Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 22 Jun 2000

Vol. 521 No. 6

Written Answers. - Fostaíocht Ghaeltachta.

Mary Coughlan

Ceist:

119 D'fhiafraigh Ms Coughlan den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad é an socrú is úire faoin monarcha réamhthógtha don Charraig, i gCo. Dhún na nGall. [17838/00]

Is gnó d'Údarás na Gaeltachta é seo. Tuigim ón Údarás, áfach, gur aontaigh siad i mí na Márta seo caite suíomh a cheannach ó Choiste Forbartha na Carraige chun ionad fiontraíochta a thógáil air; agus go bhfuil an réamhobair idir lámha, ceannach an tsuímh san áireamh, d'fhonn tabhairt faoin ionad a thógáil chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn