Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 16 Nov 2000

Vol. 526 No. 2

Adjournment Debate Matters. - Irish Language in the 21st Century: Statements.

Cuireann sé an-áthas orm go bhfuil an díospóireacht seo ar bun tráthnóna agus ba mhaith liom buíochas a ghlacadh le Coiste na Gaeilge san Oireachtas a mhol go mbeadh a leithéid de dhíospóireacht ann. Creidim gurb é seo an chéad díospóireacht ghinearálta a bhí sa Teach seo ar an nGaeilge ó tháinig an Rialtas i gcumhacht. Bhí díospóireachtaí sa Seanad ach is maith an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ar bun sa Dáil.

Ar an gcéad dul síos ba mhaith liom gearr-insint a dhéanamh ar an méid atá déanta nó á dhéanamh ag an Rialtas maidir le cúrsaí Gaeilge ó tháinig an Rialtas i gcumhacht. Ag caint ar an nGaeilge sa 21ú hAois caithimid glacadh leis go bhfuil baint an-mhór ag gníomhachtaí an Rialtais le gach gné den saol anois.

An bhfuil aon cháipéis ar fáil ar an méid atá á rá ag an Aire?

Tá nótaí agam.

An bhfuil aon rud ullamh dúinn?

Is féidir liom na nótaí a scaipeadh. Caithfidh mé a rá, sa chaoi a bhfuil cúrsaí sa Teach seo go minic agus rudaí scríofa amach roimh ré ag daoine, nach díospóireacht a bhíonn sa Teach níos mó ach daoine ag seasamh suas ag tabhairt réamh-ráitis agus creidim féin gur measa i bhfad cúrsaí díospóireachta sa Teach seo ó tharla na ráitis a bheith scríofa. Bheadh sé chomh maith iad ar fad a leagaint isteach sa leabharlann agus gan bacaint le bheith ag labhairt sa Teach seo ar chor ar bith.

Ó tháinig an Rialtas seo i gcumhacht tá na céimeanna seo leanas tógtha. San Acht Oideachais tá foráil an-láidir i gcúrsaí Gaeilge agus tá dream daoine le bunú faoin Acht sin a thabharfaidh aire do chúrsaí oideachais tré Ghaeilge agus do chúrsaí mhúineadh na Gaeilge go ginearálta.

San Acht Pleanála a achtaíodh le gairid tá forálacha an-láidir ann don chéad uair riamh maidir le caomhnú na teanga sa Ghaeltacht. Ní raibh sé sin ann cheana agus dá uireasa bhí sé ag déanamh go leor dochair go mór mhór i nGaeltachtaí ar imeall cathrach ar nos Gaeltacht na Gaillimhe.

Tháinig Acht Údarás na Gaeltachta isteach. Go deimhin bhí dhá Acht Údarás ann agus faoin Acht sin deineadh athrú ó bhun ar an Údarás. Deineadh níos daonlathaí é agus tugadh forlámhas níos mó do phobal na Gaeltachta ar a ngnótha féin.

Tháinig Acht isteach maidir le bunú Foras Teanga, Foras na Gaeilge mar chuid de sin. Faoin Acht sin tugadh stádas don Ghaeilge nach raibh riamh cheana aici sa tír sa mhéid is go bhfuil deighleáil le cúrsaí Gaeilge anois mar chuid lárnach de ghnótha Thuaidh is Theas. Bhí sé ar cheann den sé Fhoras tosaigh a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

Tá méadú mór tagtha ar chaiteachas ar bhunstructúr na Gaeltachta. Is rud fíor-thábhachtach é sin mar bhí sé de thuairim láidir ag pobal na Gaeltachta gurb ionann an seasamh a bhí ag an nGaeilge agus bunstructúr na Gaeltachta a bhí thar a bheith lag. Tá áthas orm go bhfuil éirithe liom deireadh a chur leis an scéal sin tré tabhairt faoi bhunstructúr den scoth a chur ar fáil sa Ghaeltacht. Tá feabhas curtha ar scéimeanna Gaeltachta uilig, Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge agus Scéim Labhairt na Gaeilge.

Bunaíodh scéim náisiúnta Gaeltachta do chuntóirí teanga mar go bhfuil fadhb sa Ghaeltacht faoi láthair maidir le gasúir atá á dtógáil le Béarla ar chúis amháin nó ar chúis eile agus bhí gá le cúnamh sna scoileanna. Bunaíodh Coiste Comhairleach na nÓg, coiste do dhaoine óga sa Ghaeltacht atá ag cur comhairle orm maidir le polasaithe dóibh agus a bheidh ag foilsiú tuarascála go luath san athbhliain. Bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta, an chéad uair riamh gur breathnaíodh go sonrach ar cheist na Gaeilge sa Ghaeltacht ag Coimisiún ar bith. Bhí fíor ghá leis sin agus is rud é a dhéanfaidh an-difríocht.

Tá obair an-mhór ar bun maidir le Bille Teanga a réiteach. Tá súil agam an Bille seo a fhoilsiú an bhliain seo chugainn. Ag réiteach an Bhille caithfear a thuiscint gur reachtaíocht as an nua ar fad atá i gceist anseo agus mar is eol do na Teachtaí a bhí in a nAirí tá obair an-mhór i gceist chun Bille ar bith a réiteach. Go deimhin féin faoin am a fhágfaidh an Rialtas seo oifig beidh níos mó reachtaíocht faoin nGaeilge agus faoin nGaeltacht curtha tríd Tithe an Oireachtais le linn a dtréimhse oifige ná mar a cuireadh tríd san iomlán ón mbliain 1956 i leith.

Tháinig an Coimisiún Logainmneacha anonn go dtí an Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán agus leis an athrú sin tá sé i gceist tabhairt faoin cheist sin ar fad agus cinnte a dhéanamh de go ndéanfar caomhnú ar logainmneacha traidisiúnta na tíre. Ar deireadh, tá méadú nach beag curtha ar an airgead atá curtha ar fáil do TG4 agus freisin tá curtha go mór le huaireannta craolta Raidio na Gaeltachta.

