Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Written Answers. - Íochaíochtaí Deontais.

Jack Wall

Ceist:

14 D'fhiafraigh Mr. Wall den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén chabhair a thabharfaidh sí do Choiste Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, airgead a fháil chun Plean Gaeilge Mílaoise an Choiste a chur i gcrích; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30054/00]

Bhuail mé le hionadaithe ó Choiste Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael i mí an Mheithimh seo caite chun plean Gaeilge an chumainn don mhílaois nua a phlé. Rinne mé moltaí faoi na bealaí chun tabhairt faoi aidhmeanna an phlean a bhaint amach, ina measc an gá le plean airgeadais a bheith ann.

Beidh mé sásta bualadh leis an gCoiste Gaeilge arís chun an cheist a phlé tuilleadh nuair a bheidh plean foirfe leagtha amach acu.

Barr
Roinn