Tá cruinniú socraithe agam leis na teaghlaigh a choinníonn foghlaimeoirí Gaeilge faoi scéim na bhfoghlaimeoirí Gaeilge i nDún na nGall ar 21 Deireadh Fómhair 2000 chun gnéithe den scéim, an méid a íoctar leo san áireamh, a phlé leo. Beidh cruinnithe agam le teaghlaigh i gceantair Gaeltachta eile nuair a eiríonn an deis chuige sin amach anseo. Meadaíodh an deontas laethúil a íoctar faoin Scéim go £5.00 i mbliana – sin meadú 25% ar an deontas ón méid a bhí á íoc i 1997. Meadaíodh an deontas i 1998 agus i mbliana. Tá tábla le seo a léiríonn an méid a íocadh faoin scéim gach bliain ó 1980. Ar ndóigh ní féidir cinneadh a dhéanamh maidir leis an ráta a íocfar faoin scéim seo go dtí go nglacfar leis an meastacháin don bhliain seo chugainn.
Liosta de na hArdaithe ar fad a thug an Roinn do na Mná Tí faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge