Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 24 Oct 2000

Vol. 524 No. 5

Written Answers. - Plean Forbartha Náisiúnta.

Brian O'Shea

Ceist:

425 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cad iad na haontuithe idir an Roinn agus Comhairle Chontae Phort Láirge agus cé mhéad atá i gceist i ngach cás maidir leis an gciste speisialta atá ar fáil ag an Roinn faoin bplean forbartha náisiúnta chun feabhas a chur ar bhonneagar na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina leith. [23004/00]

Is mar chuid de na srathchruinnithe atá á eagrú agam faoi láthair leis na Comhairlí Contae sna Gaeltachtaí éagsúla le infrastructúr na nGaeltachtaí a phlé agus le plean oibre comhtháthe a ullmhú agus a aontú a bhí cruinniú agam le déanaí le Bainisteoir Contae Comhairle Contae Phort Láirge. Is mar gheall go háirithe ar an soláthar airgead breise a d'éirigh le mo Roinn a fháil i mbliana – agus atá ar fáil do mo Roinn ar feadh tréimhse an Plean Forbartha Náisiúnta Forbartha – chun Bóithre Stráitéiseacha sa Ghaeltacht a fheabhsú, a shocraigh mé na cruinnithe seo a bheith agam chomh luath seo. Sa chomhtheacs sin, tá curtha in iúl agam do Bhainisteoir Contae Comhairle Contae Phort Láirge go mbeidh mo Roinn sásta suim áirithe airgid a chur ar fáil in aghaidh na bliana ar feadh tréimhse 5 bhliana chun an bóthar ó Mheánscoil na Rinne go Ceann hEilbhic a fheabhsú ar an dtuisicint go mbeidh an Comhairle Contae sásta suim comhionann a chur ar fáil. Tá an Comhairle Contae le plean &rl., maidir le feabhsú an bhóthair seo a ullmhú agus a chur faoi bhráid mo Roinne go luath. Déanfar cinneadh sa chás ansin.

Maidir le muiroibreacha sa Ghaeltacht, mar is eol don Teachta, cheadaigh mé deontas £66,000 don Chomhairle Contae níos luaithe i mbliana chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar na saoráidí calaíochta ag Céibh hEilbhic. Tuigim go mbeidh torthaí an staidéir sin ar fáil go luath an bhliain seo chugainn. Sa chomhtheacs sin, agus mar chuid den Phlean atá ag mo Roinn le Céibheanna Stráitéiseacha sna Gaeltachtaí éagsúla a fhorbairt thar tréimhse an Phlean Forbartha Náisiúnta – chuir mé in iúl don Bhainisteoir Contae go mbeidh mo Roinn sásta suim nach rachaidh thar £0.8m a chur ar fáil chun infrastrúctur Céibh hEilbhic a fheabhsú.

Mhínigh mé don Bhainisteoir Contae chomh maith, go mbeadh suim bheag airgid ar fáil go bliaintúil do thograí beaga cosúil le Bóithre Áise.

Barr
Roinn