Le bunú Fhoras na Gaeilge is dóigh liom go bhfuil ceann de na céimeanna is tábhachtaí i saol na Gaeilge tógtha. Den chéad uair beidh polasaí cuimsitheach Gaeilge, agus airgead dá réir á chur leis, á fheidhmiú taobh ó thuaidh agus ó dheas den teorainn. Beidh an Ghaeilge á láimhseáil anois ar bhonn Uile-Éireann as seo amach. De bharr go raibh sé ar cheann den sé Fhoras tosaigh a bunaíodh tugann sé stádas nach beag don Ghaeilge agus cuirfidh sé go mór le saol na Gaeilge amach anseo.

Ar ndóigh, níl aon mhaitheas sna hiarrachtaí iomlán ag an Stát muna mbeidh de thoradh ar sin go gcuirfimid níos mó Gaeilge á labhairt i measc an phobail go ginearálta. Ceann de na rudaí go gcaithfear díriú air ná féachaint cén chaoi is féidir tógáil anois go stuama ar an obair íontach atá ar bun ag na pobail éagsúla gaelscoileanna ar fud na tíre. Cén chaoi is féidir linn an fáinne fí a bhí ann ariamh maidir leis an Ghaeilge a bhriseadh, sé sin an fáinne fí go bhfoghlaimíonn go leor daoine an Ghaeilge sa scoil, bíonn ard-chumas sa teanga acu ag fágáil na scoile dóibh agus deich mbliana i ndiaidh sin ceal úsáide bíonn an teanga dearmadtha acu.

Creidim féin gurb é ceann de na rudaí is mó go gcaithfimid breathnú air taobh amuigh den Ghaeltacht ná cén chaoi is féidir linn, bunaithe timpeall ar leithéidí na ngaelscoileanna agus eagrais eile Ghaeilge, pobail bheo Ghaeilge a bhunú in a mbeidh deiseanna ag daoine an Ghaeilge a úsáid go laethúil agus go mbeidh gréasáin de chainteoirí Gaeilge ann a mbeidh deis acu an Ghaeilge a labhairt go rialta.

Maidir le cúrsaí Gaeltachta is dóigh liom anois go gcaithfimid aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna. Níl aon amhras faoi ach go bhfuil brú nach beag curtha ag institúidí stáit, ag an imirce agus ag easpa deiseanna fostaíochta sa Ghaeltacht ar an bpobal ann. Sin é an fáth go bhfuil go leor de phobal na Gaeltachta anois, fiú amháin iad siúd a bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu, ag labhairt an Bhearla mar chéad theanga. Tuigim dóibh agus tuigim na cuinsí stairiúla a bhaineann leis seo. Is gnó do Choimisiún na Gaeltachta na h-údair sin a scrúdú agus féachaint cén leigheas atá orthu. Cinneadh pobail a bheidh ann sa deireadh ach is féidir leis an Stát tionchar mór a imirt ar na roghanna a bheidh ag an phobal. Creidim má fheiceann an pobal gurb é a leas Gaeilge a labhairt le gasúir mar go mbeidh Béarla acu ar aon chaoi, go ndéanfaidh siad é sin.

Ceann de na rudaí gur mhaith liomsa a fheiceáil ná go ndíreoimid go mór ar fheachtas agus is é a bheadh mar mhanna ar an fheachtas sin ná Gaeilge ón gcliabhán. Sé sin le rá go ndéanfaimis iarracht a chur in a luí orthu siúd a bhfuil Gaeilge acu go bhfuil gach buntáiste, agus níl aon mhíbhuntáiste, déanamh cinnte má tá an Ghaeilge acu go labhróidh siad í mar chéad theanga le gasúir. Dá ndéanfaí é sin ní bheadh aon amhras faoi ní hamháin go dtiocfadh an Ghaeltacht slán ach go bhfásfadh sí agus go mbeadh forás uirthi sna blianta amach romhainn.

Chuige sin tá athrú polasaí iomlán ag teastáil. Ceann de na ceisteanna a ritheann liom ná cén fáth nach n-éiríonn linn níos mó de thionscail na Gaeltachta a bhunú ar an mbun-acmhainn amháin atá ag an Ghaeltacht nach bhfuil in áit ar bith eile sa tír agus sé sin an Ghaeilge mar theanga phobail.

Bhí comhráití agam le gairid le Cathaoirleach agus feidhmeannaigh sinsearacha Údarás na Gaeltachta agus phlé mé an cheist leo gur chreid mé go mba cheart go mbeadh athrú mór polasaí ann agus go mbunófaí i bhfad níos mó postanna ard-chaighdeán sa Ghaeltacht a d'úsáidfeadh an Ghaeilge mar bhun-acmhainn le haghaidh na bpostanna sin. Tá postanna san oideachas i gceist, sa tsláinte, i gcúrsaí áirnéis agus i seirbhísiú eagraíochtaí nuair a bheidh an tAcht Teanga ann i gceist. Tá postanna i gcúrsaí dílárnaithe, i dturasóireacht, i gcúram leanaí i gceist. San iomlán creidim go bhféadfaí suas agus anuas le míle post a chruthú ach cur chuige idir na heairneála ar fad atá ag plé leis an Ghaeltacht agus ní ag an Údarás amháin. Postanna d'ardchaighdeán atá i gceist a bheadh bunaithe ar an teanga. Dá ndéanfaí é sin seachas an rud a bhí ag tárlú go dtí seo maidir le cúrsaí Gaeilge bheadh na postanna seo ag coinneáil daoine le hard-oideachas sa bhaile agus bheadh na postanna ina dtacú iad féin don Ghae ilge. Bhí gá le go leor de na postana a bhí á gcruthú chun daoine a choimead sa bhaile ach bhí siad ag imirt tionchar diúltach ar chúrsaí teanga sa Ghaeltacht.

