Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 20 Oct 1999

Vol. 509 No. 5

Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999 [ Seanad ] : Report Stage (Resumed) and Final Stage.

We resume on item No. 7, Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999, Report and Final Stages. We resume on amendments Nos. 22 and 23.

Athógadh an díospóireacht ar leasú a 22:

I leathanach 23, roimh líne 1, an méid seo a leanas a chur isteach:

"14.-Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

‘(2A) Déanfaidh an tÚdarás, gach cúig bliana nó ar dháta nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire i dtaobh a rathúlachta i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin maidir le caomhnú agus leathnú úsáid na Gaeilge mar an príomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht de réir alt 8 den Acht seo a chur chun cinn agus maidir leis na himpleachtaí a ghabhann le beartais an Rialtais i gcoitinne maidir le cóimheá theanga reatha sa Ghaeltacht agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.'.".

Tarraingíodh leasú a 22 faoi chead.

–(Deputy O'Shea).

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 23.

Tairgim leasú a 24:

I leathanach 23, línte 12 go 14 a scriosadh.

Is é atá i gceist anseo go bhfuilimid ag baint amach as an mBille an riachtanas orduithe Aire a chur faoi bhráid an Tí. Tá mé á dhéanamh sin le nach mbéadh aon drogall ar Aire ordú a thabhairt. Tá orduithe eile nach gá iad a leagadh faoi bhráid an Oireachtais agus sílim gur ceart an stádas céanna a bheith ag gach ordú a thabharfadh an tAire. Mar sin tá mé ag moladh an leasaithe seo.

Aontaíodh an leasú.

Amendment agreed to.

Amendment No. 26 is an alternative to amendment No. 25 and amendment No. 27 is related. Amendments Nos. 25, 26 and 27 may be discussed together, by agreement.

Tairgim leasú a 25:

I leathanach 23, idir línte 27 agus 28, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(e) an tÚdarás d'fheidhmiú a fheidhmeanna maidir le pleanáil teanga sa Ghaeltacht.".

Molaim go mbeadh an t-ordachán seo i measc na n-ordachán gur féidir leis an Aire a thabhairt don údarás, i scríbhinn. Táim ag iarraidh béim lárnach a leagan ar an nGaeilge sa chuid seo den mBille. Molaim go mbeadh sé de chead ag an Aire, nó ag an Aire Stáit, ceist teanga a thógaint san áireamh agus é, nó í, ag tabhairt ordachán don údarás.

Tá leasuithe 25, 26 agus 27 á bplé le chéile. Ciallaíonn leasú a 27, in ainm an Aire, go bhfuil cead ag an Aire ordú a thabhairt don údarás má cheapann sé go bhfuil faillí de chineál ar bith á dhéanamh ag an údarás. Dá bhrí sin tá mé sásta gan leasú a 26 a thairgeadh.

Ba mhaith liom leasú a 27 a mholadh. Tá mé ag tabhairt suntais don méid atá i leasuithe a 26 agus 27. Tá sé iontuigthe, ó tharla go bhfuil cumhacht ghinearálta ag an Aire, nach gá an chumhacht seo a shonrú. Ach tá cumhachtaí eile sonraithe sa mBille agus sílim gur maith an rud é go ndéanfaí sonrú ar chumhacht an Aire ordú a thabhairt maidir le cúrsaí Gaeilge. Sin go díreach a dhéanfaidh an leasú seo mar, má dhéanann tú tagairt siar do feidhmeanna an údaráis a shonraítear in alt 8(1) den Phríomh-Acht, gheobhaidh tú amach go mbaineann sé sin díreach leis an rud atá á phlé anseo. Mar sin, táimid ag rá, go sonrach, gur féidir leis an Aire cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt don údarás maidir le feidhmeanna an údaráis a shonraítear in alt 8(1). Tá cumhacht ag an Aire ordacháin faoin nGaeilge a thabhairt.

Maidir leis on leasú seo, tá sé tábhachtach go dtuigfeadh an t-údarás go bhfuil cúraimí teanga agus cultúrtha air, chomh maith le cúraimí tionsclaíochta agus fostaíochta. Nuair a chuaigh an t-udarás i mbun dualgaisí sa Ghaeltacht, 20 bliain ó shoin, bhí deacrachtaí aige maidir le teanga mar go minic ní raibh daoine oilte sa Ghaeltacht chun dul i mbun monarchan nó i mbun bainistíochta. B'éigean dul taobh amuigh den Ghaeltacht, nó taobh amuigh den tír féin agus na daoine seo a mhealladh isteach. De bharr na hathraithe móra a tháinig ar an nGaeltacht, ó thaobh oideachais agus traenála de, tá sé ar chumas go leor de mhuintir na Gaeltachta féin anois postanna freagracha agus bainistíochta a ghlacadh sna monarchana sin. Is dócha go mbéadh sé níos fusa go mbeadh an Ghaeilge i réim ins na monarchana féin. Is maith an rud go mbeadh teagmháil rialta idir an tAire, a bhfuil dualgas náisiúnta air i leith na teanga, agus an t- údarás agus go mbeadh sé seo ag tarlúint ins na monarchana.

Taobh amuigh de na monarchana agus de na heastáit tionscail, ba cheart, chomh maith, go mbeadh ról níos cinnte agus níos deimhne ag an údarás i gcur chun cinn an chultúir agus na teanga sna ceantair Ghaeltachta. Ba chóir machnamh a dhéanamh ar sin agus deiseanna a thapú chun é sin a dhéanamh. Tá sé ar siúl ag an údarás i láthair na huaire ar dhóigh teoranta – b'fhéidir nach bhfuil na hacmhainní aige. Tugann an t-údarás tacaíocht agus cabhair d'imeachtaí sóisialta agus cultúrtha idir fhéilte agus eile. Níl fáth ar bith nach bhféadfadh an t-údarás tacaíocht a thabhairt do chúrsaí drámaíochta. D'fhéadfadh gach monarcha drámaíocht a chur ar fáil agus úsáid a bhaint as na háiseanna atá go fliúirseach ar fud na nGaeltachtaí. D'fhéadfaí páirt ghníomhach fheisceanach a bheith ag an údarás i saol cultúrtha agus teanga na Gaeltachta.

Glacaim leis an méid atá ráite ag an Teachta. Deir an leasú go bhféadfadh an tAire cibé ordacháin is cuí leis a thabhairt don údarás maidir le feidhmeanna an údaráis faoi mar a shonraítear é in alt 8(1). Deir alt 8(1) den Phríomh-Acht go ndéanfaidh an t-údarás caomhnú agus leathnú na Gaeilge mar phríomhmheán cumarsáide sa Ghaeltacht a spreagadh agus go gcinnteoidh sé gurb í an Ghaeilge a úsáidtear, an méid agus is féidir, nuair a bheidh a fheidhmeanna á chomhlíonadh aige agus thar a cheann.

Tá sin soléir. Beidh an tAire in ann ordacháin a thabhairt maidir leis na rudaí sin, sé sin, cur chun cinn na Gaeilge agus an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge i gcur chun cinn na Gaeltachta. Cumhacht an-tábhachtach agus an-sonrach atá á thabhairt anseo. Tá dualgas á chur ar Aire diriú ar an rud seo agus déanamh cinnte go bhfuil an t-údarás ag feidhmiú de réir an Achta. Glacaim go hiomlán leis na hargóintí atá curtha ar aghaidh, go bhfuil gá comharthaí a chur ar fáil don phobal, don údarás agus do phobal na Gaeltachta go bhfuiltear dáiríre faoi cheist na Gaeilge. Mar sin, glacaim leis an mbunprionsabal agus bheadh súil agam go nglacfadh an Teach leis an leasú mar atá curtha ar aghaidh agam.

