Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 28 Nov 2000

Vol. 526 No. 6

Written Answers. - Foireann Scoile.

Brian O'Shea

Ceist:

382 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Oideachais agus Eolaíochta an bhfuil aon phlean aige líon na n-uaire a chaitheann an múinteoir acmhainne i Scoil Náisiúnta na Rinne, An Rinn, Co. Phort Láirge a mhéadú ó 2 1/2 go 10 agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina leith. [27332/00]

Ceadaíodh dhá uair go leith de theagasc acmhainne in aghaidh na seachtaine don scoil atá i gceist chun freastal ar dhalta amháin. Cheadaigh mo Roinnse an tacaíocht teagaisc acmhainne don scoil ar 22 Meán Fómhair 2000.

Mar sin féin, ón uair gur chuir údaráis na scoile iarratas isteach tá iarrtha ar an gcigireacht bhunscoile i mo Roinnse athbhreithniú a dhéanamh ar chás na scoile agus tá an t-athbhreithniú sin ar siúl faoi láthair.

Déanfaidh mo Roinnse teagmháil le húdaráis na scoile nuair a bheidh an t-athbhreithniú déanta.

Barr
Roinn