Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Other Questions. - Vóta Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán.

Brian O'Shea

Ceist:

6 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cé mhéad airgid a caitheadh sna Gaeltachtaí éagsúla le linn 2000; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh [30008/00]

Is é seo a leanas an soláthar sonrach in Vóta mo Roinne-se don bhliain 2000 don Ghaeltacht: Fomhírcheann D (Deontais faoi Achtanna na dTithe (Gaeltacht)) £1.8m; fomhírcheann E (Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht) £9.5m; fomhírcheann F (Scéimeanna Cultúrtha agus Sóisialta) £3.9m; fomhírcheann H1 (Údarás na Gaeltachta – Caiteachas Reatha) £3.91m; fomhírcheann H2 (Údarás na Gaeltachta – Deontais do Thionscail) £13.5m; fomhírcheann H3 (Údarás na Gaeltachta – Caiteachas Caipitil ar Fhoirgnimh) £14.0m. Faoi fhomhírcheann W (Oileáin) tá soláthar £5m. ar fáil agus íoctar méid áirithe den soláthar sin i leith tograí agus seirbhísí ar Oileáin Ghaeltachta. Tá íocaíochtaí á ndéanamh ag mo Roinnse don bhliain seo go fóill. Cuirfear an t-eolas, de réir contae, atá á lorg ag an Teachta i gcás caiteachas na Roinne féin chuige chomh luath agus is féidir san athbhliain. Maidir le hÚdarás na Gaeltachta foilseofar eolas iomchuí i gCuntais an Údaráis do 2000.

Sé atá a rá ag an Aire Stáit ná nach mbeidh cuntas cruinn aige ar an airgead a caitheadh sna Gaeltachtaí go dtí deireadh na bliana agus go gcuirfidh sé an t-eolas chugham go luath. An féidir leis aon fhigiúr a thabhairt dom maidir le caiteachas sna Gaeltachtaí éagsúla. Ní gá go mbeadh an fhigiúr deireanach aige. Ach nach fíor a rá ag an am seo den bhliain go bhfuil tuairim an-mhaith aige den airgead a caitheadh sna Gaeltachtaí éagsúla. Mar shampla cad faoin airgead do na bóithre straitéiseacha atá ag dul isteach sna Gaeltachtaí éagsúla? Níl aon airgead faoin mhír sin á chaitheamh i mo Dháilcheantar féin i nGaeltacht Phort Láirge. Ar feadh m'eolas níl cinneadh déanta ag na húdaráis áitiúla ar cad iad na bóithre a bheas i gceist sna Gaeltachtaí éagsúla. An bhfuil sé sin ceart?

Nílim sásta leis an bhfreagra. Táim á rá leis an Aire Stáit go bhfuil sé ar a chumas eolas níos mó fearr a thabhairt dom ná mar atá tugtha aige dom inniu.

Tá an Teachta mícheart go hiomlán ansin. Tá a fhios aige go maith an córas oibre atá ann. An cheist a cuireadh ná cé mhéad airgid a caitheadh sna Gaeltachtaí. Tá go leor de na comhairlí contae ar chúis amháin nó ar chúis eile nach gcuireann isteach na billí go dtí an noiméad deiridh. Bheadh comhairlí contae ann a bhfuil go leor airgid ceadaithe dóibh ach nach bhfuil sé caite fós acu mar nach bhfuil na seiceanna scríofa, nach bhfuil an caiteachas ceadaithe agus nach bhfuil an obair scrúdaithe go deiridh. Cuirfear an t-eolas go dtí an Teachta.

Cuireadh go leor obair ar fhoireann na Roinn leis seo agus b'fhéidir gurb é a bhí ag teastáil ón dTeachta ná an caiteachas faoi Scéim na bhFeabhsúchán Gaeltachta, nó céard a ceadaíodh. Arbh é sin a bhí ón Teachta? Más ea, is féidir an cheist a fhreagairt go simplí.

Ó thaobh na mbóithre straitéiseacha, mar a mhínigh mé go poiblí cheana, ceadaíodh £1.2 milliún i dTír Chonaill, agus £250,000 i Muigh Eo. Ceadaíodh £1.5 milliún i nGaillimh, £800,000 i gCiarraí, £500,000 i gCorcaigh. Níor ceadaíodh dada i mbliana faoi Scéim na mBóithre Straitéiseacha i bPort Láirge ná i gContae na Mí.