Chonaic muid mar shampla an leas a rinne na postanna a cruthaigh TG4. Tá sé le feiceáil go soiléir chomh fada ó bhaile le Rinn Ó gCuanach, Tír Chonaill, Connemara agus Corca Dhuibhne. Chonaic muid an obair iontach agus an tionchar dearfach ar fad a bhí ar chruthú postanna—

Gabh mo leithscéal ach tá do chuid ama caite.

Chonaic muid an tionchar ollmhór a bhí i gcruthú postanna mar shampla sa Roinn, san Údarás i Raidio na Gaeltachta agus sna hinstitiúidí oideachais ar nós Aras Uí Chadhain ar an dteanga sa Ghaeltacht. Creidim féin gur ghá dúinn anois dul sa treo sin.

Ar deireadh, agus is oth liom nach bhfuil níos mó ama againn agus tuigim go bhfuil an t-am teoranta agus go bhfuil Teachtaí eile ag iarraidh labhairt ar an ábhar seo, fáiltím roimh na Teachtaí eile agus is rud an-mhaith é go bhfuil an díospóireacht seo ar bun.

Go minic bíonn easpa misnigh ar dhaoine ó thaobh na teanga de ach chuile áit go dtéim sa tír thuaidh agus theas go bhfuil den chéad uair gréasán de phobal á thógáil de bharr deiseanna cumarsáide nua theicneolaíochta, de bharr TG4, Raidio na Gaeltachta, telefóin agus araoile. Ní gá don phobal sin a bheith ag cónaí taobh le taobh. Leis na céimeanna ar fad atá á dtógáil i láthair na huaire agus céimeanna eile go gcaithfimid a bheartú creidim nach gá dúinn a bheith imníoch go bhfaighidh an Ghaeilge bás. An cheist atá ann ná cé chomh scioptha is a thiocfaidh forás ar an Ghaeilge ar fud na tíre.

Ar deireadh ar fad, má chreideann muid a mhalairt níl le déanamh ach breathnú ar leithéidí Bhéal Feirste, áit nach raibh traidisiún láidir Gaeilge ann agus an chaoi a bhfuil an Ghaeilge beo anois i measc an phobail ansin agus an obair mhór atá déanta. Má bhí siadsan in ann é a dhéanamh táimidne le tacaíocht an Stáit in ann ar a laghad an oiread céanna a dhéanamh.

Tá áthas orm an deis seo a fháil i Seomra na Dála labhairt faoinár gcéad teanga oifigiúil agus tá mé buíoch do Phríomh Aire an Rialtais as ucht am a chur ar fáil don díospóireacht seo.

Anois agus an t-aonú céad is fiche buailte linn tá sé réasúnta simplí buanna agus laígí na Gaeilge mar mhion-teanga a aithint. Tá cúrsaí teanga sa Ghaeltacht ag dul in olcas go tapaidh mar is léir d'aon chuairteoir ach tá súil agam gurb é tuar dóchais Coimisiún na Gaeltachta a thabharfaidh deis do mhuintir na Gaeltachta cur síos a dhéanamh ar a scéalta féin agus a leigheasanna a thabhairt ar na rudaí atá ag goilliúint orthu. Is fiú a lua gurb í an Ghaeltacht, is dócha, an t-aon fhoinse atá againn don teanga bheo agus má thiteann sí le fána ní bheidh aon ní le cur ina h-áit. Ritheann sé liom nach dtuigeann an córas rialtais lárnach an méid sin agus mar an gcéanna an córas deonach, airgeadaithe ag an stát, a bhfuil a chuid gníomhaíochtaí sa Gaeltacht gann go leor.

Beidh mórán ag braith ar an gCoimisiún mar sin agus molaim do lucht na Gaeltachta ach go háirithe chomh maith leis na húdaráis stáit agus leathstáit ról cuimsitheach a ghlacadh sa phróiséas iomlán mar tá mórán le tuilleamh agus mórán eile fós le caillíuint. Cuimhnigh ar fhochlaibh ceann de mhór scoláirí na Gaeilge, Osborn Bergin "no language has ever been revived and no language ever will be revived". Séard a bhí i gceist aige ná aon teanga a cailleadh mar ghnáthurlabhra níor bhain sí stadas mar sin amach arís agus is dócha le heiseamlár na hEabhraise do bhí an ceart aige. Ábhar machnaimh dúinn go léir é sin gan amhras.

Tá comharthaí dearfa áirithe le feiscint mórthimpeall na tíre i gcoitinne chomh fada agus a bhaineann siad leis an nGaeilge agus an chultúr Gaeilge. Tá TG4 againn, tá gluaiseacht na ngaelscoileanna agus comórtas Ghlór na nGael. Tá TG4 le moladh ach is léir go bhfuil sí faoi bhrú mór airgid. Ní gá ach súil a chaitheamh ar an amchlár chun é sin a thuiscint go háirithe nuair a fheiceann duine líon na gclár nach bhfuil baint ar bith acu le Gaeilge agus fiú na cláracha sin le Gaeilge a cuireadh le chéile ar bheagán airgid. Caithfimid beart do réir ár mbriathar a dhéanamh agus buiséad réadúil a bhronnadh ar TG4 go háirithe nuair atá airgead flúirseach i bpócaí an stáit.

Tá ról tábhachtach ag na gaelscoileanna ár ndóigh ach an bhfuil slite múinte oiriúnacha acu go léir ? Tá fhios agam féin mar shampla go dtéann sé an-dian i gcónaí ar ranna stáit, ar údaráis áitiúla agus ar eagrais eile beag agus mór daoine le Gaeilge líofa a earcú agus ní leigheas é aon Bhille Teanga ar fhadhb bhunúsach mar sin.