Níl mé ag brú leasú a 25. Glacfaidh mé le leasú an Aire.

Aontaím lena bhfuil ráite ag an Aire agus ní thairgeoidh mé leasú a 26.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 26.

Tairgim leasú a 27:

I leathanach 23, idir línte 31 agus 32, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(7) Féadfaidh an tAire cibé ordacháin i scríbhinn is cuí leis an Aire a thabhairt don Údarás maidir le feidhmeanna an Údaráis a shonraítear in alt 8(1).".

Aontaíodh an leasú.

Amendments Nos. 28 and 30 are related and may be discussed together, by agreement.

Tairgim leasú a 28:

I leathanach 23, idir línte 36 agus 37, an méid seo a leanas a chur isteach:

"15.–Le héifeacht ón 1ú lá d'Eanáir, 2000, cuirfear an méid seo a leanas in ionad alt 28(1) den Phríomh-Acht–

‘(1) Déanfar toghcháin ar cibé dáta a chinnfear le hordú ón Aire le linn on 30 lá roimh chothromdháta cúig bliana an dáta a ndearnadh roimhe sin iad agus an cothromdháta sin san áireamh.'.".

Molaim leasú a 28 agus is é atá mé ag iarraidh a bhaint amach go mbeadh tréimhse cúig bliana idir thoghcháin don údarás agus nach mbeadh níos mó na san. Ón 1ú Eanáir 2000, molaim go mbéadh toghchán 30 lá roimh dáta cúig bliana agus an lá a raibh an toghchán deiridh ann.

Cuireadh an toghchán siar i mbliana agus tá a fhios agam go raibh cúiseanna faoi leith leis sin. Bhí díospóireacht ar an gceist seo ar Chéim an Choiste agus ceapaim go n-aontaíonn an tAire nach ceart go gcuirfear na toghcháin siar, bliain i ndiaidh bliana. Mar a sheasann an dlí ní féidir é sin a dhéanamh mar caithfidh an toghchán a bheith ann idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith ó dháta an toghcháin deiridh. Eisceacht a bhí ann i mbliana. Táimse ag moladh go gcaithfidh toghchán a bheith ann gach cúig bliana agus nach mbéadh tréimhse bhord an údaráis níos faide ná níos giorra ná sin.

Bhí díospóireacht ar an gceist seo ar Chéim an Choiste. Tá difríocht idir leasú an Teachta Uí Shé agus mo cheannsa. Rinne baill an bhoird teagmháil liom, tar éis chruinniú a bhí ag an mbord, agus mhol siad nach mbeadh toghcháin ar siúl i mbliana ós rud é go bhfuil sé ag druidim le deireadh na bliana, go mbeadh droch-aimsir ann i rith an toghcháin, nach mbeadh fonn orthu dul thart ag iarraidh vótaí sa dorchadas agus go mbeadh imní ar dhaoine agus lucht toghchánaíochta ag teacht chucu ar uair an mheán oíche. Is cuma liom féin cén uair a mbíonn toghchán ar siúil. Más gá toghchán a bheith ann i rith na Nollag, caithfear é a bheith ann. Sin atá i gceist agam sa leasú seo.

Is cuimhin liom go nduirt an tAire Stáit uair amháin gur cheart go mbeadh a lá féin ag muintir na Gaeltachta. B'fhéidir go gcuirfí níos mó suime sa toghchán dá mbeadh sé ar siúil i rith an earraigh nó an tsamhraidh agus na laethanta níos faide. Tá a fhios agam nach nglacfaidh an tAire Stáit leis na leasuithe seo agus, mar sin, níl me ag dul an leasú seo a bhrú.

Ceist ghairid. Más rud é nach nglactar leis na leasuithe agus go dtéann rudaí ar aghaidh mar atá sé ar intinn ag an Aire, sé sin go mbeidh an toghchán idir seo agus mí na Nollag, cén uair a bheas an chéad toghchán eile ann, tar éis ceithre bliana go leith, cúig bliana go leith nó cúig bliana? Ní shílim go bhfuil sé sin soléir in intinn na ndaoine. An bhféadfadh an tAire Stáit é sin a shoiléiriú?

