Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 30 Nov 2000

Vol. 527 No. 2

Housing (Gaeltacht) (Amendment) Bill, 2000: Second Stage.

I move: "That the Bill be now read a Second Time."

Tá áthas orm an díospóireacht a oscailt ar an Dara Chéim den Bhille, a thugann deis dúinn athbhreithniú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht). Tá díomá ar an Aire nach féidir leis bheith i láthair, ach beidh sé ag súil leis na tuairimí uilig a chloisteáil ó na Teachtaí.

Tá sé luaite mar sprioc i Ráiteas Stráitéise na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán "leanúint de thuilleadh forbartha a chur chun chinn, go príomha trí chláir agus scéimeanna na Rinne féin agus na gcomhlachtaí atá faoina coimirce, a mhéid a bhaineann le cúrsaí teanga, soisialta, fisiciúla agus eacnamaíochta sa Ghaeltacht, agus de phríomhachta na Gaeilge agus a cultúr gaolmhar a chothabháil sa Ghaeltacht". Is ceann de na scéimeanna a chuirtear san áireamh anseo, an scéim tithíochta atá mar ábhar an Bhille seo.

Is í príomhaidhm an Bhille ná leasú agus leathnú a dhéanamh ar Achtanna na dTithe (Gaeltacht) chun iad a dhéanamh níos oiriúnaí don lá inniu. Tá sé seo thar a bheith tábhachtach don Ghaeltacht, go háirithe sa chomthéasc nár reachtaíodh aon Acht ó 1979 go dáta. Cuirtear san áireamh sa Bhille nua chomh maith cinnithe a rinneadh le tamall anuas maidir le cúnamh atá ar fáil faoi na hAchtanna.

Faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht), 1929-1979, íocann an Roinn deontais chun tithe nua a thógáil sa Ghaeltacht agus chun feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe cónaithe atá ann cheana féin. Chun cáilíocht a bhaint amach ní mór d'iarratasóirí gnáthchónaí a bheith orthu sa Ghaeltacht agus an Ghaeilge a bheith mar ghnáth-theanga labhartha acu féin agus ag a dteaghlaigh. Caitheadh £1.55 milliúin faoin scéim i 1999, méadú 14% ar 1998. Sa bhliain 1999 fuarthas 1,348 iarratas faoin scéim, méadú 31% ar líon na n-iarratas i 1998, agus críochnaíodh 127 teach nua maraon le 707 cás eile a bhain le hoibreacha feabhsúcháin.

Bhí méadú ar líon na n-iarratas i 1999 de bharr gur féidir feasta cúnamh i leith teas lárnach i dtithe a fháil faoin deontas feabhsúcháin. Tá sé seo an-tábhachtach i gcás seandaoine atá ina gcónaí leo féin sa Ghaeltacht mar ní raibh teas lárnach i mórchuid de na tithe sin cheana féin.

Níor méadaíodh na deontais feabhsúcháin le fada an lá, ó 1985 chun a bheith cruinn, agus bhí áthas ar an Aire a fhógairt le déanaí, nuair a bhí an Bille seo á fhoilsiú go raibh méadú substaintiúil déanta ar na deontais feabhsúcháin agus sláintíochta faoi na hAchtanna le héifeacht ó 24 Deireadh Fómhair i mbliana. Chomh maith leis sin méadaíodh an deontas i leith méadú speisialta do chuairteoirí i mí na Samhna 1999. Bhí sé thar am na deontais seo a mhéadú agus deontais réalaíocha a chur ar fáil agus tá mé thar a bheith sásta go bhfuil sé sin déanta anois.

Cheadaigh an Rialtas scéim ghinearálta de Bhille chun Achtanna na dTithe (Gaeltacht) a leasú i Meán Fómhair 1999 agus os bhur gcomhair tá an téasc den Bhille mar atá sé dréachtaithe ag Oifig na Dréachtóirí Parlaiminte don Rialtas. Is Bille réasúnta gearr é – 14 mhír atá ann san iomlán. Ba mhaith liom anois léargas a thabhairt ar na príomhfhorálacha atá ann ina n-ord chróineolaíoch.

Mar is iondúil sa reachtaíocht, is é alt 1 an foráil míniúcháin. Tá mínithe le fáil anseo ar an bpríomhAcht, sé sin, Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 agus mínithe ar na hiar-Achtanna idir é sin agus 1979. Tá tuilleadh ábhair tís ar siúl in alt 2 chun an léiriú ar an bpríomhAcht a leasú trí shainmhínithe éagsúla. Forálann alt 3 gurb í an Ghaeltacht chun críocha na nAchtanna ná na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta a shonraítear faoin Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1956. Mar thoradh ar an leasú seo, beidh sainmhíniú oifigiúil amháin i bhfeidhm don Ghaeltacht, rud atá ag teastáil do na Ranna Stáit agus na Comhlachtaí Stáit a bhíonn ag plé leis an nGaeltacht ar bhonn rialta. Ar ndóigh bhí na hAchtanna i bhfeidhm i bhfad sular leagadh síos na Limistéir Oifigiúla Gaeltachta i 1956. Nuair a déanadh é sin, leanadh chun críocha Achtanna na dTithe le haitheantas do na seanlimistéir a leagadh síos i 1929. Aon deontas nua a tugadh isteach áfach tar éis 1956, bhí sé teoranta do na Limistéir Oifigiúla agus ó thaobh na Gaeilge de, ba rud ciallmhar é sin. Beidh na deontais uilig faoi na hAchtanna teoranta do na Limistéir Oifigiúla anois – is beag cás a bhí i gceist lasmuigh de na Limistéir sin ar aon chuma.