Mar Chathaoirleach ar an gComhchoiste Oireachtais um Oidhreacht agus an Ghaeilge tá suim ar leith agam i labhairt na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Mar thús áfach, bíonn mórán seafóide le cloisint nuair a bhíonn cur síos ar an nGaeilge nó easpa Gaeilge sa Dáil. Is ionann an tOireachtas agus gach aon phobal eile sa tír sa mhéid is go mbíonn daoine le raidhse Gaeilge agus daoine eile fós ar bheagán ach rud comónta don dá dhream bíonn easpa taithí agus easpa muiníne ag goilliúint orthu go léir agus tá fhios agam gurb amhlaidh an scéal ar gach taobh den Teach seo. Tá gá le comhairle, tacaíocht agus lámh chúnta againn go léir ach is fiú a lua go dtagann líofacht le cleachtadh. Tá gá chomh maith le ról níos dearfa ó na páirtithe éagsula agus cúnamh ó na hoifigí preasa chun óraidí a scaipeadh.

I in no way regard this statement here this afternoon as being divisive or party political. We are at one in seeking a proper place for the Irish Language amongst the community of the people of Ireland. It has survived much over the centuries – war, famine, colonisation and religion. Tá sé de dhualgas orainn an solas, a shíolraíonn ó na mílaoiseanna atá caite, a choinneáil beo agus oidhreacht na nglúnta sin atá imithe romhainn a chaomhnú.

Tá an-áthas orm páirt a ghlacadh sa díospóireacht tábhachtach seo. Is trua nach bhfuil níos mó ama againn. Níos lú ná leathuair atá againn ach bíonn gach tosnú lag. Le cúnamh Dé beidh díospóireachtaí eile ar an Ghaeilge agus ar athbheochan na Gaeilge againn amach anseo.

An rud is mó a dheineann buartha domhsa ná nach bhfuil cuspóir chruinn againn i dtaobh na Gaeilge. Is é sin an bhfuil sé mar chuspóir againn an teanga a athbheochan mar chéad theanga na tíre nó go mbeadh tír dhátheangach againn. Is dóigh liomsa gurb é an dara ceann an cuspóir is ceart a bheith againn agus go ndéarfaimis é sin agus nach mbeadh aon náire orainn é sin a rá. Sin an chéad rud.

Sé an cuspóir an chéad rud. Ansin caithfear an straitéis agus an polasaí a leagadh amach chun an cuspóir sin a chur i bhfeidhm. Sin locht a fhaighim ar an státseirbhís agus ar an Rialtas seo ach ní theastaíonn uaim a bheith ag gearán nó a bheith diúltach leis an Rialtas.

An rud is tábhachtaí ná go mbeadh straitéis ag an Rialtas ag dul trasna ar na Ranna Stáit éagsúla, ar na húdaráis phoiblí agus ar gach gné den tír gur féidir ceist athbheochan na Gaeilge, an tír dhátheangach, a bhrú ar aghaidh.

Tá an straitéis sin thar a bheith tábhachtach mar ní féidir cuspóir a chur i gcríoch muna mbíonn cuspóir lánsoiléir againn agus muna mbíonn an straitéis ann ní féidir an dul ar aghaidh a dhéanamh.

Rud atá an-tábhachtach freisin ná go gcaithfimid a chur ina luí ar mhuintir na hÉireann gur leo an teanga. Go dtí seo tharla sé go raibh daoine a raibh an-chruinneas sa Ghaeilge acu agus b'fhéidir go raibh elitism ann, rud nár chabhraigh le gnáthdhaoine a gcumas sa Ghaeilge a fhorbairt.

Mar sin tá an cuspóir agus an straitéis thar a bheith tábhachtach. Ach muna mbíonn muintir na hÉireann sásta glacadh leis an chuspóir agus leis an straitéis fanfaidh an scéal mar atá nó rachaidh sé in olcas.

Creidim nach dtarlóidh sé sin má déantar rud atá an-tábhachtach ar fad agus is é sin an pobal go léir a mhealladh isteach i ndíospóireacht maidir leis an Ghaeilge. Is dóigh liomsa má chuireann an Rialtas chuige an cuspóir seo a ainmniú agus a leathnú – sé sin gur tír dhátheangach atá uainn – agus ansin an straitéis a chur síos ar pháipéar agus go mbeadh sé in aon cháipéis amháin, tabharfaidh sé sin spreagadh éigin don díospóireacht atá ar intinn agam.

An rud atá an-tábhachtach d'aon dream a mbíonn pleanáil straitéiseach ar siúl acu ná taighde den chéad scoth a dhéanamh ar mheon na ndaoine. Caithfear dul amach agus taighde a dhéanamh i measc na ndaoine i gcoitinne faoi cad a cheapann siad faoin nGaeilge.

Má chuireann tú an cheist ar fhormhór na ndaoine an ceart an Ghaeilge a athbheochan déarfaidh siad gur cheart é a dhéanamh. Ní bhíonn ann ach caint agus ní dhéanfaidh siad aon rud in a dhiaidh sin. Is dóigh liom go bhfuil easpa ceannaireachta ann. Tá sé thar a bheith tábhachtach díospóireacht a chur ar siúl agus ní hé seo an chéad uair a dúirt mé é sin leis an Aire Stáit.

An chéad cheist atá le freagairt ná an dteastaíonn uainn an Ghaeilge a athbheochan. An dteastaíonn uainn go mbeadh tír dhátheangach againn? Ceapaim má chuirimid an cheist sin go hoscailte agus go macánta go mbeidh freagra dearfach ar ais. Sin céim mhór. Má tá daoine ann gan suim acu sa Ghaeilge – agus tá daoine gan suim acu san athbheochan nó i dtír dhátheangach – is ceart dúinn iad sin a mhealladh chun a dtuairimí a nochtadh agus chun díospóireacht mhacánta a bheith againn. Mar ní fiú an díospóireacht a bheith ann muna mbíonn sé macánta, muna mbíonn sé oscailte agus muna dtugann sé faoi na ceisteanna práinneacha ar fad.

An dara ceist ná cén fáth a bhfuil sé tábhachtach an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt agus i ndeireadh na dála teacht ar an lá go mbeidh tír dhátheangach againn. Chun é sin a shoiléiriú tá na logainmneacha cuir i gcás an-tábhachtach. Tá stair gach áit ar fud na tíre fite fuaite leis na logainmneacha agus sin áit an-mhaith le tosú le suim daoine sa Ghaeilge a spreagadh agus iad a bhrú ar aghaidh.