Is dóigh gurb é an freagra simplí a d'fhéadfainn a thabhairt inniu, go bhfuil mé sásta teacht ar chomhréiteach idir moladh an Teachta Uí Shé, cúig bliana maximum agus moladh an Teachta Uí Chionnaith, sé bliana, agus tiocfaimid ar chúig bliana go leith agus, ar ndóigh, sin atá ann. Tá mé ag éisteacht leis an dá thaobh agus tá mé tagtha ar an rud go raibh mé ar chomh-mheá faoi an t-am ar fad. Níl mórán faidhbe agam leis na cúig bliana ach go bhfágann an cúig bliana go leith beagáinín solúbachta má theastaíonn ó dhaoine amach anseo dul ar ais go dtí amanna éagsúla gan dul ag ceithre bliana, ceithre bliana go leith nó ceithre bliana agus trí cheathrú. Ach má théimid go sé bliana bheimis beagnach sé bliana go dtí an bhliain chuile uair as seo amach. Feicim contúirt ag baint leis sin.

Maidir leis an am den bhliain is mó spéise, ó bhí an coiste ann cheana bhí mé ag éisteacht agus ag comhrá le daoine. Ainneoin an rud a deirtear, agus seo barúil atá agamsa le fada an lá, is maith le daoine toghcháin. B'fhéidir nach vótáilfidh siad ach is maith leo muide a fheiceáil ag rith thart ar fud na tíre. Is maith leo iad ar an gcaoi chéanna gur maith leo cluichí peile ar an teilifís mar is píosa spóirt atá ann dóibh. Cothaíonn toghcháin spéis sa pholaitíocht. Is dearmad mór a rinneamar, mar shampla, nár chuireamar uilig eadrainn féin na toghcháin áitiúla ar siúl go rialta. Tarraingíonn sin droch-cháil ar an bpolaitíocht i gcoitinne.

Maidir leis an am den bhliain is feiliúnaí, dar liomsa agus seasaim leis seo, is fearr an gheimhreadh ná an samhradh ó thaobh an phobail de. Tá níos mó seans acu a bheith ag breathnú ar theilifís, a bheith ag éisteacht le raidio agus a bheith páirteach ann ar an mbealach sin. B'fhéidir nach bhfeileann sé do lucht na canbhasála ach ní raibh mé riamh d'uireasa daoine i rith an gheimhridh ag canbhasáil. Tá chuile dhuine crúógach sa samhradh san áit a bhfuil mise. Caithfidh siad i bhfad níos mó íobairtí a dhéanamh le dul ag canbhasáil sa samhradh seachas sa gheimhreadh. Tá siad níos saoire sna tráthnóntaí fada dorcha. Tá chuile áit éagsúil ach sin é mo thaithíse.

Dá gcuirfimis siar é fós thosódh an feachtas an tseachtain seo. Tosóidh an feachtas toghchánaíochta an lá a shíneoidh an tUachtarán an Bille seo muna dtosóidh sé roimhe sin. An dteastaíonn feachtas mí go leith nó sé mhí? Is fearr do chuile dhuine, agus na hiarrthóirí san áireamh, go mbeadh an toghchán ann go luath seachas i bhfad uainn. Ach tá mé ag díriú m'intinn ar cheist an pobal a thabhairt amach. Tá mé an-tógtha leis an smaoineamh go mbeidh an toghchán seo as féin, gur toghchán do phobal na Gaeltachta a bheas anseo. Ba mhaith liom go mbeadh spéis ag pobal na tíre i gcoitinne ann agus go dtabharfadh na meáin i gcoitinne clúdach dó ach leis an rud atá feicthe le cúpla seachtain ní chuirfinn aon airgead air. Ag deireadh an lae is é an rud atá tábhachtach sa chás áirithe seo ná go mbeadh aird an phobail air. Agus leis an ionadaíocht bhreise atá i gceist anseo beidh aird an phobail ar an dtoghchán seo agus tá súil agam go mbeidh coimhlint ghéar ann ar nós na cluichí peile agus na cluichí iománaíochta is fearr dá mbíonn ann agus nuair a bheidh sé thart go gcroitheadh chuile dhuine láimh le chéile. Ní drochrud ar bith é coimhlint toghchánaíochta a bheith ann agus creidim leis an méadú i líon na n-iarrthóirí go dtarlóidh sé sin.

Chomh maith leis sin, mar a thuar Raidio na Gaeltachta i ngeall ar rudaí a dúirt mise ag cruinnithe an lá faoi dheireadh, tá mé ag breathnú ar an lá den tseachtain is fearr a d'fheilfeadh do mhuintir na Gaeltachta. Níl mé ceangailte le rud ar bith a tharla roimhe seo. Teastaíonn uaim a chinntiú go mbeidh an oiread deise ag muintir na Gaeltachta vótáil agus na daoine óga go mór mhór. Tá go leor de na daoine óga sa Ghaeltacht ag freastal ar choláistí tríú leibhéal ar fud na tíre. Teastaíonn uaim go mbeadh deis acu dul abhaile. Mar a chéile muintir Mhuigheo, na Gaillimhe agus na contaethe eile. Mar sin, tá mé oscailte don tuairim go mbeadh an toghchán lá eile seachas lá seachtaine, go mbeadh sé ag deireadh seachtaine agus ar an Satharn.

Má thugann sé sin deis don phobal – agus is lá saoire é sin do bhunáite an phobail agus níl aon leithscéal ann – bíodh sin mar atá. Ba mhaith liom go mbeadh sé iontuigthe nach bhfuil mé ag iarraidh rud ar bith a dhéanamh a stopfadh an pobal ó theacht amach. Creidim go dtiocfaidh siad ach sílim féin ó thaobh chuile dhuine go mb'fhearr dul ar aghaidh leis. Teastaíonn ón bpobal go dtiocfaimis ar aghaidh leis seo – agus ag deireadh an lae is don phobal é seo – agus ní mhaithfidh dúinn é má chuirfimid siar é. Níl mé ag tabhairt neamhaird ar dhaoine ach tá mé ag tabhairt aird ar an rud atá mise ag cloisteáil ó ghnáthphobal ar an talamh. Teastaíonn uaim dul ar aghaidh leis a luaithe is a bheidh an Bille seo rite.

Níl i gceist agam, mar sin, glacadh le ceachtar den dá leasú. Ba mhaith liom go dtuigfí go bhfuil mé ag tógaint an rud fad-téarmach san áireamh.

Cathain a bheidh an chéad toghchán eile ann nuair a bheidh an toghchán seo thart?

Abair go mbeidh na toghcháin seo ann idir deireadh mhí na Samhna agus tús mhí na Nollag, beidh idir ceithre bliana agus cúig bliana go leith ón dáta sin ag an Aire leis an chéad toghchán eile a reáchtáil. Ní féidir leis a bheith níos lú ná ceithre bliana ná, de réir an Achta atá ann anois, ní féidir leis dul níos faide ná cúig bliana go leith. 'Sé an rud a bhí á mholadh ag an Teachta O'Sé ná ceithre o cúig bliana móide mí amháin ón gcéad lá Eanáir 2000. An rud a bhí á mholadh ag an Teachta Kenny ná idir ceithre agus sé bliana . An rud atá á rá agamsa ná gurb é cúig bliana go leith an an méid is mó ama a d'fhéadfadh a bheith idir an toghchán seo agus an chéad toghchán eile. Agus ní fhéadfadh sé a bheith níos túisce ná ceithre bliana.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasu a 29:

I leathanach 23, idir línte 36 agus 37, an méid seo a leanas a chur isteach:

"15.–Déanfar an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 28(1) den Phríomh-Acht—

‘(1B) Scoirfidh rialacháin maidir le vótaíocht faoin alt seo arna ndéanamh faoi alt 33 d'éifeacht a bheith leo agus beidh feidhm ag an dlí a bhaineann le toghcháin Dála maidir le toghchán faoin Acht seo fara aon mhodhnuithe is gá agus fara cibé modhnuithe eile a fhorordaítear i reachtaíocht phríomha.'.".