Tá tábhacht faoi leith ag baint le halt 4 agus 'sé sin, nach mbeidh gá d'iarratasóirí ar dheontais do thithe nua a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht fad a bhíonn an teach á thógáil. Tugann an leasú áiri the atá i gceist anseo deis do theaghlaigh le Gaeilge atá ag iarraidh filleadh go dtí an Ghaeltacht teach a thógáil dóibh féin sa Ghaeltacht roimh theacht abhaile dóibh agus a bheith fós i dteideal deontais. Roimhe seo bhíodh ar iarratasóirí a bheith ina gcónaí sa Ghaeltacht ag am an iarratais agus nuair a bhí an teach á thógáil. Leigheasann an leasú seo an fhadhb a chothaigh sé sin d'iarratasóirí áirithe. D'fhéadfaí a rá go bhfuil an leasú seo tráthúil anois os rud é go bhfuil go leor teaghlaigh le Gaeilge ag filleadh ar an nGaeltacht de thoradh an borradh eacnamaíochta atá againn faoi láthair. Ar ndóigh ní bheidh sé i gceist aon deontas a íoc go dtí go mbeidh gnáthchónaí ar pé iarratasóirí a bheidh i gceist sa teach nua sa Ghaeltacht.

Baineann alt 4 freisin leis an deontas le haghaidh díon tuí a dheisiú nó a athsholáthar. Tá an deontas seo le fáil sa Ghaeltacht ó 1990 ach ní raibh aon soláthar chuige ins na hAchtanna go dtí seo. Mar atá ráite agam cheana, measaim go bhfuil an teach ceann tuí mar íomhá thábhachtach de thraidisiún agus radharc tíre na hÉireann – is nasc láidir é lenár stair agus ag an am céanna cabhraíonn sé le tionscal na turasóireachta. Tá áthas orm a rá gur mhéadaigh an Roinn an deontas áirithe seo dhá uair ó 1990 – i 1996 agus arís i 1999.

Níl i gceist ag alt 5 ach cead a thabhairt don Aire na mionathruithe a bhíonn ag teastáil ó am to ham ar leagan amach an Fhoirm Iarratais a chur i gcrích gan Ionstraim Reachtúla a dhéanamh.

Leagann alt 6 amach nach mbeidh deontas ceadaithe i leith na n-oibreacha céanna atá ag fáil cúnaimh as airgead poiblí nó as airgead ó Institiúid do na Comhphobail Eorpacha. Cé go raibh coinníoll cosúil leis seo ins na hAchtanna cheana ní raibh na Comhphobail Eorpacha luaite sa choinníoll áirithe sin. Níos tábhachtaí fós, is deontas i leith an tí féin a bhí luaite cheana in ionad deontas i leith oibreacha áirithe. Tugann an leasú seo deis don Aire deontas feabhsúcháin a íoc i leith tí má tá cás tuillteaneach ann, fiú go mbíonn deontas i leith oibreacha eile sa teach céanna i gceist chomh maith – b'fhéidir, ón mBord Sláinte nó ón gComhairle Contae. Cabhróidh an leasú seo le daoine i ndrochthithe atá ag fáil cúnamh tithíochta sóisialach ó na heagrais éagsúla sa mhéid go mbeidh siad ábalta tairbhe deontais faoi na hAchtanna Gaeltachta a fháil chomh maith.

Athleagann alt 6 amach freisin riail na 7 mbliana – 'sé sin an tréimhse fanta idir deontais fheabhsúcháin – ach go mbeadh eisceacht ann i gcás cúlchoire nó fearas dóite breosla sholadaigh a fheistiú – eisceacht atá ann cheana féin ó Acht 1979, chomh maith le heisceacht i leith oibreacha riachtanacha chun téarmaí Acht Seirbhísí Dóiteáin, 1981 a chomhlíonadh, atá á chur isteach anois don chéad uair.

Tugann an eisceacht bhreise seo deis do theaglaigh Ghaeltachta atá ag coinneáil foghlaimeoirí Gaeilge deontas feabhsúcháin a fháil i leith oibreacha bainteach le sábháilteacht dóiteáin sa teach gan fanacht tréimhse 7 mbliana ó fuair siad deontas feabsúcháin cheana.

