Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 25 Nov 1999

Vol. 511 No. 5

Written Answers. - Gnóthaí Oifigiúla.

Trevor Sargent

Ceist:

56 D'fhiafraigh Mr. Sargent den Aire Cosanta cad a baineadh amach ag an gcruinniú den Western European Union; agus cén ról a bhí aige sa chruinniú ar 22-23 Samhain 1999. [24575/99]

Bíonn cruinniú ag Comhairle Airí Aontas Iarthar na hEorpa faoi dhó sa bhliain. D'fhreastal mé ar chruinniú díobh in Luxembourg ar an 22 agus 23 Samhain, 1999. Mar bhreathnóir, mar atá a fhios ag an Teachta Dála cheana féin, a fhreastalaíonn an tír seo ar na cruinnithe sin.

Dhírigh an cruinniú ar an bhfeidhm a bheadh le Aontas Iarthar na hEorpa maidir le Tascanna Petersberg (Petersberg Tasks) a chur i gcrích san Aontas Eorpach de réir Alt 17 den Chonradh Um an Aontas Eorpach. Rinne Aontas Iarthar na hEorpa iniúchadh ar shócmhainní agus ar acmhain maidir le Tascanna Petersberg. Scrúdaíodh an tuarascáil seo ag an gcruinniú.
Chomh maith leis na breathnóirí eile, ghlac mé páirt sa díospóireacht maidir leis na cúrsaí seo ag an gcruinniú.
Barr
Roinn