Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 16 Nov 1999

Vol. 510 No. 6

Written Answers. - Truailliú Aibhneacha.

Trevor Sargent

Ceist:

58 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil cé chomh buartha is atá sé go bhfuil beagnach a leath (49 per cent) den uisce in aibhneacha na tíre truaillithe de réir an EPA; cén dóchas atá aige gur féidir an scéal a leigheas; agus cathain a dhéanfar é. [20380/99]

San Tuairisc den Ghíomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil (GCC) ar Chaighdeán Uisce in Éireann 1995-1997 dúradh go raibh staid na n-uiscí Éireannacha sásúil agus nach raibh siad go dona i gcomparáid leis an staid i dtíortha Eorpacha eile. Leírigh an Tuairisc go raibh thart ar 67 per cent de na haibhneacha nach raibh truaillithe. Maidir leis an bhfuíollach de bhreis ar 32 per cent chuir rudaí mar mhion truailliú agus truailliú measartha, .i. eotrófú, isteach orthu tríd is tríd, go príomha de bharr an iomarca fosfair.

Ó 1997, tá mo Roinn ag leanúint straitéis chuimsitheach chomhtháite chun dul i ngleic le gach foinse eotrófaithe. Cheana féin tá fianaise d'fheabhsú sa chaighdeán uisce le feiscint in áiteanna éagsúla. Buntaca na straitéise seo is iad Na Rialacháin um An Acht Rialtais Áitiúil (Truailliú Uisce), 1977 (Caighdeáin Cháilíochta Uisce d'Fhosfar), 1998, a rinne mé in Iúil, 1998. Leagtar síos ins na Rialacháin seo spriocanna soiléire chun leibhéil an fhosfair in aibhneacha agus i lochanna a laghdú laistigh de thréimhse 10 mbliana.

Tacaíocht don straitéis is é an clár mór infheistíochta atá ag mo Roinn chun áiseanna bonneagar séarachais a chur ar fáil tríd an tír ar fad. Déanfar soláthar de £2,495 milliún le laghaidh Bhonneagar Uisce agus Uisce Fuílligh sa Phlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006. Leagann an clár seo béim ar leith ar sholáthar áiseanna a laghdaíonn fosfar nuair is léir go bhfuil gá lena leithéid. Tá tionscnaimh thábhachtacha ar bun chomh maith ag mo chomhleacaí, an tAire Talamhaíochta, Bia agus Forbairt Tuaithe, chun dul i ngleic le inchur fosfair ón tálmhaíocht an Scéim Chosanta Comhshaoil Tuaithe (SCCT) agus an Scéim Rialú Truaillithe Feirme (SRTF) san áireamh. Tá soláthar fónta déanta sa Phlean Forbartha Náisiúnta don dá Scéim seo – £1,500 milliún i gcás SCCT agus £147 milliún i gcás SRTF. De thoradh thiocsnaimh sa tionscal glantaigh le déanaí meastar go dtiocfaidh laghdú de thart ar 50% ar mhéid an fhosfair ó earraí glantaigh roimh lár 2000, agus laghduithe sa bhreis le teacht ina dhiaidh sin.

Táim cinnte gur trí na bearta atá idir lámha anois a thiocfaidh na feabhsuithe is gá a dhéanamh faoi Na Rialacháin Fhosfair.

Barr
Roinn