Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Oct 1999

Vol. 508 No. 3

Written Answers - Ceadúnais Tiomána.

Trevor Sargent

Ceist:

115 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil an bhfuil sé sásta nach bhfuil ceadúnas tiomána ag 30 per cent de na tiománaithe a bhíonn ar bhóithre na hÉireann agus cén plean agus clár ama atá aige chun féachaint chuige go mbeidh ceadúnas sásúil ag gach tiománaí. [18665/99]

Bhí ceadúnais sealadacha ag timpeall 371,000 tiománaithe faoi dheireadh 1998, sé sin ag 24 faoin gcéad de thiománaithe go léir. Leagann an Government Strategy for Road Safety 1998-2002 síos mar aidhm laghdú maith a dhéanamh ar an líon sin amach anseo. Roimhe sin, tá mo Roinn ag neartú na seirbhíse tástála tiomanaí chun a dheimhniú go mbeidh triail ar fáil do gach iarrthóir um dheireadh 2000 taobh istigh de deich seachtainí.

Barr
Roinn