Sin smaoineamh amháin ach go dtí go nglacfaidh muintir na hÉireann seilbh ar an teanga, go dtí go dtuigeann siad gur leo féin í agus nach mbaineann sí le haon elite, ní bheidh an lá linn.

Is ceart dúinn eolas a thabhairt don phobal i gcoitinne faoi na rudaí atá ag tarlú, mar shampla Coimisiún na Gaeltachta, na Billí faoi Údarás na Gaeltachta agus an Bille Comhionnais Teanga. Ar shlí coimeadtar na rudaí sin ina rún. Bimid ag caint mar gheall orthu anseo ach ní leathnaíonn an t-eolas amach go dtí an pobal, taobh amuigh de dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa Ghaeltacht agus de dhaoine a bhfuil suim acu cheana féin sa Ghaeilge.

An job atá againne ná an tromlach den phobal nach bhfuil gníomhach san athbheochan a mhealladh isteach sa díospóireacht agus an cuspóir a dhíol leo. Ba cheart iad a mhealladh isteach chun a bheith páirteach sa straitéis a lua mé roimhe seo.

Ba mhaith liom i ndeireadh na dála rud a rá faoi TG4. Bhí scannán ar TG4 faoi dhó i rith na Nollag faoi Thalamh an Éisc. Bhí an-bhaint i gcónaí ag muintir Phortláirge le Talamh an Éisc. Ní raibh mórán airgid ag na daoine a chuir an clár sin le chéile ach bhí an clár ar fheabhas ó thaobh na Gaeilge, ó thaobh staire agus mar sin de.

Tá do chuid ama caite.

Mar fhocal scoir, an cheist a chuirim ar an Aire Stáit ná an bhfuil seisean sásta dul ar ais go dtí an Rialtas agus a rá ar an gcéad dul síos go gcaithfimid an cuspóir seo, sé sin tír dhátheangach atá uainn, a rá amach go soiléir díreach. Má thagann sé sin ón díospóireacht seo is dóigh liom go mbeidh rud éigin an-tábhachtach bainte amach againn.

Gura míle maith agat. Cuirim fáilte is fiche roimh an díospóireacht seo. Tá meas agam ar an Aire Stáit mar dhuine a choimeadann ceist na Gaeilge beo agus a d'oibrigh ar son na Gaeilge ar feadh a shaoil. Rinne a shean-athair agus a shean-mháthair neart ar son na Gaeilge chomh maith. Rugadh Sinéad de Valera i mBaile Brigín, mo bhaile dúchais féin.

É sin ráite ceapaim gur chineál óráid Ard-Fheise atá cloiste againn ón Aire, agus cuireann sé sin díomá orm. Cheap mé ag tús na seachtaine go mbeadh tuairisc os ár gcomhair amach don aois nua agus inniu tugaim gur ráiteas atá againn seachas tuairisc. Sin a bhí scríofa. B'fhéidir go bhfuilim naive faoi sin ach creidim i rudaí atá scríofa agus a thagann ón Rialtas ó am go chéile.

Is maith an rud é go bhfuil an díospóireacht seo ann agus is féidir linn dul ar aghaidh ón bpointe sin. Mar a dúirt Conradh na Gaeilge, tír gan teanga, tír gan anam. Agus is cineál macasamhail den tír í an Dáil. Agus má tá muide gan Gaoluinn anseo is baolach go bhfuil an tír ag dul sa treo céanna.

Mar Ghlasach, ceist eiceolaíoch is ea ceist na teanga domsa. Tá an teanga cosúil le gné den dúlra a bheadh i mbaol, rud luachmhar atá mar chuid chuimsitheach d'éagsúlacht an tsaoil.

Sula gcuirimid straitéis le chéile don aois seo chugainn is ceart dúinn féachaint siar féachaint cad iad na ceachtanna atá foghlamtha againn ón iarracht atá déanta go dtí seo an Ghaoluinn a chur chun cinn. Is ceart buíochas a ghabháil leis na daoine go léir a d'oibrigh san earnáil dheonach – Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge agus dreamanna ar nós na gluaiseachta gaelscolaíochta, TG4, na nuachtáin agus na hirisí Gaeilge agus neart eile a dhein gaisce thar na mblianta.

Ach ó thaobh an Rialtais, ghlacfadh go leor daoine leis go raibh an iomad béime ar scolaíocht go dtí seo chun an Ghaoluinn a choimeád beo. San Iosrael, mar shampla, bhí polasaí i bhfad níos cuimsithí ná scolaíocht amháin acu chun a dteanga féin a thabhairt thar n-ais agus d'éirigh leo.

Bíonn go leor botúin ar na comharthaí bóthair chomh maith. Drochcheacht í sin do dhuine ar bith atá ag foghlaim na Gaoluinne nó a bhfuil suim acu in oidhreacht na tíre. Tá ceacht le foghlaim againn freisin ó mhuintir Cheanada mar a bhfuil siad dáiríre mar gheall ar an dá theanga oifigiúil.

Tá an-suim agam i liricí amhráin, i liricí Gaeilge agus in aistriúcháin ar liricí Béarla. D'fhéadfadh an stát cabhrú leis an ngné seo a bheadh an-torthúil i ndeireadh na dála.

Cad tá romhainn? Is gá féachaint ar cheist na Gaeilge agus ar lucht na Gaeilge mar a d'fhéachfaí ar mhionlach ar bith, is cuma an an lucht taistil nó daoine le míchumas nó lucht creidimh áirithe atá i gceist againn. Má táimid dáiríre mar gheall ar an dátheangachas caithfear cothrom na Féinne a thabhairt dóibh. B'fhéidir go gciallaíonn sé sin níos mó infheistíochta nó níos mó a dhéanamh ar a son, ach sin an praghas atá ar chothrom na Féinne mar ghlacaimid leis go gcaithfidh an dá theanga a bheith beo. Níl aon bhaol ar an mBéarla.

