agus an-éifeachtach ina gceantair féin. Ní bhreathnaíonn siad orthu féin mar cheantar iargúlta – b'fhéidir go mbreathnaíonn siad ar cheantair eile mar cheantair iargúlta! Ach is trua go bhfuil an Stát seo chomh lárnaithe is atá sé agus cuireann sé an-bhrú ar Ghaeltachtaí nuair atá saol eacnamaíochta na tíre lonnaithe ar an gcóste thoir nach mór. Pobal Ráth Cairn amháin atá in ann a bheith ag brath ar shaol Gaeilge Bhaile Átha Cliath. Taobh amuigh de sin ba chóir go mbeadh an t-údarás ag labhairt amach faoi dhílárú na tíre agus ag iarraidh brú a chur ar an Rialtas dá réir.

B'fhéidir gurb é seo an abairt ba thábhachtaí in óraid an Aire Stáit maidir le fealsúnacht an údaráis nuair a dúirt sé go gcaithfidh an t-údarás an Ghaeltacht a fhorbairt mar áit ina mbeidh an Ghaeilge mar ghnáth-theanga ag an bpobal. Agus dúirt sé ansin, is chuige sin atá an t-údarás ann. Glacaim go hiomlá leis sin.

Glacaim leis freisin go bhfuil geallúintí chomhchlár an Rialtais fós le comhlíonadh. Tá tagairt ann do chomhchlár Rialtais Fhianna Fáil agus an Pháirtí Daonlathaigh á rá go mbainfear lánúsáid as acmhainní an údaráis chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Anois is éasca an rud é sin a rá. Ach bheadh cúpla leasuithe le déanamh chun é sin a chur i ngníomh agus ní ball mé don chomhchoiste a bheidh ag plé leis an mBille seo. Ba bhreá liom na leasuithe seo a mholadh don chomhchoiste agus don Aire ach go háirithe.

Ba mhaith liom leasú a mholadh a dhéanfadh tagairt don slí inar féidir le lucht forbartha nó comhairlí contae nó éinne a bhfuil an t-airgead acu chuige, áiteanna a thógáil sa Ghaeltacht gan chomhairle ó thaobh na Gaeilge nó ó thaobh an chultúir a lorg ón údarás. Is féidir a bheith ag caint ar cheantar Chonamara i gcoitinne, áit a bhfuil cur amach níos fearr ag an Aire Stáit air ná mar atá agamsa. Fós tugaim faoi deara in Éirinn i gcoitinne, go bhfuil a lán foirgneamh agus bóithre á thógáil i láthair na huaire agus is gá rud a thugtar environmental impact statement a fháil ina dtaobh agus tá cúrsaí comhshaoil níos fearr as dá bharr, tá súil againn.

I dtaobh na Gaeilge de, agus is cuid de chúrsaí comhshaoil na hÉireann í an Ghaeilge ní gá go fóill aon staidéar den tsórt seo a fháil ó thaobh na Gaeilge de. Is féidir ocht dteach déag a thógáil sa Spidéal, a bheidh an-chostasach don duine a cheannóidh iad, agus is féidir le daoine a theacht isteach sa Ghaeltacht.

Ní de réir phlean an chontae. Dá réir sin caithfidh siad language impact statement a chur ar fáil. Níl siad dá gcur i bhfeidhm ag an gcomhairle contae ach scríobh muid ann é nuair a bhí mé féin ar an gcomhairle contae.

Níl á rá agam ach go bhfuil fadhb ann. Tuigeann an tAire Stáit go bhfuil agus ba mhaith liom go mbeadh sé de chumhacht ag an údarás a rá le daoine atá ag teacht isteach sa Ghaeltacht go gcaithfidh siad dul chun cainte leo siúd maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus saol cultúrtha na Gaeltachta. Má tá ollmhargadh le teacht isteach in Indreabhán nó in áit ar bith eile sa Ghaeltacht ba cheart go mbeadh sé de dhualgas orthu labhairt leis an údarás agus tuiscint a fháil ar chúrsaí chur chun cinn na Gaeilge.

Tá mise ag fanacht leis an lá a bheidh multiplex nó rud mar é á thógáil i gConamara agus gurb é sin an rud is mó a bheidh sa cheantar. Ní dóigh liom go mairfeadh an Ghaeilge i bhfad i ndiaidh do rud mar sin a theacht.

Maidir le comharthaí bóthair agus mar sin de tá Gaeilge in úsáid sa Ghaeltacht don chuid is mó ach ní go hiomlán.

Nuair a luaigh an tAire Stáit go mbeadh 20 chomhalta ar an bhord nua bhraith mé ó thaobh an Chomhaontais Ghlais de go bhfuil sé an-deacair cruinniú a reáchtáil le fiche. Ach tá súil agam go n-éireoidh leis agus b'fhéidir go bhfuil lucht na Gaeltachta níos eagraithe ná lucht an Bhéarla.