Tugann alt 6 freisin discréid don Aire deontas a dhiúltú i gcás tithe a fuair deontas ó fhoinsí eile, mar shampla, ón Roinn Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil nó faoi Chlár cosúil le Leader, sa tréimhse 7 mbliana roimhe sin.

Baineann alt 7 leis an gcumhacht chun rialacháin a dhéanamh faoi na hAchtanna i leith oibreacha déanta le cúnamh deontas ar bith faoi na hAchtanna. Roimhe seo bhí an chumhacht sin teoranta d'obair a bhain le tógáil, feabhsúcháin nó méadú.

Mar thoradh ar alt 8, agus le toiliú an Aire Airgeadais, beidh an tAire in ann rialacháin a dhéanamh chun deontais faoi na hAchtanna a mhéadú i leith oibreacha ar oileáin Ghaeltachta amach ón gcósta. Faoi Act na dTithe (Gaeltacht) 1979 tugadh cead don Aire deontais faoi na hAchtanna a mhéadú 50% i gcás oileáin Ghaeltachta. Tugann an leasú áirithe seo solúbthacht don Aire chun na deontais sin a mhéadú suas go 200%. Tá an méadú sin i bhfeidhm cheana féin i gcás deontais do thithe nua agus deontais feabhsúcháin.

Tugann alt 9 an chumhacht don Aire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais tógála nó feabhsúcháin nua a cheadú faoi na hAchtanna. Is deontais iad seo nach bhfuil clúdaithe cheana féin faoi na hAchtanna agus d'fheadfadh a leithéid a bheith i gceist má tá gá leo sa Ghaeltacht amach anseo.

I gcás alt 10 féadfaidh an tAire deontais a ghnóthú ar ais má fuarthas iad trí chalaois, trí mhífhaisnéis nó trí ró-íocaíocht. Ba chóir go mbeadh an chumhacht seo ag an Aire cheana, ach ní mar sin atá, agus tá leigheas á chur ar an easnamh sin anois.

Tugann alt 11 an chumhacht don Aire chun na riaráistí i gcás iasachtaí tithíochta atá ag seasamh amach a ghnóthú ar ais, a díscríobh nó a laghdú de réir mar is cuí, le toiliú an Aire Airgeadais.

Leagann alt 12 amach go mbeidh na freagrachtaí uilig bainteach le haisíoc iasachtaí faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht) le n-aistriú ó Oifig na nOibreacha Poiblí go dtí an Roinn Ealaíonn, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán. Chinn an Rialtas go ndéanfaí é seo nuair a bhí an scéim den Bhille á ceadú acu. Is í an Roinn a bheidh freagrach as seo amach as na hiasachtaí atá ag seasamh amach.

Déanann alt 13 aisghairm ar na hAchtacháin a luaitear sa sceideal don Bhille, sin é, aisghairm forálacha a mbaineann le deontas seallaí saoire, iasachtaí faoi na hAchtanna, forálacha a bhain le limistéir Ghaeltachta faoi Acht 1929 agus forálacha a bhain le seandeontais nach bhfuil feidhm leo a thuilleadh.

Ba chóir dom a lua anseo go bhfuil an deontas do thógáil dara teach curtha ar ceal chomh maith, sin é, an deontas a bhí ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht a raibh tithe maithe acu sa Ghaeltacht cheana féin agus a bhí ag iarraidh an dara teach a thógáil. Níl an aisghairm seo luaite go sonrach sa sceideal mar gheall ar an ionadaíocht iomlán déanta ag alt 4 den Bhille seo ar alt 3(7) den Phríomh-Acht a chuireann deireadh leis an bhforáil a bhí ann don dara teach.

Bhí an deontas do thógáil dara teach agus sealla saoire ar fionraí le blianta agus déanadh cinneadh iad a aisghairm go foirmeálta agus an t-airgead a bhí i gceist a dhíriú ar dhaoine a bhí ag tógáil tithe don chéad uair sa Ghaeltacht. Is fearr ar fad cúnamh tithíochta breise a chur a fáil i bhfoirm deontais méadaithe, rud atá déanta agam sa Ghaeltacht le dhá bhliain anuas.

Tá tábhacht na n-iasachtaí a bhí ar fáil faoi na hAchtanna titithe go mór le blianta agus ní bhíonn ach líon an-bheag iarrataisí i gceist. Tógadh an cinneadh na hiasachtaí a chur ar ceal mar nach slí éifeachtach iad a thuilleadh le teacht i gcabhair ar mhuintir na Gaeltachta, go háirithe ag cur san áireamh a laghad éilimh atá orthu, gur suim bheag airgid atá i gceist i gcomparáid le méid agus costas na hoibre riaracháin a bhaineann leo, na deacrachtaí móra atá ann le riaráistí agus cúinsí eile.

Faoi dheireadh, níl san alt deireanach, alt 14, ach leagan amach gearrtheideal, comhlua agus forléiriú an Bhille.

Molaim an Bille seo don Teach.

Debate adjourned.
Barr
Roinn