Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Oct 1999

Vol. 508 No. 3

Written Answers - Corbally Wetlands.

Trevor Sargent

Ceist:

321 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén fáth nach bhfuil na tailte a dtugtar Corbally Wetlands orthu i gContae Luimnigh ainmnithe mar ceantar oidhreachta náisiúnta; agus cad iad na coinníollacha nach bhfuil comhlíonta go fóill maidir leis na tailte seo. [18589/99]

Minister for Arts, Heritage, Gaeltacht and the Islands (Miss De Valera):

Roghnaíodh na Ceantair Oidhreachta Náisiúnta (NHA) molta ó thaobh tábhacht náisiúnta na ngnáthóga agus na speiceas atá le fáil iontu. Is suíomh tábhachtach í Corbally Wetlands i gcomhthéacs gnáthóga bogthailte agus is ar an mbonn sin a roghnaíodh é.

Nuair a bheartaigh Bárdas Luimnigh páirceanna imeartha a fhorbairt ar mhaithe leis na pobail áitiúla, rinne mo Roinnse athscrúdú ar theorainn an NHA. Toisc nach gcuireann na taillte atá i gceist ag an Teachta go mór le luach an tsuímh ó thaobh cúrsaí chaomhnaithe de, tógadh an chuid sin de Corbally Wetlands amach as an NHA molta.

Barr
Roinn