Dírim aird an Teachta ar an bhfreagra a thug mé ar Cheist Uimh 20 den 2 Márta.
Scaipeadh dréachtMheabhrán don Rialtas maidir leis an mBille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla ar gach Roinn ar 16 Márta le haghaidh a gcuid dtuairimí. Is é cuspóir an Mheabhráin sin ná cead an Rialtais a lorg chun Scéim Ghinearálta den Bhille a dhréachtú bunaithe ar mholtaí an Aire maidir le scóip an Bhille. Ach tuairimí na Ranna a bheith ar fáil beidh i gceist againn an Meabhrán a chur os comhair an Rialtais go luath ina dhiaidh sin le hintinn, ach moltaí an Aire a bheith údaraithe ag an Rialtas, an dréachtScéim a bheith réitithe faoi thús an tSamhraidh le cur faoi bhráid an Rialtais agus an Bille a bheith foilsithe faoi dheireadh na bliana.