Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 2 Feb 2000

Vol. 513 No. 4

Written Answers. - Oibreacha Calaphort.

Dinny McGinley

Ceist:

195 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn ar dheontas le hoibreacha deisiúcháin a dhéanamh ar Ché Bhun an Inbhir i nDún na nGall; agus an bhfuil sé ar intinn aici deontas a cheadú i leith na hoibre. [2791/00]

Tá mo Roinnse i dteagmháil le Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair maidir le céibheanna Comhairle Contae sa Ghaeltacht gur féidir a fheabhsú amach anseo i gcomhpháirtíocht leis an gComhairle Contae.

Cuirfear na Saoráidí Calaíochta atá luaite ag an Teachta san áireamh sa chomhthéacs sin.

196. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil iarratas ina Roinn le haghaidh deontais do Ché Ghort tSáile i gCill Chártha i nDún na nGall; agus an gceadóidh sí deontas le haghaidh na hoibre atá fíor-riachtanach. [2792/00]

Dírím aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar 30 Samhain 1999 ar Cheist Dála Uimh. 355 faoin ábhar seo.

197. D'fhiafraighMr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di an drochbhail a tugadh ar an obair dheisiúcháin ag Cé na Binne Buí i Machaire Gathlán in nDún na nGall; agus an gceadóidh sí deontas breise le hathchóiriú a dhéanamh ansin. [2793/00]

Ní miste a rá i dtosach gur íoc mo Roinn deontas £15,000 san iomlán le Comhairle Contae Dhún na nGall idir 1998 agus 1999 chun oibreacha áirithe feabhsúcháín a chur i gcrích ag na Saoráídí Calaíochta ata luaite ag an Teachta.

Tuigim chomh maith go bhfuil deontas £100,000 ceadaithe ag Roinn na Mara agus Achmhainní Nádúrtha le mór oibreacha a chur i gcrích ann.

An méid sin ráite, tá mo Roinnse i dteagmhail le Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair maidir leis na Saoráidí Calaíochta seo agus déanfar an cás a mheas tuilleadh a luaithe agus a bheidh tuarascáil faighte ó Innealtóir Mara na Comhairle faoi.

Barr
Roinn