Údarás na Gaeltachta (Amendment) (No. 3) Bill, 1999 [ Seanad ] : Report Stage.

Amendment No. 1 is in the name of Deputy O'Shea. Amendment No. 2 is an alternative so we will take Nos. 1 and 2 together.

Tairgím leasú a 1:

I leathanach 7, ar líne 23, "agus ar 2 dhuine iad a bheidh arna dtoghadh chun na críche sin ag foireann an Údaráis" a chur isteach i ndiaidh "díobh".

Bhí díospóireacht againn mar gheall ar seo ar Chéim an Choiste agus is é ata i gceist agam anseo go mbeadh dhá áit ar an mbord ó cheart ag ionadaithe na gceardchumann sin a bhfuil a gcuid ball ag obair san údarás. An bhfuil athrú intinne tagtha ar an Aire Stáit?

Sin freagra an-ghairid. Mar sin ní aon mhaith domsa a bheith ag caint agus ba cheart an cheist a chur.

Cuireadh an leaú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltó dó.

Amendment No. 2 has already been discussed with amendment No. 1 and cannot, therefore, be moved. I call Deputy O'Shea to move amendment No. 3.

An leasú a bhí in aimn an Teachta Ó Cionnaith, cén fáth nach bhfuil deis againn labhairt air?

When amendment No. 1 was lost, amendment No. 2—

The Deputy may put the amendment, if he wishes.

Cé go bhfuil—

The Deputy may only formally move his amendment.

Tairgim leasú a 2:

I leathanach 7, ar líne 23, "agus beidh ionadaí de chuid Chomhdháil Oileáin na hÉireann san áireamh ann agus a mhéid is féidir go mbeidh feidhm ag cóimheá inscne maidir leis an líon a bheidh ag fónamh ar an mBord" a chur insteach in ndiaidh "díobh".

Ní raibh díospóireacht ar bith agam air.

Nuair a bhí Céim an Choiste á phlé againn, thug an Aire geallúint dúinn go mbeadh sé sásta breathnú ar an leasú sin agus ní dúirt sé faic anois.

We cannot discuss the amendment now. It can only be formally moved.

Níor thug mé aon gheallúint.

Cuireadh an leasú agus faisnéiseadh go rabhthas tar éis diúltó dó.

Tairgim leasú a 3:

I leathanach 7, línte 24 go 31 a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"(2A)Toghlacht na limistéar a shonraítear in gCuid IV den Acht seo a thoghfaidh an cathaoirleach chen na críche sin.'.".

Tá i gceist agam anseo go dtoghfaí Cathaoirleach an údaráis seachas é a ainmniú mar a moltar sa Bhille seo. Bhí díospóireacht fhada againn ar seo cheana. Tá mé buartha go bhféadfadh Aire a bheith againn amach anseo a chuirfeadh duine isteach mar ainmniúchán polaitiúil agus nach mbeadh an duine sin ag díriú ar chúrsaí teangan. Muna bhfuil aon athrú intinne tagtha ar an Aire Stáit ó Chéim an Choiste ní bheidh mé ag brú an leasaithe seo.

Bhí mise idir dhá cheann na meá ag an tús ach níl i gceist agam é seo a athrú. An chontúirt a bheadh ann ná dá dtoghfaí duine ó na baill bhainfeadh an duine sin go sonrach le ceantar amháin agus bheadh buntáiste mór ag na ceantair láidre sa chomhthéacs sin. Má tá i gceist againn go mbeadh an Cathaoirleach freagrach do phobal na Gaeltachta ina iomlán caithfimid dul i muinín Airí agus tá súil agam go mbeidh na hAirí i gcónaí ag iarraidh duine a cheapadh a bhfuil meas phobal na Gaeltachta i gcoitinne uirthi nó air. Sin an traidisiún atá ann ó bunaíodh an t-údarás agus tá súil agam go leanfar leis.

Tá cosaint amháin sa Bhille seo nach raibh sa seanAcht, foráil nach féidir duine a ainmniú ina Cathaoirleach nó ina Chathaoirleach ar bhord an údaráis má sheas sé i dtoghchán an údaráis. Sin an chosaint is fearr a d'fhéadfadh an Oireachtas a chur isteach maidir leis an rud atá ag cur imní ar an Teachta Ó Sé. Ní fheicim go bhfuil réiteach níos fearr ann.

Mar a dúirt mé cheana, ní bheidh mé ag brú an leasaithe seo. Má thugann pé Aire a bheas ann faoin ainmniúchán seo go macánta agus é ag iarraidh an Ghaeilge a chaomhnú agus a neartú sa Ghaeltacht, sin an rud is fearr.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment No. 5 is an alternative to amendment No. 4. Amendments Nos. 4 and 5 may be taken together by agreement.

Tairgim leasú a 4:

I leathanach 9, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(a)tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur insteach in ndiaidh fho-alt (1):

‘(1A)Déanfaidh an tÚdarás bonn dúchasach tionscail a chothabháil agus a fhorbairt sa Ghaeltacht agus déanfaidh sé achmhainní daonna, nádúrtha, cultúir agus teanga an réigiúin a fhorbairt.',".

Sé atá i gceist agam anseo ná go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach go mbunófaí tionscal ar shaibhreas aiceanta na Gaeltachta más daoine nó cultúr nó dúlra atá i gceist againn. Ba mhaith go mbeadh an phríomhbhéim thionsclaíochta ar an saibhreas seo, mar shampla an turasóireacht. Ceist bhéime atá anseo, seachas tionscal a thiocfadh isteach ón iasacht agus a d'imeodh nuair a thiocfadh athrú ar an margadh.

Deireann leasú a 5:

I leathanach 9, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur insteach in ndiaidh fho-alt (1):

‘(1A) Déanfaidh an tÚdarás achmhainní daonna, nádúrtha, cultúir agus teanga réigiúin na Gaeltachta a fhorbairt.',".

Bhí díospóireacht againn ag an Roghchoiste faoi seo agus tá a fhios agam gur suim leis an Aire Stáit cúrsaí forbartha na Gaeilge thart timpeall na tíre. Is fíor a rá go bhfuil an-chuid tionchair ag Raidió na Gaeltachta ar chúrsaí Gaeilge agus tá tionchar maith ag TG4 ar stádas na Gaeilge.

