Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 26 Jan 2000

Vol. 513 No. 1

Written Answers. - Uimhreacha ISBN.

Caoimhghín Ó Caoláin

Ceist:

637 D'fhiafraigh Caoimhghín Ó Caoláin den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán os rud é go bhfuil sraith Éireannach againn d'uimhreacha ISSN d'irisí srl agus sraith Éireannach le tamall anois d'uimhreacha EAN do channaí pónairí srl, cathain a bheidh sraith Éireannach d'uimhreacha ISBN curtha ar fáil ag áisíneachtaí an Stáit do leabhair a fhoilsítear anseo. [1765/00]

Tá ceanncheathrú riarachán idirnáisiunta an córas ISBN lonnaithe i mBerlin ag an Eagraíocht Idirnaisiúnta Caighdéanaithe Leabhair (International Standard Book Number Agency). Is é an ghníomhaireacht atá freagrach as ISBN a dháileadh sa Bhreatain agus in Éirinn ná an Standard Book Number Agency, fo-roinn de chomhlucht J. Whitaker, Londain.

Ós rud é gur tionscnamh de chuid an tionscal foilsitheoireachta é an córas ISBN, ba chóir aon athraithe atá molta a phlé, i dtús báire, leis na Foilsitheoirí Éireannacha agus leis an eagraíocht idirnáisiúnta.
Beidh mé ag iarraidh mar chéad chéim ar Bhord na Leabhar Gaeilge an cheist a phlé leis na foilsitheoirí Gaeilge.
Barr
Roinn