Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 15 Dec 1999

Vol. 512 No. 7

Written Answers. - Íocaíochtaí Deontais.

Dinny McGinley

Ceist:

202 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na coistí pobail i ngaeltacht Dhún na nGall ar cuireadh deontais ar fáil dóibh le haghaidh oibreacha feabhsúcháin ar a dtimpeallacht ó 1998; an méid a cuireadh ar fáil do gach coiste; agus sonraí faoi na hoibreacha a cuireadh i gcrích. [27235/99]

I dtús báire ba mhaith liom a mhíniú nár ceadaíodh aon airgead do choistí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall ná go deimhín in aon Ghaeltacht eile le haghaidh oibreacha feabhsúcháin dén chineál atá luaite ag an Teachta a chur i gcrích.

Ní miste a rá, áfach, gur cuireadh airgead ar fáil do Chomhairle Chontae Dhún na nGall i 1998 agus arís i mbliana chun oibreacha den tsórt seo a dhéanamh. Seo a leanas sonraí faoin gcúnamh sin: 1998 – Croithlí; soilse poiblí £10,000; an bóthar go barr Chnoc na Naomh £20,000; bóthar go Trá Mhachaire Chlochair cosán coise a chríochnú, soilse poiblí agus carrchlós £24,000; eastát Tionscail Ghaoth Dobhair Cosan coise agus soilse poiblí £20,000; cosáin choise £20,000; Dobhar, Cnoc a Stolaire, Luinneach; bóthar agus leataobhanna ag Bun Glas, Teileann £15,000; Fanad, carrchlós ag fanabholtaigh £3,200; carrchlós agus ionad picnic ag gleann bharr £5,800; Athnuachan Baile, An Bhrocach £5,000, Leitir Mhic A Bháird £5,000, Loch an Iúir £5,000, Rann na Feirste £5,000, Anagaire £5,000, Croithlí £5,000, Na Dúnaibh £5,000; 1999 – An Bun Beag – Na Doirí Beaga, athchoiriú ar chosáin choise, soilse poiblí agus maisiúcháin ghinearálta, £25,000; Dobhar, cosán coise nua a thógáil agus soilse poiblí a chur ar fáil £6,500; Brocach, An Clochán cosán coise, tógáil ballaí cloiche agus soilse poiblí £2,500; Athnuachan Baile, Bóthar an Mhoínín, An Bhrocach, Gaeltacht Lár £5,000; Mín na Leice, Croithlí £5,000; Na Doirí Beaga, go teach tábhairne Mhic Giolla Easbaig £5,000; An Mhachaire, An Clochán Liath, £5,000; Oileán Ruaidh, Ros Goill, £5,000.
Barr
Roinn