Tá an t-údarás ag déileáil leis an nGaeltacht taobh istigh de na limistéir atá leagtha síos san Acht agus é mar phríomhaidhm acu jabanna a chur ar fáil. Molann an leasú seo ról níos lárnaí don údarás ó thaobh fhorbairt na teanga de. Pléadh é seo cheana agus ba chóir don údarás plean forbartha tionscail agus teanga a chur faoi bhráid an Aire i dtreo is go mbeidh a fhios ag chuile dhuine nach cúrsaí tionsclaíochta amháin is cúram don údarás sa Ghaeltacht ach go bhfuil ról níos leithne acu – forbairt an chultúir agus na teanga. Ba mhaith an rud é dá gcuirfí brú ar an údarás é sin a dhéanamh. Cé go bhfuil an–chuid cleachtaidh ag Roinn na Gaeltachta ar an sórt seo forbartha a chur ar bun agus a chur i gcrích tá sé tábhachtach go mbeadh ról níos leithne ag an údarás agus go mbeadh a fhios ag chuile dhuine go soiléir taobh amuigh den Ghaeltacht ní hamháin go bhfuil an túdarás ag déileáil le cúrsaí tionscail, sóisialta agus eacnamaíochta taobh istigh den Ghaeltacht ach go bhfuil sé ag déileáil leis an Ghaeilge, le forbairt teanga agus le cultúr freisin.

Má bhíonn plean leagtha síos ag an údarás leis an struchtúr atá ag Roinn na Gaeltachta beidh an teanga níos láidre dá bharr sin. Molaim an leasú don Aire Stáit.

Tuigim an rud atá á mholadh ag an mbeirt Teachtaí Dála ach sílim nuair a dhéanfaidh siad scrúdú ar na leasaithe atá mé féin ag cur chun tosaigh go bhfeicfidh siad go bhfuil ar bhealaigh eile a bhfuil i gceist acu clúdaithe anseo. Seachas an rud a bheith scríofa san Acht táim ag iarraidh go mbeadh sé níos fearr ar bhealach mar tá cuid den rud á dhéanamh trí orduithe Aire a thabharfar don údarás más gá. Chomh maith leis sin tá na forálacha maidir leis an Ghaeilge á láidriú réasúnta mór i leasú a bheas mé féin ag cur chun cinn.

Glacaim leis an rud atá á rá ag an Teachta O'Shea maidir le tionscail a bheith bunaithe ar thraidisiúin an phobail. Bhí mé féin ag obair sa Ghaeltacht ar an gcineál sin tionscail ar feadh os cionn scór bliain Ach níl fhios agam an ceart é a chur isteach san Acht. Ba cheart go mbeadh sé mar choinníoll ar an údarás é a dhéanamh ar aon chaoi faoin Acht go ginearálta. Má cheapann Aire amach anseo go bhfuil faillí á déanamh sa treo sin beidh sé in ann orduithe a thabhairt go gcaithfear díriú ar an rud seo de réir mar a athróidh an saol. Bheadh sé níos fearr é a dhéanamh ar an mbealach sin ná é a scríobh isteach san Acht. An rud céann ó thaobh cúrsaí na Gaeilge. Tá roinnt leasuithe á mholadh agam féin a láidreoidh go mór an bhéim ar an Ghaeilge. Arís táim ag caint ar orduithe ar féidir leis an Aire a thabhairt ag aon am má cheapann sé go bhfuil an t-údarás ag déanamh faillí ar an ndualgas soiléir a bheidh san Acht maidir leis an Ghaeilge.

Ní bheidh mé ag brú an leasaithe seo. I withdraw this amendment.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgím leasú a 5:

I leathnach 9, idir línte 3 agus 4, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

‘(1A) Déanfaidh an tÚdarás achmhainní daonna, nádúrtha, cultúir agus teanga réigiún na Gaeltachta a fhorbairt.',".

Feicfidh mé céard a bheas le rá ag an Aire Stáit ar a leasú féin agus tarraingeoidh mé siar, mar sin, an leasú seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment No. 6 is consequential on amendment No. 7, so both may be discussed together by agreement.

Tairgím leasú a 6:

I leathnach 9, ar líne 4, "agus" a scriosadh.

Is leasú teicniúil leasú a 6 agus ní gá dom aon rud a rá ina thaobh. Séard atá i gceist i leasú a 7

ná go bhfuil fadhb ag baint leis an Ghaeltacht sa mhéid is go bhfuil sé i bhfad níos deacra do dhaoine óga teach nó suíomh a fháil. Séard atá á mholadh sa leasú ná go mbeadh na cumhachtaí éigeantacha céanna ag an údarás is atá ag na h-údaráis áitiúla maidir le tógáil tithe. Tá a fhios agam go ndeir an tAire Stáit go bhfuil an-fhadhb anseo agus ba mhaith liom a chloisint uaidh an bhfuil aon athrú ar a thuairim ó Chéim an Choiste.

Is ionann an leasú seo agus feidhm de chuid údarás áitiúil a thabhairt d'Údarás na Gaeltachta. Baineann cúrsaí pleanála leis na húdaráis áitiúla. Faoi alt 9 (2) den phríomh Acht is féidir le hordú an Rialtais feidhmeanna de chuid údaráis áitiúil a thabhairt don údarás agus ní gá é seo a chur san Acht. Chuige sin ní mór don údarás cás a dhéanamh go dtabharfaí na feidhmeanna sin dóibh nó aon ceann acu ar nós feidhmeanna pleanála. Bheadh ar an Roinn ansin an cás a bhreithniú i gcomhairle leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil agus chaithfeadh an Roinn ansin cinneadh an Rialtais a lorg ina leith. Rud amháin atá spéisiúil i dtaobh na cainte uilig ná nár chuir an t-údarás aon chás faoi mo bhráid ag lorg cumhachtaí breise d'aon chineál faoi Acht 1979. Mar sin, má cheapann an t-údarás go bhfuil an chumhacht seo uathu am ar bith is féidir leo iarratas a dhéanamh agus déanfar í a bhreithniú agus ansin cinneadh an Rialtais a thógáil. Sin an bealach go gcaithfí an rud a dhéanamh. Tá freagrachtaí áirithe ormsa mar Aire i láthair na huaire maidir le cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht agus tá scéimeanna tithíochta ann agus forbairt déanta ar na scéimeanna tithíochta sin. Ceann de na forbairtí tithíochta is spéisiúla ní hamháin sa Ghaeltacht ach sa Ghalltacht freisin ná an dúblú ar an deontas tógála ar ha hoileáin. Tá sé spéisiúil a fheiceáil mar atá sé sin ag oibriú le cur ar chumas daoine tithe a thógaint dóibh féin agus dáiríre ní gá an leasú seo atá an Teachta O'Shea ag iarraidh a chur i gcrích. D'fhéadfaí é a dhéanamh amárach agus taréis an Bhille seo a bheith in a Acht fós is féidir é a dhéanamh ach iarratas a fháil ón údarás agus cinneadh an Rialtais a fháil

Tá mé sásta an leasú seo a tharraingt siar ach an bhfuil an tAire Stáit chun an t-údarás a dhíriú ar an cheist seo?

Táim, cinnte. Phléigh mé an cheist ag cruinniú a bhí agam leis an údarás agus tá sé i gceist agam í a phlé arís. Tuigim an fhadhb go mór mhór ó thaobh daoine óga atá ag iarraidh fanacht sa Ghaeltacht. Creidim go gcaithfimid díriú ar an cheist seo féachaint cad é an bealach is fearr – idir an Roinn agus an t-údarás agus na húdaráis phleanála – deis a thabhairt do phobal na Gaeltachta fanacht sa Ghaeltacht agus tithe a thógáil ann.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 7.

Tairgim leasú a 8:

I leathanach 9, idir línte 13 agus 14, an méid seo a leanas a chur isteach:

"5.–Leasaítear leis seo an Príomh Acht tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 9:

‘9A.–(1)A luaithe is indéanta agus laistigh de shé mhí ó thoghchán a dhéanfar de réir Chuid IV den Acht seo, déanfaidh an tÚdarás plean straitéiseach i leith fhorbairt na Gaeltachta don tréimhse cúig bliana dá éis a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire.

(2)Maidir le plean straitéiseach:

(a)cuimseoidh sé na príomhchuspóirí, na hoibríochtaí agus na stratéisí gaolmhara atá ag an Údarás i ndáil le forbairt na Gaeltachta ó thaobh teanga, cultúir, sóisialachta, gnéithiúlachta agus geilleagair, agus

(b) sonrófar ann go mion na cumhachtaí breise ar gá iad a thabhairt faoi alt 9 den Phríomh-Acht, chun a chumasú don Údarás a phleananna a chur i gcrích go héifeachtúil.

(3) Cuirfidh an tAire faoi deara cóip den phlean straitéiseach a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.'.".

Séard atá i gceist agam anseo ná go mbeadh plean stráitéiseach ag an údarás a bheadh dírithe ar chaomhnú agus forbairt na Gaeltachta agus cúrsaí cultúrtha, sóisialta agus eacnamaíochta a chur san áireamh. Ceapaim go n-éireoidh níos fearr leis an údarás má bhíonn plean cruinn acu leis na nithe éagsúla atá ar intinn acu a bhaint amach. Ba cheart plean mar sin a chur in áit sé mhí tar éis an toghcháin. Ní raibh an tAire Stáit dul síos an bóthair seo ar Chéim and Choiste ach is cosúil go bhfuil machnamh déanta aige air ó shin. An bhfuil tuairimí nua aige ar an leasú seo?

Aontaím leis an Teachta Ó Sé. Bhí sé pléite ag Céim an Choiste. Má théann duine isteach san údarás nach Éireannach é agus ceist a chur cad é atá á dhéanamh ann, bíonn neart freagraí le fáil. Aontaím gur chóir go mbeadh an t-údarás ann – tá sé nó seacht míle duine fostaithe sa Ghaeltacht dá bharr, nach mbeadh ag obair, b'fhéidir, gan cabhair ón údarás. Ós rud é go gcaitheann sé suas le £30 milliún sa bhliain is mór an infheistíocht é sin sa Ghaeltacht.

Ba chóir go mbeadh plean straitéiseach leagtha amach ag an údarás i dtreo is go mbeidh a fhios ag gach éinne cad é an sceideal geallúintí atá faoin údarás a chur i gcrích ó bhliain go bliain. Tá plean straitéiseach leagtha amach ag an gComhairle Ealaíon agus ag Bord Fáilte agus ag gach údarás eile agus tuige nach mbeadh ceann le réiteach ag an údarás?

Ba chóir an plean sin a chur faoi bhráid na Dála ionas go mbeidh seans ag na Teachtaí an plean a phlé. Níl an t-údarás sách maith ag cur in iúl do na hionadaithe poiblí cad é atá ar bun acu. Bíonn easpa eolais ar a lán Teachtaí faoi cad go díreach atá ar bun acu maidir le hinfheistíocht sa Ghaeltacht agus plean forbartha tionscal. Tá siad an-lag ón taobh sin de agus tá níos mó díospóireachtaí idir na hionadaithe poiblí agus an t-údarás faoin tslí a chaitear an t-airgead a fhaigheann siad gach bliain. Le plean agus eolas ceart, ní bheadh an chúlchaint ann i dtaobh dreama atá ag iarraidh jab maith a dhéanamh.

Cosúil le haon eagras eile ullmhaíonn an t-údarás pleananna straitéiseacha ó thráth go chéile agus cuirtear iad faoi bhráid na Roinne. Tá plean straitéiseach don tréimhse 1996-2000 ullmhaithe ag an údarás cheana féin. B'fhéidir go n-ardaíonn sé sin ceist eile, go bhfuilimid ag iarraidh rud a chur ann atá ann cheana féin. Faoin gcóras SMI is gá don údarás ráiteas straitéiseach a ullmhú agus tá a leithéid á réiteach don tréimhse 1999-2001. Ní miste a rá go bhfuil ról lárnach ag an Aire agus ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán i bpleanáil straitéiseach don Ghaeltacht go ginearálta.

Tá dhá rud á mholadh anseo. Tá iarracht á dhéanamh – agus tuigim an t-údar atá leis – go gceanglófar réiteach phlean straitéiseach an údaráis le tréimhse bhord an údaráis, sé sin go ndéanfar é tar éis toghchán an údaráis. Bheadh buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis sin. D'fhéadfadh sé tarlú go mbeadh sé tráthúil ó am go chéile plean straitéiseach a réiteach nuair a bheadh an Roinn ag réiteach plean straitéiseach, mar shampla i gcás Rialtais nua.

Tá iarracht á déanamh anseo a leagan síos cad é a bheas sa phlean straitéiseach. Beidh an tAire in ann ag am ar bith aon rud a cheapann sé a ba chóir a bheith sa phlean agus nár luaigh an t-údarás a ordú. Ní gá plean a éileamh mar caithfear ceann a réiteach faoin SMI agus b'fhearr liom é a fhágáil oscailte ó thaobh dáta de. Murach d'fhéadfadh go mbeadh dhá phlean á réiteach, ceann leis an mBille seo a shásamh nuair a bheidh sé ina Acht agus ceann eile chun riachtanais eile a shásamh agus b'fhearr liom éalú uaidh sin.

Déantar pleananna forbartha contae gach cúig bliana. Maidir le heasnaimh ar na plean, is féidir leis an Rialtas ordú a thabhairt agus seasfaidh an t-ordú sin go dtí go dtabharfar a mhalairt. Níl gá leis an leasú seo agus glacaim leis na pointí a rinneadh agus i bhfeidhmiú an Achta, tógfar ar bord iad.

Nuair a bheas an plean straitéiseach 1999-2001 ceaptha ag an údarás, ní mór deimhin a dhéanamh de go bpléifear iad ag Roghchoiste de chuid an Oireachtais. Bheadh sé suas don choiste baill an údaráis a thabhairt i láthair an choiste agus an rud a phlé amach. B'fhéidir nach ndéantar dóthain plé ar chúrsaí Gaeltachta agus ar chúrsaí an údaráis i dTithe an Oireachtais. Is maith go raibh díospóireacht bhríomhar againn ar an ábhar seo de thoradh an Bhille seo.

Nílim sé i gceist agam glacadh leis an leasú seo.

An plean straitéiseach a luaigh an tAire Stáit, plean é sin don údarás a bheidh ag dul ó chumhacht go luath, ní bhaineann sé leis an údarás nua a bheidh ann.

Fáiltím roim an méid an dúirt sé faoin bplean straitéiseach a phlé ag an Roghchoiste agus go mbeadh duine sinsearach ón údarás anseo le ceisteanna a fhreagairt. Má tá sé sin cinnte, ní bhrúfaidh mé an leasú seo.

Aontaím lena ndúirt an tAire Stáit. Ba chóir go mbeadh oifigigh an údaráis os comhair an choiste leis an gceist a chíoradh agus díospóireacht ann faoin bplean straitéiseach seo.

Is ceist don Roghchoiste é cuireadh a thabhairt do bhord an údaráis teacht chuig cruinniú. Ach fáiltím roimh aon díospóireacht a bhíonn ann faoi chúrsaí Gaeilge is Gaeltachta i dTithe an Oireachtais. Is dóigh go dtiocfadh na Teachtaí atá anseo inniu leis sin.

Is éard a theastaíonn uainn ná go mbeidh an t-údarás chomh gar don phobal agus is féidir. Rud daonna é sin agus caithfear srian a choimeád le líon na bpleananna – bíodh plean amháin ann agus bíodh sé ann do thréimhse. Mar dhuine a bhíodh ag treabhadh i ngort na Gaeltachta, bhíodh sé le rá gur gaire an gaol a bhí ann idir an Roinn agus an pobal ná idir an t-údarás agus an pobal. Agus go raibh an Roinn níos solúbtha agus iad dírithe ar fhadhbanna an phobail mar a chonacthas don phobal iad. Ceann de aidhmeanna an Bhille seo ná go mbeadh an t-údarás níos gaire don phobal agus trí breis ionadaithe pobail a chur ar bhord an údaráis, bheinn ag súil le beocht níos mó le gníomhaíocht an údaráis, agus iad níos interactive leis an bpobal. Agus go mothóidh an pobal gur leo é.

Tá páirt lárnach ag an bpleanáil ansin ach caithfear déanamh cinnte nach gcuireann pleanáil cruth ró-righin ar an saol agus nach n-úsáidfear pleananna mar leithscéal gan rudaí a athrú de réir a chéile. Mar oibrí pobail, is fearr go mbeadh rudaí solúbtha mar athraíonn an saol go tobann: tá sé deacair cuimhneamh ar an am go rabhamar buartha mar go raibh daoine ag imeacht as an nGaeltacht agus anois níl dóthain spáis ann le tithe a thógáil. Sin athrú mór in imeacht trí bliana.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Amendment No. 10 is an alternative to amendment No. 9 and amendment No. 11 is related. Amendments Nos. 9, 10 and 11 will be taken together by agreement.

Tairgim leasú a 9:

I leathanach 9, ar líne 32, "agus" a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina ionad:

"(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

‘(4) Ní thabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid–

(i) in aon chás áirithe ina mbeidh cúnamh airgid tughta ag Fiontraíocht Éireann nó ag an nGníomhaireaht Forbartha Tionscail (Éire), nó

(ii) in aon chás áirithe nach mbeidh tionscal nó scéim tháirgiúil fostaíochta a fuair cúnamh airgid roimhe tar éis na critéir theanga a chomhlíonadh a bhí leagtha síos mar choinníoll a bhí ag gabháil le cúnamh airigd den sórt sin.', agus".

Bhí díospóireacht cuíosach fada againn ar Chéim an Choiste ar na leasuithe seo agus i ndeireadh na dála is eard atá i gceist ná go mbeadh critéir teanga ag gabháil le haon airgead a bheadh a chur ar fáil do thograí sa Ghaeltacht. Feicim go bhfuil leasú nua curtha síos ag an Aire Stáit agus ba mhaith a chlos uaidh ar an leasú sin sula deirim a thuilleadh.

Tá an leasú atá thíos im' ainmse soiléir. Tá an rud céanna iontuigthe i leasú an Aire Stáit agus mar sin ní bheidh mé á bhrú.

Mar a gheall mé, rinne mé machnamh ar an gceist seo agus táim sásta gur cheart foráil maidir le cúrsaí teangan a chur isteach sa mBille. Nílim sásta áfach glacadh leis na leasuithe atá curtha síos ach tá malairt foclaíochta á mholadh agam.

D'ainneoin go bhfui foráil san Acht a deireann gur féidir leis an údarás coinníollacha cuí a leagan síos agus cúnamh á cheadú acu, tá sé tábhachtach go mbeadh foráil láidir maidir le coinníollacha teanga san Acht. Chuige sin tá leasú a 11 á mholadh agam. Leis na bhforálacha seo, beidh sé de dhualgas ar an údarás amach anseo coinníollacha a cheangal maidir le cur chun cinn na Gaeilge agus cúnamh á chur ar fáil acu, rud atá á dhéan amh i láthair na huaire, ar ndóigh. Freisin, má tá an t-údarás ag déanamh cinnidh faoi chúnamh breise a thabhairt, beidh orthu athmheas a dhéanamh chomhlíonadh na gcoinníollacha sin. Clúdaíonn an leasú seo a bheag nó a mhór na rudaí a bhí á mholadh ag na Teachtaí. Beidh dualgas reachtúil ar an údarás agus tograí á cheadú, coinníollacha Gaeilge a chur isteach i gceadú an deontais. Agus scrúdófar an ndearnadh an rud a bhí leagtha síos dóibh má thagann siad ag iarraidh an dara deontais.

Tá súil agam go bhfuilim ag glacadh le spiorad an rud a bhí á mholadh ag an bhfreasúra agus glacaim buíochas leo as ucht na moltaí sin a chur chun cinn.

