Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 24 May 2000

Vol. 519 No. 6

Written Answers. - Harbours and Piers.

Dinny McGinley

Ceist:

204 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an eol di an droch-bhail atá ar Chéidh Thamhnaigh (Cill Chártha) agus an bhfuil aon phleananna le hoibreacha feabhsúcháin a cheadú go luath. [14615/00]

Ní miste á rá i dtosach go bhfuil Comhairle Contae Dhún na nGall freagrach as an saoráid calaíochta atá luaite ag an Teachta agus nach bhfuil aon iarratas faighte ag mo Roinn-se ón gcomhairle contae ar chabhair chun an saoráid calaíochta sin a fheabhsú agus a fhorbairt.

An méid sin ráite, ach iarratas maraon le meastacháin costais agus sonraíochtaí a bheith fáighte ón gcomhairle contae déanfar an cás a mheas sa ghnáthbhealach.

Barr
Roinn