Maidir leis an mbliain seo chugainn, agus thug mé an t-eolas cheana mar is cuimhin liom cuid na Teachtaí á scríobh síos, bhí cruinniú agam cheana féin le bainisteoirí contae nó a n-ionadaithe sna contaetha uilig Gaeltachta le plean a leagan amach do na bóithre straitéiseacha do 2001-2006. Tá Port Láirge agus Contae na Mí san áireamh ansin. Tá a fhios go díreach ag na comhairlí contae cad iad na bóithre a bheas i gceist. Tá idirphlé á déanamh maidir le mionsonraí na hoibre agus fógrófar plean oibre na bliana 2001 go luath san Athbhliain.

An rud atá uaim ná an méid airgid a caitheadh sna Gaeltachtaí le linn 2000. Nílim ag iarraidh an méid a chaithfear as seo go dtí deireadh na bliana. An cheist atá thíos agam, agus tá sé lánsoiléir ná an méid airgid a caitheadh go dtí seo. Dúirt an t-Aire Stáit go dtabharfadh sé an t-eolas sin dom tar éis deireadh na bliana ach baineann an freagra leis an tréimhse atá taobh thiar dínn agus ní leis an aimsir atá le teacht idir é seo agus deireadh na bliana.

Dá dtabharfainn an t-eolas atá ón dTeachta, thabharfadh sé figiúr bréagach mar má tá na billí ag teacht isteach de réir a chéile i dTír Chonaill agus má tá siad íoctha thaispeánfadh sé sin an-ollchaiteachas ar fad i dTír Chonaill. Dá dtarlódh sé, agus níl a fhios agam conas mar a sheasann rudaí ansin inniu, nach raibh aon airgead íoctha amach i gContae na Gaillimhe, mar nach raibh an caiteachas déanta i gContae na Gaillimhe fós, thaispeánfadh sé nach raibh aon chaiteachas déanta i gContae na Gaillimhe. Ar ndóigh tá a fhios againn as seo go ceann seachtaine go gcríochnófar agus go nglanfar na leabhair agus déanfar an íocaíocht.

Mar sin thabharfadh sé pictiúr nach mbeadh ceart agus ní an t-eolas a bhí ón dTeachta.

An pointe atá ag an Teachta, de réir mar a thuigimse é, ná nach cothrom na Féinne á fháil ag Port Láirge agus Contae na Mí. Níl aon dealramh leis an eolas sin a thabhairt an tseachtain seo mar braitheann sé.

Tá an t-am istigh. Ceist an-ghearr.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an airgead do na bóithre straitéiseacha, tá sé ag dul i bhfeabhas go mór do na ceantair Ghaeltachta. Tuigim gur fhógair an Teachta breis deontais do na bóithre straitéiseacha maidin inniu. Níl a fhios agam an bhfuil Port Láirge san áireamh ansin. An gcaithfidh an t-airgead sin a bheith caite roimh dheireadh na bliana? Cén ceannteidil a dtagann caiteachas do scéimeanna forbartha baile faoin ina Roinn? An gcuireann an Roinn caiteachas ar fáil do scéim fhorbartha sráidbhailte?

Caithfidh an obair a bheith déanta roimh dheireadh na bliana agus beidh. Tá an rud seo pléite leis na comhairlí contae agus an obair déanta. Go bunúsach bhí roinnt oibreacha ceadaithe nárbh fhéidir a dhéanamh sa bhliain 2000 agus cuireadh na hoibreacha seo isteach ina n-áit. Ceann acu ná dearadh Droichead na Carraige agus bhí ceann eile thuas i dTír Chonaill. Ligeamar do na comhairlí contae malairt oibre a chur ar fáil, rud a cheap mé a bhí réasúnta le déanamh cinnte go gcaithfí iomlán an airgid.

Tagann athnuachan bailte, coláistí, páirceanna peile, bóithre aíse, céibheanna móra, céibheanna beaga agus ar ndóigh na bóithre straitéiseacha faoi fhomhírcheann E, sin na Scéimeanna Feabhsúcháin sa Ghaeltacht. £9.5m a bhí ann dóibh anuraidh agus £10m a bheas ann an bhliain seo chugainn.

Barr
Roinn