I withdraw my amendment and I accept the Minister's.

An rud céanna uaimse.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 10.

Tairgim leasú a 11:

I leathanach 9, línte 41 agus 42 a scriosadh agus a méid seo a leanas a chur ina n-ionad:

"ndéanfar cinneadh den sórt sin, tabharfaidh an tÚdarás cúnamh airgid den mhéid cuí sa chás sin.

(7) Áireofar ar na coinníollacha a luaitear i bhfo-alt (1) coinníoll á cheangal go ndéanfar an Ghaeilge a chur chum cinn agus a úsáid a mhéid is féidir mar phríomh–mheán cumarsáide i dtaca leis an tionscal nó leis an scéim fostaíochta lena mbaineann.

(8) Más rud é go mbeidh breithniú á dhéanamh ag an Údarás i dtaobh an dtabharfar cúnamh airgid faoin alt seo in aon chás áirithe, cuirfidh sé san áireamh ar comhlíonadh coinníoll a bhaineann le húsáid na Gaeilge ar coinníoll é a forchuireadh faoi fho-alt (7) nó ar shlí eile sa chás áirithe sin i ndáil leis an Údarás do thabhairt cúnaimh airgid roimhe sin.'.".

Aontaíodh an leasú.

Níor tairgeadh leasú a 12.

Níor tairgeadh leasú a 13.

Tairgim leasú a 14:

I leathanach 11, idir línte 48 agus 49, an méid seo a leanas a chur isteach:

"(2) Is é is córam do chruinniú den Choiste Meastóireachta trí cheathrú de líon comhaltaí an choiste tráth an chruinnithe.".

Bhí easnaimh ar an mBille mar a dréachtaíodh é agus mar a gheall mé ar Chéim an Choiste tá leasú á mholadh agam in alt a 7 den Bhille. Foráil í i ndáil leis an gcuóram don Choiste Meastóireachta. Ag féachaint ar chomhdhéanamh an choiste dom, sílim go bhfuil gá le cuóram de thrí cheathrú de na baill. An fáth go bhfuil an cuóram ard sin á mholadh ná le déanamh cinnte go gcaithfidh tinreamh leathan a bheith ann i ngeall ar chomhdhéanamh an choiste. Tá súil agam go nglacfar leis seo mar chomhréiteach féaráilte ar cheist an chuóraim ar an gCoiste Meastóireachta.

Sin a bhí i gceist agamsa leis an leasú deiridh. Bhí sórt cúlchainte ann ag éirí as na coistí réigiúnacha go raibh airgead á thabhairt amach agus gan ach líon beag i láthair. Tá sé i gceist ag an Aire go mbeidh trí cheathrú de na comhaltaí ann tráth an chruinnithe. Muna mbíonn ach triúr ag an gcruinniú, cad a tharlóidh.

Abair nach raibh comhaltas iomlán ar chúis éigin ar an mbord – bás duine mar shampla. Trí cheathrú de na daoine atá ar an gCoiste Meastóireachta ag am ar bith, sin mar a thuigimse é.

Má scrúdaíonn an Teachta Ó Cionnaith an leasú gheobhaidh sé amach gur ceathrar ó theas agus ó thuaidh atá i gceist. Dúirt mé mórlach agus is ionann mórlach agus triúr as ceathrar. An t-aon áit nach bhfuil trí cheathrú i gceist ná i gcoiste an iarthair mar a chaithfidh cúigear as naonúr a bheith ann. Tá na cuóraim réasúnta san iomlán ach ní bheidh ar chumas duine nó beirt ar an gCoiste Meastóireachta nó ar an gCoiste Réigiúnach cinneadh a dhéanamh faoi airgead. Sin ceann de na fáthanna gur scríobhadh é isteach go soiléir san Acht mar ní raibh sé soiléir agus bhí caint ann faoi rudaí nach bhféadfainnse seasamh os a gcionn mar Aire.

Aontaim leis an rud at ráite ag an Aire Stáit agus cuirfidh se sin deireadh leis an sort cúlchainte a bhi ag dul timpeall. Nuair a bhíonn an trí cheathrú ag an gcruinniú, má théann beirt nó triúr acu abhaile, an gcaithfidh an trí cheathrú a bheith ag an gcruinniú ag an am a dhéantar an cinneadh faoi airgead a thabhairt do thogra ar bith? Ní leor go mbeadh siad ann ag tús an chruinnithe agus go mbeadh cuid acu imithe acu abhaile faoin am a ndéantar an cinneadh faoin togra. Sin an rud a tharla cheana agus ba cheart go mbeadh ar an trí cheathrú a bheith ann ag an am a dhéantar an cinneadh.

Taimid ag caint ar an gCoiste Meastóireachta, coiste nach mbeidh mórán oibre le déanamh aige. Mar ní mórán tograí a thagann ar aghaidh, go mbíonn cead an Aire ag teastáil dóibh. Táimid ag caint faoi thrí nó cheithre cinn sa bhliain. B'aisteach liomsa dá dtiocfadh duine ag cruinniú coiste agus tuairim láidir acu agus gan ach togra amháin nó b'fhéidir, ar a mhéid, dhá thogra le plé agus tuairim laidir diúltach acu, mar shampla, in aghaidh togra agus go dtiocfadh siad abhaile roimh dheireadh an chruinnithe agus go ligfeadh siad don chuid eile an cinneadh a dhéan amh. B'ionann sin agus vótáil ar a shon. Agus mar sin, ó tharla nach clár fada a bheas ann, mar a bheadh ag cruinniú comhairle contae nó cruinniú den údarás féin ach ar choiste a thiocfaidh le chéile chun togra nó dhó a phlé. Agus go minic ní bheidh ann ach an t-aon ceann. Tá sé iontuigthe má thagann trí cheathrú ann chun an cruinniú a thosú go mbeidh siad go léir ann ag an críoch. Ní dóigh liom go bhfuil aon chontúirt ann.

Aontaíodh an leasú.

Carlow-Kilkenny): Leasú a 15 in ainm na dTeachtaí Kenny agus O'Shea. Amendment No. 15 is consequential on amendments No. 16 and 17 and amendment No. 16 is an alternative to amendment No. 17. Amendments Nos. 15, 16 and 17 are to be taken together by agreement. An bhfuil se sin aontaithe? Tá.

Tairgim leasu a 15:

I leathanach 13, ar line 2, "agus" a scriosadh.

