Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 7 Oct 1999

Vol. 508 No. 5

Written Answers. - Seandálaíocht Bhogthailte.

John Perry

Ceist:

46 D'fhiafraigh Mr. Perry den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta sa tsuirbéireacht ar an tseandálaíocht bhogthailte agus na bearta oiriúnacha cosanta a bheidh le glacadh i ndáil leo; agus an inseoidh sí chomh maith cén dáta ar a mbeidh an córas ceadúnaithe tumadóireachta réidh. [19149/99]

Faoi Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1987, tá foráil chun raiceanna stairiúla a chosaint agus a bhuanchoimeád. I 1997, bunaíodh aonad ar leith sa tSeirbhís Séadchomharthaí Náisiúnta agus Sealúchas Stairiúla i mo Roinnse chun "suirbhé ar pháipéar" a dhéanamh ar na raiceanna stairiúla sin. Tá an obair sin críochnaithe anois. Tá eagarthóireacht á dhéanamh ar fhoilseachán ag eascairt as an suirbhé sin ar chóir a bheith ar fáil an bhliain seo chugainn. Go dtí seo tá breis agus 8000 raic stairiúil aitheanta faoi.

Bainfear úsáid as an "suirbhé ar pháipéar" seo chun Taifead de Shéadchomharthaí agus Áiteanna a bhunú faoi alt 12 d'Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1994. I gcás go mbeartaíonn éinne ar obair a dhéanamh ag nó i dtaca le raic stairiúil atá liostáilte ar an taifead sin, beidh ar an duine sin fógra dhá mhí i scríbhinn a thabhairt dom roimh ré.

Tá foráil in Acht na Séadchomharthaí Náisiúnta (Leasú) 1987, le haghaidh céimeanna a ghlacadh chun aon raic stairiúil a chosaint mar gheall ar a tábhacht stairiúil, seandálaíochta nó ealaíonta.

Faoin Acht sin tá ceadúnas ag teastáil le haghaidh "tumthaí" ag raic atá cosanta (i.e. raic atá breis agus 100 bliain d'aois) nó i limistéar atá faoi réir Ordú Oidhreachta Fo-uisce.

Mar eolas don Teachta eisíodh fiche ceadúnas tumtha go dtí seo i mbliana.

Barr
Roinn