Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Wednesday, 4 Oct 2000

Vol. 523 No. 2

Written Answers. - Coimisiún na Galltachta.

Brian O'Shea

Ceist:

123 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán an bhfuil sé ar intinn aici Coimisiún na Galltachta a chur ar bun chun stádas na Gaeilge sa Ghalltacht a mheas agus a chur os comhair an Aire; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [20243/00]

Níl aon phleananna agam chun a iarraidh ar an Rialtas coimisiún a bhunú chun staid na Gaeilge sa chuid sin den tír lasmuigh den Ghaeltacht a shuíomh agus chun moltaí a dhéanamh maidir le húsáid na teanga ansin a láidriú.

Mar is eol don Teachta tá obair ar siúl i mo Roinnse chun Bille Teanga – an Bille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla – a ullmhú a thabharfaidh feidhm reachtúil don fhoráil bhunreachtúil faoin nGaeilge agus a dhéanfaidh soláthar chun feabhas a chur ar an bhfáil ag an bpobal ar sheirbhísí Stáit trí Ghaeilge ar fud na tíre. Chomh maith leis sin tá Foras na Gaeilge atá mar chuid den chomhlacht forfheidhmithe trasteorann ar a dtugtar an Foras Teanga i mbun oibre agus é mar chúram air an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileánda. Ní miste a lua gur ceann de na feidhmeanna atá ag an bhforas ná taighde a dhéanamh i dtaca leis an nGaeilge. Táim sásta gur ar an dóigh atá léirithe agam is fearr feidhmiú seachas mar atá sa treis sa cheist ón Teachta.

Question No. 124 taken with Question No. 101.

Barr
Roinn