Tá an leasú seo teicniúil agus ní gá dom aon rud a rá ina thaobh. Is é atá i gceist i leasú a 16 ná na moltaí i scríbhinn a chuirfear ar aghaidh ón gCoiste Meastóireachta go dtí an t-údarás, go mbeadh na rudaí seo a leanas i measc na moltaí sin: go mbeifear ag díriú ar an tionchar teangan a bheas leis an togra lena mbaineann agus ina theannta san go mbeadh critéir teanga a chaithfeadh an togra a chomhlíonadh. Tá sé seo cosúil leis an díospóireacht a bhí againn tamall ó shin. An rud ata uaim ná go mbeadh béim i gcónaí ar an teanga a chaomhnú agus a leathnú. Má tá smaointe nua ag an Aire Stáit, ba mhaith liom iad a chlos.

Ba mhaith liom go mbeadh níos mó béime curtha ar chursaí teangan ó thaobh na dtograí atá ag teacht isteach os comhair an Choiste Meastóireachta agus os comhair bhord an údaráis féin. Ba chóir go mbeadh a fhios ag tionsclóir ar bith atá ag lorg airgid go mbeidh coinníollacha teanga le comhlíonadh. Tá cuid acu a dhéanann iarracht a fháil ó aon cheann de na húdaráis san iarthar agus ní mór go mbeadh a fhios acu nach ionann an t-údarás agus na cinn eile ó thaobh na teanga de.

Is dóigh liom fós go bhfuil míthuiscint ann faoin gCoiste Meastóireachta. Abraimid go dtagann togra mór ar aghaidh faoi bhráid an údaráis a bhfuil deontas á mholadh dó atá os cionn an teora atá leagtha síos agus go bhfuil cead an Aire nó cead an Rialtas ag teastáil lena aghaidh. 'Sé a dhéanfaidh an Coiste Meastóireachta, i dtosach báire, ná an togra a mheas mar choiste ó thaobh inmharthanacht agus feiliúnacht na hinfheistíochta ó thaobh airgid de. Agus déanfaidh siadsan moladh moladh teicniúil faoi cé chomh ciallmhar agus atá an infheistíocht agus cé chomh inmholta is atá an togra ar an mbunús sin. Cuireann siad an moladh sin ar aghaidh go bord an údaráis beidh an say deiridh acu agus ní gá dóibh glacadh leis. Is féidir leo é a dhiúltú ar chúiseanna eile ar fad, mar shampla, an comhshaoil, cúrsaí Gaeilge, mí-oiriúnacht don Ghaeltacht agus cúiseanna nach iad.

In ionad an t-Aire ag diúltú do thograí móra ar ball beag ó thaobh na hinfheistíochta de, má dhiúltaíonn an coiste dó, ní thiocfaidh sé roimh bhord an údaráis. Ach má mholtar é tiocfaidh sé agus beidh ar an mbord iomlán é a mheas, gan aon chur isteach ón gCoiste Meastóireachta, ó thaobh a oiriúnacht don Ghaeltacht agus mar sin de.

Táimid cheana féin inniu tar éis a leagan síos sa Bhille agus tá mé tar éis glacadh le leasú go gcaithfidh an bord coinníollacha teangan a leagan síos. agus is gnó é sin don bhord agus ní don choiste. Déanfaidh an coiste an measúnú ó thaobh na hinfheistíochta agus na hinmharthanachta de agus tiocfaidh an bord iomlán le chéile ina dhiaidh sin agus tabharfaidh siadsan na critéir go léir le chéile agus déanfaidh siad cinneadh. Agus má cheapann siad go bhfuil sé mí-oiriúnach ar aon chúis tá dualgas orm é a dhiúltú agus tá sé sin soiléir san Acht mar atá sé agus níos soiléire fós sa mBille mar tá critéir láidir teanga curtha isteach ann.

Agus gur thaining togra a cheadaigh an t-údarás ar ais an dara uair ach go raibh cead an Aire, mar a bhiodh ag teastáilm agus anois moladh ón gCoiste Meastóireachta. Is é a tharlódh anseo go ndéanfadh an Coiste Meastóireachta cinneadh maidir le hinmharthanacht an togra ach tá coinníoll á chur isteach againn inniu go gcaithfeadh bord an údaráis, nuair a thiocfadh sé chomh fada leo, athmheas a dhéanamh ar cé mar a comhlíonadh an coinníoll Gaeilge a cuireadh isteach leis an gcéad chead sula bhféadfadh siad an dara ceadú a thabhairt.

Tá na rudaí faoin nGaeilge ann ach tá an cúram fágtha san áit cheart, le bord an údaráis.

Bhí faitíos orm an chumhacht a roinnt an iomarca. Sé sin, má bhí leath den chumhacht maidir leis an nGaeilge ag an gcoiste agus an leath eile ag an mbord, chruthódh sé sin deacrachtaí dá mbeadh easaontas ann. Is fearr an chumhacht sin a fhágáil ag an mbord de mhuintir na Gaeltachta mar ní bhaineann an cheist leis na dreamanna eile.

Iarraim ar na Teachtaí glacadh leis go mba chóir é a fhágáil faoin mbord cinneadh a dhéanamh faoin nGaeilge.

Tar éis a bheith ag éisteacht leis an Aire Stáit, ní bheidh mé ag brú na leasuithe seo.

Na leasuithe a bhí curtha síos anseo, bhí siad ag iarraidh coinníoll bheag a chur leis an gCoiste Meastóireachta go mbeadh iarracht á dhéanamh ag iarrthóirí an Ghaeilge a labhairt. B'fhéidir go mbeadh ar bhainisteoir amháin Gaeilge a labhairt nó Gaeilge a fhoghlaim ar mhaithe leis na daoine a bheas ag obair ann. Cén fáth nach bhfuil an tAire Stáit ag aontú leis sin?

Sin an fáth go bhfuil na cainteanna i bpróiseas. Abair gur theastaigh ón údarás an coinníoll sin a leagadh síos, is é bord an údaráis, nuair a cheadódh siad an togra, a dhéanfadh é sin. Ní féidir leis an gCoiste Meastóireachta ach rud a mholadh do bhord an údaráis. Is é an bord a leagann síos na coinníollacha. In ionad an cinneadh a roinnt idir dhá dhream, fanfaidh sé le bord an údaráis. Nuair a thiocfaidh rud faoi bhráid an Choiste Meastóireachta, fiú má mholann siad é, caithfidh sé ansin dul ag an mbord. Tá dualgas reachtúil curtha isteach againn ar maidin ag glacadh leis an méid a bhí molta ag Teachtaí an fhreasúra go gcaithfidh an bord coinníollacha a leagann síos maidir le Gaeilge. Níl an rogha acu. Tá an rud seo atá á iarraidh déanta cheana féin. Is é an bord is uachtaraí ó thaobh na Gaeilge de agus fágfar mar sin é.