Arís bhí díospóireacht againn ar an leasú seo ag Céim an Choiste agus séard atá mé ag iarraidh a bhaint amach leis an leasú seo ná go mbeadh na rialacha céanna ag baint le toghcháin an údaráis is a bhaineann le holltoghcháin. Chomh fada agus is cuimhin liom dúirt an tAire Stáit go mbeidh na rialacha céanna ann is a bhíonn do thoghcháin áitiúla. Tar éis smaoineamh ar an rud idir an dá linn tá mé sásta glacadh leis sin agus ní bheidh an leasú á bhrú agam.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 30.

Tairgim leasú a 31:

I leathanach 25, ar líne 25, "; Ar choinníoll, i gcás ina dtoghfaidh toghlach níos mó ná comhalta amháin, go ndéanfar socrú le rialacháin faoin gCuid seo maidir le heagrú an toghcháin sa toghlach sin lena chinntiú go mbeidh cóimheá inscne ann trí dhá fhophainéal a eagrú óna ndéanfar líon comhionann fear agus ban a thoghadh" a chur isteach i ndiaidh "amháin".

Arís, tá sé thar a bheith tábhachtach do gach údarás agus do gach bord Stáit go mbeadh comheá inscne ann. Séard atá á mholadh agam sa leasú seo ná in aon toghchán a mbeidh níos mó ná suíochán amháin á líonadh go mbeadh dhá fho-phainéal ann agus go mbeadh mná ar fho-phainéal amháin agus fir ar an gceann eile. Chinnteodh sin go mbeadh líon níos mó ban ar an gcéad údarás eile. Ní raibh an tAire Stáit sásta glacadh leis seo ach ba mhaith liom a fháil amach uaidh cén smaoineamh atá déanta aige ar an rud seo idir an dá linn.

Mar a dúirt mé cheana, tá mé sásta dul i muinín an phobail. Tá níos mó ban ná fir i dteideal vótála agus tá sé suas dóibh an bhallraíocht a shocrú iad féin.

B'fhéidir go bhfuil ach níl go leor dóibh ag cur a n-ainmneacha os comhair an phobail mar iarrthóirí. Tá sé de dhualgas ort na mná a mhealladh aon slí is féidir. Má ghlacann tú leis seo beidh i bhfad níos mó ban ar an chéad údarás eile.

Bhí ríméad orm an uair dheiridh mar an t-aon bheag a toghadh, Connie Uí Fhatharta, ba chomhleacaí liom í ar Chomhairle Contae na Gaillimhe. Tá sé suas do na páirtithe agus do na neamhspleáchaithe mná a chur chun tosaigh. Tá súil agam go ndéanfaidh na páirtithe éagsúla deimhin de go mbeidh mná ag seasamh i dtoghchán an údaráis agus in a dhiaidh sin caithfimid é a fhágaint faoin phobal. Ach tá an chéad chuid den rud in ár lámha féin agus tá mé dóchasach go dtabharfaidh na páirtithe éagsúla seans do na mná seasamh sa toghchán. Tá mé muiníneach i gcás mo pháirtí féin go mbeidh mná ag seasamh agus tá mé cinnte gur féidir leis na páirtithe eile é sin a dheimhniú. In a dhiaidh sin is dóigh liom go gcaithfimid é a fhágaint faoin bpobal.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment No. 32 is an alternative to amendment No.31a. Amendments No. 31a and 32 may be discussed together by agreement.