Ba bhreá a mholadh go mbainfí níos mó úsáide as teleconferencing mar a dhéantar sa Chomhaontas Glas. Bíonn baill againne atá ina gcónaí i gCiarraí agus mar sin de páirteach i gcruinnithe gach seachtain leis an trealamh seo. Ní dóigh gur leasú a bheadh ag teastáil chuige seo ach athrú cleachtaidh.

Sin óráid luadh go raibh deireadh á chur leis an bhforáil cead an Aire a lorg do thograí. Fáiltím roimh an athraithe sin. Is laghdú é ar chumhacht an Aire ach tá sé tábhachtach go mbeadh an t–

údarás in ann rudaí a shocrú agus a phlé dóibh féin. Is chuige sin atá na toghcháin.

Maidir leis na toghcháin, níl aon tuairim láidir agamsa faoin am den bhliain is fearr do thoghchán. Ach is cuimhin liom nuair a bhí toghchán againn i 1992 go raibh an-chuid de na daoine a bhí ag vótáíl míshásta go raibh daoine ag bualadh ar an doras sa dorchadas. B'fhéidir gurbh fhiú machnamh a dhéanamh ar sin agus dáta eile a shocrú.

Chuala mé duine ó Thír Chonaill a bheadh ag seasamh don údarás ag rá le déanaí go mba cheart go mbeadh níos mó cumhachta ag an IDA sa Ghaeltacht agus feicim san óráid go mbíonn an IDA páirteach tríd is tríd in obair an údaráis ar aon chuma. Níl a fhios agam an raibh sé míshástá nach raibh an t-údarás chomh gníomhach is a ba cheart dóibh a bheith ina cheantar féin nó an raibh sé dáiríre sa mhéid a dúirt sé ach bheadh an Ghaeilge thíos leis dá mbeadh an IDA ann in ionad an údaráis.

Rinne Teachta eile tagairt do na deontais a bhíonn ar fáil do dhaoine a labhraíonn Gaeilge sa Ghaeltacht agus cheap sé go raibh sé míchothrom go mbeadh teaghlaigh áirithe thíos leis. Tá seans ag daoine Gaeilge a fhoghlaim má bhíonn cónaí orthu sa Ghaeltacht agus sin cuid den socrú atá ann agus is spreagadh é an deontas. Ba cheart do dhaoine iarracht a dhéanamh an Ghaeilge a fhoghlaim má tá siad ag cur futhu sa Ghaeltacht.

Ba mhaith liom tréaslú leis an údarás mar go mbíonn an-bhrú orthu ó dhaoine a bheadh ag iar raidh monarcha a thógáil ach go mba chuma sa tsioc leo faoin Ghaeilge. Tá súil agam go dtuigfear amach go mbíonn an-éileamh ar Éireannaigh mar oibrithe de bhrí go bhfuil tuiscint acu ar níos mó na teanga amháin. Bíonn níos mó ná teanga amháin á labhairt ag níos mó ná 65% de dhaonra an domhain agus ní rud eisceachtúil é dhá theanga a labhairt. Tá súil agam gurb í an Ghaeilge a bheas in uachtar sa Ghaeltacht agus dá mbeadh seans againn a bheith ag Céim an Choiste bheinn ann. Tá áthas orm go bhfuil córas aistriúcháin ar fáil ar deireadh sa Teach ach do dhaoine sa ghailearaí poiblí tugaim faoi deara nach bhfuil móran acu ann de bharr nach bhfuil aon chóras aistriúcháin ann. Ba mhaith liom go leigheasfaí é sin ar bhealach éigin.

Táim an-shásta gur thug an Teach deis dom cúpla rud a rá faoin mBille seo. Os rud é go bhfuil tuiscint níos feárr anois ar na fadhbanna a bhaineann le cúraimí údarás na Gaeltachta bhíos ag súil go mbeadh straitéis nua leagtha síos ag an Aire Stáit don údarás. Chomh fada is a bhain sé le haidhmeanna an Údaráis fostaíocht a chur ar fáil sa Ghaeltacht d'éirigh go maith leis an údarás agus tréaslaím leo as an méid postanna nua a chruthaigh siad imbliana.

Ach tá an gearán ann nach bhfuil an Ghaeilge á labhairt go forleathan taobh istigh de na limistéir Ghaeltachta. Nuair a bhí an Bille á thabhairt isteach ag an Aire Stáit chun ballraíocht Bhord an údaráis a mhéadú, bhí daoine ag ceistiú céard faoin IDA a bhfuil suim acu i mbunú tionscal sa tír seo ach gur theip orthu san iarthar.

I dTuarascáil Bhliaintiúil an IDA chuir an príomh fheidhmeannach Seán Dorgan in iúl that there would be a new focus in IDA Ireland. For the future, the organisation would undertake a more targeted approach towards regional locations. Apart from the jobs dispersal issue, he said there was a need to bring a better mix of industry sectors and higher value industries to some locations, particularly locations that are not seeing the emergence of modern industries. As sin bhí dualgas ar an Aire Stáit ball den IDA a chur ar an mBord ach níor chuir sé. Chuir sé ball ar an Choiste Meastóireachta nua tá bunaithe aige chun iarrataisí nua a scrúdú ach níor chuir sé duine ón IDA ar an mBord. Bheadh sé an-thábhachtach go mbeadh duine ón IDA ag freastal ar chruinnithe an Bhoird.

