Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Dáil Éireann díospóireacht -
Thursday, 14 Dec 2000

Vol. 528 No. 3

Written Answers. - Reachtaíocht Molta.

Brian O'Shea

Ceist:

17 D'fhiafraigh Mr. O'Shea den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán cén dul chun cinn atá déanta le Bille na Gaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [30009/00]

Tá an scéim ghinearálta den Bhille Comhionannais um Theangacha Oifigiúla á hullmhú faoi láthair le hintinn í a chur timpeall ar na Ranna Rialtais le haghaidh a gcuid tuairimí go han-luath. Tá súil agam an scéim a chur faoi bhráid an Rialtais go luath sa bhliain nua le ceadú. Ach an cead sin a bheith faighte, beidh an Bille le dréachtú ansin ag Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas.

Mar a dúirt mé cheana, bheinn ag súil leis go bhfoilseofaí an Bille faoi lár na bliana 2001.

Barr
Roinn