Tairgim leasú a 31a:

I leathanach 27, línte 20 agus 21 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(e) má tá pianbhreith príosúnachta ar feadh aon téarma is faide ná 6 mhí a ghearr cúirt dlínse inniúla sa Stát á cur isteach aige no aici,".

An lá faoi dheireadh nuair a bhí muid ag plé na ceiste seo, dúirt mé go dtiocfainn ar ais le leasú. Rinne mé scrúdú ar an cheist agus bhreathnaigh muid ar na cúiseanna gur féidir duine a dhícháiliú ó thaobh na Dála agus ó thaobh na n-údarás áitiúla de.

Measaim go bhfuil an leasú seo níos fearr ná an fhoráil atá sa Bhille faoi láthair, sé sin "má ghearann cúirt téarma priosúnachta ar chomhalta cuma más tréimhse an-ghairid atá i gceist dícháilfear é nó í".

Bhí sé sin sa seanBhille ach nuair a rinne mé machnamh air dúirt mé liom féin go mb'fhéidir go gcuirfí duine i bpriosún i ngeall ar sheasamh a thóg sé i bprionsabal i dtaobh ceiste eigin. Is cuimhin liomsa cara liom a cuireadh i bpriosún maidir le cúrsaí teilifíse fadó mar gur thóg sé seasamh ag iarraidh pointe a dhéanamh. Ní ceart duine mar sin a dhícháiliú ó bheith ina bhall den Údarás. Mar sin, tá mé ag teacht leis an rud atá ann in áiteanna eile, sé sin gur sé mhí priosúntachta a chaithfidh an comhalta a chur isteach chun a bheith dícháilithe. Tá an leasú ag teacht cuid mhaith leis an leasú a bhí á mholadh ag an Teachta O'Sé ach amháin go raibh seisean ag baint an rud as ar fad. Tá mise ag rá sé mhí agus os a chionn agus tá sin go bunúsach i gceist le baill an Oireachtais mar atá sé.

Tá mé sásta le leasú an Aire Stáit agus molaim é as ucht a bheith oscailte agus an t-athrú a dhéanamh.

Gheall an tAire Stáit, nuair a bhí sé sa Choiste, go ndeanfadh sé machnamh ar stádas na n-oileánach mar bhaill den Údarás. An bhfuil sé ag tabhairt geallúint don Teach seo go mbeidh oileánaigh ar an mbord nua a thoghfar?

Bhí an tAire ag caint faoi téarma priosúntachta ar dhuine a sheasann ar phrionsabal. An mbeidh sé seo ann freisin i gcás duine a bheadh ag troid, abair, agus go dtabharfaí téarma priosúnachta dó?

Chaithfí é a bheith curtha i bpriosún go ceann sé mhí. Tá cúiseanna eile dícháilithe ann i gcomhnaí, caimiléaracht agus mar sin de. De réir mar a thuigimse é mar bhall den Teach seo, ní féidir duine a dhícháilú muna gcuireann sé sé mhí isteach, cuma cad a dheineann sé, ag glacadh leis nach cúis eile dícháilithe atá i gceist anseo agus tá caimiléaracht mar shampla luaite. Ní dheineann sé idirdhealú idir na fáthanna a chuirtear duine i bpriosún, fiú an duine a chuirtear i bpriosún ar phrionsabal, ta sé ag briseadh dlí éigin nó ní chuirfí i bpriosún é. Sílim go bhfuil sé réasúnta go mbeadh an riail céanna ag baint le daoine a thoghfaí don Teach seo agus baill a thoghfaí ar an Údarás.

Cad mar gheall ar na hoileánaigh?

Baineann an rud céanna le baill na n-údarás áitiúla – tá an riail céanna ag baint leis an údarás, na húdarais áitiúla agus an Oireachtas.