Is cinnte go gcuirfidh Bille na Gaeilge brú ar go leor daoine agus eagraíochtaí agus is ceart sin mar ní bheidh aon athrú ann gan brú. Ach tá leigheas ag teastáil agus ní chuirfidh sé seo aon leigheas ar fáil. Don leigheas, tá tosaíocht ag teastáil go géar agus ní mór dúinn tosú sa Teach seo trí Ghaoluinn a labhairt. Is gá tosaíocht don Ghaoluinn ó dhaoine atá go mór i mbéal an phobail – ceoltóirí mar shampla. Dá mbeadh amhrán Gaeilge ag U2 bheadh i bhfad níos mó suime ag daoine sa teanga, is cuma cé mhéad óráid a thugtar faoi anseo sa Dáil. Tá roinnt déanta ag an lucht gnó – Toyota agus Superquinn – ach tá i bhfad níos mó le déanamh.

Tá a fhios agam nach féidir Déanta in Éirinn a rá níos mó de bharr rialacha an Aontais Eorpaigh ach is féidir go mbeadh ár gcuid pacáistíocht dátheangach agus iarraim ar lucht gnó é sin a dhéanamh.

Mar a luaigh an tAire Stáit cuirfidh a leithéid de dhul chun cinn fostaíocht ar fáil – i bhfad níos mó gaelscoileanna, nuachtán laethúil do lucht na Gaeilge, ollscoil Ghaeilge agus tuilleadh cláir agus ranganna d'fhoghlaimeoirí na Gaeilge. Bhí siad sin ann cheana agus tá gá leo arís.

B'fhéidir nach mbeidh an Ghaoluinn riamh ina teanga oibre san Aontas Eorpach ach is féidir linn cur leis an méid Gaoluinne a bheas ag teastáil agus a bheas in úsáid san Aontas. Chruthódh sé sin fostaíocht do dhaoine ag teacht ó ghaelscoileanna mar rachaidh a gcuid Gaoluinne i léig muna mbíonn cleachtadh acu.

Tá gá le Bille na Gaeilge agus cuirfimid fáilte roimhe nuair a thiocfaidh sé. Ar a laghad beidh sé ann ach ní leor é. Tá gá le straitéis nua a leagan amach agus b'fhéidir go bhfuilimid ag cur tús leis sin inniu. Níl aon amhras ach go mbeidh straitéis ag teastáil a leagfaidh amach na cuspóirí atá romhainn mar thír dhátheangach. Ba cheart airgead a infheistiú sna Gaeltachtaí agus i labhairt na Gaoluinne má táimid dáiríre mar gheall air. Muna bhfuilimid i ndáiríre faoi, ní fiú é agus beifear ag caitheamh anuas orainn mar dhream a dheireann rud amháin agus a dheineann rud eile. Ní thugann sé sin aon chreidiúint dúinn mar thír nó mar phobal.

Cosúil leis na Teachtaí eile tá lúcháir orm go bhfuil seans againn ceist na Gaeilge a phlé inniu sa Dáil. Más mall is mithid agus déanaim comhghairdeachas le Cathaoireacht an Chomhchoiste don Ghaeilge a spreag an díospóireacht seo nuair a chuir sé an rún síos ar Chlár na Dála. Ní ró-mhinic a bhíonn deis againn staid na teanga a phlé anseo.

Agus muid beagáinín taobh istigh de thairseach na haonú aoise is fiche is tráthúil dúinn féachaint ar staid reatha na teanga agus ar a bhfuil i ndán di sa chéad atá amach romhainn. Tá sé dlisteanach a rá má tharlaíonn an cúlú céanna i gcás na teanga sa chéad atá amach romhainn is a tharla sa chéad deiridh is beag Gaeilge a bheas fágtha sa Ghaeltacht, ar a laghad.

Tá comharthaí dóchais agus comharthaí éadóchais le feiceáil agam maidir leis an nGaeilge. Tá an chuid is mó de na comharthaí éadóchais le feiceáil sa Ghaeltacht féin agus an chuid is mó de na comharthaí dóchais le feiceáil taobh amuigh den Ghaeltacht, i gceantracha eile ar fud na tíre. Nuair a bhreathnaím ar a bhfuil ag tarlú sa Ghaeltacht le glúin nó dhó anuas chím go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú agus faoi bhrú de shíor. Chím go bhfuil níos mó foinn ar dhaoine óga an Béarla a labhairt agus má fhéachtar ar an uimhir scoileanna sa Ghaeltacht a chuireann isteach ar dheontas labhairt na teanga, ní déarfadh duine ar bith go bhfuil líon na scoileanna sin ag dul in airde, ach a mhalairt. Nuair a amharctar ar sin is cinnte gur ábhar éadóchais roinnt mhaith dá bhfuil ag tarlú sa Ghaeltacht.

Tá cuid den locht orainn féin nach dtugaimid an dea-shampla i gcónaí le labhairt agus le húsáid na teanga. Tá beartais, agus coimisiúin, agus billí, agus deontais agus rudaí eile ann. Ach mar cheannairí pobail ní minic a thugaimid féin an dea-shampla, anseo nó in áiteacha eile agus téann sé sin ina luí ar an bpobal.

Sa Ghaeltacht tá go leor de na seirbhísí stáit dá gcur ar fáil trí Bhéarla. Is ábhar scanaill agus éadóchais é go bhfuil eagraíochtaí stáit ann anois a éilíonn nuair a bhíonn imeachtaí poiblí ar siúl sa Ghaeltacht go gcaithfidh siad a bheith i mBéarla. Agus má theastaíonn ó mhuintir na Gaeltachta go mbeadh siad i nGaeilge caithfear an t-eolas a chur isteach timpeall trí seachtaine roimh ré. Tá an dearcadh ag teacht amach má tá duine fá choinne gnó a dhéanamh leis an stáit go mbeidh toradh níos fearr ar do chuid oibre má dhéanann tú i mBéarla seachas i nGaeilge é.