Tá stráitéis nua réigiúnda ceaptha acu agus dúirt an tAire Fiontair, Trádála agus Fostaíochta, Mary Harney, go raibh sí ag cur brú orthu na ceantair in iarthar na hÉireann a dhíol. Is dóigh liomsa nach ndéanann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán aon iarracht eolas a fháil ón IDA cad tá ina gcinn acu.

Muna bhfuil ball den IDA ar bhord an údaráis beidh airgead na tíre seo á chaitheamh ag an údarás chun tionscail a mhealladh ón Eoraip agus ó áiteanna eile thar lear chun na hÉireann agus beidh an IDA ag dul sa treo céanna.

Tá an-dul chun cinn déanta ag foireann an Údaráis ach tá an-chuid bainisteoirí ann. Cén fáth nár dhein an tAire Stáit aon iarracht chun stráitéis nua a leagadh amach don údarás? Cén fáth nár lua sé aon iarracht in a óráid chun ról tábhachtach nua a thabhairt don údarás?

Is í an iascaireacht an príomh tionscal sa Ghaeltacht. Bhunaigh Roinn na Mara coiste chun dian staidéar a dhéanamh ar an iascaireacht ach ní raibh éinne ón Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nó ó Údarás na Gaeltachta ar an choiste sin. Cén fáth nach raibh? Is eagal liom go bhfuil an Roinn seo ag druidim níos faide ó na Ranna Stáit eile.

An bhfuil éinne i measc na members and alternatives ó Údarás na Gaeltachta nó ó Roinn na Gaeltachta ar an National Strategy Group on the Review of the Common Fisheries Policy: Padraic White, Edwin Alkin, Anthony Mannix, Cecil Beamish, Joey Murrin, John Nolan, Frank Doyle, Richie Flynn, Tom Geoghegan, Peter Heffernan, Pat Keogh, Mark Lochrin, Michael Long, John Lynch, Stephen McCahill. The only ainm as Gaeilge ar an liosta ná Eoghan Ó Cahain as Ó Cahain Seafoods

Sea, as an nGaeltacht dó.

Yes, Donal O Driscoll, Bernie Wright agus Michael Keatinge. Gan éinne ón údarás. Cén fáth? Nach bhfuil suim ag an údarás san iascaireacht?

Tá locht eile agamsa ar líon na ndaoine ar bhord an údaráis. Cén fáth nach bhfuil duine ó Chomhdháil Oileán na hÉireann ann? Nach iad sin na daoine a bhfuil comhnaí orthu sna hoileáin, áiteanna iargúlta. Bhí an tAire Stáit i láthair ag cruinniú cinnbhliana na Comhdhála i nGaillimh imbliana agus sa Tuairisc Bhliantúil dúirt an cathaoirleach: "Beagnach i gcomhnaí tá sé fágtha suas do na hoileánaigh a gcuid fostaíochta féin a chruthú. Is de bharr seo atá an iomarca ag brath ar thionscal na turasóireachta agus is obair shéasúrach den chuid is mó atá ag daoine. Séasúr fíor-ghairid atá ann de bharr cúrsaí aimsire agus dá bhrí sin is beag cos-bhuan sa tionscal seo atá ann. Ní mór do na húdaráis breathnú ar na ceisteanna seo ar bhealach cruthaitheach. Is cinnte go bhfuil féidireachtaí ag baint leis an teicneolaíocht maidir le fostaíocht ar feadh na bliana ar na hoileáin agus ba cheart go mbeadh traenáil chuí curtha ar fáil d'oileánaigh gur spéis leo seo.

Bhí an cathaoirleach ag déanamh cás anseo chun duine ó Chomhdháil Oileán na hÉireann a bheith ar bhord an údaráis agus níor ghlac an tAire Stáit an deis chun sin a dhéanamh. Iarraim air seans a thabhairt do na hoileánaigh teangbháil a dhéanamh leis na daoine a bhfuil tograí á mbunú acu do na hoileánaigh.

Ar nuachtán Foinse na deireadh seachtaine 19 Meán Fomhair 1999, bhí gach duine ag déanamh gearáin i dtaobh labhairt na Gaeilge. Ar an chéad leathanach, bhí an tAire Oideachais agus Eolaíochta, Míchéal Ó Máirtín, ag déanamh meas ar an scrúdú ard-leibhéal Gaeilge. Níos faide síos bhí droch-scéal eile i dtaobh na Gaeilge. Ach an droch-scéal is mó, dar liomsa, gur theip ar Ollscoil na Gaillimhe scríbhneoir a fháil. Cén fáth nach bhfuil ról ag Údarás na Gaeltachta i gcultúr an réigiúin sin? Rinne an ollscoil iarracht scríbhneoir cónaithe a aimsiú don bhliain acadúil 1999-2000 agus ní bhfuarthas ach dhá iarratas agus ní rabhadar sásta le ceachtar acu. An bhfuil an tAire in ann béim a chur ar an údarás chun an saol cultúrtha a ghlacadh mar aidhm ag Údarás na Gaeltachta?

Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis na Teachtaí ar fad a labhair sa díospóireacht. Labhair 13 sa díospóireacht agus is comhartha é sin den spéis atá ag an Dáil agus ag Teachtaí Dála i gceist na Gaeilge agus i gceist na Gaeltachta. Tá mór-chuid ceisteanna tógtha le dhá lá anuas agus déanfaidh mé iarracht tabhair faoi cuid de na ceisteanna a fhreagairt, go mórmhór ceisteanna a bhaineann le straitéis an Rialtais i leith na Gaeilge.

Dírím ar cheist láidreacht nó laigeacht na Gaeilge sna Gaeltachtaí. Ar bhealach amháin, ar ndóigh, tá fadhb ann agus ní haon mhaith dúinn é a shéanadh. Ceann de na fadhbanna atá ann, ar ndóigh, go bhfuil siar-ghluaiseacht daoine isteach is amach as na Gaeltachtaí. Tá daoine ag pósadh isteach gan Gaeilge agus cothaíonn sé seo fadhbanna. Ar imeall na Gaillimhe tá brú an bhaile mhóir. Ach, ag deireadh an lae, is rud amháin a shábhálfaidh an Ghaeltacht, 'sé sin má labhraíonn muintir na Gaeltachta Gaeilge lena gcuid gasúir. Is féidir leis an Stát cúnamh a thabhairt ach is ceist choinsiasach don phoball Gaeltachta iad féin, an labhróidh siad Gaeilge lena gcuid gasúir nó nach labhróidh. Má labhartar, tá sé le feiceáil chuile áit, fiú má imíonn gasúir ón Ghaeilge ar feadh scaití, go bhfilleann siad uirthi má tá sí acu.

Tá ceist tógtha liom go minic ó tháinig mé isteach mar Aire Stáit maidir le teorainn na Gaeltachta. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an oifig staidreamh as ucht mór-chuid oibre a dhéanamh dom agus an t-eolas ar fad a d'iarr mé orthu faighte agam le mí anuas. Tá mapaí curtha ar fáil agus tá an t-eolas ar fad an-úsáideach. Ba mhaith liom léargas beag den mhéid atá faighte as an eolas seo a léiriú. Bhain me as gasúir scoile mar cuireann gasúir scoile an rud as an riocht uilig. Ag fágáil gasúir scoile as, níl ach cúig toghcheantair sa tír, taobh amuigh den Ghaeltacht ina bhfuil níos mó ná 10 fán gcéad den phoball ag labhairt na Gaeilge go laethúil agus tarlaíonn sé, go bhfuil an cúig toghcheantair sin atá taobh amuigh den Ghaeltacht, go bhfuil cuid de na toghcheantair céanna istigh sa Ghaeltacht agus mar sin, an cúig eisceacht ina bhfuil níos mó ná 10 fán gcéad den phoball ag labhairt na Gaeilge go laethúil, is ar imeall na Gaeltachta atá siad. Mar sin, is féidir a rá go ginearálta nach bhfuil aon cheantar taobh amuigh den Ghaeltacht a bhfuil níos mó ná 10 fán gcéad den phoball ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Go deimhin féin, is beag ceantar sa tír go bhfuil níos mó ná 5 fán gcéad den phoball ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Mar sin, aon cheantar go bhfuil níos mó ná 10 fán gcéad ag labhairt na Gaeilge go laethúil, is eisceacht é, go náisiúnta.

As an 154 cheantair sa Ghaeltacht, tá 113, no 73 fán gcéad, go bhfuil níos mó ná 10 fán gcéad ag labhairt na Gaeilge go laethúil. Nílim-se ag rá gur ceantair láidreacha 15 fán gcéad ná 20 fán gcéad ach tá mé ag rá go bhfuil siad eisceachtúil i gcomórtas leis an gcuid eile den tír. An t-aon brí atá le baint as sin, go raibh tionchar ag an stádas Gaeltachta le caomhnú na Gaeilge sna ceantair seo agus táimid ag caint ar 73 fán gcéad den Ghaeltacht. Árdaíonn sé seo ceist atá thar a bheith contráilte agus thar a bheith deacair le réiteach. Má bhí tionchar dearfach, go bhfuil sé le sonrú ins na staitisticí, go bhfuil níos mó Gaeilge iontu ná mar atá sna ceantair eile – mar shampla ceantair i gContae an Chláir go raibh Gaeilge iontu ag tús an Stáit seo – cén fáth go mbainfí glan amach as an nGaeltacht anois iad agus cén sochar teangeolaíochta a dhéanfadh sé do na ceantair sin. Sin ceist go mba mhaith liom go ndéanfaí i bhfad níos mó díospóireachta air sa Teach seo. B'fhéidir, le cúnamh Dé, go bhféadfadh muid é a phlé lá eile níos faide anonn go mion agus go domhain. Tá sé éasca ag daoine a bheith ag moladh réiteach aon líne ach an bhfuil tú ag dul ag deighilt pobail? Céard atá tú ag dul a dhéanamh? Má táimid ag dul ag breathnú ar an gceist seo caithfimid slat tomhais cruinn a leagan amach. Admhaím go bhfuil ceantair ann agus nach bhfuil difríocht ar bith idir iad, de réir staitisticí, agus an chuid eile den tír agus go gcaithfidh go bhfuil ceist an-mhór ann maidir le fanacht sa Ghaeltacht. I gcuid mhaith de na ceantair seo tá an daonra thar a bheith beag.