Níl fhios agam cén fáth go bhfuil na hoileánaigh á phlé faoin leasú seo muna bhfuil sé i gceist na hoileánaigh ar fad a chur i bpriosún nó muna bhfuil sé i gceist ag an Teachta vóta a thabhairt do mhuintir Oiléan Spíce.

An rud a dúirt mé ná go mbeidh seans ag na hoileánaigh daoine a thoghadh ar nós chuile dhuine eile agus ní chuirfinn as an áireamh go dtoghfaí oileánach. Sa chás nach dtoghfar oileánach tá sé oscailte dom oileánach a cheapadh ar an mbord. Mar a dúirt an Teachta Ó hUiginn nuair a bhí sé ina Aire mar fhreagra ar cheist a chuir an Teachta Sile de Valera air faoi rud áirithe: "It will form part of my reflective processes.".

Aontaíodh an leasú.

Níor tairgeadh leasú a 32.

Tairgim leasú a 33:

I leathanach 29, ar líne 26, "agus déanfar na hAchtanna sin, lena n-áirítear an tAcht seo, a fhorléiriú le chéile mar aon ní amháin" a chur insteach i ndiaidh "seo".

Pointe teicniúil dlí atá sa leasú seo. Dúirt an tAire Stáit ag Céim an Choiste go bhfaigheadh sé comhairle ina thaobh agus go dtiocfadh sé ar ais ag an chéim seo.

D'iarr mé comhairle ina thaobh, agus is dóigh go liom go gcaithfidh mé glacadh leis. Deireann an comhairle:

As already pointed out in my minute of 5 October 1999, since all amendments to the 1979 Act contained in the Bill are textual, as opposed to non-textual, there is no need to insert a construction clause in section 19(3) thereof. There is a construction clause in the Údarás na Gaeltachta (Amendment) Act, 1999, but, technically, it is unnecessary as that Act contains just one amendment to the 1979 Act.

So, ní gá é a dhéanamh agus níl sé i gceist agam é a dhéanamh.

Tá mé sásta leis sin agus níl mé ag brú an leasaithe.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tuairiscíodh an Bille le leasuithe agus glacadh leis chun an breithniú deiridh a dhéanamh air.

Tairgeadh an cheist: "Go rithfear an Bille anois."

Bhí an-díospóireacht againn ar an mBille seo agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leis na Teachtaí ar fad a ghlac páirt ann. Bhí go leor Teachtaí a labhair ar an dara céim agus ansin ghlac na Teachtaí páirt an-ghníomhach i gCéim an Choiste. Tá súil agam anois go gcuirfidh na leasuithe ar fad atá curtha ar an mBille, cuid mhaith acu molta ag an bhfreasúra, feabhas ar an mBille. Tá súil agam freisin go mbainfear amach na haidhmeanna atá ag an mBille, sé sin an Ghaeltacht a láidriú ó thaobh na teanga agus ó thaobh an phobail de. Tá mé dóchasach go ndéanfaidh sé cuid áirithe de sin ach tá go leor eile le déanamh.

Ba mhaith liom freisin buíochas a ghlacadh leis na státseirbhísigh a rinne an obair réitithe agus a bhí ag deileáil leis an mBille seo ó thús deireadh. Tá an t-uafás oibre i gceist le Bille a réiteach agus a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais. Níor thuig mé féin an méid oibre a bhí i gceist nuair a thug mé faoi. Bhí an rud ar fad á dhéanamh go dátheangach. Mionobair den scoth atá déanta. Ba mhaith liom buíochas a ghlacadh leatsa, a Cheann Chomhairle, as do fhoighid agus muid ag plé an Bhille seo.

Tá súil agam go mbeidh dea-thoradh ar an mBille seo a bheith achtaithe ag Tithe an Oireachtais.

Cuireadh agus aontaíodh an cheist.

As the Bill is considered by virtue of Article 20.2.2º of the Constitution to be a Bill initiated in the Dáil, it will be sent to the Seanad.

Barr
Roinn