Caithfidh dóchas a bheith againn chomh maith. Mar a dúirt an tAire Stáit tá rudaí maithe ag tarlú taobh amuigh de na Gaeltachtaí – na gaelscoileanna, TG4. Raidió na Gaeltachta, na hirisí, na coláistí samhraidh agus mar sin de. Agus an t-athmhúscailt chultúrtha Ghaeilge atá ann.

Ach tá rud amháin cinnte. Luaigh an Teachta Sargent Eamon de Valera agus daoine mar é. Ba mhaith liom tagairt a dhéanamh do na daoine a bhí mar bhunchloch na hathbheochana, sna fichidí agus sna tríochaidí – Eamon de Valera, Risteárd Ó Maolchatha, Earnán de Blaghd agus daoine mar sin. Leag siad síos beartas athbheochana anseo go mbeadh an Ghaeilge mar mheán cumarsáide ar fud na tíre. Táimid imithe i bhfad ó mbunsmaoineamh sin anois go dtí an áit a bhfuilimid ag caint faoin dátheangachas agus ní aontaíonn gach duine go bhfuil sé sin indéanta ach an oiread. Tá cúlú mór tar éis tarlú i saol na Gaeilge ó tugadh isteach an beartas sin.

Bhí an Roinn Oideachais ina gceannródaithe i ndul chun cinn na Gaeilge. Ach tá cúlú mór sa Roinn sin le fiche bliain anuas. Níl siad ina gceannródaithe agus níl siad ag tabhairt treoir do na múinteoirí ó thaobh na Gaeilge de mar ba ghnáthach dóibh san am a chuaigh thart. Tá easpa téacsleabhar ann. Is minic a chuirtear treoracha amach ón Roinn go dtí scoileanna sa Ghaeltacht agus na treoracha sin i mBéarla. Níl sé sin ionghlactha.

Is féidir a bheith ag caint ar bheartais agus mar sin de agus tá sé in am gníomhaíocht raidiciúil a thabhairt isteach. Éiríonn le pleananna eacnamaíochta, caithfimid plean den chineál céanna a thabhairt isteach agus é a chur i bhfeidhm agus an dul chun cinn ó bhliain go bliain a mheas muna bhfuilimid chun an teanga a chailliúint sa Ghaeltacht. Má chailltear sa Ghaeltacht é níl guarantee ann nó ní féidir geallúint ar bith a thabhairt go mairfidh sé sa chuid eile den tír.

Tá súil agam go mbeidh deis againn díospóireachtaí mar seo a bheith againn go rialta anseo – achan mí, b'fhéidir, sa dóigh gur féidir linn tuairimí a chur i láthair.

(Dublin West): Fáiltím roimh an seans an dispóireacht seo a bheith anseo inniu. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh ráiteas dearfach ón Rialtas os ár gcomhair i láthair na huaire, ag leagadh síos go cruinn fé mar a chíonn an Rialtas an scéal i láthair na huaire. Cé go bhfuil Bille na Gaoluinne ag teacht agus nach fios dúinn go cruinn cathain tá súil againn nach bhfuil sé ró-fhada uainn. D'fhéadfadh ráiteas ón Rialtas, dá mbeadh sé againn, a rá cad iad na rudaí a bheas sa Bhille Teanga i dtreo is gur féidir linn díospóireacht a bheith againn roimh ré. Bheadh an reachtaíocht atá ag teacht níos fearr dá bharr.

Caithfear taighde agus staidéar i bhfad níos doimhne a dhéanamh ar cheist na Gaoluinne, le go mbeadh a fhios againn cén todhchaí atá i ndán don Ghaoluinn mar theanga labhartha. Tá cúlú mór ag tarlú, tá dlithe eacnamaíochta an domhain ag cur brú ar an nGaoluinn freisin. B'iad cúrsaí eacnamaíochta a chuir tús le géarchéim na Gaoluinne ón naoú aois déag i leith.

Luadh polaiteoirí móra na haoise seo. Ach is faoi réim na bpolaiteoirí úd a chuaigh na Gaeltachtaí i leig go mór mar go raibh meath ar chúrsaí eacnamaíochta. Nuair a thagann meath ar chúrsaí eacnamaíochta, bíonn ar dhaoine dul ar imirce agus téann an Ghaeltacht i laige chomh maith. B'fhéidir go raibh spéis ag na polaiteoiri sin sa Ghaoluinn ach theip ar chuid de na beartais eacnamaíochta a bhí acu, rud a dhein an-damáiste do na Gaeltachtaí.

Sráidbhaile domhanda í an tír seo faoi láthair agus tionchar ollmhór ag cúrsaí cumarsáide agus ag geilleagair idirnáisiúnta ar an tír. Ní bheidh an Ghaoluinn mar theanga labhartha ag a lán de dhaonra na tíre seo inár linne ná chomh fada ar aghaidh agus is féidir liomsa a fheiscint sa todhchaí. Ach beidh éileamh í gcónaí ó chéatadán tábhachtach dár ndaoine aithne agus tuiscint a bheith acu ar an nGaoluinn agus a bheith in ann í a labhairt.

Tuigeann daoine nach féidir stair nó cúlra na tíre a thuiscint i gceart gan an Ghaoluinn. Ní féidir logainmneacha na tíre a thuiscint gan í mar is ón stair na logainmneacha. Is maith go bhfuil borradh faoin nGaeilge i láthair sna gaelscoileanna timpeall na tíre. Tá an teanga beo sa Ghaeltacht i láthair na huaire ach tá brú ollmhór uirthi agus ar mhuintir na Gaeltachta ar mian leo a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge agus a gclann a thógáil le Gaeilge.

Is faoin Rialtas atá an fhreagracht beartas a thabhairt os comhair na Dála maidir le staid na Gaoluinne agus na Gaeltachta. Is faoin Rialtas atá sé cearta sibhialta lucht labhartha na Gaoluinne a chaomhnú agus a chur chun cinn.