Tá rud eile thar a bheith spéisiúil, má bhreathnaíonn tú ar na staitisticí. Níl aon chúis loighiciúil, gur mhair ceantair ar nós an Rinn i bPort Láirge nó ar nós Ráth Cairn mar Ghaeltachtaí. Tá siad an-bheag, tá siad á sáineadh ar chuile thaobh ag pobail láidre Béarla. Ag an am céanna, duine a bith a théann go dtí an Rinn nó go Ráth Cairn, tuigfidh sé go bhfuil an Ghaeilge réasúnta láidir sna ceantair sin agus tá sé le feiceáil arís ar an daonáireamh. Sin rud a thugann misneach dom agus tógáil croí agus a deir liom go féidir pobal Gaeilge a thógáil fiú nuair a cheapfá go raibh gach rud id' aghaidh.

Tá go leor ceist tógtha faoi chumhachtaí an údaráis agus straitéis iomlán. B'fhéidir go bhfuil mé sean-fhaiseanta, ach creidim go gcaithfidh, ó thaobh ceapadh polasaí agus an Stát i gcoitinne, go bhfanfadh cuid mhaith de chumadh straitéise i láimh an Aire agus i láimh an Rialtais. Ag deireadh an lae, is iad siúd an t-aon dream amháin atá in ann an rud ar fad a tharraingt le chéile. Bhí caint ann, mar shampla, ar choiste comhairleach a chur ar bun – cineál dáil Gaeltachta – agus, go deimhin féin, mhol an t-údarás é sin nuair a lorg mé moltaí maidir le Bille an údaráis. Creidim, ó tharla go bhfuil an Roinn é féin, mar eagraíocht sa Ghaeltacht, that a bheith gafa le cursaí Gaeilge agus go dtagann cuid mhaith de na scéimeanna faoin Roinn seachas faoin údarás, dá mbéadh a leithéid le bunú go mba cheart é a bhunú faoin Aire sa chaoi is go mbéadh an t-údarás agus an Roinn i bpáirtíocht lena chéile seachas ceann amháin ná an ceann eile. Comh maith le sin, mar is eol do na Teachtaí, bhunaigh me coiste comhairleach don óg le gairid le tuairimí na ndaoine óga a fháil faoi céard is ceart a dhéanamh faoi thodhchaí na Gaeltachta agus ba tógáil croí, ag an gcéad cruinnú le gairid, na daoine óga a fheiceáil ann agus éisteacht leo agus an spéis atá acu sa Ghaeltacht, cuid acu a thagann ó cuid de na Gaeltachtaí laga seo agus leis an spéis atá acu sa Ghaeltacht. Tháinig cuid acu ó chuid de na Gaeltachtaí laga seo agus léirigh siad dáiríreacht agus spéis i ndéanamh cinnte go mairfidh an Ghaeilge.

Chomh maith leis sin tá mo Roinn i mbun comhráití maidir le cúrsaí pleanála teanga, rud nár déanadh dóthain de sa Ghaeltacht agus rud go mbeidh an-bhéim á chur air sna blianta a bheidh fágtha agamsa mar Aire Stáit sa Roinn.

Tá roinnt scéimeanna nua ceaptha ag an Roinn leis an nGaeilge a láidriú mar theanga i measc an phobail sa Ghaeltacht. Níl mé chun iad ar fad a áireamh ach mar shampla bhí campa samhraidh ann do lucht na Gaeltachta. Tá go leor scéimeanna cúntóirí teanga ann. Tá an-chúnamh á thabhairt d'eagraíocht na scoileanna Gaeltachta agus go leor nithe eile. Tá forbairt déanta ar TnaG – TG4 anois – agus ar Raidio na Gaeltachta.

Tógadh ceist maidir le heagraíochtaí ar nós Comhairlí Chontae agus na boird sláinte. Bhunaigh an Rialtas coiste eadránach faoi mo chathaoirleacht chun plé a dhéanamh leis na ranna stáit ar fad maidir leis na cúrsaí seo agus tá cuid mhaith oibre déanta. Tá go leor eile le déanamh. Bhí cruinnithe ní hamháin le ranna stáit eile ach bhí cruinniú débhealach againn le leithéidí na mbord sláinte chun na ceisteanna seo a phlé.

Ba mhaith liom a dheimhniú leis an Teachta Ó hUiginn go mbeidh Bille Teanga ann. Beidh sé ann chomh luath agus is féidir. Cheana féin ó tháinig mé isteach sa Roinn tá an Bille Foras Thuaidh agus Theas, a raibh baint mór ag mo Roinnse leis, rite tríd an Dáil. Tá Bille an údaráis anseo linn inniu. Tá Bille Tithíochta ann agus ba mhaith liom a dheimhniiú gur cheadaigh an Rialtas cinn an Bhille sin le gairid. Bhí mé faoi dhó ar Raidio na Gaeltachta ag cur síos ar na hathraithe atá molta ar na scéimeanna tithíochta.

Tá obair ar bun ar an mBille Teanga agus tá mé ag dul go dtí an Bhruiséal amárach chun caint a dhéanamh ar an obair atá ar bun ansin. Creidim féin nach bhfuil aon mhaith le Bille an údaráis agus le go leor den obair eile gan Bille láidir Teanga a bheith ann.

Aontaím leat.

Sé mo rúnsa a dhéanamh cinnte go mbeidh an Bille ina Acht sula dtiocfaidh deireadh leis an Dáil seo. Is rud nua-chum tha ar fad a chaithfidh a bheith ann mar níl a mhacsamhail mar staid teanga in aon tír eile.

Sa Bhille Oideachais, ar ndóigh, bhí soláthar faoi leith ann don chéad uair maidir le hoideachas Gaeltachta agus tá dream daoine le teacht le chéile chun breathnú i ndiaidh na ceiste sin. Tá mé féin ag tabhairt cúnaimh nach beag d'eagraíocht na scoileanna Gaeltachta le go mbeidh siad in ann tionchar a imirt ar an ngrúpa sin.

Maidir le ceist na logainmneacha tá áthas orm go bhfuil brainse na logainmneacha aistrithe go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Tá i gceist tabhairt faoin obair sin freisin.

Luadh ceisteanna eile. Luadh, mar shampla, pleanáil sa Ghaeltacht. Ba mhaith liom a rá anseo gan faitíos go bhfuil neamh aird iomlán déanta ag Comhairlí Chontae ar cheisteanna Gaeilge mar shlat tomhais pleanála sa Ghaeltacht. Nuair a bhí mise ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe chuir-eamar forálacha istigh i bplean an chontae maidir leis an nGaeilge. Caithfidh mé a rá nach gcreidim go bhfuil siad á bhfeidhmiú ach táid ann. Chuir na Comhairleoirí, go mór mhór na Comhairleoirí Gaeltachta, ann iad.

Ach frí chéile níor thug na Comhairlí Chontae aon aird ar an cheist seo. Ach is cúis áthais dom sa Bhille Pleanála a foilsíodh le gairid go bhfuil don chéad uair soláthar teanga mar cheann de na rudaí gur féidir a chur san áireamh i gcúrsaí pleanála. Is céim an-mhór chun cinn í seo.

Nuair a chuirtear na rudaí seo ar fad le chéile feictear thar réimse leathan de bhillí agus thar ranna stáit go bhfuil rudaí ar bun.

Chaithfinn a rá nach dtagaim leis an dTeachta Ó hUiginn i rud amháin agus dúirt mé é seo leis cheana. Má chuirim dhá rud taobh le taobh agus má bhreathnaím orthu mar thionchar ar an nGaeilge is measa dar liomsa i bhfad na scéimeanna tithíochta seo a bhfuil buan-chomhnaí iontu agus is mó i bhfad an dochar a dheineann siad do staid na teanga sa Ghaeltacht ná aon teach saoire. Tá mo dhearcadh féin agam i dtaobh pleanála maidir le tithe saoire. Éinne a bhreathnaíonn ar thaifeadadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe gheobhaidh siad amach nuair a bhí mé ann gur chuir mé deireadh leo amuigh faoin dtuath. Ach ó thaobh na teanga de caithfimid a thuiscint gurb é an bagairt is mó ná scéimeanna tithíochta agus tithe á ndíol scun scan ar dhuine ar bith agus grúpaí móra daoine ag teacht chun comhnaithe buan i gceantair láidir Gaeilge.

Tá mé ag díriú ar an cheist sin agus tá sí pléite agam le hÚdarás na Gaeltachta. Baineann sé go mór le cúrsaí pleanála. Tá cúpla sampla an-spéisiúil de sin ann agus cúpla iarratas an-spéisiúil i gCorca Dhuibhne i láthair na huaire. Is ceist í seo go gcaithfimid breathnú go géar uirthi.

Maidir le bun-struchtúr na Gaeltachta, tagann sé sin go bunúsach faoin Roinn agus tá obair nach beag déanta ag mo Roinnse le cúpla bliain i dtaobh bóithre agus céibheanna agus táimid i dteangbháil le haonaid stáit eile ar nós Bord Soláthar an Leictreachais, Telecom Éireann etc maidir le bun-seirbhísí.

Tá sé fíor-thábhachtach de réir mar atá forbairt á dhéanamh ar na rudaí seo go mbeadh an oiread dul chun cinn á dhéanamh ag na Gaeltachtaí agus atá á dhéanamh sa chuid eile den tír.

Tá rún agam críochnú más féidir liom ar ceathrú chun a chúig agus mar sin déanfaidh mé iarracht díriú ar chuid de na ceisteanna a ardaíodh. Go ginearálta ardaíodh ceisteanna faoi monarchana éagsúla. Chaithfinnse a rá cé go mbéinn gearánach ó thráth go chéile faoi rudaí áirithe atá déanta ag an údarás. Is dóigh liom go ginearálta áfach má chuireann tú na ceantair Ghaeltachta i gcomparáid le ceantair teorannach leo sa Ghalltacht ó thaobh na tionsclaíochta de go bhfuil an Ghaeltacht ag déanamh níos feárr de bharr an údaráis a bheith ann.

Maidir le ceist an Bhlascaoid, agus d'iarr an Teachta Joe Higgins orm freagairt dó seo go sonrach, ceist í seo go mb'fhéidir nach bhfuil an oiread rud agamsa dí agus a bheadh ag an Teachta Ó hUiginn. Is tábhachtaí domsa na Gaeltachtaí in a bhfuil daoine fós ag labhairt Gaeilge ionntu. Is é an chéad chloch ar mo phaidrín, mar dhuine a bhfuil comhnaí air sa Ghaeltacht agus a úsáideann an Ghaeilge mar ghnáth theanga, ná na Gaeltachtaí atá beo, na hoileáin ar a bhfuil daoine fós ag labhairt Gaeilge ionntu. Cuirim iad sa chéad áit. Dá mbeadh rogha agamsa amárach idir Oileán Thoraigh, Inis Oírr, Inis Meán, Inis Mór agus an Blascaod chuirfinn na hoileáin a bhfuil an teanga beo fós orthu i bhfad chun tosaigh ar an iarsmalann marbh. Is é an job atá le déanamh agamsa mar Aire Stáit agus an cúram atá orm ná déanamh cinnte nach Blascaoidí uilig ó thaobh na teanga de a bheidh sna Gaeltachtaí.

Tá mé ag leagadh amach mo thosaíochtaí.

D'fhiafraigh an Teachta Kenny díom an bhféadfainn liosta de na bailte fearann a mbeidh vóta acu i dtoghcháin an údaráis a thabhairt dó. Déanfaidh mé cinnte go mbeidh cóip ar fáil. Is rud úsáideach é sin nuair a bheidh plé á dhéanamh ar theorannacha na Gaeltachta, ar thodhchaí na Gaeltachta agus ar cén caoi is féidir cur chuig an cheist acrannach seo a réiteach.

Maidir leis an Choiste Meastóireachta, creidim féin go bhfuil míthuiscint faoi cad tá i gceist anseo. An chúis go bhfuil an Coiste Meastóireachta ann ná go dtí seo idir £1.6m agus £2.4m bhí cead an Aire ag teastáil. Ba é mo bharúil ar an cheist seo, mar dhuine a bhíodh ag cur iarrataisí isteach go dtí an t-údarás, go mba rud contráilte ar fad é cead an Aire a fháil. Mar gurb é an rud a tharlaíodh ná go dtagfadh an rud go dtí Roinn agus d'fhéadfá a bheith ag fanacht ceithre nó cúig nó sé mhí sula dtiocfadh an rud chomh fada leis an Aire. Cheap tú nuair a bhí an rud ceadaithe ag an mBord go raibh rith an ráis leat, go bhféadfá dul ar aghaidh leis an togra agus fuair tú amach ansin go raibh cead an Aire ag teastáil. Agus théadh an rud go ranna stáit eile freisin, An Roinn Fiontair, Trádála agus Fostaíochta mar shampla. Faoin am go raibh cinneadh déanta ag an Aire – ach ní hé an tAire ann féin a bhí ag déanamh cinnidh i bhfolús. Bhí cuid mhór moille á chur air. Shíl mise go mb'fhearr i bhfad an leagan amach fadálach sin a ghiorrú. In ionad a bheith ag dul, tar éis chinneadh an údaráis, go dtí na heagraíochtaí seo go mb'fhearr i bhfad coiste a chur ar bun taobh istigh den údarás chun na tograí seo os cionn £1.6m agus déanfaimid cinneadh ar an bpointe agus beidh inchur ag baill an údaráis nuair a bheas an cinneadh á dhéanamh agus mar sin ní féidir a bheith ag cur ina aghaidh ó i bhfad. Ó thaobh éifeachta cinnidh de, beidh sé seo i bhfad níos fearr.

Maidir le Gaeilge a bheith ag na baill anseo, an fáth a bhfuil sé sin leagtha síos ná le baill tofa an údaráis tá sé suas don phobal, na daoine a ainmneoidh an tAire, ar ndóigh ainmneoidh Aire Gaeltachta daoine le Gaeilge. Maidir le foireann an údaráis, is ceist don údarás é. Bhí faitíos orainn ó tharla go raibh ainmniúcháin le teacht ón taobh amuigh nach gceapfaí Gaeilgeoirí agus is le teacht aniar aduaidh ar sin atá an coinníoll sin ann.

Ardaíodh ceisteanna mar gheall ar na coistí reígiúnacha agus tá freagraí na gceisteanna siúd le fáil san Acht. Faoin seanAcht d'fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh ach beirt ar choiste réigiúnach – toghadh beirt ar a laghad i chuile ceantar ach d'fhéadfadh go mba leor duine amháin chun cinneadh a dhéanamh mar ní raibh aon chuóram reachtúil ann. Má bhreathnaítear ar an struchtúr nua, caithfidh ceathrar ar a laghad a bheith ar an gcoiste agus chomh maith leis sin, tá sé leagtha síos sa Bhille go gcaithfidh mórlach acu, sé sin triúr ar a laghad, a bheith i láthair chun aon chinneadh a dhéanamh.

Is chuige sin go bhfuil an fhoráil sin san Acht, chun na rudaí neamhshásúla a bhí ag tarlú a stopadh. Mar sin tá cinneadh ciallmhar anseo a chuireann deireadh leis an gcineál rud a luaigh an Teachta Ó hUiginn. Dá dtarlódh sé gur chinn an t-údarás an iomarca cumhachta agus freagrachta a thabhairt do na coistí réigiúnacha seo, is féidir leis an Aire srian a chur leis an méid caiteachais is féidir le coiste réigiúnach a cheadú. Is dóigh gur glanadh suas é seo ar roinnt laigí a bhí ann. Ach níl aon srian ar an údarás maidir le haon choiste eile a cheapadh, comhairlí pobail san áireamh, má thograíonn siad, ach sin ceist eile.

Tá cumhacht ghinearálta á thabhairt maidir le hordacháin. Glanadh suas is ea cuid de sin maidir le hamhras éigin a bhí ann maidir leis na hordacháin agus cuid eile de, is rud sonrach atá ann. Má tá muide tofa sa Teach seo agus Rialtas tofa leis an tír a stiúradh go mba cheart go mbeadh cumhacht ag an Aire ordacháin ghinearálta a thabhairt le déanamh cinnte de go bhfuil polasaí an údaráis ag teacht le polasaí an Stáit. Ní thagaim leis an smaoineamh go mba cheart go mbeadh na dreamanna go léir atá amuigh ansin in ann neamhaird a thabhairt ar an Rialtas agus ar an Oireachtas. Ní cumhacht é a d'úsáidfí ó lá go lá.

Chuir mé ceist ar an údarás ar theastaigh aon chumhachtaí breise uathu agus dúirt siad faoin Acht mar atá sé, rud atá ceart, go bhféadfadh an Rialtas beagnach aon chumhacht is maith leo a thabhairt dóibh. B'fhéidir gur rud é nár rinneadh ach níl aon laincis nó srian san Acht – is srian gníomhaíochta atá ansin agus mar sin níl aon ghá leis an Acht a athrú le cumhachtaí breise a thabhairt.

Maidir le ballraíocht an bhoird, ba mhaith liom moladh a thabhairt don Teachta Ó hUiginn anseo. Nuair a cheap seisean Cathaoirleach ar an mbord don uair dheiridh cheap sé duine a bhí neamhspleách ar aon cheantar agus a bhí ann don Ghaeltacht uilig. Tá an chontúirt ann, de bhrí go bhfuil an Ghaeltacht chomh scoite, dá mbeadh na baill ag ceapadh Cathaoirleach go bhféachfaí air mar dhuine a raibh taobhú éigin le ceantar amháin. Mar sin tá ciall le Cathaoirleach a bheith á cheapadh ag an Aire. Tá sé ráite go soiléir sa mBille nach féidir le duine a sheas sa toghchán a bheith ceaptha mar Chathaoirleach agus mar sin ní féidir le duine a theip air sa toghchán teacht go ceann an bhoird.

Is féidir linn líon na mball a phlé ag Céim an Choiste ach tá míniú an-simplí ar an uimhir. Ní raibh mé ag iarraidh go mbeadh an bord ró-mhór ach go mbeadh ceathrar ar a laghad i chuile réigiún mar ní fhéadfadh bord réigiúnda feidhmiú le níos lú.

Maidir le scéimeanna EU, faightear airgead díreach uaidh agus faightear airgead EU eile ón Stát – tá soláthar sa Bhille seo don dá rud.

Maidir leis an toghchán a chur siar, tá mo thuairim nochtaithe agam faoi go poiblí. Níl i gceist agamsa aon leasú a chur síos ar sin, ach má theastaíonn ó bhaill an fhreasúra leasú a chur síos beidh mé sásta é a phlé amach go hiomlán agus a mhíniú cén fáth go gcreidim nach é leas an údaráis ná leas phobal na Gaeltachta na toghcháin seo a chur siar níos faide.

Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis an leas-Cheann Comhairle as a bheith flaithiúil leis an am agus tá súil agam gur fhreagair mé bunáite na gceisteanna a tógadh. Tá mé fíorbhuíoch le chuile dhuine a ghlac páirt sa díospóireacht bhríomhar oscailte seo agus tá mé ag tnúth lena leithéid chéanna ag Céim an Choiste den Bhille.

Question put and agreed to.
Barr
Roinn