Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 22 Feb 2000

Vol. 514 No. 6

Written Answers. - Grant Payments.

Eamon Gilmore

Ceist:

258 D'fhiafraigh Mr. Gilmore den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé beartaithe leasú a dhéanamh ar na coinníollacha le deontais tithíochta a fháil sa Ghaeltacht ionas go mbeidh daoine incháilithe le haghaidh deontas i gcás ina mbíonn duine amháin de lánúin agus an teaghlach atá i gceist líofa sa teanga. [4819/00]

Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) ní foláir an Ghaeilge a bheith in úsáid mar ghnáththeanga theaghlaigh ag líon tí an iarratasóra sula gceadaítear deontas. Níl sé i gceist an coinníoll sin a leasú.

Déileáiltear go tuisceanach agus go solúbtha le hiarratasóirí den tsórt atá luaite ag an Teachta. Is minic a thugtar tréimhse áirithe (3 mhí nó 6 mhí de ghnáth) do na teaghlaigh sin chun deis a thabhairt dóibh an Ghaeilge a chur i réim mar ghnáththeanga labhartha. Bíonn mo Roinn sásta an t-iarratas a athmheas ina dhiaidh sin agus cúinsí uilig an teaghlaigh a chur san áireamh sula ndéantar cinneadh.

I gcás iarratas ar dheontas do theach nua, i gcás nach bhfuil duine cáilithe faoi scéim an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, is féidir leo iarratas a dhéanamh leis an Roinn Comhshaoil agus Rialtais Aitiúil Sa gcás go gcomhlíonann siad coinníoll na Gaeilge ina dhiaidh sin, is féidir leo cur isteach ar dheontas spreagadh na Gaeilge. Is fiú £800 an deontas seo, agus leis an deontas ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Aitiúil is féidir le iarratasóir iomlán de £3,800 a fháil, i gcomparáid leis an deontas iomlán Gaeltachta de £4,000.
Barr
Roinn