Cuirim fáilte roimh suirbhé a rinne Conradh na Gaeilge ar stádas na Gaeilge i mBaile Locha Riach i gContae na Gaillimhe. Thosaigh an conradh ag obair ar an suirbhé seo i Mí Feabhra na bliana seo agus chruinnigh siad eolas ó dhoras go doras. I measc na dtorthaí a fuarthas bhí uimhir na ndaoine a fhéachann ar TG4, a éisteann le Raidio na Gaeltachta agus a léann nuachtáin, irisí agus altanna Gaeilge. Chomh maith le san fuarthas amach an méid daoine a thugann tacaíocht don nGaeilge agus don ngaelscoil ar an mbaile agus gur mhaith leo naíonra a bhunú ann. Rinneadh taighde chomh maith ar fhorbairt na Gaeilge imeasc lucht gnó ar an mbaile, ar fhógraí sna siopaí agus ar logainmneacha nua-chumtha ar an mbaile. Is maith an rud gur deineadh suirbhé den sort seo agus tá súil agam go ndéanfar a thuilleadh ins na blianta atá romhainn amach.

Cuirim fáilte roimh an ndíospóireacht seo agus déanaim comhgairdeas leis an Aire Stáit as an méid atá déanta aige agus ag an Aire, Síle de Valera.

Glacaim buíochas le cathaoirleach an choiste as ucht a thionscnadh go mbéadh an díospóireacht seo againn trathnóna. Beidh spéis agam níos moille trathnóna, fáil amach an ndéanfaidh RTE an rud a déantar go hiondúil nuair a chuirtear ceisteanna pairliminte tré Ghaeilge nó nuair a reachtáltar díospóireacht tré Ghaeilge, sé sin, neamhaird a dhéanamh orthu. Ceann de na rudaí a stopann daoine ag labhairt Gaeilge sa Teach ná go bhfuil a fhios againn a labhraíonn Gaeilge nach mbeidh aon tuairisc ar an méid a deirimid. Ar nós gach uile dhuine eile, caithfimid maireachtáil agus caithfimid ár scéal féin a chur os comhair an phobail. Caithfimid réiteach a fháil ar an bhfadhb seo. Bhéadh níos mó Teachtaí sásta Gaeilge a labhairt sa Dáil dá mba rud é go raibh an seans chéana acu bheith feicthe ar an teilifís agus atá ag duine a labhraíonn Béarla.

Bhí an díospóireacht seo usáideach. Is trua liom nach bhfuil breis ama againn na ceisteanna pléadh agus a hardaíodh anseo a chíoradh. Bheadh súil agam go gcuirfí breis ama ar leataobh le haghaidh díospóireacht iomlán chuimsithach ar chursaí Gaeilge a bheith sa Teach anseo. Is deas liom gur sa Teach anseo atá an díospóireacht á reachtáil seachas i gcúl sheomra an choiste. Tá sé tábhachtach go mbéadh díospóireacht ar cheisteanna áirithe. Cá bhfuilimid ag dul? An bhfuil sé mar aidhm náisiúnta an Ghaeilge a láidriú agus a athbheochain? Cá bhfuil ár dtriail?

An coincheap atá agam féin, go mbeadh Béarla ag gach uile dhuine sa tír. I go leor tír eile tá Béarla ag cuid mhaith de na saoránaigh ach ní shin le rá nach bhfuil a dteangaí féin acu freisin. Ba mhaith liom méadú a fheiceáil go leanúnach, ó dhaonáireamh go daonáireamh, ar líon na ndaoine fásta a labhraíonn an Ghaeilge go laethúil. Dá bhfeicfí sin an méid sin ag dul go 120,000, 150,000 agus ar aghaidh go 200,000 agus méid na ndaoine go bhfuil tuiscint acu don Ghaeilge agus a bhíonn ag breathnú ar chláracha Gaeilge ag méadú an t-am ar fad, bheinn sásta go bhfuil an taoide casta.

Tá an-mhíthuiscint ann go raibh an t-uafás daoine le Gaeilge ag tús na haoise seo caite agus go rabhdar á labhairt. Ní shin mar a bhí. Taobh amuigh den Ghaeltacht is beag Gaeilge ar bith a bhí ann mar ní raibh sí á múineadh sna scoileanna. Athrú mór atá ann go bhfuil daoine ar nós mé féin agus Teachtaí eile atá sa Teach anseo trathnóna nár tógadh sa nGaeltacht ach go bhfuil Gaeilge acu. Níorbh amhlaidh céad bliain ó shoin. An dream sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge acu ag an am san, bhí siad fós á caitheamh uathu chomh scioptha in Éirinn agus a bhíodar in ann. Níor tháinig an oiread laghdú ar an nGaeilge le céad bliain agus a cheaptar. Ar bhealaigh áirithe tháinig méadú mór ar úsáid na Gaeilge agus ar fheiceálacht na Gaeilge le céad bliain anuas. Ná bíodh muid ag déanamh amach go raibh an scéal mar a bhí níos fearr agus an scéal mar atá níos measa.

Ceann de na fáthanna nár chuir mé chuige tuarascáil mhór a réiteach nuair a tháinig mé isteach mar Aire seachas dul agus rudaí áirithe a dhéanamh, ná gur chreid mé go n-úsáidfí sin mar leithscéal gan rud ar bith a dhéanamh go mbéadh an tuarascáil sin le fáil agus b'fhéidir go dtógfadh sé bliain nó bliain go leith chun sin a dhéanamh. Mar sin, chuir mé chun gnímh i dtosach agus ansin d'iarr mé ar Choimisiún na Gaeltachta, mar shampla, tuarascáil a réiteach.

Ansin bunaiodh an Foras Teanga. Maidir le cursaí polasaí agus comhairle a chur ar an Aire, is faoin bhforas atá sé. Tuigimid na fadhbanna polaitíochta atá ansin. Le cúnamh Dé, nuair a réiteofar na fadhbanna sin tabharfaidh an foras faoin dara cuid de réiteach an phlean, i gcomhairle leis na hAirí thuaidh agus theas agus beidh Coimisiún na Gaeltachta ag déanamh an chuid eile.

Barr
Roinn