Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Tuesday, 5 Dec 2000

Vol. 527 No. 3

Written Answers. - Cáblaí Snathoptacha.

Brian O'Shea

Ceist:

122 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Fiontar Poiblí cén plean atá aici cabhrú le cábla snáthoptach a chur isteach i nGaeltacht Phort Láirge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [28195/00]

Ar a gceád dul síos, is ceist í do na comhlachtaí sa mhargadh soláthar seirbhísí teileachumarsáide agus leathanbhandach a chur ar fáil. Is ceist domsa polasaí an rialtais a leagan amach agus a chur i bhfeidhm. Mar chuid den pholasaí sin ba mhaith liom a chinntiú go bhfuil seirbhísí teileachumarsáide iomaíoch ar fáil go forleathan ar fud na tíre. Le blianta beaga anuas tá scéim bunaithe agam le díriú ar bhearnaí i mbonneagar cumarsáide a líonadh, go háirithe sna réigiúin.

Cuireadh £21 milliún ar fáil faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 1994-1999 le tacú le seirbhísí leathanbhandach a chur ar fáil sna réigiúin. Tá méadú suntasach go £147 milliún sa chiste airgid sin faoin bPlean Forbartha Náisiúnta 2000-2006. Tá sé de dhualgas ar mo Roinnse an ciste seo a chionroinnt. Úsáidfear an tairgead faoin mBeart Cumarsáide agus Thrachtáil Leictreonach chun infheistíocht i mbonneagar agus seirbhísí leathanbhandach a mhealladh chun na réigiúin. Cabhróidh sé seo go mór le acmhainnaí forbartha trachtála leictreonach agus acmhainnaí soláthair leictreonach seirbhísí poiblí a thógail sna réigiúin. San áireamh sna seirbhísí poiblí seo tá seirbhísí oideachais, leabharlainne agus seirbhísí leasa shóisialaigh agus sláinte.

D'fhógair mo Roinnse comórtas chun an chéad £77 milliún den chiste a roinnt an Mheitheamh seo caite. Bhí ar iarratasoirí a chuid tograí a chuir isteach roimh 22 Meán Fómhair. Tá na tograí a fuarthas, thart ar 30, á mheas faoi laithair. Táthar ag suil le conruithe a chur bhfeidhim í ndáil leis na dtógraí is fearr roimh dheireadh na míosa nó go luath san athbhliain.

Tá an obair le tosnú an bhliain seo chughainn.

Barr
Roinn