Dá dtiocfadh duine isteach anseo ón nGearmáin agus é i gceist aige airgead a infheistiú sa Ghaeltacht agus gan Gaeilge ar bith aige. Cén sórt coinníollacha a leagfaidh síos i gcás mar sin? An mbíonn gá le bainisteoir le Gaeilge i gcásanna mar sin?

Is fada ó chonaic mé na coinníollacha a chuireann an t-údarás síos ach de réir mar a thuigim tá an t-údarás níos gníomhaí ná mar a bhí maidir le cúrsaí Gaeilge sna monarchana. Braitheann sé go mór ar cén ceantar atá i gceist. Ní hionann Béal a' Mhuirthead agus an Cheathrú Rua nó Chorca Dhuibhne. Caithfimid díriú ar an gceist seo agus tá sé leagtha síos go reachtúil againn inniu go gcaithfidh an bord coinníollacha Gaeilge a leagan síos.

Níl cead ag an Aire Stáit labhairt don triú uair. Ar mhiste leis a bheith gairid?

Caithfidh an t-údarás a bheith níos sofaistiúciúla agus a chuid pleananna agus coinníollacha a chur in oiriúint don saol inniu. Agus rudaí a fheabhsú agus ní a chur chun donais.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 16.

Níor tairgeadh leasú a 17.

Tairgim leasú a 18:

I leathanach 13, línte 44 agus 45 a scriosadh.

Ní pointe mór é seo. Is ait go bhfuil sé de dhualgas ar bhaill an Choiste Meastóireachta a bheith in ann a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge ach nach raibh an dualgas céanna ar chomhaltaí an údaráis nó ar fhoireann teagaisc an údaráis. Pléadh an t-ábhar seo ar Chéim an Choiste agus nílim ró-bhuartha faoin leasú seo faoi láthair. Ach an bhfuil aon athrú intinne tagtha ar an Aire Stáit ó shin?

B'fhéidir go mbeidh orm athrú intinne a dhéanamh. Chreid mé i gcónaí nach dtoghfadh pobal na Gaeltacha daoine gan Gaeilge don údarás agus tá súil agam go leanfar mar sin. B'aisteach an rud é dá gceapfadh Aire Gaeltachta duine gan Gaeilge ar an mbord. An chontúirt a bhí ann ná go bhféadfadh an dá eagraíocht eile a luadh leis an gCoiste Meastóireachta ar eagraíochtaí seachtracha iad, daoine gan Gaeilge a cheapadh ar an gCoiste Meastóireachta. B'fhéidir go dtabharfaí an leithscéal go ndeacthas sa tóir ar na comhlachtaí sin agus ainneoin an chóras oideachas a mbímid ag maíomh as, nach bhféadfaí oiread is duine amháin le Gaeilge a fháil sna heagraíochtaí sin. Ó tharla go mbeidh na doiciméid agus an plé go léir trí Ghaeilge, shíl mé gur eagraíochtaí seachtracha nach mbeadh aon smacht ag an Aire Gaeltachta orthu a bhí i gceist. Má chaithfear coinníoll a chur ann, is do na heagraíochtaí seachtracha é. Ní bheidh ar an gCoiste Meastóireachta nó ar an mbord agus cé is moite de sin ach daoine a bheas ainmnithe ag Aire na Gaeltachta agus an dream a bheas tofa ag an bpobal.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú a 19:

I leathanach 15, líne 40 agus 41 a scriosadh.

Is mar cheardchumannach a chuir mé síos an leasú seo. Tá mé ag iarraidh go scriofar alt 10, fo-alt 4 a scriosadh. Nuair a pléadh é seo ar Chéim an Choiste, dúirt an tAire Stáit linn nach gcuirfeadh an fo-alt isteach a bheag nó a mhór ar aon chomhaontú a bheadh ann idir na ceardchumainn agus an t-údarás i dtaobh duine a bhriseadh as a phost. Más mar sin atá an scéal, táim sásta an leasú seo a tharraingt seo.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Tairgim leasú a 20:

I leathanach 17, roimh líne 1, an méid seo a leanas a chur isteach:

"11. Leasaítear leis seo an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, trí ‘Údarás na Gaeltachta' a chur isteach i ndiaidh ‘an tSaotharlann Stáit' sa Chéad Sceideal.".

Tá an leasú seo agus uimhir a 21 ar an ábhar céanna. Go mbainfeadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997, agus an tAcht Ombudsman, 1980, le gnó an údaráis. Dúirt an tAire Stáit ag an gCéim dheiridh nach raibh aon rud aige i gcoinne na leasuithe seo ach go raibh slí níos fearr ann chun é a chur i gcrích. Dúirt sé go smaoineodh sé ar an ábhar idir an dá linn agus ba mhaith liom a chlos uaidh cad é a thuairim anois.

De réir an chomhairle atá á cur orm, is féidir é seo a dhéanamh ar dhá bhealach. Tá córas leagtha síos faoi Acht um Shaoráil Faisnéise, 1997, chun tuilleadh eagras a chur ar an liosta sa Chéad Sceideal den Acht sin a shonraíonn na heagrais lena mbaineann an tAcht. Déantar é sin trí rialacháin arna ndearnadh ag an Aire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire cuí. Tuigtear go bhfuil i gceist eagrais a chur ar an liosta an bhliain seo chugainn; ina measc tá an Independent Radio and Television Commission, RTÉ, TG4 agus An Chomhairle Ealaíon agus go mbeidh na heagrais fhorbartha tionscail eile, sin sin Fiontraíocht Eireann, SFADCO agus IDA Ireland ag teacht faoi scóip an Achta an bhliain seo chugainn.

Cé nach ndéanann sé móran difríochta don Roinn Airgeadais cé acu bealach a dhéanfar an rud seo, tá buntáistí ag baint le tabhairt faoi bealach an Achta um Shaoráil Faisnéise, 1997, a leasú nó cur lena sceideal. Ó thaobh dáta a shonrú nuair a thiocfadh sé i bhfeidhm bheadh sé níos oiriúnaí agus bheadh sé níos áisiúla don phobal amach anseo go mbeadh an liosta go léir in áit amháin.

Ag glacadh leis an rud atá ráite, tá i gceist agam labhairt leis an Roinn Airgeadais maidir leis an údarás a chur ar an liosta. Ní fheicim fáth ar bith nach bhféadfaí agus beidh mé á mholadh sin. Glacaim le spiorad an ruda atá á mholadh agus táim ag moladh nach dtiocfar ar aghaidh leis an leasú inniu ar an tuiscint go mbeidh mise ag moladh go gcuirfí ainm an údaráis ar an liosta an chéad uair eile a bheas liosta á fhoilsiú.

Tá i gceist freisin leasú a dhéanamh ar an Acht Ombudsman, 1980, agus Údarás na Gaeltachta a chur ar liosta na n-eagras Stáit a thiocfaidh faoin Acht sin.

Tá mé sásta leis an méid a dúirt an tAire Stáit. Glacaim leis go bhfuil sé i ndáiríre anseo agus go ndéanfaidh sí a dhícheall.

Tarraingíodh siar an leasú faoi chead.

Níor tairgeadh leasú a 21.

Acting Chairman

Leasú a 22 in ainm an Teachta Ó Sé. Tógfar leasuithe a 22 agus a 23 le chéile.

Tairgim leasú a 22:

I leathanach 23, roimh líne 1, an méid seo a leanas a chur isteach:

"14.–Leasaítear leis seo alt 19 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

‘(2A) Déanfaidh an tÚdarás, gach cúig bliana nó ar dháta nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire, tuarascáil a chur faoi bhráid an Aire i dtaobh a rathúlachta i gcaitheamh na gcúig bliana roimhe sin maidir le caomhnú agus leathnú úsáid na Gaeilge mar an príomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht de réir alt 8 den Acht seo a chur chun cinn agus maidir leis na himpleachtaí a ghabhann le beartais an Rialtais i gcoitinne maidir le cóimheá theanga reatha sa Ghaeltacht agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.'.".

Táimid ag filleadh ar an gceist seo go mbeadh béim lárnach i gcónaí ar cheist na Gaeilge. Is é atá i gceist anseo ná go mbeadh tuarascáil á cur ar fáil ag an údarás ar a laghad gach cúig bliana agus níos minice má iarrann an tAire é.

Tá mé ag iarraidh rud a chur isteach sa Bhille ionas go mbeidh súil ar an nGaeilge i gcónaí agus go mbeidh an tuarascáil seo ag teacht os comhair an Oireachtais ionas gur féidir leis na Baill é a phlé.

Glacaim leis an méid a dúradh mar gheall ar mhuintir na Gaeltachta a tharraingt níos cóngaraí don údarás ach tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh chuile dhuine in ann a ladhar a chur isteach sa ghnó seo.

Tá an leasú céanna thíos im' ainmse. Táimid ag caint faoi phleananna straitéiseacha agus pleananna SMI a bheith leagtha amach ag an údarás mar gheall ar an rud atá beartaithe acu le cúig bliana. Dúirt mé ag an Roghchoiste go raibh díomá orm faoin laghad tuairisce a cuireadh amach ar obair na dTeachtaí ar an mBille seo ag an Dara Céim, ag Céim an Choiste agus ag an gCéim seo.

Táimid ag cur brú ar an údarás cúram lárnach a dhéanamh d'fhorbairt na teanga. Táimid ag déanamh iarracht an Ghaeilge a labhairt san Oireachtas agus labhraíonn an tAire Stáit Gaeilge an t-am ar fad ar fud na tíre. Ní fhaca mé focal amháin as Gaeilge mar gheall ar an gCoiste seo nó faoin Dáil ar RTÉ le fada. Ní bhíonn am agam breathnú ar an teilifís – is dócha go bhfuil tuairisc éigin ar TG4, n'fheadar an bhfuil aon rud ar TV3. Má táimid ag caint faoi chúrsaí Gaeilge anseo ba chóir go ndéanfadh na meáin chumharsáide cúram de é sin a thuairisciú, mar rud nádúrtha mar a dhéantar i gcás cúrsaí eile.

Bheadh an-tionchar ar an tuairisciú sin ar fhorbairt na teanga. Baineann an cheist seo leis an leasú atá agam anseo. Dúirt mé ag an cruinniú deiridh leis an gCathaoirleach uasal scríobh chuig na stiúrthóirí craolacháin mar gheall ar an laghad tuairiscithe atá á dhéanamh ar chúrsaí an Bhille seo. Tá mé ag súil le hathrú ar an scéal sin. Ba mhaith liom go mbeadh an Taoiseach ag cur ráitis thábhachtacha amach trí Ghaeilge amháin agus bheadh ar na meáin ansin éisteacht leo agus iad a aistriú más mian leo nó an Ghaeilge a fhoghlaim.

Tagaim go mór leis an méid a dúradh. Tá iontas orm faoin easpa poiblíochta a fuair an Bille seo. Dá mbeadh raic ar bun, bheadh lucht na meán le feiceáil. Ó thaobh RTÉ de, taispeánann an neamhaird a thugtar go minic ar chionníollacha reachtúla ó thaobh chaomhnú na teanga de. Sin an fáth go bhfuil an oiread béime á chur agamsa an t-am ar fad ar an Aire a bheith i gceannas ar chúrsaí Gaeilge fiú i leithéidí Údarás na Gaeltachta. Tá sé éasca é a scríobh isteach san Acht agus dearmad a dhéanamh air. Caithfidh cumhacht a bheith ag duine éigin atá neamhspleách ar na heagraíochtaí seo ar fad greim a thógáil ar an stiúir agus feidhmiú go gníomhach más dóigh leo go bhfuil faillí á dhéanamh.

Má bhreathnaítear ar alt a 19 mar atá sé scríofa cheana féin, go gcuirfidh an t-údarás faoi bhráid an Aire gach bliain, tráth nach déanaí ná cibé dáta a cheapfaidh an tAire tuarascáil ar imeachtaí an údaráis faoin Acht seo i gcaitheamh na bliana roimhe. Agus cuirfidh an tAire faoi deara cóipeanna den tuarascáil a leagadh faoi bhráid gach Tí den Oireachtas. Agus seo é an rud tábhachtach: Mír 2: Aon uair a ordóidh an tAire amhlaidh beidh sa tuarascáil bhliaintiúil sin freisin eolas ar chibé gnéithe a shonraíonn an tAire imeachtaí an Údaráis faoin Acht seo. Sé sin le rá is féidir leis an Aire, mar atá sé i láthair na huaire, ordú ar bith a thabhairt ag am ar bith maidir le céard a bheas sa tuarascáil bhliaintiúil. Má cheapann Aire go bhfuil faillí á dhéanamh maidir le húsáid na Gaeilge tá sé in ann teacht agus a leagan síos go gcaithfear tuilleadh sonruithe maidir le cur chun cinn na Gaeilge a chur ann. Tá an chumhacht sin ann agus ní gá é a thabhairt an dara huair

Díospóireacht curtha ar athló.

Sitting suspended at 1.30 p.m. and resumed at 2.30 p.m.